Language of document :

Caingean arna tabhairt an 11 Aibreán 2024 – VistaJet v EUIPO (Cruth stríoc dhearg chothrománach ar chabhail airgid)

(Cás T-195/24)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: VistaJet ltd. (Luqa, Málta) (ionadaí: J. Zecher, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar shuíomh-mharc de chuid an Aontais Eorpaigh (Cruth stríoc dhearg chothrománach ar chabhail airgid) – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 760 795

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 29 Eanáir 2024 i gCás R 1143/2023-1

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO na costais arna dtabhú sna himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta chomh maith leis na costais arna dtabhú le linn an achomhairc agus le linn na nósanna imeachta scrúdúcháin os comhair EUIPO a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________