Language of document :

Caingean arna tabhairt an 10 Eanáir 2024 – US v an Coimisiún

(Cás T-18/24)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: US (ionadaí: F. Moyse, Dlíodóir)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an caingean seo a cheadú mar fhoirm bhailí, agus a dhearbhú go bhfuil bunús maith agus bonn cirt léí;

dá bhrí sin, an cinneadh maidir le do-ghlacthacht agus an tuairisc atá faoi chonspóid a chur ar neamhní, nó a dhearbhú ar neamhní go hiomlán iad;

suim EUR 50 884.71 a bhronnadh ar an iarratasóir as damáiste ábhartha agus suim EUR 5 000 a bhronnadh as damáiste neamhábhartha;

a ordú don Choimisiún Eorpach na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean chun tuairisc foirne an iarratasóra a chur ar neamhní don bhliain airgeadais 2022, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear earráid fhollasach measúnaithe.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear earráid fhíorais.

An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear mí-úsáid cumhachtaí.

An cúigiú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar dhualgas cúraim.

____________