Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 29 Meán Fómhair 2022 – ABLV Bank AS, faoi leachtú v an Bord Réitigh Aonair (BRA), an Coimisiún Eorpach
(Cás C-202/21 P)1
(Achomharc – Beartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta – Aontas baincéireachta – Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 –Sásra Réitigh Aonair le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe – Ciste Réitigh Aonair – Ranníocaíochtaí bliantúla – Institiúid creidmheasa a leachtú – Ranníocaíochtaí íoctha a aisíoc – Pro rata temporis)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Achomharcóir: ABLV Bank AS, faoi leachtú (ionadaí: O. Behrends, Rechtsanwalt)
Páirtithe eile sna himeachtaí: an Bord Réitigh Aonair (BRA) (ionadaithe: C.J. Flynn agus J. Kerlin, Gníomhairí, le cúnamh ó S. Ianc, T. Klupsch, B. Meyring agus S. Schelo, Rechtsanwälte), an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: A. Nijenhuis, A. Steiblytė agus D. Triantafyllou, Gníomhairí)
An chuid oibríochtúil
Díbhtear don achomharc.
Ordaítear do ABLV Bank AS, faoi leachtú, chomh maith lena chostais féin, na costais arna dtabhú ag an mBord Réitigh Aonair (BRA) agus ag an gCoimisiún Eorpach a íoc
____________
1 IO C 217, 7.06.2021