Iarraidh ar réamhrialú ó Hoge Raad der Nederlanden (an Ísiltír) arna taisceadh an 4 Iúil 2023 – Arvato Finance BV v MI
(Cás C-409/23, Arvato Finance)
Teanga an cháis: an Ollainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Hoge Raad der Nederlanden
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Arvato Finance BV
Cosantóir: MI
Na ceisteanna a tharchuirtear
An gcuimsítear ús mainneachtana agus costais sheachbhreithiúnacha faoi chostais iomlána an chreidmheasa don tomhaltóir de réir bhrí Airteagal 3(g) den Treoir maidir le creidmheas le haghaidh tomhaltóirí 1 agus an gcaithfear iad a chur san áireamh sa mheasúnú i dtaobh an bhfuil conarthaí creidmheasa “saor ó ús agus táillí eile” nó an conradh creidmheasa é “nach mbaineann ach mionchostais leo”, de réir bhrí Airteagal 2(2)(f) den Treoir maidir le creidmheas le haghaidh tomhaltóirí?
An ndéantar difear don fhreagra ar an gcéad cheist, má dhéantar an t-ús mainneachtana agus na costais sheachbhreithiúnacha a thabhú de réir dlí nó i gcomhréir le conradh? An ndéantar difear – i gcás a bhaineann le hús mainneachtana nó costais sheachbhreithiúnacha arna leagan síos i gconradh – má tá an t-ús agus na costais sin níos airde ná an méid atá dlite de réir dlí in éagmais an chonartha sin?
____________
1 Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO 2008 L 133, lch. 66).