Language of document :

Caingean arna tabhairt an 17 Eanáir 2024 – Devo v EUIPO – Capgemini España (DEVO)

(Cás T-25/24)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Devo, Inc. (Cambridge, Massachusetts, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaithe: P. Fenech agus S. Galea, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Capgemini España, SL (Maidrid, an Spáinn)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘DEVO’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 17 886 245

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 20 Deireadh Fómhair 2023 i gCás R 337/2023-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní, an freasúra a dhíbhe agus cead a thabhairt don iarratas ar thrádmharc atá i gceist dul ar aghaidh chuig clárú;

a ordú don pháirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc na costais a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________