Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Juzgado de lo Social nº 3 de Barcelona (an Spáinn) an 21 Meán Fómhair 2023 – Asepeyo Mutua Colaboradora de la Seguridad Social nº 151 agus KT v Instituto Nacional de la Seguridad Social (INSS), Tesorería General de la Seguridad Social (TGSS), Alcampo S.A., a tháinig i gcomharba ar Supermercados Sabeco S.A.

(Cás C-584/23, Alcampo agus páirtithe eile)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Juzgado de lo Social nº 3 de Barcelona

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Asepeyo Mutua Colaboradora de la Seguridad Social nº 151,

KT

Cosantóirí: Instituto Nacional de la Seguridad Social (INSS),

Tesorería General de la Seguridad Social (TGSS),

Alcampo S.A., a tháinig i gcomharba ar Supermercados Sabeco S.A.

Na ceisteanna a tharchuirtear

An bhfuil an reachtaíocht Spáinneach maidir le ríomh bhonn rialála na sochar le haghaidh éagumais bhuana atá mar thoradh ar thionóisc ag an obair, dá bhforáiltear in artículo 60 del Decreto de 22 de junio de 1956 (Airteagal 60 d’Fhoraithne an 22 Meitheamh 1956) i gcontrárthacht leis an reachtaíocht Eorpach a leagtar síos in Airteagal 4 de Threoir 79/7/CEE ón gComhairle an 19 Nollaig 1978 maidir le prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí slándála sóisialaí a chur chun feidhme de réir a chéile 1 agus dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Threoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha (athmhúnlú) 2 , ar chaoi go ndéantar idirdhealú indíreach ar bhonn gnéis ar an mbonn gur mná den chuid is mó a laghdaíonn a gcuid uaireanta oibre ar mhaithe le cúram leanaí agus gur follas dá réir sin go bhfuil an sochar a thugtar níos laige?

Agus é á chur san áireamh go bhfuil an riail Spáinneach lena leagtar síos modh ríofa na sochar le haghaidh éagumais bhuana atá mar thoradh ar thionóisc ag an obair, eadhon, artículo 60.2 del Decreto de 22 de junio de 1956 (Airteagal 60.2 d’Fhoraithne an 22 Meitheamh 1956) bunaithe ar an tuarastal iarbhír a fuarthas tráth na tionóisce, agus go bhforáiltear le scéim slándála sóisialaí poiblí na Spáinne mar shochar teaghlaigh ranníocach, eadhon, artículo 237.3 de la Ley General de la Seguridad Social (Airteagal 237.3 den Dlí Ginearálta maidir le Slándáil Shóisialach) — le linn an chéad dá bhliain den laghdú ar uaireanta oibre le haghaidh chúram an linbh, mar a fhoráiltear in Airteagal 37(6) de Reacht na nOibrithe, méadaítear méid an tsochair suas le 100 %, agus á thabhairt chun cuimhne, de réir sonraí staidrimh, gur mná iad 90 % de na daoine atá ag cur isteach ar an laghdú, an bhfuil na rialacha Spáinneacha arna mionshonrú anseo i gcontrárthacht le hAirteagal 8 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, le hAirteagail 21 agus 23 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, le hAirteagal 4 de Threoir 79/7/CEE agus le hAirteagal 5 de Threoir 2006/54/CE, agus an ndéantar idirdhealú indíreach ar bhonn gnéis dá mbarra?

____________

1 IO 1979 L 6.

1 IO 2006 L 204.