Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 17 Aibreán 2024 – Coinbase v EUIPO – Coinbase Global (coinbase)

(Cás T-126/22) 1

(Trádmharc an Aontais Eorpaigh – Nós imeachta freasúra – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh coinbase – Clárú idirnáisiúnta an fhocailmhairc níos luaithe COINBASE – Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an marc fíortha níos luaithe coinbase exchange - Forais choibhneasta le diúltú – Éagmais riosca mearbhaill - Éagmais cosúlachta idir na hearraí agus seirbhísí – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Coinbase, Inc. (Oakland, California, na Stáit Aontaithe) (ionadaithe: A. Nordermann agus M. Maier, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M. Eberl agus E. Nicolás Gómez, Gníomhairí)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Coinbase Global OÜ (Taillinn, an Eastóin)

Ábhar

Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 20 Nollaig 2021 (Cás R 1097/2021-4) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

Díbhtear don chaingean.

Ordaítear do Coinbase, Inc. a chostais féin a íoc.

____________

1     IO C 171, 25.4.2022