Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 15 Samhain 2023 – International Foodstuffs v EUIPO – Société des produits Nestlé (TIFFANY CRUNCH N CREAM)
(Cás T-321/22) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “TIFFANY CRUNCH N CREAM” – Clárú idirnáisiúnta an marc fíortha níos luaithe “CRUNCH” – Foras coibhneasta le diúltú – Dóchúlacht mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: International Foodstuffs Co. LLC (Sharjah, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha) (ionadaí: J. Blum, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: J. Hamel, M. Eberl agus V. Ruzek, Gníomhairí)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Société des produits Nestlé SA (Vevey, an Eilvéis) (ionadaithe: A. Jaeger Lenz, C. Elkemann agus J. Thomsen, Dlíodóirí)
Maidir le:
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 21 Márta 2022 (Cás R 2136/2020-2) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1. Diúltaítear don chaingean.
2. Ordaítear do International Foodstuffs Co. LLC na costais a íoc.
____________
1 IO C 276, 18.7.2022.