Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 21 Feabhra 2024 – Papouis Dairies agus Eile v An Coimisiún
(Cás T-361/21) 1
(Talmhaíocht – Ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint – Nós imeachta freasúra – Clárú an ainm ‘Χαλλούμι’ (Halloumi)/‘Hellim’ (ATFC) – Airteagal 52(3)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 – Dualgas cúiseanna a lua – Fad an nós imeachta riaracháin – Raon feidhme rialú an Choimisiúin ar an iarratas ar chlárú – Prionsabal an dea-riaracháin)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóirí: Papouis Dairies Ltd (an Niocóis, an Chipir) agus na cúig iarratasóir eile a bhfuil a n-ainmneacha san iarscríbhinn a ghabhann leis an mbreithiúnas (ionadaí: N. Korogiannakis, Dlíodóir)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: M. Konstantinidis, B. Hofstötter agus B. Rechena, Gníomhairí)
Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: Poblacht na Cipire (ionadaithe: E. Zachariadou, I. Neophytou, E. Symeonidou agus M. Marinou, Gníomhairí, le cúnamh ó T. Georgopoulos, Dlíodóir)
Ábhar
Lena gcaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go gcuirfí ar neamhní Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/591 ón gCoimisiún an 12 Aibreán 2021 lena gcláraítear ainm sa chlár um ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (‘Χαλλούμι’ (Halloumi)/‘Hellim’ (ATFC)) (IO 2021 L 125, lch.42).
An chuid oibríochtúil
Díbhtear don chaingean.
Ordaítear do Papouis Dairies Ltd agus na cúig iarratasóir eile a bhfuil a n-ainmneacha san iarscríbhinn a gcostais féin agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiúin Eorpach a íoc.
Ordaítear do Phoblacht na Cipire a costais féin a íoc.
____________
1 IO C 357, 6.9.2021.