Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 2 Samhain 2023 ag Herrn Okan Balaban i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an tOchtú Dlísheomra) a tugadh an 23 Lúnasa 2023 i gCás T-13/23, Okan Balaban v Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

(Cás C-651/23 P)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Achomharcóir: Okan Balaban (ionadaí: T. Schaaf, Rechtsanwalt)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh, Shenzhen Stahlwerk Welding Technology Co. Ltd

Le hordú an 19 Feabhra 2024, chinn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Dlísheomra a chinneann ar chóir ligean d’achomhairc dul ar aghaidh) nár chóir ligean don achomharc dul ar aghaidh agus d’ordaigh sí don achomharcóir a chostais féin a íoc.

____________