Iarraidh ar réamhrialú ón Audiencia Provincial de Pontevedra (an Spáinn) a taisceadh an 25 Bealtaine 2022 – Maersk A/S v Allianz Seguros y Reaseguros SA
(Cás C-345/22)
Teanga an cháis: an Spáinnis
An chúirt a rinne an tarchur
Audiencia Provincial de Pontevedra
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Maersk A/S
Cosantóir: Allianz Seguros y Reaseguros SA
Na ceisteanna a tharchuirtear
An gcumhdaítear freisin, leis an riail in Airteagal 25 de Rialachán 1215/20121 , lena leagtar síos go gcaitear neamhniú an chomhaontaithe lena dtugtar dlínse a scrúdú de réir dhlí an Bhallstáit dár thug na páirtithe dlínse ― i gcás mar atá sna príomhimeachtaí ― is é sin, an cheist maidir le bailíocht an chlásail arna chur i bhfeidhm i leith tríú páirtí nach páirtí conarthach é sa chonradh ina leagtar síos an clásal?
I gcás go seachadtar bille luchta ar choinsíní na n-earraí is tríú páirtí nach raibh baint aige le tabhairt i gcrích an chonartha idir an seoltóir agus an t-iompróir muirí, an bhfuil riail mar atá in Airteagal 251 den Ley de Navegación Marítima (an Dlí maidir le Loingseoireacht Mhuirí), lena n-éilítear, ionas go mbeadh an clásal maidir le dlínse in-fhorghníomhaithe i gcoinne an tríú páirtí sin, go gcaithfeadh go raibh idirbheartaíocht déanta leis an tríú páirtí sin “ina aonar agus ar leithligh”, i gcomhoiriúnacht le hAirteagal 25 de Rialachán 1215/2012 agus le cásdlí na Cúirte Breithiúnais dá léiriú?
An féidir le reachtaíocht Ballstáit riachtanais bhreise i dtaobh bailíochta a leagan síos maidir le clásal dlínse arna chur le billí luchta maidir lena bhfeidhm i leith tríú páirtithe, agus an méid sin a bheith i gcomhoiriúnacht le dlí an Aontais?
I gcás riail mar atá in Airteagal 251 den Dlí maidir le Loingseoireacht Mhuirí na Spáinne, ― lena leagtar síos nach ndéantar seachaíocht ar an tríú páirtí is sealbhóir ach go páirteach, agus na clásail maidir le iarchur dlínse á bhfágáil amach ― an dtoimhdítear léi go mbeidh riachtanas breise á thabhairt isteach maidir le bailíocht clásal dá leithéid sin, i gcontrárthacht le hAirteagal 25 de Rialachán 1215/2012?
____________
1 Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO 2012, L 351, lch. 1)