Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 28 Feabhra 2024 – Scandlines Danmark agus Scandlines Deutschland v an Coimisiún

(Cás T-7/19)1

(Státchabhair Maoiniú poiblí do thionscadal iarnróid sheasta Chrios Fehmarn Cabhair arna deonú ag an Danmhairg do Femern agus Femern Landanlæg Cinneadh lena gcinntear nach cabhair neamhdhleathach iad bearta áirithe Cinneadh gan agóid a dhéanamh Tarraingt siar páirteach an bhirt atá faoi chonspóid Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais ina iomlán Raon feidhme Airteagal 107(1) CFAE Teip an nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil a thionscnamh Dualgas cúiseanna a lua)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: Scandlines Danmark ApS (Cóbanhávan, an Danmhairg), Scandlines Deutschland GmbH (Hamburg, an Ghearmáin) (ionadaí: L. Sandberg-Mørch, Dlíodóir)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: V. Bottka, C. Georgieva agus S. Noë, Gníomhairí)

Idiragraí, mar thaca leis na hiarratasóirí: Aktionsbündnis gegen eine feste Fehmarnbeltquerung eV (Fehmarn, an Ghearmáin) (ionadaithe: L. Sandberg-Mørch agus W. Mecklenburg, Dlíodóirí), Naturschutzbund Deutschland eV (NABU) (Stuttgart, an Ghearmáin) (ionadaithe: L. Sandberg-Mørch agus T. Hohmuth, Dlíodóirí), Trelleborg Hamn AB (Trelleborg, an tSualainn) (ionadaí: L. Sandberg-Mørch, Dlíodóir), Föreningen Svensk Sjöfart (FSS) (Gothenburg, an tSualainn) (ionadaí: L. Sandberg-Mørch, Dlíodóir)

Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: Ríocht na Danmhairge (ionadaí: M. Søndahl Wolff, Gníomhaire, agus R. Holdgaard, Dlíodóir)

Ábhar

Trína gcaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go ndéanfaí Cinneadh C(2018) 6268 final ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2018 maidir le Státchabhair SA.51981 (2018/FC) a chur ar neamhní, lenar chinn an Coimisiún nár státchabhair neamhdhleathach iad na bearta a ghlac Ríocht na Danmhairge i ndáil le Femern A/S agus Femern Landanlæg A/S agus nach raibh aon ghá le hagóidí a dhéanamh maidir leis an instealladh caipitil go Femern, a bhí comhoiriúnach, in aon chás, leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) (b) CFAE.

An chuid oibríochtúil

Dearbhaítear nach gá a thuilleadh breithniú a dhéanamh ar an gcuntar éilimh lena n-iarrtar go ndéanfaí Cinneadh C(2018) 6268 final ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2018 maidir le Státchabhair SA.51981 (2018/FC) a chur ar neamhní, a mhéid a bhaineann sé leis na bearta arna ndeonú do Femern A/S.

Díbhtear don chuid eile don chaingean.

Ordaítear do Scandlines Danmark ApS agus Scandlines Deutschland GmbH a gcostais féin a íoc agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach a íoc.

Ordaítear do Ríocht na Danmhairge a costais féin a íoc.

Ordaítear do Aktionsbündnis gegen eine feste Fehmarnbeltquerung eV, Naturschutzbund Deutschland eV (NABU), Trelleborg Hamn AB agus Föreningen Svensk Sjöfart (FSS) a gcostais féin a íoc.

____________

1     IO C 72, 25.2.2019.