Language of document :

Caingean arna tabhairt an 4 Aibreán 2024 – Curaden v EUIPO – Alfa Vita (scuab fiacla)

(Cás T-181/24)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Curaden AG (Kriens, an Eilvéis) (ionadaí: B. Hanika, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Alfa Vita s. r. o. (Prág, Poblacht na Seice)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an dearaidh atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Dearadh atá faoi cheist: Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach i ndáil le dearadh Uimh. DM/084 061-0001 (scuab fiacla)

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí neamhbhailíochta

An cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Tríú Bord Achomhairc de EUIPO an 1 Feabhra 2024 i gCás R 636/2023-3

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid agus cinneadh an 20 Eanáir 2023 ón Rannán Neamhbhailíochta Uimh. ICD 117034 a chur ar neamhní;

a dhearbhú nach ndearbhaítear go bhfuil an dearadh atá i gceist neamhbhailí;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheist dlí

Sárú ar Airteagail 4, 5 agus 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle.

____________