Language of document :

Ordú na Cúirte Ginearálta an 14 Samhain 2023 – 3M v EUIPO (Léiriú ar dhá bhanda glé buí comhthreomhara scartha ag banda liath airgead gheal le línte claonta trédhearcacha comhthreomhara ag rith tríd na trí bhanda)

(Cás T-801/22) 1

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh lena léirítear dhá bhanda glé buí comhthreomhara scartha ag banda liath airgead gheal le línte claonta trédhearcacha comhthreomhara ag rith tríd na trí bhanda – Dearbhfhoras le diúltú – Comhartha arb é atá ann go heisiach cruth an táirge atá riachtanach chun toradh teicniúil a fháil – Airteagal 7(1)(e)(ii) de Rialachán CE Uimh. 207/2009 [Airteagal 7(1)(e)(ii) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois] – Caingean gan bhunús sa dlí go follasach)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: 3M Company (Saint Paul, Minnesota, na Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaithe: T. de Haan agus S. Vandezande, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: V. Ruzek, Gníomhaire)

Maidir le:

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCéad Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 11 Deireadh Fómhair 2022 ar neamhní (Cás R 1151/2018-1).

An chuid oibríochtúil

    Diúltaítear don chaingean.

    Ordaítear do 3M Company agus do Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh a gcostais féin a íoc.

____________

1     IO C 54, 13.2.2023.