Language of document :

Caingean arna tabhairt an 12 Aibreán 2024 – Digi International v EUIPO – Teraoka Seiko (DIGI)

(Cás T-196/24)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Digi International, Inc. (Hopkins, Minnesota, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaithe: M. Hawkins, T. Dolde agus C. Zimmer, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Teraoka Seiko Co. Ltd (Tóiceo, an tSeapáin)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: An t-iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Clárúchán idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach i ndáil leis an marc fíortha ‘DIGI’ – Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach Uimh. 1 326 111

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 31 Eanáir 2024 i gCás R 1906/2022-1

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní a mhéid a fuair sé fíorúsáid a bhaint as clárú trádmhairc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 3 481 199 DIGI;

an cinneadh atá faoi chonspóid a athrú agus diúltú don fhreasúra Uimh. B 2 887 449 a tugadh i gcoinne an trádmhairc atá i gceist ina iomláine;

a ordú go n-íocfaidh EUIPO agus/nó an páirtí eile costais na n-imeachtaí (má dhéanann sé idirghabháil sna himeachtaí).

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Saobhadh fianaise de bhun Airteagal 72(2) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 94(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 47(2) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________