Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Verwaltungsgerichtshof (an Ostair) a taisceadh an 24 Deireadh Fómhair 2023 – Amt der Tiroler Landesregierung

(Cás C-638/23, Amt der Tiroler Landesregierung)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Verwaltungsgerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir ar phointe dlí: Amt der Tiroler Landesregierung

Údarás is freagróir: Datenschutzbehörde

Páirtí eile: Bundesministerin für Justiz

Páirtí leasmhar: CW

An cheist a tharchuirtear

An bhfuil Airteagal 4(7) de Rialachán (AE) 2016/679 1 (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí; ‘RGCS’) le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar chur i bhfeidhm foráil den dlí náisiúnta [amhail, sa chás seo, Mír 2(1) den Tiroler Datenverarbeitungsgesetz (Dlí na Tioróile maidir le próiseáil sonraí)] ina bhforáiltear do rialaitheoir faoi leith de réir bhrí an dara cuid d’Airteagal 4(7) de RGCS ach

–    níl ann ach seirbhís [amhail, sa chás seo, Amt der Tiroler Landesregierung (Oifig Rialtais Cúige na Tioróile)], agus cé gur bunaíodh le dlí é, ní duine nádúrtha ná dlítheanach é, ná údarás, sa chás seo, ach feidhmíonn sé mar fheiste cúnta d’údarás den sórt sin agus níl aon inniúlacht dhlíthiúil iomlán ná páirteach dá chuid féin aige;

–    ainmnítear é gan tagairt do phróiseáil shonrach sonraí pearsanta, agus é de thoradh air sin nach gcinneann an Ballstát na críocha agus na modhanna próiseála sonraí ach an oiread;

–    nár chinn na críocha agus na modhanna próiseála sonraí pearsanta atá i gceist sa chás seo ina aonar ná gcomhpháirt le daoine eile?

____________

1 Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1).