Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Veszprémi Törvényszék (an Ungáir) a taisceadh an 15 Bealtaine 2024 – C/C Vámügynöki Kft. v Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága

(Cás C-351/24, C/C)

Teanga an cháis: an Ungáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Veszprémi Törvényszék

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: C/C Vámügynöki Kft.

Cosantóir: Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága

An cheist a tharchuirtear:

An bhfuil Airteagal 119(3) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais 1 le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc le cleachtas náisiúnta lena ndearbhaítear go bhfuil cruthúnas ar thionscnamh mícheart, gan dul i muinín an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 32 den fhoscríbhinn a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara?

____________

1 Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO 2013 L 269, lch. 1).