Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 10 Aibreán 2024 – Fridman v an Chomhairle

(Cás T-304/22) 1

(Comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin – Reo na gcístí – Liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí lena mbaineann reo na gcistí agus na n-acmhainní eacnamaíocha – Áireamh agus coinneáil ainm an iarratasóra ar an liosta – An coincheap ‘tacaíocht do ghníomhaíochtaí nó do bheartais’ – Airteagal 2(1)(a) de Chinneadh 2014/145/CBES – Airteagal 3(1)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 – Na coincheapa ‘ag tacú go hábhartha nó ó thaobh airgeadais de le cinnteoirí na Rúisse’ agus ‘tairbhe’ a bhaint as na cinnteoirí sin – Airteagal 2(1)(d) de Chinneadh 2014/145 – Airteagal 3(1)(d) de Rialachán Uimh. 269/2014 – Earráid mheasúnaithe)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Mikhail Fridman (Londain, an Ríocht Aontaithe) (ionadaithe: T. Marembert agus A. Bass, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: S. Van Overmeire, V. Piessevaux agus J. Rurarz, Gníomhairí)

Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: Poblacht na Laitvia (ionadaithe: J. Davidoviča agus K. Pommere, Gníomhairí)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní, ar an gcéad dul síos, Cinneadh (CBES) 2022/337 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 59, lch. 1), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/336 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 58, lch. 1) agus, ar an dara dul síos, Cinneadh (CBES) 2022/1530 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 239, lch. 149), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1529 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 239, lch. 1) a mhéid a bhaineann na gníomhartha sin leis.

An chuid oibríochúil

Cuirtear Cinneadh (CBES) 2022/337 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/336 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, Cinneadh (CBES) 2022/1530 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1529 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus de neamhspleáchas, ar neamhní a mhéid a áiríodh agus ar coinníodh ainm Mikhail Fridman ar liosta na ndaoine, na n-eintitis, agus na gcomhlachtaí lena mbaineann na bearta sriantacha sin.

Ordaítear do Chomhairle an Aontais Eorpaigh a costais féin agus na costais sin arna dtabhú ag Fridman a íoc.

Ordaítear do Phoblacht na Laitvia a costais féin a íoc.

____________

1     IO C 257, 4.7.2022.