Language of document : ECLI:EU:T:2023:101

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE GINEARÁLTA (an tOchtú Dlísheomra Méadaithe)

1 Márta 2023 (*)

(Aontas Custaim – Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 – Tionscnamh neamhfhabhrach gluaisrothar áirithe arna monarú ag Harley-Davidson a chinneadh – Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún lena n-iarrtar go ndéanfar cinntí maidir le faisnéis cheangailteach i leith tionscnaimh arna nglacadh ag na húdaráis chustaim náisiúnta a chúlghairm – An coincheap “oibriú nó próiseáil nach bhfuil údar eacnamaíoch leo” – An ceart chun éisteacht a fháil)

I gCás T-324/21,

Harley-Davidson Europe Ltd, arna bhunú in Oxford (an Ríocht Aontaithe),

Neovia Logistics Services International, arna bhunú in Vilvoorde (an Bheilg),

arna n-ionadú ag O. van Baelen, G. Lebrun, Dlíodóirí, agus T. Lyons, KC,

iarratasóirí,

v

an Coimisiún Eorpach, arna ionadú ag F. Clotuche-Duvieusart agus M. Kocjan, i gcáil Gníomhairí,

cosantóir,

tugann AN CHÚIRT GHINEARÁLTA (an tOchtú Dlísheomra Méadaithe),

agus í comhdhéanta, tráth na bpléití, mar seo a leanas: S. Papasavvas, Uachtarán, J. Svenningsen, M. Jaeger, C. Mac Eochaidh (Rapóirtéir) agus T. Pynnä, Breithiúna,

Cláraitheoir: I. Kurme, Riarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

i ndiaidh éisteacht an 21 Meán Fómhair 2022,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1        Leis an gcaingean seo atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí, Harley-Davidson Europe Ltd (in éineacht leis an ngrúpa lena mbaineann sé “Harley-Davidson”) agus Neovia Logistics Services International (“Neovia”), ar an gCúirt Ghinearálta Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/563 ón gCoimisiún an 31 Márta 2021 maidir le bailíocht cinntí áirithe maidir le faisnéis cheangailteach i leith tionscnaimh (IO 2021 L 119, lch. 117, an “cinneadh atá faoi chonspóid”) atá dírithe chuig Ríocht na Beilge a chur ar neamhní. Leis an gcinneadh sin, d’iarr an Coimisiún Eorpach go gcúlghairfí dhá chinneadh maidir le faisnéis cheangailteach i leith tionscnaimh (“cinntí FTC”), arna nglacadh i bhfábhar Neovia thar cheann Harley-Davidson, maidir le catagóirí áirithe gluaisrothair arna monarú ag Harley-Davidson sa Téalainn a allmhairiú isteach san Aontas Eorpach, tríd an mBeilg.

I.      An dlí lena mbaineann

2        De bhun Airteagal 1 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO 2013 L 269, lch. 1, “an Cód Custaim”), leagtar síos Cód Custaim an Aontais leis an Rialachán sin lena socraítear na rialacha agus nósanna imeachta ginearálta is infheidhme i leith earraí a thagann isteach i gcríoch chustaim an Aontais nó a fhágann an chríoch sin.

3        Foráiltear le Teideal II den Chód Custaim, dar teideal “Tosca ar a chuirtear dleacht ar allmhairí agus ar onnmhairí agus bearta eile i ndáil le trádáil in earraí i bhfeidhm ar a mbonn”, inter alia, do rialacha maidir le tionscamh earraí a chinneadh, a úsáidtear go háirithe chun dleacht ar allmhairí agus bearta eile atá feidhm acu i leith earraí ar leith a chinneadh.

4        Go háirithe, de réir théarmaí Airteagal 56(1) den Chód Custaim, atá i dTeideal II, bunófar na dleachtanna a dhlitear ar allmhairí agus ar onnmhairí ar an gComhtharaif Chustaim agus ar bhearta eile a fhorordóidh forálacha an Aontais lena rialófar réimsí sonracha i ndáil le trádáil in earraí a chur i bhfeidhm, i gcás inarb iomchuí sin, i gcomhréir le rangú taraife na n-earraí sin.

A.      Tionscnamh earraí

5        Foráiltear do thrí chatagóir rialacha leis an gCód Custaim chun tionscnamh earraí a chinneadh, eadhon rialacha maidir le tionscnamh neamhfhabhrach earraí, rialacha maidir le tionscnamh fabhrach earraí agus rialacha chun tionscnamh earraí sonracha a chinneadh.

6        Go háirithe, foráiltear le hAirteagal 59 den Chód Custaim go leagfar síos rialacha le hAirteagail 60 agus 61 d’fhonn tionscnamh neamhfhabhrach earraí a chinneadh chun na nithe seo a leanas a chur i bhfeidhm: ar an gcéad dul síos, an Chomhtharaif Chustaim cé is moite de na bearta dá dtagraítear i bpointí (d) agus (e) d’Airteagal 56(2), ar an dara dul síos, bearta, seachas bearta taraife, a bhunaítear le forálacha de chuid an Aontais lena rialaítear réimsí sonracha a bhaineann le trádáil in earraí, agus, ar an tríú dul síos, bearta eile de chuid an Aontais a bhaineann le tionscnamh earraí.

7        Mar sin, foráiltear mar seo a leanas in Airteagal 60 den Chód Custaim maidir le héadáil tionscnaimh neamhfhabhrach earraí:

“1. Earraí a fhaightear go hiomlán i dtír amháin nó i gcríoch amháin, measfar go bhfuil a n-áit tionscnaimh sa tír sin nó sa chríoch sin.

2. Earraí a bhfuil níos mó ná tír nó críoch amháin bainteach lena dtáirgeadh, measfar gur de thionscnamh na tíre nó na críche ina ndearnadh an phróiseáil shubstainteach dheireanach nó an t-oibriú substainteach deireanach orthu, a raibh bunús leis an bpróiseáil nó an oibriú sin ó thaobh na heacnamaíochta, i ngnóthas a fheistítear chun na críche sin, a mbeidh monarú táirge nua mar thoradh air nó ar chéim thábhachtach sa mhonarú í.”

8        De réir Airteagal 62 den Chód Custaim, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 284, ina leagtar síos na rialacha faoina measfar go bhfuarthas earraí, a bhfuil cinneadh maidir le tionscnamh neamhfhabhrach ag teastáil ina leith chun bearta an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 59 a chur i bhfeidhm, go huile i dtír nó i gcríoch amháin nó a meastar go ndearnadh an phróiseáil shubstainteach dheireanach nó an t-oibriú substainteach deireanach orthu, a raibh bunús leis an bpróiseáil nó an oibriú sin ó thaobh na heacnamaíochta, i ngnóthas a fheistítear chun na críche sin, a bhfuil monarú táirge nua mar thoradh air nó ar céim thábhachtach sa mhonarú í, i dtír nó i gcríoch, i gcomhréir le hAirteagal 60.

9        Chuige sin, ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán Uimh. 952/2013 maidir le rialacha mionsonraithe i ndáil le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais (IO 2015 L 343, lch. 1 “GT-CCA”).

10      Leagtar sonraí amach in Airteagal 33 de GT-CCA maidir le hoibriú nó próiseáil nach bhfuil údar eacnamaíoch leo. Foráiltear mar seo a leanas san Airteagal sin:

“Measfar nach mbeidh údar eacnamaíoch ag aon oibriú nó próiseáil a dhéantar i dtír eile nó i gcríoch eile má shuitear, ar bhonn na ngnéithe fíorasacha atá ar fáil, go raibh sé de chuspóir ag an oibríocht sin cur i bhfeidhm na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 59 den [Chód Custaim, a bhaineann le cur i bhfeidhm na Comhtharaife Custaim agus bearta eile den Aontas, bíodh sin bearta taraife nó eile, a bhaineann le tionscnamh earraí arna n-allmhairiú isteach san Aontas] a sheachaint.

[…]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

B.      Cinntí i leith tionscnaimh

11      Foráiltear le hAirteagal 33 den Chód Custaim, a bhaineann le cinntí maidir le faisnéis cheangailteach:

“1. Ar iarratas a dhéanamh chucu, déanfaidh na húdaráis chustaim, cinntí a bhaineann le faisnéis taraife cheangailteach, (cinntí FTC), nó cinntí [FCT].

[…]

3. Beidh cinntí FTC nó cinntí FCT bailí ar feadh tréimhse trí bliana ón dáta a dtiocfaidh an cinneadh i bhfeidhm.

[…]”

12      Leagtar síos le hAirteagal 19 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 (IO 2015 L 343, lch. 558) malartú sonraí maidir le cinntí FCT, agus dearbhaítear leis, go háirithe, i mír 1, go “[s]eolfaidh na húdaráis chustaim ar bhonn ráithiúil chuig an gCoimisiún an fhaisnéis úsáideach a bhaineann le cinntí FCT” ar ghlac siad leo.

13      Foráiltear mar seo a leanas in Airteagal 34(11) den Chód Custaim:

“Féadfaidh an Coimisiún cinntí a ghlacadh lena n-iarrfar ar na Ballstáit cinntí FTC nó FCT a chúlghairm chun rangú taraife ceart agus aonfhoirmeach nó cinneadh tionscnaimh ceart agus aonfhoirmeach a áirithiú i leith na n-earraí.”

14      Dearbhaítear in Airteagal 37(2) den Chód Custaim, go háirithe, go nglacfaidh an Coimisiún cinntí lena n-iarrtar ar na Ballstáit cinntí FCT a chúlghairm, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 285(2) den Chód Custaim.

15      Is léir ó na forálacha sin, go bunúsach, go bhféadfaidh na húdaráis chustaim náisiúnta, ar iarratas a dhéanamh ag na hallmhaireoirí atá ag iarraidh ráthaíochtaí a fháil maidir le léiriú ar rialacha lena gceadaítear tionscnamh neamhfhabhrach earraí arna n-allmhairiú isteach san Aontas a chinneadh, cinntí a ghlacadh lena n-aithnítear tionscnamh geografach na n-earraí sin go hoifigiúil. Anuas air sin, is féidir leis an gCoimisiún, a fhaigheann eolas go rialta ó na húdaráis sin, má mheasann sé a posteriori nach bhfuil an cinneadh sin i leith tionscnaimh arna dhéanamh ar na húdaráis chustaim sin ceart, a iarraidh orthu na cinntí arna nglacadh a chúlghairm.

C.      Bearta beartais tráchtála

16      De bhun Airteagal 5, pointe 36 den Chód Custaim, ciallaíonn “bearta beartais tráchtála”, bearta neamhtharaife a bhunaítear, mar chuid den chomhbheartas tráchtála, i bhfoirm forálacha de chuid an Aontais lena rialaítear an trádáil idirnáisiúnta in earraí.

17      Chuige sin, ghlac reachtóir an Aontais Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 an 15 Bealtaine 2014 maidir le feidhmiú chearta an Aontais chun rialacha trádála idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm agus a fhorghníomhú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 3286/94 ón gComhairle lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail i réimse an chomhbheartais tráchtála d’fhonn feidhmiú chearta an Chomhphobail faoi rialacha trádála idirnáisiúnta a áirithiú, go háirithe na cearta sin a bunaíodh faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála (IO 2014 L 189, lch. 50).

18      De bhun Airteagal 4(1) de Rialachán Uimh. 654/2014, i gcás ina bhfuil gá le bearta chun leasanna an Aontais a chosaint sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán sin, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena gcinnfear na bearta beartais tráchtála iomchuí.

19      Ar bhonn Rialachán Uimh. 654/2014, agus go háirithe ar bhonn Airteagal 4(1) de, ghlac an Coimisiún, go sonrach, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/886 an 20 Meitheamh 2018 maidir le bearta áirithe beartais tráchtála a bhaineann le táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/724 (IO 2018 L 158, lch. 5).

II.    Cúlra na díospóide

20      I Meitheamh 2018, leag rialtas Stát Aontaithe Mheiriceá dleachtanna custaim breise de 25 % agus de 10 % faoi seach síos, ar allmhairí cruaiche agus allmhairí alúmanaim ag teacht ón Aontas (na “dleachtanna custaim arna bhforchur de bhun Roinn 232 den Dlí de 1962 um Fhairsingiú Trádála”) d’fhonn táirgeadh náisiúnta na n-earraí sin a chur chun cinn agus a mhéadú.

21      Mar fhreagairt ar leagan síos na ndleachtanna custaim arna bhforchur de bhun Roinn 232 den Dlí de 1962 um Fhairsingiú Trádála, ghlac an Coimisiún, an 20 Meitheamh 2018, Rialachán 2018/886, lena bhforáiltear do chur i bhfeidhm dleachtanna custaim breise maidir le hearraí de thionscnamh na Stát Aontaithe, mar a leagtar amach iad in Iarscríbhinní I agus II den Rialachán seo, a allmhairiú.

22      De réir Airteagal 2(a) agus Iarscríbhinn I de Rialachán 2018/886, foráladh go mbeadh earraí a bhaineann leis an gcód ainmníochta 8711 50 00, eadhon “[g]luaisrothair [...] ina bhfuil inneall loiní dócháin inmheánaigh, ag a bhfuil toilleadh sorcóra is mó ná 800 cm3” [Aistriúchán neamhoifigiúil], ag an gcéad chéim, ina n-ábhar do dhleachtanna custaim breise ar ráta de 25 %, agus sin ón 22 Meitheamh 2018.

23      Thairis sin, de réir Airteagal 2(b) agus Iarscríbhinn II de Rialachán 2018/886, lena ndírítear chomh maith ar earraí a bhaineann leis an gcód ainmníochta 8711 50 00, bheadh na hearraí sin, ag an dara céim, ina n-ábhar do dhleachtanna custaim breise ar ráta de 25 %, le cur i bhfeidhm, go bunúsach, ón 1 Meitheamh 2021, ar a dhéanaí.

24      I ndiaidh fhoilsiú Rialachán 2018/886 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, cuireadh in iúl do Harley-Davidson, gnóthas Meiriceánach le speisialtóireacht i dtógáil gluaisrothar, go gcuirfear dleachtanna custaim breise i bhfeidhm ar a earraí a allmhairítear isteach san Aontas ó na Stáit Aontaithe, de 25 % ón 22 Meitheamh 2018, agus ansin de 25 % breise, ar a dhéanaí ón 1 Meitheamh 2021, anuas ar an ráta caighdeánach dleachta de 6 %, is é sin ráta iomlán, ar a ghluaisrothair, de 31 % ón 22 Meitheamh 2018, agus ansin de 56 % ón 1 Meitheamh 2021, ar a dhéanaí.

25      An 25 Meitheamh 2018, chuir Harley-Davidson tuarascáil ar fhoirm 8-K (Form 8-K Current Report, “foirm 8-K”) i láthair don Securities and Exchange Commission (Coimisiún na n-idirbheart stocmhalartáin, na Stáit Aontaithe, “SEC”). Tá sé de chuspóir ag foirm 8-K cur i bhfeidhm na ndleachtanna custaim breise dá dtagraítear i mír 24 thuas a chur in iúl dá scairshealbhóirí, agus na hiarmhairtí a bheidh acu ar a ngníomhaíocht. San fhoirm sin, chuir Harley-Davidson in iúl go raibh sé mar rún aige táirgeadh gluaisrothar áirithe atá ceaptha do mhargadh an Aontais a aistriú ó na Stáit Aontaithe go dtí a shaoráidí idirnáisiúnta bunaithe i dtír eile, d’fhonn na bearta atá i gceist maidir le beartas tráchtála an Aontais a sheachaint.

26      I bhfoirm 8-K, chuir Harley-Davidson an méid seo a leanas in iúl, go háirithe:

“Ghlac an tAontas Eorpach dleachtanna custaim ar earraí éagsúla arna dtáirgeadh sna Stáit Aontaithe, ina measc, gluaisrothair Harley-Davidson. Forchuireadh na dleachtanna sin, a tháinig i bhfeidhm an 22 Meitheamh 2018, mar fhreagairt ar na dleachtanna custaim arna bhforchur ag na Stáit Aontaithe ar chruach agus alúmanam arna n-onnmhairiú ón [Aontas] go dtí na Stáit Aontaithe.

Dá bhrí sin, ardaíodh dleachtanna custaim [an Aontais] ar ghluaisrothair Harley-Davidson arna n-onnmhairiú ó na Stáit Aontaithe ó 6 % go 31 %. Measann Harley-Davidson go mbeidh costas breise de thart ar USD 2 200 in aghaidh an ghluaisrothair a onnmhairítear ó na Stáit Aontaithe go dtí an [tAontas] mar thoradh ar na dleachtanna custaim sin.

[…]

Chun dul i ngleic leis an gcostas suntasach den ualach taraife sin go fadtéarmach, cuirfidh Harley-Davidson plean i bhfeidhm chun táirgeadh na ngluaisrothar atá ceaptha don [Aontas] a athlonnú ó na Stáit Aontaithe chuig a shaoráidí idirnáisiúnta d’fhonn an t-ualach taraife a sheachaint. Tuarann Harley-Davidson go mbeidh infheistíocht bhreise ag teastáil do mhéadú an táirgthe sna monarchana idirnáisiúnta agus go bhféadfadh go dtógfaidh sé ar a laghad 9 go 18 mí sula gcríochnófar an infheistíocht sin ina hiomláine.”

27      I ndiaidh fhoilsiú fhoirm 8-K, roghnaigh Harley-Davidson a mhonarcha sa Téalainn mar shuíomh táirgthe do roinnt dá ghluaisrothair atá ceaptha do mhargadh an Aontais.

28      Bhí Harley-Davidson ag iarraidh gealltanais a fháil maidir le cinneadh thír thionscnaimh na ngluaisrothar a tháirgtear ina mhonarcha sa Téalainn agus atá ceaptha do mhargadh an Aontais. Mar sin, thaisc Harley-Davidson agus Neovia, idirghabhálaí a chuireann seirbhísí cúnaimh lóistíochta ar fáil dó i gcomhthéacs a oibriúchán allmhairíochta gluaisrothar san Aontas tríd an mBeilg, le chéile, an 25 Eanáir 2019, dhá iarratas fhoirmiúla ar chinntí FCT ar dtús, maidir le dhá raon gluaisrothar, le húdaráis chustaim na Beilge. Taisceadh trí iarratas eile ar chinntí FCT, maidir le trí raon eile gluaisrothar, ina dhiaidh sin.

29      An 31 Eanáir 2019, ghlac údaráis na Beilge páirt i gcruinniú leis an gCoimisiún maidir leis na hiarratais ar chinntí FCT maidir le dhá raon gluaisrothar arna gcóimeáil i monarcha Harley-Davidson sa Téalainn a allmhairiú isteach san Aontas. Ag deireadh an chruinnithe sin, d’eisigh an Coimisiún tuairim neamhfhoirmiúil go bhféadfadh nár comhlíonadh an critéar maidir le húdar eacnamaíoch, de réir bhrí Airteagal 33 de GT-CCA, mar gheall ar fhaisnéis a bhí i bhfoirm 8-K.

30      Lorg údaráis na Beilge comhphlé leis na Ballstáit maidir le hinfheidhmeacht Airteagal 33 de GT-CCA, comhphlé a tharla ag cruinniú an tsainghrúpa custaim, Roinn “Tionscnamh”, an 8 Aibreán 2019. Ag an gcruinniú sin, mhínigh údaráis na Beilge gur athraíodh tír chóimeála roinnt de na gluaisrothair a tháirgeann Harley-Davidson agus gur tharla an t-athrú sin i ndiaidh dleachtanna custaim breise a leagan síos do na hearraí de thionscnamh na tíre a arbh í an tír táirgthe roimhe sin, eadhon, na Stáit Aontaithe. Luaitear i miontuairiscí an chruinnithe sin gur “dheimhnigh toscairí áirithe, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, gur cheart tionscnamh a chinneadh trí Airteagal 33 de GT-CCA a chur i bhfeidhm, ní raibh toscairí eile den tuairim sin. Measann an [Coimisiún] go bhféadfadh Airteagal 33 a bheith infheidhme, go háirithe toisc gur chuir an táirgeoir in iúl i ndearbhuithe poiblí go raibh sé de chuspóir ag athlonnú na n-oibríochtaí cur i bhfeidhm bhearta an Aontais a sheachaint”. D’ainneoin iarratais údaráis na Beilge, níor eisigh an Coimisiún riamh tuairim fhoirmiúil maidir le hinfheidhmeacht Airteagal 33 de GT-CCA i leith fhíorais an cháis.

31      An 24 Meitheamh 2019, de bhun Airteagal 33(1) den Chód Custaim, ghlac údaráis chustaim na Beilge dhá chinneadh FCT, lenar aithin agus lenar dheimhnigh siad go raibh catagóirí áirithe de ghluaisrothair Harley-Davidson arna n-allmhairiú isteach san Aontas, a bhaineann leis an dá raon de ghluaisrothair dá dtagraítear i mír 28 thuas, de thionscnamh na Téalainne. Rinne údaráis na Beilge an rud céanna, ina dhiaidh sin, maidir leis an trí iarratas eile ar chinntí FCT dá dtagraítear i mír 28 thuas.

32      Chuir údaráis chustaim na Beilge na cinntí FCT atá i gceist in iúl don Choimisiún an 21 Lúnasa 2019.

33      An 5 Deireadh Fómhair 2020, chuir an Coimisiún in iúl d’údaráis na Beilge go raibh sé de rún aige a iarraidh orthu an chéad dá chinneadh FCT a chúlghairm. An 13 Samhain 2020, d’fhreagair údaráis na Beilge an Coimisiún go raibh siad i gcoinne iarratas ar chúlghairm den sórt sin.

34      An 22 Nollaig 2020, thionscain an Coimisiún nós imeachta foirmiúil d’fhonn an cinneadh atá faoi chonspóid a ghlacadh. An 5 Márta 2021, chuir an Coimisiún an dréacht den chinneadh atá faoi chonspóid faoi bhráid thoscaireachtaí náisiúnta uile an Choiste um an gCód Custaim, Roinn “Tionscnamh”, i gcomhthéacs an nós imeachta comhairliúcháin agus trí bhíthin nós imeachta i scríbhinn. Chuir ceithre Bhallstát barúlacha isteach maidir leis an dréacht den chinneadh atá faoi chonspóid agus chuir siad i gcoinne na tuairime arna cur in iúl ag an gCoimisiún sa dréacht sin.

35      An 29 Márta 2021, chuir an Coimisiún achoimre chuig an gCoiste um an gCód Custaim, Roinn “Tionscnamh”, inar chuir sé in iúl gur léirigh na 23 Bhallstát nár ghlac seasamh, go hintuigthe, gur aontaigh siad leis an dréacht den chinneadh atá faoi chonspóid.

36      An 31 Márta 2021, ghlac an Coimisiún an cinneadh atá faoi chonspóid, a chuir sé in iúl do Ríocht na Beilge é an 6 Aibreán 2021 agus a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an lá dar gcionn, lena n-iarrtar ar údaráis na Beilge an chéad dá chinneadh FCT a chúlghairm.

37      Sa chinneadh atá faoi chonspóid chuir an Coimisiún an méid seo a leanas in iúl:

“(6) I ndiaidh fhoilsiú na mbeart beartais tráchtála den Aontas Eorpach, chuir [Harley-Davidson] in iúl, le foirm 8-K [...] a tugadh do [SEC] i Meitheamh 2018, a phlean chun táirgeadh gluaisrothar áirithe atá ceaptha do mhargadh an Aontais Eorpaigh a aistriú ó Stáit Aontaithe Mheiriceá go dtí a shaoráidí idirnáisiúnta atá bunaithe i dtír eile, d’fhonn bearta beartais tráchtála den Aontas Eorpach a sheachaint.

(7) Fiú mura gá gurb é bearta beartais tráchtála a sheachaint an t-aon chuspóir d’aistriú an táirgthe, comhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i bhfomhír 1 d’Airteagal 33 [de GT-CCA] ar bhonn na faisnéise atá ar fáil. Mar sin, meastar nach bhfuil údar eacnamaíoch ag an bpróiseáil ná ag an oibriú arna dhéanamh sa tír dheireanach táirgthe. […]

(9) Ós rud é nach bhfuil cinneadh thionscnamh neamhfhabhrach na ngluaisrothar a chumhdaítear leis na cinntí FCT dá dtagraítear san Iarscríbhinn bunaithe ar an riail a leagtar síos in Airteagal 33(3) [de GT-CCA], measann an Coimisiún go bhfuil an cinneadh sin maidir le tionscnamh neamhfhabhrach ar neamhréir le hAirteagal 60(2) den [Chód Custaim], i gcomhar le hAirteagal 33 [de GT-CCA].”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

38      I ndiaidh ghlacadh an chinnidh atá faoi chonspóid, chuir údaráis na Beilge in iúl do na hiarratasóirí, le litir an 16 Aibreán a cuireadh chuig Neovia, go raibh siad chun na cúig chinneadh FCT a glacadh maidir le gluaisrothair arna dtáirgeadh sa Téalainn ag Harley-Davidson a allmhairiú isteach san Aontas a chúlghairm.

III. An t-ordú atá á lorg

39      Iarann na hiarratasóirí ar an gCúirt Ghinearálta:

–        an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

–        treoracha a thabhairt d’údaráis chustaim an Aontais maidir leis na hiarmhairtí úsáideacha atá le tarraingt as an mbreithiúnas agus leis an gcaoi nach mór dóibh gníomhú chun é a chomhlíonadh;

–        na bearta eagrúcháin nós imeachta nó fiosrúcháin a measann sí a bheith oiriúnach a ordú;

–        a ordú don Choimisiún na costais a íoc.

40      Iarann an Coimisiún ar an gCúirt Ghinearálta:

–        diúltú don chaingean;

–        a ordú do na hiarratasóirí na costais a íoc.

IV.    An dlí

A.      Dlínse na Cúirte Ginearálta

41      Maíonn an Coimisiún go bhfuil an dara cuntar éilimh de na hiarratasóirí do-ghlactha.

42      Measann na hiarratasóirí, áfach, go bhféadfadh sé a bheith úsáideach treoracha a thabhairt maidir leis an gcaoi chun an breithiúnas a chomhlíonadh.

43      Chuige sin, ba cheart a thabhairt chun cuimhne, i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar dhlíthiúlacht bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, níl dlínse ag an gCúirt Ghinearálta orduithe a fhógairt i gcoinne institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais, fiú i gcás go mbaineann siad le breithiúnais na Cúirte sin a chomhlíonadh (orduithe an 22 Meán Fómhair 2016, Gaki v an Coimisiún, C-130/16 P, nár foilsíodh, EU:C:2016:731, mír 14, agus an 19 Iúil 2016, Trajektna luka Split v an Coimisiún, T-169/16, nár foilsíodh, EU:T:2016:441, mír 13).

44      Is léir ón méid sin nach mór diúltú don dara cuntar éilimh mar gheall ar easpa dlínse.

B.      An tsubstaint

45      Mar thaca lena gcaingean, maíonn na hiarratasóirí sé shaincheist dlí.

46      Measann an Chúirt Ghinearálta é a bheith oiriúnach scrúdú a dhéanamh ar an tríú saincheist dlí, agus ansin an ceathrú, an chéad, an dara, an cúigiú agus an séú saincheist dlí.

1.      An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear mí-úsáid ar an gcumhacht chúlghairme a mhéid a bhfuil sí bunaithe ar léiriú agus cur i bhfeidhm mícheart d’Airteagal 33 de GT-CCA

47      Leis an tríú saincheist dlí, maíonn na hiarratasóirí go ndearna an Coimisiún earráid dlí maidir leis an léiriú a rinne sé ar Airteagal 33 de GT-CCA.

48      Go háirithe, maíonn na hiarratasóirí gur foráladh leis na sean-leaganacha den reachtaíocht nach gcomhlíonfaí an critéar maidir le húdar eacnamaíoch i gcás inarbh é an “t-aon chuspóir” le hoibriú ná an tseachaint, agus go dtagraítear go fóill sna leaganacha teanga difriúla d’Airteagal 33 de GT-CCA do “chuspóir” san uimhir uatha, lena dtabharfaí le tuiscint, ar a laghad, “cuspóir ceannasach amháin” nó “cuspóir bunúsach”. Maíonn siad, thairis sin, gur deimhníodh le cásdlí na Cúirte gur leor aon chuspóir eile a bheith ag oibriú, nach bhfuil bainteach leis an tseachaint, chun go gcomhlíonfaí an critéar maidir le húdar eacnamaíoch. Chuige sin, agraíonn siad, inter alia, breithiúnas an 13 Nollaig 1989, Brother International (C-26/88, EU:C:1989:637), inar chinn an Chúirt “nár [tugadh] údar le haistriú na cóimeála ón tír ina dtáirgtear na píosaí go tír eile inar [úsáideadh] monarchana a bhí ann cheana ann féin an toimhde [go raibh] sé mar chuspóir aonair ag an aistriú sin dul timpeall ar na forálacha is infheidhme.” Dar leis na hiarratasóirí, áfach, níor thug an Coimisiún an deis dóibh a léiriú go raibh cuspóirí eile ann agus ní raibh aon rud ann lena dtabharfaí le fios dóibh an ndearna an Coimisiún scrúdú ar an bhfaisnéis a thug siad d’údaráis na Beilge d’fhonn a shuí gur comhlíonadh an critéar maidir le húdar eacnamaíoch.

49      Maidir leis an ngné dheireanach sin, maíonn na hiarratasóirí go raibh cinneadh Harley-Davidson chun gluaisrothair atá ceaptha do mhargadh an Aontais a tháirgeadh sa Téalainn bunaithe ar raon fachtóirí tráchtála láidre agus dlisteanacha agus nach cinneadh saorga é a raibh sé de chuspóir bunúsach aige dul timpeall ar na dleachtanna custaim breise.

50      Freisin, cuireann na hiarratasóirí an coincheap “seachaint”, de réir bhrí Airteagal 33 de GT-CCA, i gcomparáid leis na coincheapa “imghabháil”, “mí-úsáid”, “ionramháil” agus “dul timpeall”, mar a sonraíodh leis an gcásdlí iad. Mar sin, trí thagairt a dhéanamh do bhreithiúnais dhifriúla ón gCúirt inar pléadh agus inar sonraíodh na coincheapa sin, go háirithe sa dlí fioscach nó sa dlí frithdhumpála, maíonn na hiarratasóirí, fiú dá mba rud é go raibh monarú gluaisrothar atá ceaptha don Aontas ag Harley-Davidson sa Téalainn dírithe go príomha ar dhleachtanna custaim breise a sheachaint, gur cheart fíorú a dhéanamh an raibh ann d’aon chuspóir tráchtála dlisteanach eile leis na hoibríochtaí athlonnaithe, rud nach ndearna an Coimisiún. De réir analaí, cuireann na hiarratasóirí in iúl gur dheimhnigh an Chúirt arís agus arís eile go raibh saoirse leathan ag oibreoir ar mhargadh an Aontais agus go raibh sé, mar shampla, údaraithe chun a ghníomhaíocht a leagan amach ar chaoi ina dteorannófaí a fhiachas cánach.

51      Sa chaoi sin, measann na hiarratasóirí gur leasaíodh an critéar maidir le húdar eacnamaíoch leis an mbealach inar chuir an Coimisiún Airteagal 33 de GT-CCA i bhfeidhm agus gur athraíodh critéar, a bhí ar dtús oibiachtúil, ina chritéar suibiachtúil. Dar leis na hiarratasóirí, déantar athrú ar chuspóir Airteagal 60(2) den Chód Custaim leis an léiriú arna dhéanamh ag an gCoimisiún, agus mar thoradh air sin, ní oireann sé ach oiread tionscnamh a chinneadh ar bhonn gnéithe oibiachtúla, eadhon cineál na hoibríochta a dhéantar, ach ar bhonn gnéithe suibiachtúla, eadhon réasúnaíocht nó spreagadh an táirgeora. Ba cheart, áfach, go mbraithfeadh an measúnú ar “chuspóir” oibríochta athlonnaithe ar anailís oibiachtúil ar na gnéithe agus ar chomhthéacs na hoibríochta féin, anailís a mhaítear nach ndearna an Coimisiún.

52      Cuireann an Coimisiún i gcoinne na hargóinte sin.

53      Sa chás seo, ba cheart a fhíorú an ndearna an Coimisiún, agus an cinneadh atá faoi chonspóid a ghlacadh ar bhonn Airteagal 33 de GT-CCA, earráid dlí trína mheas nach bhféadfaí a mheas go bhfuil “údar eacnamaíoch” leis an oibríocht athlonnaithe, chuig an Téalainn, de mhonarú chatagóirí áirithe ghluaisrothair Harley-Davidson atá ceaptha do mhargadh an Aontais, ó tharla go raibh sí dírithe, dar leis an institiúid sin, ar bhearta beartais tráchtála an Aontais, arna nglacadh, ó 2018, i leith earraí de thionscnamh na Stát Aontaithe, a sheachaint.

54      Chuige sin, ba cheart a thabhairt chun cuimhne, i gcomhréir le cásdlí socair, chun léiriú a dhéanamh ar fhorálacha de dhlí an Aontais, nach mór a chur san áireamh ní hamháin foclaíocht na bhforálacha sin, ach freisin an comhthéacs a bhaineann leo agus na cuspóirí atá á saothrú leis na rialacha a bhfuil siad mar chuid dóibh. D’fhéadfadh gnéithe atá ábhartha dá léiriú a bheith ag gabháil le bunús forála de dhlí an Aontais chomh maith (féach breithiúnas an 2 Meán Fómhair 2021, CRCAM, C-337/20, EU:C:2021:671, mír 31 agus an cásdlí dá dtagraítear).

55      De réir théarmaí Airteagal 60(2) den Chód Custaim (féach mír 7 thuas), ionas go measfaí tír nó críoch mar áit tionscaimh earraí, chun bearta an Aontais maidir le tionscnamh earraí arna n-allmhairiú a chur i bhfeidhm, ní mór go ndéantar, go háirithe, an t-oibriú substainteach deireanach nó an phróiseáil shubstaintiúil dheireanach orthu san áit sin agus go bhfuil “bunús leis an bpróiseáil nó an oibriú sin ó thaobh na heacnamaíochta”.

56      Sonraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 33 de GT-CCA, dar teideal “Oibriú agus próiseáil nach bhfuil údar eacnamaíoch leo” go “measfar gach oibriú nó próiseáil arna ndéanamh i dtír nó i gcríoch eile a bheith gan údar eacnamaíoch má chruthaítear, ar bhonn na ngnéithe fíorasacha atá ar fáil, go raibh sé de chuspóir ag an oibriú sin a sheachaint go gcuirfear i bhfeidhm bearta” an Aontais a bhaineann le tionscnamh earraí.

57      Mar sin, ar dtús, is léir ó fhoclaíocht Airteagal 33 de GT-CCA, go háirithe as úsáid an téarma “measfar” san Airteagal sin, nach mór, in imthosca áirithe, eadhon nuair a raibh sé de chuspóir ag oibriú ar leith cur i bhfeidhm na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 59 den Chód Custaim a sheachaint, don Choimisiún agus d’údaráis chustaim an Aontais a mheas nach bhféadfaí an coinníoll a bhaineann le húdar eacnamaíoch a chomhlíonadh.

58      Ina dhiaidh sin, maidir le húsáid an fhrása “go raibh sé de chuspóir ag an oibriú sin a sheachaint” in Airteagal 33 de GT-CCA, measann an Chúirt Ghinearálta nach mór úsáid an choincheapa “cuspóir” san uimhir uatha a thuiscint, i gcásanna ina bhféadfadh roinnt cuspóirí a bheith á saothrú le hoibríocht athlonnaithe, mar thagairt do “chuspóir príomhúil” nó “ceannasach.” Dá bhrí sin, d’fhéadfadh nach é sin an t-aon chuspóir, ach ní mór dó a bheith cinntitheach sa rogha chun an táirgeadh a athlonnú go tír nó críoch eile.

59      Is léir ó Airteagal 33 de GT-CCA, áfach, agus go háirithe as an tagairt do “bhearta dá dtagraítear in Airteagal 59” den Chód Custaim, arna léamh i bhfianaise aithris 21 de GT-CCA agus an dréacht-ghnímh tharmligthe chomhdhlúite arna chur in iúl ag an gCoimisiún sular glacadh GT-CCA, go bhfuil feidhm ag GT-CCA i gcás inar ghlac an tAontas bearta beartais tráchtála. Is féidir a bheith sna bearta beartais tráchtála sin bearta taraife amhail iad siúd a glacadh sa chás seo, eadhon dleachtanna custaim breise atá dírithe ar earraí áirithe de thionscnamh na Stát Aontaithe a leagadh síos le Rialachán 2018/886 de bhun Airteagal 4(1) de Rialachán Uimh. 654/2014.

60      Mar sin, tá sé d’aidhm ag Airteagal 33 de GT-CCA bearta beartais tráchtála an Aontais a chur chun feidhme ina n-iomláine trí stop a chur le héadáil tionscnaimh nua ag earraí ar a dhírítear le bearta den sórt sin, nuair a bhí sé mar chuspóir príomhúil nó ceannasach ag oibríocht, amhail táirgeadh a aistriú go tír nó críoch eile, cur i bhfeidhm na mbeart sin a sheachaint.

61      Ar deireadh, déantar tagairt le húsáid an fhrása “ar bhonn na ngnéithe fíorasacha atá ar fáil” in Airteagal 33 de GT-CCA do na gnéithe fíorasacha atá ag an údarás a bhfuil sé de fhreagracht air a fhíorú an raibh sé mar chuspóir ag oibríocht athlonnaithe cur i bhfeidhm bhearta an Aontais maidir le tionscnamh earraí a sheachaint.

62      Is léir ón méid sin thuas gur cheart Airteagal 33 de GT-CCA a léiriú sa chaoi, más rud é, ar bhonn na ngnéithe fíorasacha atá ar fáil, go bhfuil an chuma ar an scéal go raibh sé de chuspóir príomhúil nó ceannasach ag oibríocht athlonnaithe cur i bhfeidhm bhearta beartais tráchtála an Aontais a sheachaint, gur cheart a mheas nach féidir, de réir prionsabail, údar eacnamaíoch a thabhairt don oibríocht sin.

63      Dá bhrí sin, is faoin oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann atá sé a léiriú nach raibh sé de chuspóir príomhúil nó ceannasach ag oibríocht athlonnaithe, tráth ar tugadh an cinneadh a bhaineann leis an oibríocht sin, cur i bhfeidhm bhearta beartais tráchtála an Aontais a sheachaint. Tá difríocht, áfach, idir fianaise den sórt sin agus údar eacnamaíoch nó réasúnaíocht eacnamaíoch a lorg a posteriori don oibríocht athlonnaithe sin. Dá mba rud é go bhféadfaí an fhianaise nach raibh sé de chuspóir príomhúil nó ceannasach ag oibríocht athlonnaithe cur i bhfeidhm beart beartais tráchtála a sheachaint a léiriú trína thaispeáint go lom go raibh údar eacnamaíoch leis, bhainfí gach éifeacht úsáideach d’Airteagal 33 GT-CCA.

64      Sa chás seo, is léir ón gcomhad gurb iad na gnéithe fíorasacha atá ar fáil, de réir bhrí Airteagal 33 de GT-CCA, ná na líomhaintí a rinne Harley-Davidson i bhfoirm 8-K, a leagtar amach i mír 26 thuas, agus na gnéithe a chuir na hiarratasóirí in iúl d’údaráis chustaim na Beilge mar thaca lena n-iarratais ar chinntí FCT.

65      Maidir leis na gnéithe arna gcur in iúl d’údaráis chustaim na Beilge, deir na hiarratasóirí gur chuir siad, i bhfómhar 2018, achoimre ar na cúiseanna éagsúla le go raibh “údar eacnamaíoch” leis an táirgeadh sa Téalainn, dar leo, ar fáil, achoimre a d’fhorlíon siad an 26 Márta 2019, is é sin naoi mí tar éis fhoilsiú fhoirm 8-K, le míniúcháin bhreise.

66      Is léir ó anailís ar na doiciméid sin, atá le fáil in Iarscríbhinn leis an iarratas seo, gur dhréachtaigh na hiarratasóirí iad i gcomhthéacs a bplé le húdaráis chustaim na Beilge d’fhonn cinntí FCT lena n-aithneofaí tionscnamh na Téalainne do na gluaisrothair arna dtáirgeadh ag Harley-Davidson agus ceaptha do mhargadh an Aontais a fháil. Thosaigh na malartuithe sin i Meán Fómhair 2018, is é sin roinnt míonna i ndiaidh fhoilsiú fhoirm 8-K lenar fógraíodh go poiblí an oibríocht athlonnaithe atá i gceist. Ní fhéadfaí, ar bhonn na ndoiciméad sin, nach raibh ann roimh fhoirm 8-K ná tráth na foirme sin, agus a dréachtaíodh leis an gcuspóir aonair chun go n-aithneodh údaráis chustaim na Beilge tionscnamh na Téalainne do na gluaisrothair arna dtáirgeadh ag Harley-Davidson, teacht chun conclúide críochnaithí maidir le fírinne cinnidh athlonnaithe go dtí an Téalainn de tháirgeadh gluaisrothar atá ceaptha do mhargadh an Aontais a mhaítear go raibh sé ann sular leagadh síos dleachtanna custaim breise (féach mír 21 thuas) nó a mhaítear gur lean as réasúnaíocht eacnamaíoch lánréasúnach agus nach bhfuil bainteach le dleachtanna custaim breise a leagan síos.

67      Is léir ón méid sin, ar bhonn na ngnéithe fíorasacha atá ar fáil, eadhon na líomhaintí a rinne Harley-Davidson i bhfoirm 8-K, “[c]hun dul i ngleic leis an gcostas suntasach den ualach taraife [mar thoradh ar dhleachtanna custaim breise a leagan síos] go fadtéarmach, [chuir] Harley-Davidson plean i bhfeidhm chun táirgeadh na ngluaisrothar atá ceaptha don [Aontas] a athlonnú ó na Stáit Aontaithe chuig a shaoráidí idirnáisiúnta”. Mar sin, tá an chuma ar an scéal, agus foirm 8-K á léamh, gurbh é gur leagadh síos dleachtanna custaim breise an teagmhas oibríochtúil d’fhógairt an chinnidh athlonnaithe atá i gceist. D’aithin na hiarratasóirí, thairis sin, le linn na héisteachta, mar fhreagairt ar cheist ón gCúirt Ghinearálta, gur tháinig “luasghéarú” le glacadh an chinnidh chun an táirgeadh atá ceaptha do mhargadh an Aontais a athlonnú go dtí an Téalainn le teacht i bhfeidhm na ndleachtanna custaim breise sin.

68      Thairis sin, níor éirigh leis na hiarratasóirí, leis na gnéithe a lean as a malartuithe le húdaráis chustaim na Beilge, ná sna doiciméid a taisceadh i gcomhthéacs na n-imeachtaí seo, ná mar fhreagra ar cheisteanna na Cúirte Ginearálta le linn na héisteachta, a léiriú gur glacadh an cinneadh chun táirgeadh ghluaisrothair Harley-Davidson atá ceaptha do mhargadh an Aontais a athlonnú go dtí an Téalainn roimh theacht i bhfeidhm Rialachán 2018/886 ná go raibh sé mar chuid de straitéis dhomhanda dírithe go sonrach ar chostais táirgthe gluaisrothar atá ceaptha do mhargadh an Aontais a laghdú tríd an táirgeadh sin a athlonnú go dtí an Áise. Ar a mhéid, rinne na hiarratasóirí líomhaintí neamhchruinne agus teibí go raibh straitéis ag Harley-Davidson, le roinnt blianta anuas, a bhí dírithe ar a láithreacht tráchtála lasmuigh de na Stáit Aontaithe a mhéadú, agus bhunaigh siad na líomhaintí sin ar dhoiciméid a thaisceadh a bhí ceaptha do SEC, doiciméid a léirigh, gan a thuilleadh sonraí, go raibh fás idirnáisiúnta mar pháirt, go bunúsach, do straitéis dhomhanda fhadtéarmach an ghnóthais.

69      Níor chuir na hiarratasóirí aon doiciméad isteach, amhail cóipeanna de chinntí Bhord Bainistíochta Harley-Davidson, a léirigh gur tháinig an cinneadh sonrach chun táirgeadh gluaisrothar atá ceaptha do mhargadh an Aontais a athlonnú go dtí an Téalainn sular leagadh síos na dleachtanna custaim breise atá i gceist. A mhalairt sin, is léir ó cheann de na doiciméid a chuir na hiarratasóirí isteach, arna lua i mír 68 thuas, dar dáta an 28 Feabhra 2019 agus é ceaptha do SEC, nár thosaigh táirgeadh na ngluaisrothar i monarcha na Téalainne ach i rith na bliana 2018 agus go raibh an táirgeadh sin, ar a laghad go dtí an 31 Nollaig 2018, ceaptha go heisiach do mhargaí na hÁise, agus ní do mhargadh an Aontais.

70      In aon chás, ní féidir ach a aithint, trína chur in iúl amháin, i bhfoirm 8-K, go raibh sé ag iarraidh, tríd an táirgeadh a athlonnú, “an t-ualach taraife a sheachaint” a d’eascair as teacht i bhfeidhm na ndleachtanna custaim breise, go raibh sé mar chuspóir príomhúil nó ceannasach ag Harley-Davidson cur i bhfeidhm na mbeart beartais tráchtála sin a sheachaint. Is léir ó chuspóir agus inneachar fhoirm 8-K gur foilsíodh é, dar dáta an 25 Meitheamh 2018, mar fhreagairt láithreach ar fhoilsiú Rialachán 2018/886, cúig lá i ndiaidh an fhoilsithe sin agus trí lá i ndiaidh a theacht i bhfeidhm. Tugann an Chúirt Ghinearálta faoi deara go bhfuil comhtharlú ann ó thaobh ama de idir teacht i bhfeidhm Rialachán 2018/886 agus an fógra i leith na hoibríochta athlonnaithe atá i gceist. Tá comhtharlú ó thaobh ama de den sórt sin de chineál, de réir an chásdlí, chun údar a thabhairt don toimhde go bhfuil sé mar chuspóir ag oibríocht athlonnaithe cur i bhfeidhm beart beartais tráchtála a sheachaint (féach, chuige sin, breithiúnas an 13 Nollaig 1989, Brother International, C-26/88, EU:C:1989:637, mír 29).

71      Is léir ón gcásdlí freisin, mar thoradh air sin, i gcás comhtharlú ó thaobh ama de den sórt sin, gur faoin oibreoir eacnamaíoch atá i gceist atá sé fianaise d’fhoras réasúnta a thabhairt, nach bhfuil bainteach leis na hiarmhairtí a leanann as na forálacha atá i gceist a sheachaint, chun go ndéanfaí an t-oibriú táirgthe sa tír inar athlonnaíodh an táirgeadh (féach, chuige sin, breithiúnas an 13 Nollaig 1989, Brother International, C-26/88, EU:C:1989:637, mír 29). Mar a léiríodh i míreanna 65 go 68 thuas, áfach, níor éirigh leis na hiarratasóirí fianaise d’fhoras réasúnta a léiriú, roimh fhógairt an chinnidh athlonnaithe chun na Téalainne ná tráth an fhógartha sin, lena dtabharfaí bunús leis an éileamh go bhféadfadh údar eile a bheith leis an athlonnú sin seachas éalú ó na hiarmhairtí a bhaineann le dleachtanna custaim breise a leagan síos.

72      Is léir mar sin, gurbh é gur leagadh síos dleachtanna custaim breise an teagmhas oibríochtúil den chinneadh athlonnaithe atá i gceist a cuireadh in iúl le foilsiú fhoirm 8-K agus, ag féachaint don chomhthéacs, gur lean an cinneadh sin, ar a laghad ar bhealach príomhúil nó ceannasach, as an rún chun éalú ón ualach airgeadais a d’eascair as na dleachtanna sin.

73      Dá bhrí sin, ní dhearna an Coimisiún earráid trí theacht chun na conclúide go raibh sé de chuspóir príomhúil ag an athlonnú sin an beart beartais tráchtála a bhí sna dleachtanna custaim breise a sheachaint.

74      Dá bhrí sin, tá argóintí uile na n-iarratasóirí a bhaineann le húdar eacnamaíoch a bheith ann don oibríocht athlonnaithe atá i gceist gan éifeacht a mhéid nach raibh gá don Choimisiún údar den sórt sin a lorg sa chás seo. Is amhlaidh atá i leith argóintí na n-iarratasóirí maidir le fírinne agus cineál substaintiúil na n-oibríochtaí táirgthe sa Téalainn.

75      Maidir le hargóintí na n-iarratasóirí gur athraigh an Coimisiún critéar a bhí oibiachtúil ar dtús ina chritéar suibiachtúil, is leor a chur in iúl go bhfuil an breithniú, sa chinneadh atá faoi chonspóid, ar dá réir go ndearnadh an oibríocht athlonnaithe chuig an Téalainn d’fhonn, ar a laghad go príomhúil, cur i bhfeidhm bhearta beartais tráchtála an Aontais a sheachaint, ina bhreithniú atá bunaithe ar fhianaise oibiachtúil. Chuige sin, i gcomhthéacs a scrúdaithe ar iompar Harley-Davidson d’fhonn aon dul timpeall ar na bearta beartais tráchtála sin a d’fhéadfadh a bheith ann a aithint, bhí ar an gCoimisiún é sin a bhunú ar na gnéithe fíorasacha uile a bhí ábhartha agus ar fáil. Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfadh go raibh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an straitéis a bhí ag an ngnóthas sin. Sa réimse sin, bhí bunús ag an gCoimisiún brath ar ghnéithe de chineál suibiachtúil, eadhon na spreagthaí a bhí mar bhunús leis an straitéis atá i gceist, a mhéid gur lean na gnéithe sin go follasach, gan aon débhrí agus go hoibiachtúil as foirm 8-K. Mar sin, mar mhalairt ar an méid a mhaíonn na hiarratasóirí, d’fhéadfadh gurb ionann rún chun dul timpeall na mbeart beartais tráchtála atá i gceist agus ceann de na himthosca fíorasacha oibiachtúla a d’fhéadfaí a chur san áireamh chun a chinneadh an raibh dul timpeall den sórt sin ann.

76      Is léir ón méid thuas nach mór diúltú don tríú saincheist dlí.

2.      An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear neamhdhleathacht Airteagal 33 de GT-CCA

77      I gcomhthéacs an cheathrú saincheist dlí, maíonn na hiarratasóirí go bhfuil Airteagal 33 de GT-CCA neamhdhleathach a mhéid a théann sé thar an teorainn de reachtaíocht is féidir a ghlacadh trí ghníomh tarmligthe de bhun Airteagal 290 CFAE agus a mhéid a sháraítear le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus prionsabal na comhréireachta.

(a)    An chéad chuid den cheathrú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar Airteagal 290 CFAE

78      Maíonn na hiarratasóirí, gan beann ar an léiriú a dhéantar ar Airteagal 33 de GT-CCA, go dtéann an fhoráil sin thar teorainneacha reachtaíochta tarmligthe. Chuige sin, maíonn siad, go bunúsach, nach bhféadfaí an critéar “údar eacnamaíoch” a mheas mar chritéar lena dtugtar níos mó sonruithe ar an gcaoi gur cheart foráil shubstainteach a chur i bhfeidhm, ach a mhalairt air sin gur riail bunúsach atá inti maidir le tionscnamh a chinneadh. Mar sin, ba cheart don riail atá in Airteagal 33 de GT-CCA a bheith sa dlí príomha, taobh le hAirteagal 60(2) den Chód Custaim, ina bhfuil an riail ghinearálta lenar féidir tionscnamh earraí a próiseáladh i níos mó ná tír amháin a chinneadh.

79      Cuireann an Coimisiún i gcoinne na hargóinte sin.

80      Tá an fhéidearthacht chun cumhachtaí a tharmligean dá bhforáiltear in Airteagal 290 CFAE ceaptha chun a cheadú don reachtóir díriú ar na gnéithe riachtanacha de reachtaíocht agus ar na gnéithe nach bhfuil riachtanach a mheasann sé é a bheith oiriúnach reachtaíocht a thabhairt isteach ina leith, agus an tasc chun gnéithe áirithe nach bhfuil riachtanach den ghníomh reachtaíochta arna ghlacadh “a fhorlíonadh” a fhágáil don Choimisiún nó chun gnéithe den sórt sin a “leasú” i gcomhthéacs reachtaíochta arna tarmligean don Choimisiún (féach breithiúnas an 11 Bealtaine 2017, Dyson v an Coimisiún, C-44/16 P, EU:C:2017:357, mír 58 agus an cásdlí dá dtagraítear).

81      Dá bhrí sin, ní mór do na rialacha bunúsacha san ábhar atá i gceist a bheith leagtha síos sa bhunreachtaíocht agus nach féidir leo a bheith ina n-ábhar do tharmligean (féach breithiúnas an 11 Bealtaine 2017, Dyson v an Coimisiún, C-44/16 P, EU:C:2017:357, mír 59 agus an cásdlí dá dtagraítear).

82      Is léir ón gcásdlí gur gnéithe riachtanacha de bhunreachtaíocht iad na gnéithe a bhfuil roghanna polaitiúla a bhaineann le freagracht reachtóir an Aontais de dhíth chun iad a ghlacadh (féach breithiúnas an 11 Bealtaine 2017, Dyson v an Coimisiún, C-44/16 P, EU:C:2017:357, mír 61 agus an cásdlí dá dtagraítear).

83      Ní mór sainaithint na ngnéithe in ábhar nach mór a mheas mar riachtanach a bhunú ar eilimintí oibiachtúla a d’fhéadfadh a bheith ina n-ábhar d’athbhreithniú breithiúnach agus forchuirtear leis an tsainaithint go gcuirfear san áireamh saintréithe agus sainghnéithe an réimse atá i gceist (féach breithiúnas an 11 Bealtaine 2017, Dyson v an Coimisiún, C-44/16 P, EU:C:2017:357, mír 62 agus an cásdlí dá dtagraítear).

84      Sa chás seo, foráiltear le hAirteagal 60 den Chód Custaim do rialacha chun tionscnamh neamhfhabhrach earraí a chinneadh, rialacha a athraíonn ag brath ar an bhfuarthas na hearraí i dtír nó i gcríoch amháin, nó an raibh roinnt tíortha nó críocha i gceist lena dtáirgeadh. Leagtar síos an dá chatagóir rialacha sin, faoi seach, i mír 1 agus mír 2 d’Airteagal 60.

85      Baineann an cás seo leis an dara catagóir rialacha amháin.

86      Thairis sin, maidir leis an dara catagóir rialacha, ghlac an Coimisiún Airteagal 33 de GT-CCA de bhun an údaraithe dá bhforáiltear le hAirteagal 62 den Chód Custaim, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 284 den Chód Custaim. Mar sin, údaraítear le hAirteagal 62 don institiúid sin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh d’fhonn, go bunúsach, rialacha cur chun feidhme na gcoinníollacha dá bhforáiltear le hAirteagal 60(2) den Chód Custaim a leagan síos.

87      Dá réir sin, ag féachaint do struchtúr ginearálta an Chóid Custaim, foráiltear don choinníoll maidir le “húdar eacnamaíoch”, arna scrúdú sa chás seo, leis an gCód Custaim féin agus níl ann ach ceann amháin de na coinníollacha dá bhforáiltear le ceann amháin de na rialacha san ábhar d’éadáil tionscnaimh neamhfhabhraigh.

88      Sa chomhthéacs sin, maidir le raon an tarmligin arna dheonú don Choimisiún in Airteagal 62 den Chód Custaim, trína údarú don Choimisiún rialacha a “leagan síos”, údaraítear leis an bhforáil sin don Choimisiún an Cód Custaim a “fhorlíonadh”, de réir bhrí Airteagal 290 CFAE. Sa chaoi sin, cé nach n-údaraítear don Choimisiún leis an Airteagal sin na heilimintí atá leagtha síos cheana sa Chód Custaim a leasú, ceadaítear do, mar sin féin, leis an Airteagal sin, an Cód Custaim a fhorlíonadh trí eilimintí a fhorbairt nár shainigh an reachtóir, agus é faoi cheangal urraim a léiriú ar na forálacha arna leagan síos leis an gCód Custaim.

89      Mar sin, fiú dá mba rud é go raibh na rialacha chun tionscnamh a chinneadh ina n-eilimintí riachtanacha den Chód Custaim, tá Airteagal 33 de GT-CCA ceaptha Airteagal 60 den Chód Custaim a fhorlíonadh amháin, trí líon áirithe sonraithe a dhéanamh. Mar sin, ní fhéadfaí a mheas go dtéann Airteagal 33 thar teorainneacha an tarmligin arna dheonú don Choimisiún le hAirteagal 62 den Chód Custaim ná go leasaítear leis riail riachtanach den Chód Custaim.

90      Anuas air sin, mar a dhírítear le hAirteagal 33 de GT-CCA ar a áirithiú, mar is léir ó aithris 21 de GT-CCA, go gcuirfear bearta beartais tráchtála arna leagan síos de bhun forálacha eile de dhlí an Aontais i bhfeidhm go héifeachtach amháin, ba cheart a mheas nach raibh i gceist le glacadh an Airteagail sin, ann féin, roghanna polaitiúla a thagann faoi chumhdach fhreagrachtaí reachtóir an Aontais a dhéanamh.

91      I bhfianaise an méid thuas, ní mór diúltú don chéad chuid den cheathrú saincheist dlí.

(b)    An dara cuid den cheathrú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar phrionsabail na deimhneachta dlíthiúla agus na comhréireachta

92      Maíonn na hiarratasóirí go bhfuil tabhairt isteach leasaithe atá chomh substaintiúil leis an gcritéar dlí “údar eacnamaíoch” trí bhíthin gníomh tarmligthe ar neamhréir le prionsabail ghinearálta de dhlí an Aontais, go háirithe prionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus prionsabal na comhréireachta.

93      Chuige sin, maíonn siad trí fhoráil a dhéanamh, in Airteagal 33 de GT-CCA, go bhféadfaí iliomad cúiseanna a chur san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar an údar eacnamaíoch a bhaineann le hoibríocht athlonnaithe, gur chuir an Coimisiún gné suibiachtúlachta leis an gcritéar sin atá ar neamhréir le cineál oibiachtúil an rialacháin bunaidh. Líomhnaíonn siad, freisin, nach raibh aon chúis ag an gCoimisiún chun an critéar, mar a leagadh síos sa dlí príomha agus sa chásdlí é, a leathnú agus a leasú.

94      Cuireann an Coimisiún i gcoinne na líomhaintí sin.

95      Tugann an Chúirt Ghinearálta faoi deara go bhfuil argóintí na n-iarratasóirí bunaithe ar an toimhde go bhforáiltear le hAirteagal 33 de GT-CCA go bhféadfar iliomad cúiseanna a chur san áireamh chun a chinneadh an bhfuil “údar eacnamaíoch” ann agus go bhfuil cumhacht lánroghnach ag an gCoimisiún amháin chun measúnú a dhéanamh ar thábhacht, faoi seach, na gcúiseanna difriúla sin. Leanann an toimhde sin as léiriú earráideach ar Airteagal 33 de GT-CCA, áfach.

96      Mar a leagadh síos i míreanna 54 go 63 thuas, foráiltear le hAirteagal 33 de GT-CCA gur leor go bhfuil sé de “chuspóir”, is é sin le rá, de chuspóir príomhúil nó ceannasach, ag oibríocht athlonnaithe cur i bhfeidhm bhearta beartais tráchtála an Aontais a sheachaint ionas go bhféadfaí a mheas nach bhfuil údar eacnamaíoch leis an oibríocht athlonnaithe sin, de réir bhrí na reachtaíochta is infheidhme.

97      Dá bhrí sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, a mhalairt ar an méid a mhaíonn na hiarratasóirí, nach bhforáiltear le hAirteagal 33 de GT-CCA do chothromú nó cur san áireamh “iliomad cúiseanna” d’fhonn a chinneadh an bhfuil “údar eacnamaíoch” ann, ach foráiltear leis amháin nach bhféadfadh údar den sórt sin a bheith ann, i bprionsabal, más ann do stráitéis atá dírithe go príomha ar chur i bhfeidhm bhearta beartais tráchtála an Aontais a sheachaint.

98      Dá réir sin, ní mór diúltú d’argóintí na n-iarratasóirí.

99      Mar thoradh ar an méid thuas, ní mór diúltú don dara cuid den cheathrú saincheist dlí, chomh maith le, dá bhrí sin, an ceathrú saincheist dlí ina hiomláine.

3.      An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua agus sárú ar an nós imeachta comhairliúcháin sular glacadh an cinneadh atá faoi chonspóid

100    I gcomhthéacs na chéad saincheiste dlí, maíonn na hiarratasóirí, ar thaobh amháin, gur sháraigh an Coimisiún ceanglais fhíor-riachtanacha nós imeachta a mhéid nach bhfuil cúiseanna sa chinneadh atá faoi chonspóid nó nach bhfuil cúiseanna leordhóthanacha ann agus, ar an taobh eile, nár chloígh an Coimisiún leis an nós imeachta comhairliúcháin sular glacadh an cinneadh atá faoi chonspóid.

(a)    An chéad chuid den chéad saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua

101    Maíonn na hiarratasóirí nach gcuirtear in iúl dóibh leis an gcinneadh atá faoi chonspóid an méid a mheasann an Coimisiún faoi na hoibríochtaí cóimeála arna ndéanamh sa Téalainn, ná an méid a mheasann an Coimisiún faoi na cúiseanna a bhí ag Harley-Davidson chun a earraí a mhonarú sa Téalainn, ná an tslí inar chuir an Coimisiún an critéar maidir le húdar eacnamaíoch i bhfeidhm, sa chaoi nach bhfuil an Chúirt Ghinearálta in ann athbhreithniú a dhéanamh.

102    Líomhnaíonn na hiarratasóirí freisin nach bhfuil míniúcháin sa chinneadh atá faoi chonspóid maidir leis na cúiseanna a bhfuil seasamh an Choimisiúin difriúil ó sheasamh údaráis chustaim na Beilge agus nach bhfuil sa réasúnaíocht a chuirtear in iúl in aithris 7 den chinneadh sin ach dearbhú lom. Maíonn siad, chuige sin, ag féachaint do theicniúlacht an ábhair, don infheistíocht shuntasach atá i gceist agus mar gheall ar an gcinneadh atá faoi chonspóid a bheith de chineál nach raibh a leithéid ann roimhe, tá réasúnaíocht shoiléir ríthábhachtach.

103    Cuireann an Coimisiún i gcoinne na líomhaintí sin.

104    Is léir ó chásdlí socair go mbraitheann raon na hoibleagáide chun cúiseanna a lua ar chineál an ghnímh atá i gceist agus ar an gcomhthéacs inar glacadh é. Ní mór, leis na cúiseanna a luaitear, réasúnaíocht na hinstitiúide a léiriú ar bhealach soiléir agus gan athbhrí, ar chaoi, ar thaobh amháin, lena gceadófar do na páirtithe leasmhara a bheith feasach faoi údar an bhirt a glacadh d’fhonn a bheith in ann a gcearta a chosaint agus a fhíorú an bhfuil bunús maith leis an gcinneadh nó nach bhfuil agus, ar an taobh eile, lena gceadófar do chúirteanna an Aontais athbhreithniú ar an dlíthiúlacht a dhéanamh. Ní cheanglaítear go sonrófar leis na cúiseanna a luaitear na gnéithe fíorasacha agus dlí go léir is ábhartha, a mhéid nach mór a mheas an gcomhlíonann na cúiseanna a luaitear le gníomh ceanglais Airteagal 296 CFAE ní hamháin maidir le foclaíocht na gcúiseanna, ach freisin a gcomhthéacs chomh maith leis na rialacha dlí uile lena rialaítear an t-ábhar lena mbaineann. Go háirithe, níl ceangal ar an gCoimisiún seasamh a ghlacadh ar gach argóint a agraíonn na hiarratasóirí os a chomhair, is leor na fíorais agus na breithnithe dlí a bhfuil ríthábhacht leo i struchtúr an chinnidh a leagan amach (féach breithiúnas an 12 Bealtaine 2011, Région Nord-Pas-de-Calais et Communauté d’agglomération du Douaisis v an Coimisiún, T-267/08 agus T-279/08, EU:T:2011:209, mír 43 agus an cásdlí dá dtagraítear).

105    Sa chás seo, chuir an Coimisiún in iúl, sa chinneadh atá faoi chonspóid agus de réir na dtéarmaí ar a dhéantar athrá i mír 37 thuas, gurb é an foras ar a bhonn nach bhféadfaí a mheas go raibh catagóirí áirithe gluaisrothar arna monarú ag Harley-Davidson agus arna n-allmhairiú isteach san Aontas ón Téalainn de thionscnamh na tíre sin, eadhon nach raibh údar eacnamaíoch leis an monarú sin sa Téalainn, a mhéid go raibh sé mar chuspóir príomhúil leis bearta beartais tráchtála an Aontais arna nglacadh, ó 2018, in aghaidh earraí de thionscnamh na Stát Aontaithe, a sheachaint.

106    Anuas air sin, in aithris 9 den chinneadh atá faoi chonspóid, cháin an Coimisiún údaráis chustaim na Beilge mar gheall nár chuir siad Airteagal 33 de GT-CCA i bhfeidhm i gceart, ó tharla gur choinnigh siad, sa dá chinneadh FCT, an Téalainn mar áit tionscnaimh na ngluaisrothar atá i gceist.

107    Mar sin, luaitear cúiseanna leordhóthanacha sa chinneadh atá faoi chonspóid chuige sin trí na cúiseanna ar a mbonn a mheas an Coimisiún gur ghlac údaráis chustaim na Beilge na cinntí FCT nach raibh i gcomhréir le reachtaíocht chustaim an Aontais a lua.

108    Thairis sin, is féidir a thabhairt faoi deara go bhfuil roinnt d’argóintí na n-iarratasóirí arna leagan amach i mír 102 thuas measctha suas le cáineadh bhunús an chinnidh atá faoi chonspóid. Is ceanglas fíor-riachtanach nós imeachta í an oibleagáid cúiseanna a lua nach mór idirdhealú a dhéanamh idir í agus an cheist an bhfuil bunús maith leis na cúiseanna a luaitear, áfach. Is éard atá sna cúiseanna le lua i gcinneadh ná leagan amach foirmiúil de na forais ar a bhfuil an cinneadh bunaithe. Má tá na forais sin faoi smál ag earráidí, cuireann siad smál le dlíthiúlacht shubstainteach an chinnidh, ach ní leis na cúiseanna a luaitear, a bhféadfadh a bheith leordhóthanach cé go gcuirtear forais earráideacha in iúl leo (féach breithiúnas an 10 Iúil 2008, Bertelsmann agus Sony Corporation of America v Impala, C-413/06 P, EU:C:2008:392, mír 181 agus an cásdlí dá dtagraítear).

109    Dá bhrí sin, ní mór diúltú don chéad chuid den chéad saincheist dlí.

(b)    An dara cuid den chéad saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar an nós imeachta comhairliúcháin sular glacadh an cinneadh atá faoi chonspóid

110    Maíonn na hiarratasóirí go raibh an Coimisiún faoi cheangal dul i gcomhairle leis an gcoiste comhairliúchán is inniúil sular glacadh an cinneadh atá faoi chonspóid agus nach raibh an t-aon chomhairliúchán a rinneadh leis an gcoiste sin trí nós imeachta i scríbhinn, sa chás seo, leordhóthanach, agus go háirithe ó tharla nár chuir an Coimisiún aon ghné den chomhthéacs fíorasach ná dlí in iúl ionas go bhféadfadh comhaltaí an choiste tuairim a chruthú. Thairis sin, dar leis na hiarratasóirí, bhí sé de cheart ag an gCoimisiún, mar gheall ar an imthoisc, i gcomhthéacs an chomhairliúcháin arna dhéanamh trí nós imeachta i scríbhinn, gur chuir ceithre Bhallstát in aghaidh an dréachta den chinneadh atá faoi chonspóid, na barúlacha sin a chur “san áireamh go hiomlán”, de réir bhrí Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO 2011 L 55, lch. 13).

111    Cuireann an Coimisiún i gcoinne na líomhaintí sin.

112    Is léir ó Airteagal 285 den Chód Custaim gur coiste é an Coiste um an gCód Custaim de réir bhrí Rialachán Uimh. 182/2011. Thairis sin, is léir ón dara agus ón tríú haithris d’Airteagal 37(2) den Chód Custaim, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 285(2) agus (6) den Chód sin, go nglactar na cinntí, amhail an cinneadh atá faoi chonspóid, lena n-iarrtar ar na Ballstáit cinntí FCT a chúlghairm, de réir an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán Uimh. 182/2011.

113    Foráiltear le hAirteagal 4 de Rialachán Uimh. 182/2011, dar teideal “An nós imeachta comhairliúcháin”:

“1. I gcás ina mbeidh feidhm ag an nós imeachta comhairliúcháin, tabharfaidh an coiste a thuairim trí vótáil más gá sin. Má vótálann an coiste, tabharfar an tuairim trí thromlach simplí na gcomhaltaí a chomhdhéanann an coiste.

2. Cinnfidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme atá le glacadh, agus na conclúidí ó aon phlé laistigh den choiste agus an tuairim a tugadh á gcur san áireamh go hiomlán.”

114    Maidir leis an éileamh bunaithe ar úsáid nós imeachta i scríbhinn sa chás seo, ní chuirtear cosc ar an gCoimisiún le haon fhoráil de Rialachán Uimh. 182/2011 nós imeachta comhairliúcháin a reáchtáil de réir an mhodha shonraigh sin. A mhalairt sin, déantar foráil shainráite, in Airteagal 3(5) de Rialachán Uimh. 182/2011, gur féidir tuairim choiste, i gcomhthéacs nós imeachta comhairliúcháin, a fháil trí nós imeachta i scríbhinn.

115    Maidir leis an éileamh nach raibh gnéithe fíorasacha agus dlí leordhóthanacha ag an gcoiste comhairliúcháin nuair a rinne sé scrúdú ar an dréacht den chinneadh atá faoi chonspóid, ba cheart a chur in iúl nár thug na hiarratasóirí bunús don éileamh sin agus, in aon chás, nár cháin na Ballstáit lena mbaineann sa chéad áit, an méid sin, sa chaoi nach bhfuil aon eilimint ann lena gceadófar teacht chun na conclúide nach raibh na toscaireachtaí in ann a seasamh a ghlacadh go feasach. Dá bhrí sin, ní mór diúltú don éileamh sin.

116    Maidir le barúlacha na mBallstát a chuir in aghaidh an dréachtchinnidh a chur san áireamh, ba cheart a chur in iúl nach léirítear go bhfuil an ceanglas, dá bhforáiltear in Airteagal 4(2) de Rialachán Uimh. 182/2011, de chineál ceangailteach. Mar sin, níl an Coimisiún, a bhfuil corrlach lánroghnach aige, faoi cheangal ag an tuairim arna heisiúint ag an gcoiste ná, a fortiori, ag na barúlacha difriúla mionlacha arna n-eisiúint ag roinnt dá chomhaltaí.

117    Leagtar béim, leis an bhfrása “á gcur san áireamh go hiomlán” in Airteagal 4(2) de Rialachán Uimh. 182/2011, ar chineál neamhcheangailteach na gconclúidí a leanann as aon phlé laistigh den choiste, lena n-áirítear na tuairimí arna dtabhairt ag roinnt dá chomhaltaí go haonarach, agus an tuairim, in fine, arna heisiúint ag an gcoiste sin. Dá mba rud é go raibh breithnithe nó tuairimí den sórt sin ceangailteach, níor leor a bheadh ann don Choimisiún iad a chur san áireamh go hiomlán, ar eagla go ndéanfaí saobhadh ar théarmaí agus ar chuspóir Airteagal 4 de Rialachán Uimh. 182/2011, ach bheadh air iad a chomhlíonadh (féach, chuige sin agus de réir analaí, ordú an 9 Iúil 2019, VodafoneZiggo Group v an Coimisiún, T-660/18, EU:T:2019:546, mír 44). Tacaítear leis an mbreithniú sin le comparáid idir an nós imeachta scrúdúcháin, dá bhforáiltear le hAirteagal 5 den Rialachán sin, ós rud é, mar is léir ó aithris 11, nach mór gcuirtear ar chumas leis an nós imeachta sin a áirithiú nach bhféadfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh mura bhfuil siad i gcomhréir le tuairim an choiste is inniúil. Ciallaíonn sin nach bhfuil tuairim an choiste is inniúil ceangailteach ar an gCoimisiún más rud é, amhail sa chás seo, go bhfuil feidhm ag an nós imeachta comhairliúcháin.

118    Mar a chuireann na hiarratasóirí in iúl, agus an ceart acu, áfach, aithníodh cheana sa chásdlí go bhforchuirtear, leis an oibleagáid iad a chur “san áireamh go hiomlán”, oibleagáid cúiseanna a lua sa chaoi gur cheart go mbeadh an Coimisiún in ann difríochtaí ag féachaint do chonclúidí ó aon phlé laistigh den choiste agus as an tuairim arna heisiúint a mhíniú (féach, chuige sin agus de réir analaí, ordú an 9 Iúil 2019, VodafoneZiggo Group v an Coimisiún, T-660/18, EU:T:2019:546, mír 47).

119    Chuige sin, ba cheart a thabhairt faoi deara gur glacadh an cinneadh atá faoi chonspóid ag deireadh an nós imeachta riaracháin a ndéantar cur síos air i míreanna 34 agus 35 thuas. Go háirithe, chuir an Coimisiún an dréacht den chinneadh atá faoi chonspóid faoi bhráid thoscaireachtaí an choiste an 5 Márta 2021 agus chuir ceithre Bhallstát barúlacha isteach lenar chuir siad i gcoinne an tseasaimh a ghlac an Coimisiún sa dréacht sin.

120    Is léir ón achoimre a chuir an Coimisiún chuig an gCoiste um an gCód Custaim, Roinn “Tionscnamh”, an 29 Márta 2021 (féach mír 34 thuas), nár ghlac 23 Bhallstát seasamh maidir leis an dréacht den chinneadh atá faoi chonspóid. Mar sin, léirigh formhór na dtoscaireachtaí, go hintuigthe, gur aontaigh siad leis an dréacht sin den chinneadh atá faoi chonspóid, de bhun Airteagal 3(5) de Rialachán Uimh. 182/2011, sa chaoi go bhféadfaí an tuairim arna heisiúint ag an gcoiste ar an dréacht den chinneadh atá faoi chonspóid a thuiscint mar thuairim fhabhrach, agus mar sin nach raibh difríocht uaithi le míniú ag an gCoimisiún.

121    Is léir ó mhiontuairiscí chruinniú an tsainghrúpa custaim, Roinn “Tionscnamh”, an 20 Aibreán 2021, as an gceithre thoscaireacht a léirigh a n-easaontas leis an dréacht den chinneadh atá faoi chonspóid, gur fhógair ar a laghad trí cinn buarthaí beachta agus mionchruinne.

122    Go háirithe, léirigh na toscaireachtaí sin neamhchinnteacht maidir le heaspa scrúdaithe, sa dréacht den chinneadh atá faoi chonspóid, ar réasúnaíocht eacnamaíoch fhoriomlán na hoibríochta athlonnaithe agus cé acu ar chóir an coincheap “cuspóir”, de réir bhrí Airteagal 33 de GT-CCA, a thuiscint mar thagairt do sprioc aonair nó do chuspóir eisiach agus ní hamháin mar thagairt do chuspóir amháin i measc cuspóirí eile.

123    Sa chaoi sin, d’fhéadfadh na forchoimeádais sin teacht faoi raon an choincheapa “conclúidí ó aon phlé laistigh den choiste”, de réir bhrí Airteagal 4(2) de Rialachán Uimh. 182/2011, a mbeadh ar an gCoimisiún iad a chur “san áireamh go hiomlán”, de réir bhrí na forála céanna.

124    Is léir ó aithris 7 den chinneadh atá faoi chonspóid, áfach, “fiú mura gá gurb é bearta beartais tráchtála a sheachaint an t-aon chuspóir d’aistriú an táirgthe, comhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i bhfomhír 1 d’Airteagal 33 [de GT-CCA] ar bhonn na faisnéise atá ar fáil” [Aistriúchán neamhoifigiúil].

125    Sa chaoi sin, d’fhreagair an Coimisiún, go hintuigthe ach go cinnte don cheist ar chóir an coincheap “cuspóir”, de réir bhrí Airteagal 33 de GT-CCA, a thuiscint mar bheith ag tagairt do chuspóir amháin i measc cuspóirí eile, trína mheas go bhféadfadh an cuspóir sin a bheith i measc cuspóirí eile. Thairis sin, mheas sé go hintuigthe ach go cinnte, agus an ceart aige, nach raibh gá, tar éis a shuíomh go raibh sé de chuspóir príomhúil nó ceannasach ag oibríocht athlonnaithe cur i bhfeidhm bhearta beartais tráchtála an Aontais a sheachaint, seasamh a ghlacadh maidir leis an gceist i dtaobh réasúnaíocht eacnamaíoch fhoriomlán an oibrithe athlonnaithe atá i gceist.

126    Mar gheall ar an méid thuas, ní mór diúltú don dara cuid den chéad saincheist dlí chomh maith le, dá bhrí sin, an chéad saincheist dlí ina hiomláine.

4.      An dara saincheist dlí, lena n-éilítear earráid fhollasach mheasúnaithe

127    Maíonn na hiarratasóirí go bhfuil an cinneadh atá faoi chonspóid bunaithe ar earráid fhollasach mheasúnaithe ar na fíorais ábhartha sa chaoi nár chuir an Coimisiún na gnéithe a bhaineann leis an gcomhthéacs uile san áireamh agus sa chaoi nach ndearnadh measúnú ceart ar chomhthéacs, inneachar agus cuspóir fhoirm 8-K.

(a)    An chéad chuid den dara saincheist dlí, lena n-éilítear easpa anailíse ar na fíorais uile is ábhartha

128    Cáineann na hiarratasóirí an Coimisiún as earráid fhollasach mheasúnaithe a dhéanamh, a mhéid nach ndearna sé scrúdú ar na fíoras ábhartha uile, agus go háirithe ar an dáta ar a glacadh an cinneadh ó Harley-Davidson chun oibríochtaí táirgthe áirithe a aistriú go dtí an Téalainn, ar na cúiseanna tráchtála agus eacnamaíocha atá mar bhunús leis an gcinneadh sin chomh maith le cineál na bpróiseas agus na n-oibríochtaí a dhéantar sa Téalainn.

129    Cuireann an Coimisiún i gcoinne na hargóinte sin.

130    Ba cheart a chur in iúl go mbaineann argóintí na n-iarratasóirí leis an gceist an ndearna an Coimisiún earráid dlí mar gheall ar an gcaoi inar chuir sé Airteagal 33 de GT-CCA i bhfeidhm gan údar eacnamaíoch den athlonnú atá i gceist a lorg. Rinneadh scrúdú ar an gceist sin cheana i gcomhthéacs na hanailíse ar an tríú saincheist dlí, áfach.

131    Chuige sin, is léir ón anailís a rinneadh i míreanna 54 go 63 thuas, a mhéid a d’aithin an Coimisiún, agus an ceart aige, ar bhonn na faisnéise a bhí ar fáil dó, go raibh sé de chuspóir príomhúil ag an oibríocht athlonnaithe chuig an Téalainn de tháirgeadh ghluaisrothair Harley-Davidson atá ceaptha do mhargadh an Aontais cur i bhfeidhm beart beartais tráchtála a leagadh síos le Rialachán 2018/886 a sheachaint, go bhféadfadh sé teacht chun na conclúide, go bailí, i gcomhthéacs an chur i bhfeidhm ar Airteagal 33 de GT-CCA a rinne sé, nach raibh údar eacnamaíoch leis an oibríocht sin, gan gá a bheith ann scrúdú a dhéanamh ar na fíorais a bhaineann leis na cuspóirí eile a d’fhéadfadh a bheith ann leis an oibríocht athlonnaithe.

132    Is léir ón méid sin nach mór diúltú don chéad chuid den dara saincheist dlí.

(b)    An dara cuid den dara saincheist dlí, lena n-éilítear earráid fhollasach mheasúnaithe ar chomhthéacs, inneachar agus cuspóir fhoirm 8-K

133    Cáineann na hiarratasóirí an Coimisiún ós rud é nár chuir sé an comhthéacs inar foilsíodh foirm 8-K go poiblí san áireamh. Chuige sin, maíonn na hiarratasóirí gur leag an Coimisiún an iomarca tábhachta ar an bhfrása ar dá réir gur chóir go gceadófar leis an athlonnú atá i gceist “an t-ualach taraife a sheachaint” a d’eascair as na dleachtanna custaim breise, nuair a bhí gnéithe eile ann le húdar a thabhairt don athlonnú sin. Mar sin, measann na hiarratasóirí gur bhronn an Coimisiún luach fianaiseach iomlán do dhearbhú aonair, gan an comhthéacs ina ndearnadh an dearbhú sin a chur san áireamh nó na daoine ar a raibh sé dírithe agus a raibh sé mar aidhm aige na daoine sin a chur ar a suaimhneas, agus gur chuir sé gach fianaise eile as an áireamh. Ar deireadh, maíonn na hiarratasóirí, fiú dá mba rud é go raibh ceann de na gnéithe a bhí mar chúis leis an athlonnú ná cur i bhfeidhm dleachtanna custaim breise a sheachaint, níor tháinig an Coimisiún ar chothromaíocht idir an cuspóir sin agus na cuspóirí eile a bhí á saothrú leis an athlonnú atá i gceist.

134    Cuireann an Coimisiún i gcoinne na líomhaintí sin.

135    Sa chás seo, mar is léir ó na fíorais a leagtar amach i míreanna 24 agus 25 thuas, mar fhreagairt ar theacht i bhfeidhm Rialachán 2018/886, thaisc Harley-Davidson le SEC, an 25 Meitheamh 2018, foirm 8-K, a bhí ceaptha a chur in iúl dá scairshealbhóirí go gcuirfí i bhfeidhm, ón 22 Meitheamh 2018, dleachtanna custaim breise ar a earraí arna n-allmhairiú isteach san Aontas ó na Stáit Aontaithe. San fhoirm sin, chuir Harley-Davidson a rún in iúl freisin chun táirgeadh gluaisrothar áirithe atá ceaptha do mhargadh an Aontais a aistriú ó na Stáit Aontaithe go dtí a shaoráidí idirnáisiúnta, d’fhonn bearta beartais tráchtála an Aontais atá i gceist a sheachaint.

136    Go háirithe, tá an frása seo a leanas i bhfoirm 8-K: “[c]hun dul i ngleic leis an gcostas suntasach den ualach taraife sin go fadtéarmach, cuirfidh Harley-Davidson plean i bhfeidhm chun táirgeadh na ngluaisrothar atá ceaptha don [Aontas] a athlonnú ó na Stáit Aontaithe chuig a shaoráidí idirnáisiúnta d’fhonn an t-ualach taraife a sheachaint.”

137    Is léir ón méid sin go raibh cur i bhfeidhm na ndleachtanna custaim breise a sheachaint mar cheann amháin, ar a laghad, de na cúiseanna leis an athlonnú, rud nach séanann na hiarratasóirí. Thairis sin, cruthaíodh, i míreanna 64 go 72 thuas, go raibh an toilteanas sin chun cur i bhfeidhm na ndleachtanna custaim breise a sheachaint ina chuspóir príomhúil nó ceannasach den chinneadh athlonnaithe atá i gceist.

138    Dá bhrí sin, ní fhéadfaí an Coimisiún a cháineadh as earráid fhollasach mheasúnaithe a dhéanamh nuair a dhearbhaigh sé, sa chinneadh atá faoi chonspóid, “[i] ndiaidh fhoilsiú na mbeart beartais tráchtála den Aontas Eorpach, chuir [Harley-Davidson] in iúl, le foirm 8-K [...] a tugadh do [SEC] i Meitheamh 2018, a phlean chun táirgeadh gluaisrothar áirithe atá ceaptha do mhargadh an Aontais Eorpaigh a aistriú ó na Stáit Aontaithe [...] go dtí a shaoráidí idirnáisiúnta atá bunaithe i dtír eile, d’fhonn bearta beartais tráchtála an Aontais a sheachaint [...]” agus é ag cur in iúl freisin “[níorbh] é na bearta beartais tráchtála [atá i gceist] a sheachaint an t-aon chuspóir d’aistriú an táirgthe [...]”.

139    Maidir leis an gceist ar cheart don Choimisiún imthosca eile a chur san áireamh, amhail na gnéithe comhthéacs, cuspóir fhoirm 8-K nó na cuspóirí eile a bhí á saothrú leis an athlonnú atá i gceist, ba cheart a thabhairt faoi deara go mbaineann an cheist sin le déanamh amach an ndearna an Coimisiún earráid dlí agus Airteagal 33 de GT-CCA á léiriú trína bhreithniú a bhunú ar an gcinneadh go raibh sé de chuspóir príomhúil ag an athlonnú sin cur i bhfeidhm dleachtanna custaim breise a sheachaint, ceist ar a ndearnadh scrúdú agus ar diúltaíodh di cheana i gcomhthéacs na hanailíse ar an tríú saincheist dlí agus ar an gcéad chuid den saincheist dlí seo.

140    Mar gheall ar an méid thuas, ní mór diúltú don dara cuid den dara saincheist dlí chomh maith le, dá bhrí sin, an dara saincheist dlí ina hiomláine.

5.      An cúigiú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar phrionsabail ghinearálta de dhlí an Aontais agus ar an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

141    I gcomhthéacs an chúigiú saincheist dlí, maíonn na hiarratasóirí go sáraítear prionsabail na deimhneachta dlíthiúla agus an ionchais dhlisteanaigh, prionsabail an neamh-idirdhealaithe agus na comhréireachta, an ceart chun dea-riaracháin, an tsaoirse chun gnó a sheoladh agus an ceart chun maoine leis an gcinneadh atá faoi chonspóid.

(a)    An chéad chuid den chúigiú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar phrionsabail na deimhneachta dlíthiúla agus an ionchais dhlisteanaigh

142    Maíonn na hiarratasóirí nach raibh an cinneadh atá faoi chonspóid intuartha, ná a chur i bhfeidhm agus a iarmhairtí ach oiread, go háirithe i ndáil le húdaráis na Beilge, mar a léirítear leis an bhfíoras gur chúlghair na húdaráis sin na cúig chinneadh FCT arna ndeonú do na hiarratasóirí, agus ní hamháin an dá chinneadh FCT a luaitear sa chinneadh atá faoi chonspóid. Thairis sin, maíonn siad, ó tharla nár chúlghair an Coimisiún na cinntí FCT tráth a deonaíodh iad, gur iompar é sin lenar cruthaíodh ionchas dlisteanach agus tugann siad chun cuimhne gur chinn an Chúirt cheana go raibh tréimhse 2 bhliain idir foilsiú cinnidh mhíchirt agus iarracht an Choimisiúin sin a cheartú míréasúnta. Maíonn siad freisin go gcuirtear in iúl le treoir an Choimisiúin maidir le faisnéis cheangailteach i leith tionscnaimh go gcuirtear cúlghairm chinneadh FCT faoi réir choinníollacha Airteagal 22(6) den Chód Custaim a bhaineann leis an gceart chun éisteacht a fháil, sa chaoi go bhféadfadh siad a bheith ag coinne go dlisteanach go rachadh an Coimisiún i dteagmháil leo i gcomhthéacs an nós imeachta as ar eascair glacadh an chinnidh atá faoi chonspóid. Ar deireadh, maíonn na hiarratasóirí nach raibh aon leas poiblí fíorphráinneach ann ar chóir go mbeadh tosaíocht aige ar a leasanna príobháideacha.

143    Cuireann an Coimisiún i gcoinne na hargóinte sin.

144    Is cinntí iad cinntí FCT, arna nglacadh de bhun Airteagal 33 den Chód Custaim, lena ndeimhníonn na húdaráis chustaim náisiúnta tionscnamh geografach earraí áirithe arna n-allmhairiú isteach san Aontas, mar fhreagairt ar iarratais ó allmhaireoirí atá ag iarraidh ráthaíochtaí a fháil maidir le léiriú ar na rialacha lenar féidir tionscnamh earra arna allmhairiú a chinneadh. Tá sé d’aidhm ag an bhfaisnéis cheangailteach i leith tionscnamh slándáil iomlán a thabhairt don oibreoir eacnamaíoch nuair atá amhras ann maidir le tionscnamh geografach earra arna allmhairiú isteach san Aontas, agus é a chosaint mar sin ó aon athrú ina dhiaidh sin ar an seasamh arna ghlacadh ag na húdaráis chustaim náisiúnta le linn tréimhse shonraithe (féach, chuige sin agus de réir analaí, breithiúnas an 29 Eanáir 1998, Lopex Export, C-315/96, EU:C:1998:31, mír 28). Níl sé mar aidhm le faisnéis den sórt sin agus ní fhéadfadh sé a bheith mar éifeacht aici, áfach, go ráthaítear go críochnaitheach don oibreoir nach dtiocfaidh athrú ar an tionscnamh geografach a dhéanann sé tagairt dó ina dhiaidh sin, go háirithe mar thoradh ar chúlghairm, arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, ar an gcinneadh FCT a fuarthas, ar an bhforas dá bhforáiltear in Airteagal 34(11) den Chód Custaim, eadhon an riachtanas chun cinneadh ceart maidir le tionscnamh earraí a áirithiú.

145    Thairis sin, chinn an Chúirt cheana nach féidir prionsabal an ionchais dhlisteanaigh a agairt maidir le foráil shonrach de théacs de dhlí an Aontais, sa chaoi nach bhféadfadh iompar údaráis naisiúnta a bhfuil sé de fhreagracht aige dlí an Aontais a chur i bhfeidhm, iompar atá ar neamhréir leis an dlí sin, ionchas dlisteanach a chruthú i ndáil le hoibreoir eacnamaíoch go ndéileálfaí leis ar chaoi atá ar neamhréir le dlí an Aontais (féach, chuige sin, breithiúnas an 7 Aibreán 2011, Sony Supply Chain Solutions (Europe), C-153/10, EU:C:2011:224, mír 47 agus an cásdlí dá dtagraítear).

146    Sa chás seo, is léir ón anailís ar an tríú saincheist dlí go rialaítear, le beachtas leordhóthanach, le hAirteagal 33 de GT-CCA an coinníoll a bhaineann le húdar eacnamaíoch a bheith leis an oibriú nó leis an bpróiseáil. Thairis sin, is léir ó théarmaí Airteagal 60(2) den Chód Custaim go rialaítear leis an bhforáil sin, le beachtas leordhóthanach, na coinníollacha eile le hurramú chun tionscnamh earra arna allmhairiú isteach san Aontas a chinneadh.

147    Dá réir sin, bhí iompar údaráis chustaim na Beilge a raibh sé de fhreagracht orthu dlí an Aontais a chur i bhfeidhm, agus na cinntí FCT á nglacadh, ar neamhréir le dlí an Aontais agus nach bhféadfaí ionchas dlisteanach i leith na n-iarratasóirí a chruthú leis.

148    Maidir leis an gceist i leith na tréimhse a chuaigh thart idir an dáta ar a raibh an Coimisiún feasach gurbh ann do na cinntí FCT atá i gceist agus an dáta ar a d’iarr sí ar údaráis chustaim na Beilge iad a chúlghairm, ceist a bhaineann, i ndáiríre, leis an tríú cuid den chéad saincheist dlí, déanfar scrúdú uirthi le linn scrúdú na coda sin, lena n-éilítear sárú ar an gceart chun dea-riaracháin.

149    Ar deireadh, maidir le líomhain na n-iarratasóirí go bhféadfadh siad a bheith ag coinne go dlisteanach leis go rachadh an Coimisiún i dteagmháil leo roimh ghlacadh an chinnidh atá faoi chonspóid, is leor a aithint, chun í a chur ar leataobh, i gcomhthéacs na chéad choda den chúigiú saincheist dlí, go bhfuil an líomhain sin bunaithe ar léiriú ar Airteagal 22(6) den Chód Custaim, a bhaineann leis an nós imeachta le leanúint ag na húdaráis chustaim náisiúnta, agus ní an nós imeachta le leanúint ag an gCoimisiún.

150    I bhfianaise an méid thuas, ní mór diúltú don chéad chuid den chúigiú saincheist dlí.

(b)    An dara cuid den chúigiú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar phrionsabail an neamh-idirdhealaithe agus na comhréireachta

151    Maíonn na hiarratasóirí gur léir ó dhearbhuithe iar-Uachtarán an Choimisiúin, ach freisin as dearbhuithe an Choimisinéara um Thrádáil an tráth sin, gur díríodh ar Harley-Davidson go sonrach, in éineacht le hainmneacha branda Meiriceánacha eile, chun go mbeadh sé ina ábhar do na frithdhleachtanna atá i gceist d’fhonn brú a chur ar cheannairí polaitiúla áirithe Meiriceánacha go háirithe, agus ní ar bhonn critéar oibiachtúil. Cuireann siad leis sin go raibh éifeacht an chinnidh atá faoi chonspóid díréireach ag féachaint don chuspóir a bhí á shaothrú agus go raibh réitigh eile nach raibh chomh sriantach ann nó go bhféadfadh siad tairbhe a bhaint as ráthaíochtaí, mar shampla, réamhfhógra a fháil go raibh an Coimisiún chun athscrúdú a dhéanamh ar an léiriú ar chritéar Airteagal 33 de GT-CCA arna dhéanamh ag údaráis na Beilge, agus an deis a thabhairt dóibh barúlacha a chur in iúl.

152    Cuireann an Coimisiún i gcoinne na líomhaintí sin.

153    Tugann an Chúirt Ghinearálta faoi deara, a mhéid a mhaíonn siad, go bunúsach, gur déileáladh leo ar bhealach idirdhealaitheach, ó tharla gur díríodh ar Harley-Davidson go sonrach le dearbhuithe poiblí ó oifigigh sinsearacha an Aontais, in éineacht le hainmneacha branda Meiriceánacha eile, chun bheith ina ábhar do na frithdhleachtanna atá i gceist, go dtéann na hiarratasóirí thar raon na díospóide seo.

154    Ní bhaineann an gearán seo de chuid na hiarratasóirí i ndáiríre leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, ach dírítear leis go díreach ar Rialachán 2018/886 lenar leagadh síos na dleachtanna custaim breise agus, dar leis na hiarratasóirí, lenar ainmníodh Harley-Davidson go héagórach. Thairis sin, agus in aon chás, níor ainmníodh Harley-Davidson i Rialachán 2018/886, ach dírítear leis go háirithe ar earraí a bhaineann leis an gcód ainmníochta 8711 50 00, eadhon “[g]luaisrothair [...] ina bhfuil inneall loiní dócháin inmheánaigh, ag a bhfuil toilleadh sorcóra is mó ná 800 cm3”. Más rud é go mbaineann catagóir earraí den sórt sin go hiarbhír le gluaisrothair arna monarú ag Harley-Davidson, áfach, ní fhéadfaí a chur as an áireamh go bhféadfadh gluaisrothair arna monarú ag gnóthais eile atá bunaithe sna Stáit Aontaithe teacht faoi chumhdach na catagóire sin arna sainmhíniú ar bhealach oibiachtúil freisin, gan tagairt a dhéanamh d’aon ainm branda ar leith, rud a dheimhnigh na hiarratasóirí le linn na héisteachta trí mhonaróir Meiriceánach eile a ainmniú.

155    Maidir le ceist na comhréireachta agus cineál idirdhealaitheach an chinnidh atá faoi chonspóid, is leor a chur in iúl, leis an gcinneadh sin, nach ndearna an Coimisiún ach a iarraidh ar na húdaráis chustaim náisiúnta na cinntí FCT a chúlghairm, ó tharla nár glacadh na cinntí sin i gcomhréir le dlí an Aontais. Ar thaobh amháin, níl iarraidh chun an reachtaíocht is infheidhme a chomhlíonadh díréireach. Ar an taobh eile, ní chruthaíonn na hiarratasóirí agus ní líomhnaíonn siad ach oiread gur sheas an Coimisiún siar óna iarraidh ar na húdaráis náisiúnta cinntí FCT maidir le táirgeoir eile d’earraí a bhaineann leis an gcód ainmníochta 8711 50 00 a leasú. Thairis sin, ní léirítear le haon ní nár ghníomhaigh an Coimisiún sa chaoi cheannann chéanna i leith chinntí FCT eile a bhí ar neamhréir le dlí an Aontais.

156    Is léir ón méid sin nach mór diúltú don dara cuid den chúigiú saincheist dlí.

(c)    An tríú cuid den chúigiú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar an gceart chun dea-riaracháin agus ar an gceart chun éisteacht a fháil

157    Maíonn na hiarratasóirí nár chuir an Coimisiún a nós imeachta cinnteoireachta i bhfeidhm ar bhealach neamhchlaonta agus nach bhféadfadh a bheith ag an gcinneadh atá faoi chonspóid ach bunús polaitiúil. Cáineann siad an Coimisiún freisin mar gheall nár ghlac sé an cinneadh atá faoi chonspóid laistigh de thréimhse ama réasúnta agus nach ndeachaigh sé i dteagmháil leo, fiú trí údaráis na Beilge mar idirghabhálaí, sular glacadh an cinneadh. Chuige sin, tugann na hiarratasóirí chun cuimhne gur prionsabal ginearálta de dhlí an Aontais é an ceart chun éisteacht a fháil agus nach mór do gach oibreoir tráchtála tairbhe a bhaint as, gan beann ar inneachar na reachtaíochta is infheidhme.

158    Cuireann an Coimisiún i gcoinne na hargóinte sin.

159    De réir théarmaí Airteagal 41 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh tá an ceart ag gach duine, inter alia, go ndéanfaidh institiúidí an Aontais láimhseáil neamhchlaonta ar a ghnóthaí. Cumhdaítear leis an gceanglas neamhchlaontachta seo an neamhchlaontacht shuibiachtúil, sa chaoi nár chóir d’aon chomhalta den institiúid lena mbaineann atá freagrach i leith an cháis aon laofacht nó réamhchlaonadh a léiriú, agus an neamhchlaontacht oibiachtúil, sa chaoi nach mór don institiúid ráthaíochtaí leordhóthanacha a chur ar fáil chun fáil réidh le haon dabht dlisteanach chuige sin (féach breithiúnas an 11 Iúil 2013, Ziegler v an Coimisiún, C-439/11 P, EU:C:2013:513, mír 155 agus an cásdlí dá dtagraítear).

160    Sa chás seo, is fíor gur léir ó na ráitis a rinne iar-Uachtarán an Choimisiúin i Márta 2018, mar a rinneadh tuairisciú orthu sa phreas, “[gur cheart cáin bhreise] a chur i bhfeidhm ar ghluaisrothair Harley-Davidson, ar bhríste géine Levi’s, ar Bourbon.” Ní fhéadfadh na hiarratasóirí a bhaint as na líomhaintí spontáineacha sin amháin gur sháraigh an Coimisiún an ceanglas neamhchlaontachta. Ar dtús, ní dhearna an Coimisiún, leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, arna ghlacadh i Márta 2021, ach a iarraidh ar údaráis chustaim na Beilge, i gcomhthéacs a athbhreithnithe a posteriori ar na cinntí FCT arna nglacadh ag na húdaráis chustaim náisiúnta, na cinntí FCT atá i gceist a chúlghairm, ó tharla gur mheas an Coimisiún, agus an ceart aige, go raibh siad sin ar neamhréir le dlí an Aontais. Ghlac an Coimisiún, ar bhonn Airteagal 33 de GT-CCA, an cinneadh atá faoi chonspóid leis an gcuspóir aonair chun cinneadh ceart thionscnamh na ngluaisrothar arna monarú ag Harley-Davidson a áirithiú, sa chaoi nach bhféadfaí é a cháineadh as easpa neamhchlaontachta mar a rinne na hiarratasóirí. Thairis sin, agus in aon chás, ní agraíonn na hiarratasóirí aon ghné a bhaineann le glacadh an chinnidh atá faoi chonspóid, seachas na breithnithe ginearálta agus teibí a bhaineann le fonn polaitiúil a mhaíonn siad a bheith ann chun na dleachtanna custaim breise atá i gceist a leagan síos, chun easpa oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht an Choimisiúin a léiriú.

161    Chuige sin, ba cheart a thabhairt chun cuimhne freisin go bhforáiltear le hAirteagal 41(2)(a) den Chairt um Chearta Bunúsacha go gcumhdaítear leis an gceart chun dea-riaracháin ceart gach duine chun éisteacht a fháil sula nglactar aon bheart leithleach i ndáil leis ar beart é a dhéanfadh dochar dó. Tá an ceart chun éisteacht a fháil mar chuid de chearta na cosanta, atá ina bprionsabal ginearálta de dhlí an Aontais atá le cur i bhfeidhm, fiú in éagmais aon reachtaíocht shonrach ar an ábhar sin. Ceanglaítear leis an bprionsabal sin go dtugtar deis do dhaoine ar a bhfuil cinntí lena ndéantar difear suntasach dá leasanna dírithe a dtuairim a chur in iúl maidir leis na heilimintí a mhaítear ina leith atá mar bhunús leis na cinntí sin (féach breithiúnas an 28 Deireadh Fómhair 2021, Vialto Consulting v an Coimisiún, C-650/19 P, EU:C:2021:879, mír 122 agus an cásdlí dá dtagraítear).

162    Is léir, thairis sin, ón gcásdlí, ionas go bhféadfaí an gníomh atá i gceist a chur ar neamhní mar gheall ar shárú ar an gceart chun éisteacht a fháil, ní mór gurb ann d’fhéidearthacht go bhféadfadh toradh difriúil a bheith leis an nós imeachta riaracháin (féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Bealtaine 2022, Zhejiang Jiuli Hi-Tech Metals v an Coimisiún, C-718/20 P, EU:C:2022:362, mír 49). Mar sin, is faoin iarratasóir atá sé an fhianaise a chur ar fáil, trí eilimintí nithiúla nó ar a laghad argóintí nó comharthaí atá sách iontaofa agus sonrach, go bhféadfadh cinneadh an Choimisiúin a bheith difriúil, lenar féidir mar sin sárú ar chearta na cosanta a thréithriú go nithiúil (féach, chuige sin agus de réir analaí, breithiúnas an 29 Meitheamh 2006, SGL Carbon v an Coimisiún, C-308/04 P, EU:C:2006:433, mír 98).

163    Ar deireadh, is prionsabal ginearálta de dhlí an Aontais é cloí le tréimhse ama réasúnta agus nós imeachta riaracháin á reáchtáil. Thairis sin, mar gheall ar an gceanglas bunúsach den deimhneacht dhlíthiúil, lena gcuirtear bac ar an gCoimisiún moill a chur go deo ar fheidhmiú a chumhachtaí, fiosraíonn an chúirt ar ghníomhaigh an institiúid sin rómhall maidir le reáchtáil an nós imeachta riaracháin (féach breithiúnas an 22 Aibreán 2016, an Fhrainc v an Coimisiún, T-56/06 RENV II, EU:T:2016:228, mír 44 agus an cásdlí dá dtagraítear).

164    Ní mór measúnú a dhéanamh ar chineál réasúnta thréimhse ama an nós imeachta de réir na n-imthosca a bhaineann le gach cás, amhail castacht an cháis agus iompar na bpáirtithe (féach breithiúnas an 13 Meitheamh 2013, HGA agus Páirtithe Eile v an Coimisiún, C-630/11 P go C-633/11 P, EU:C:2013:387, mír 82 agus an cásdlí dá dtagraítear).

165    Is i bhfianaise na bprionsabal sin nach mór imscrúdú a dhéanamh ar an tríú cuid den chúigiú saincheist dlí.

(1)    Sárú ar an gceart chun éisteacht a fháil

166    Maidir leis an sárú ar an gceart chun éisteacht a fháil, glactar leis i measc na bpáirtithe nár thug an Coimisiún deis do na hiarratasóirí barúlacha a chur in iúl i gcomhthéacs an nós imeachta as ar eascair glacadh an chinnidh atá faoi chonspóid, atá, trí ordú d’údaráis na Beilge an chéad dá chinneadh FCT atá i gceist a chúlghairm, agus in éagmais na féidearthachta dóibh gan an t-ordú sin a chomhlíonadh, ina bheart leithleach i ndáil leis na hiarratasóirí, ina bheart lena ndéantar dochar dóibh. Ní féidir rath a bheith ar argóint an Choimisiúin go bhforáiltear le nós imeachta glactha an chinnidh atá faoi chonspóid do mhalartú déthaobhach idir an Coimisiún agus an Ballstát lena mbaineann amháin, ag féachaint don imthoisc, arna cur in iúl i mír 161 thuas, go bhfuil feidhm ag an gceart sin fiú in éagmais aon reachtaíocht shonrach. Thairis sin, níl an imthoisc gurbh fhéidir leis na hiarratasóirí nó go bhféadfadh siad a mbarúlacha a chur faoi bhráid údaráis chustaim na Beilge sular glacadh na cinntí FCT atá i gceist ach freisin, dar leis an gCoimisiún, idir glacadh an chinnidh atá faoi chonspóid agus glacadh an chinnidh cúlghairme de na cinntí FCT sin de chineál lenar féidir a mheas gur chomhlíon an Coimisiún an oibleagáid, a bhí uirthi, chun éisteacht leis na hiarratasóirí sular glacadh an cinneadh atá faoi chonspóid.

167    Ní fhéadfadh neamhniú an chinnidh atá faoi chonspóid teacht as an neamhrialtacht sin sa chás seo a mhéid ina bhfuil féidearthacht ann, mar gheall ar an neamhrialtacht sin, go bhféadfadh toradh difriúil a bheith ar nós imeachta riaracháin, lena ndéanfaí dochar go nithiúil do chearta na cosanta.

168    Tríd é féin a theorannú, sa chinneadh atá faoi chonspóid, ar a iarraidh ar údaráis chustaim na Beilge, i gcomhthéacs a athbhreithniú a posteriori ar na cinntí FCT arna nglacadh ag údaráis chustaim na Beilge, na cinntí FCT a chúlghairm lena ndearnadh cur i bhfeidhm mícheart d’Airteagal 33 de GT-CCA, níor bhain an Coimisiún úsáid ach as an inniúlacht, a bhronntar air le hAirteagal 34(11) den Chód Custaim, chun a iarraidh ar Bhallstát cinntí FCT a chúlghairm d’fhonn cinneadh ceart agus aonfhoirmeach ar thionscnamh earraí a áirithiú.

169    Tá léiriú agus cur i bhfeidhm rialach de chuid dlí an Aontais, eadhon Airteagal 33 de GT-CCA, sa chinneadh atá faoi chonspóid agus cinneadh, i míreanna 53 go 73 thuas, nach raibh aon earráidí ag baint leo. Mar sin, fiú dá mba rud é go bhféadfadh na hiarratasóirí a mbarúlacha a chur in iúl i gcomhthéacs an nós imeachta as ar eascair glacadh an chinnidh atá faoi chonspóid, ní fhéadfadh an léiriú agus an cur i bhfeidhm a rinne an Coimisiún mar chuid den nós imeachta sin ar Airteagal 33 de GT-CCA a bheith difriúil. Níl sé ach mar thoradh ar dhifríochtaí maidir le léiriú Airteagal 33 de GT-CCA, a léirítear le léamh ar na malartuithe a tharla idir údaráis na Beilge agus an Coimisiún, ar chuir an Coimisiún in iúl iad mar fhreagairt ar bheart eagrúcháin nós imeachta an 30 Meitheamh 2022, nach raibh na réitigh a glacadh faoi seach, maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail sin i leith fhíorais an cháis seo mar an gcéanna.

170    In aon chás, mar a cuireadh in iúl cheana i míreanna 65 agus 66 thuas, níor chuir na hiarratasóirí aon ghnéithe nithiúla os comhair na Cúirte Ginearálta lena bhféadfaí a léiriú go raibh údar leis an athlonnú atá i gceist go príomha mar gheall ar bhreithnithe nach mbaineann le leagan síos dleachtanna custaim breise cé go raibh an dualgas cruthúnais orthu, mar a cuireadh in iúl i mír 162 thuas.

(2)    Sárú ar an bprionsabal um thréimhse ama réasúnta

171    Maidir leis an mainneachtain líomhainte cloí le tréimhse ama réasúnta i gcomhthéacs an nós imeachta riaracháin as ar eascair glacadh an chinnidh atá faoi chonspóid, ba cheart a lua, ar dtús, nach bhforáiltear le hAirteagal 34(11) den Chód Custaim, lena gceadaítear don Choimisiún a iarraidh ar Bhallstát cinntí FCT a chúlghairm d’fhonn cinneadh ceart agus aonfhoirmeach ar thionscnamh earraí a áirithiú, mar a chuireann an Coimisiún in iúl thairis sin, agus an ceart aige, d’aon tréimhse ama, fiú táscach, don scrúdú, le déanamh ag an gCoimisiún, ar na cinntí FCT a chuirtear in iúl dó, de bhun Airteagal 19 de Rialachán 2015/2447 (féach mír 12 thuas).

172    Níl an imthoisc nach bhfuil an Coimisiún faoi cheangal ag aon tréimhse ama chun iarraidh ar Bhallstát cinntí FCT a chúlghairm ina chonstaic, áfach, do chúirteanna an Aontais chun a fhíorú ar chloígh an institiúid sin le tréimhse ama réasúnta nó nár chloígh.

173    Sa chás seo, ba cheart a thabhairt faoi deara gur chuir údaráis chustaim na Beilge na cinntí FCT atá i gceist in iúl don Choimisiún an 21 Lúnasa 2019 agus go ndeachaigh an Coimisiún, an 5 Deireadh Fómhair, i dteagmháil leis na húdaráis sin chun a rún chun a iarraidh orthu na cinntí sin a chúlghairm a chur in iúl dóibh.

174    I ndiaidh malartú le húdaráis chustaim na Beilge, ar lena linn a chuir siad barúlacha isteach trí ríomhphost an 13 Samhain 2020, thionscain an Coimisiún, ón 22 Nollaig 2020, nós imeachta d’fhonn an cinneadh atá faoi chonspóid a ghlacadh, agus, mar thoradh air sin, chuaigh sé i gcomhairle ardstiúrthóireachtaí difriúla. An 5 Márta 2021, chuir an Coimisiún an dréacht den chinneadh atá faoi chonspóid faoi bhráid thoscaireachtaí uile an Choiste um an gCód Custaim, Roinn “Tionscnamh”, i gcomhthéacs an nós imeachta comhairliúcháin agus trí bhíthin nós imeachta i scríbhinn. An 29 Márta 2021, chuir an Coimisiún achoimre chuig an gCoiste um an gCód Custaim, Roinn “Tionscnamh”, sular glacadh an cinneadh atá faoi chonspóid, an 31 Márta 2021.

175    Mar sin, cé gur léir go ndeachaigh níos mó ná 13 mhí thart idir an fógra a thug údaráis chustaim na Beilge faoi na cinntí FCT atá i gceist agus an chéad uair a ndeachaigh an Coimisiún i dteagmháil leo maidir le hiarratas féideartha ar na cinntí sin a chúlghairm, ní féidir a mheas go bhfuil an tréimhse ama 16 mhí a chuaigh thart idir an fógra sin agus tionscnamh an nós imeachta foirmiúil inmheánach d’fhonn an cinneadh atá faoi chonspóid a ghlacadh iomarcach, i gcoinníollacha amhail na coinníollacha sa chás seo, a tréithríodh, thairis sin, le cineál neamhghnách úsáid an Choimisiúin den inniúlacht, a bhronntar air le hAirteagal 34(11) den Chód Custaim, chun a iarraidh ar Bhallstát cinntí FCT a chúlghairm d’fhonn cinneadh ceart agus aonfhoirmeach de thionscnamh earraí a áirithiú.

176    Thairis sin, ní mór a thabhairt faoi deara gur ghlac an Coimisiún, i ndiaidh sin, an cinneadh atá faoi chonspóid ag deireadh nós imeachta riaracháin a mhair níos lú ná ceithre mhí, lena linn a raibh gá dul i gcomhairle le roinnt páirtithe institiúideacha agus go raibh siad in ann barúlacha a thabhairt, rud a léiríonn luas áirithe.

177    Dá bhrí sin, ní mór diúltú don tríú cuid den chúigiú saincheist dlí.

(d)    An ceathrú cuid den chúigiú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar an tsaoirse chun gnó a sheoladh agus ar an gceart chun maoine

178    Líomhnaíonn na hiarratasóirí gur léirigh an Coimisiún Airteagal 33 de GT-CCA ar chaoi lena gcoisctear ar na hoibreoirí tráchtála suíomh a ngníomhaíochtaí a roghnú go dlisteanach, agus go sáraítear leis sin a saoirse chun gnó a sheoladh agus a gceart chun maoine. Dar leis na hiarratasóirí, áfach, ní chóir go rachadh aon chur isteach de chuid an Choimisiúin ar na cinntí tráchtála arna nglacadh ag gnólachtaí thar an méid is gá chun cuspóir dlisteanach a bhaint amach agus, cé gur cuspóir dlisteanach é rialú a dhéanamh ar chóras tráchtála agus custaim an Aontais, ní mór é a shaothrú laistigh de theorainneacha dochta ionas nach déantar cur isteach treallach chun críoch polaitiúil.

179    Cuireann an Coimisiún i gcoinne na líomhaintí sin.

180    Chuige sin, ba cheart a thabhairt chun cuimhne, i míreanna 41 go 46 dá breithiúnas an 22 Eanáir 2013, Sky Österreich (C-283/11, EU:C:2013:28), gur chuir an Chúirt in iúl go gcumhdaítear leis an gcosaint a bhronntar le hAirteagal 16 den Chairt um Chearta Bunúsacha an tsaoirse chun gníomhaíocht eacnamaíoch nó tráchtála a fheidhmiú, an tsaoirse chonarthach agus an tsaoriomaíocht. Thairis sin, i gcomhréir le cásdlí na Cúirte, ní ceart absalóideach í an tsaoirse chun gnó a sheoladh, ach caitear í a thuiscint ag féachaint dá feidhm sa tsochaí. Ar bhonn an chásdlí sin agus ag féachaint d’fhoclaíocht Airteagal 16 den Chairt um Chearta Bunúsacha, atá difriúil ó fhoclaíocht na saoirsí bunúsacha eile a chumhdaítear i dTeideal II den Chairt agus é cóngarach d’fhoclaíocht roinnt forálacha de Theideal IV den Chairt chéanna, is féidir an tsaoirse chun gnó a sheoladh a chur faoi réir réimse leathan idirghabhálacha ó údaráis phoiblí, lena bhféadfaí a bhunú, chun tairbhe an leasa ghinearálta, srianta maidir le feidhmiú gníomhaíochta eacnamaíche.

181    De bhun Airteagal 17(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha, tá ag gach duine an ceart chun a shealúchais nó a sealúchais arna bhfáil go dleathach a shealbhú, a úsáid, a dhiúscairt agus a thiomnú. Ní fhéadfar a shealúchais a cheilt ar dhuine ach amháin ar mhaithe leis an leas poiblí agus sna cásanna agus faoi na coinníollacha dá bhforáiltear le dlí, ach sin faoi réir cúiteamh cóir a íoc in am trátha mar chomaoin ar an gcailleadh sin. Thairis sin, féadfar úsáid maoine a rialáil le dlí a mhéad is gá sin ar mhaithe leis an leas ginearálta.

182    Ós rud é nach cearta absalóideacha iad na cearta a ráthaítear le hAirteagal 16 agus 17(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha, is féidir iad a chur faoi réir teorainneacha a bhfuil údar leo mar gheall ar chuspóirí leasa ghinearálta arna saothrú ag an Aontas. I gcomhréir le hAirteagal 52(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha, ní mór foráil le dlí d’aon teorannú ar fheidhmiú na gceart agus na saoirsí arna leagan síos sa Chairt um Chearta Bunúsacha, ní mór a n-inneachar sár-riachtanach a urramú agus, faoi réir phrionsabal na comhréireachta, ní mór go bhfuil gá leis agus go bhfreagraíonn sé iarbhír do chuspóirí leasa ghinearálta arna n-aithint ag an Aontas nó don riachtanas cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint.

183    Sa chás seo, ní shonraíonn na hiarratasóirí na gnéithe fíorasacha lena bhféadfaí bunús a chur leis na líomhaintí atá acu i gcomhthéacs na coda seo agus a bhféadfadh a bheith de chineál chun a léiriú gur teorannaíodh, ar bhealach díréireach, leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, a gceart chun maoine nó a saoirse chun gnó a sheoladh.

184    Anuas air sin, ar thaobh amháin, ní bheadh teorannú féideartha ar na cearta bunúsacha sin, fiú má shuitear an teorannú sin, mar thoradh ar an gcinneadh atá faoi chonspóid. I ndáiríre, bheadh bunús ag teorannú den sórt sin, má shuitear é, i Rialachán 2018/886, lenar leagadh síos na dleachtanna custaim breise. Mar is léir ón gcomhad, áfach, níor chaith na hiarratasóirí amhras ar dhlíthiúlacht an Rialacháin sin i gcomhthéacs na caingne seo. Ar an taobh eile, ba cheart a mheas, ós rud é nár suíodh go raibh an cinneadh atá faoi chonspóid ina chonstaic do na hiarratasóirí chun gluaisrothair arna monarú ag Harley-Davidson a dhíol, san Aontas, ní chuirtear bac leis an gcinneadh sin ar bhealach díréireach, teachtadh na n-iarratasóirí ar a gceart chun a ngníomhaíochtaí eacnamaíocha a fheidhmiú ar mhargadh an Aontais, ná feidhmiú a gceart chun maoine agus na gluaisrothair sin á dtáirgeadh agus á ndíol.

185    Ag féachaint do na breithnithe uile thuas, ní mór diúltú don cheathrú cuid den chúigiú saincheist dlí agus, dá bhrí sin, leis an gcúigiú saincheist dlí ina hiomláine.

6.      An séú saincheist dlí, lena n-éilítear mí-úsáid ar chumhacht an Choimisiúin chun críoch polaitiúil

186    Maíonn na hiarratasóirí go léirítear go follasach leis an tráth ar glacadh an cinneadh atá faoi chonspóid go raibh breithnithe polaitiúla mar chúis le hiompar an Choimisiúin. Maíonn siad mar sin, go ndearna an Coimisiún mí-úsáid ar a chumhacht, lena gceadaítear dó a chinntiú go gcinntear tionscnamh earraí arna n-allmhairiú isteach san Aontas i gceart trína iarraidh ar údaráis chustaim náisiúnta cinntí FCT a chúlghairm, go heisiach nó go príomha chun críocha seachas na críocha ar tugadh dó iad, agus go dtarraingítear amhras mar sin ar chuspóir na cumhachta sin, arb é “coinníollacha iomaíochta cothroime” cearta agus aonfhoirmeacha a áirithiú do na hoibreoirí eacnamaíocha.

187    Cuireann an Coimisiún i gcoinne na líomhaintí sin.

188    Tugann an Chúirt Ghinearálta faoi deara go maíonn na hiarratasóirí i ndáiríre lena líomhaintí, faoi scáth an mhaímh i leith “mí-úsáid cumhachta”, i gcomhthéacs an séú saincheist dlí, saobhadh cumhachta arna dhéanamh ag an gCoimisiún. Lena n-argóintí, maíonn siad, go bunúsach, gurb ionann an cinneadh atá faoi chonspóid agus beart beartais tráchtála faoi cheilt, atá ceaptha chun brú a chur ar rialtas na Stát Aontaithe ionas go gcúlghairfidh sé na dleachtanna custaim a leagadh síos de bhun Roinn 232 den Dlí de 1962 um Fhairsingiú Trádála.

189    Is léir ó chásdlí socair nach mbeidh gníomh faoi smál saofa cumhachta ach más rud é go bhfuil an chuma ar an scéal, ar bhonn comharthaí oibiachtúla, ábhartha agus leordhóthanacha, gur glacadh an gníomh leis an gcuspóir eisiach nó, ar a laghad, cinntitheach, críocha eile a bhaint amach seachas na críocha a mhaítear nó nós imeachta dá bhforáiltear go speisialta leis an gconradh chun déileáil leis na himthosca sa chás sin a sheachaint (féach breithiúnas an 20 Márta 2019, Foshan Lihua Ceramic v an Coimisiún, T-310/16, EU:T:2019:170, mír 176 agus an cásdlí dá dtagraítear).

190    Níor léirigh na hiarratasóirí aon ghné nithiúil, seachas líomhaintí neamhchruinne agus teibí, de chineál le suíomh gur ghlac an Coimisiún an cinneadh sin chun críocha seachas na críocha a mhaítear, eadhon cinneadh ceart agus aonfhoirmeach maidir le tionscnamh earraí arna n-allmhairiú isteach san Aontas a áirithiú. Cé gur thug na hiarratasóirí ailt phreasa ar aird, ar foilsíodh roinnt acu, i ndiaidh ghlacadh an chinnidh atá faoi chonspóid, ní mór a thabhairt faoi deara nach mbaineann na hailt sin leis an gcinneadh atá faoi chonspóid ná le cinntí cosúla. Thairis sin, léirítear níos mó leis na hailt sin go raibh an Coimisiún buartha go bhféadfadh sé go ngéaródh an t-easaontas idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe i gcomhthéacs dleachtanna custaim breise, dá bhforáiltear in Iarscríbhinn II de Rialachán 2018/886, a bhí ar tí teacht i bhfeidhm.

191    Dá bhrí sin, tríd iad féin a theorannú chun a líomhain gur glacadh an cinneadh atá faoi chonspóid “chun críoch polaitiúil”, ní dhéanann na hiarratasóirí ach dearbhú lom.

192    Mar sin, ní léirítear comhartha le haon ghné lena dtabharfaí tacaíocht don mhaíomh go raibh sé mar chuspóir eisiach, nó ar laghad, cinntitheach, ag an nós imeachta as ar eascair glacadh an chinnidh atá faoi chonspóid, cuspóirí seachas an cuspóir a leagadh amach i mír 190 thuas a bhaint amach.

193    Dá réir sin, ní mór diúltú don séú saincheist dlí.

194    Is léir ón méid sin go léir nach mór diúltú don éileamh le haghaidh neamhniú an chinnidh atá faoi chonspóid.

C.      Iarraidh ar bhearta eagrúcháin nós imeachta nó fiosrúcháin

195    Maíonn an Coimisiún go bhfuil tríú cuntar éilimh na n-iarratasóirí lena n-iarrann siad ar an gCúirt Ghinearálta na bearta eagrúcháin nós imeachta nó fiosrúcháin a mheasann sí a bheith oiriúnach a ordú neamhábhartha, ós rud é gur foilsíodh go poiblí na doiciméid a dhéanann na hiarratasóirí tagairt dóibh mar fhreagairt ar a n-iarratas chuige sin a rinneadh ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO 2001 L 145, lch. 43).

196    Measann na hiarratasóirí, áfach, go bhféadfadh an Chúirt Ghinearálta a mheas é a bheith úsáideach a iarraidh ar an gCoimisiún gnéithe níos fairsinge fianaise a thabhairt, ós rud é nach bhfuil na doiciméid a d’fhoilsigh sé go poiblí leordhóthanach chun bunús a thabhairt lena líomhaintí.

197    Maidir leis an measúnú ar na hiarrataí ar bhearta eagrúcháin nós imeachta nó fiosrúcháin arna gcur isteach ag páirtí amháin i ndíospóid, ba cheart a thabhairt chun cuimhne gurb í an Chúirt Ghinearálta amháin a dhéanfaidh breith maidir leis an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann le heilimintí faisnéise atá aici maidir leis na cásanna atá os a comhair a fhorlíonadh (féach breithiúnas an 22 Samhain 2007, Sniace v an Coimisiún, C-260/05 P, EU:C:2007:700, mír 77 agus an cásdlí dá dtagraítear).

198    Sa chás seo, ní chuireann na hiarratasóirí na forais a bheadh de chineál chun údar a thabhairt leis an iarraidh sin ar bhearta eagrúcháin nós imeachta nó fiosrúcháin in iúl go beacht, mar a éilítear le hAirteagal 88(2) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta.

199    In aon chás, ba cheart a chur in iúl gur leor na heilimintí atá sa chomhad chun go bhféadfaidh an Chúirt Ginearálta breith a thabhairt, ós rud é go raibh sí in ann rialú a dhéanamh go húsáideach ar bhonn na gconclúidí, na saincheisteanna dlí agus na n-argóintí a forbraíodh le linn na n-imeachtaí agus ag féachaint do na doiciméid arna dtaisceadh ag na páirtithe.

200    Dá bhrí sin, ní mór diultú don iarraidh ar bhearta eagrúcháin nós imeachta nó fiosrúcháin.

201    Dá réir sin, diúltaítear don chaingean ina hiomláine, gan gá a bheith ann breith a thabhairt maidir le inghlacthacht an doiciméid arna thabhairt ar aird ag an gCoimisiún, d’fhonn an éisteacht a reáchtáil, ina bhfuil scríbhinn ar chruinniú teileafóin a reáchtáladh an 24 Iúil 2018 idir Harley-Davidson agus ionadaithe a scairshealbhóirí.

 Costais

202    De réir théarmaí Airteagal 134(1) de na Rialacha Nós Imeachta, ní mór a ordú don pháirtí caillteach na costais a íoc, má iarrtar iad i bpléadálacha an pháirtí a n-éireoidh leis.

203    Ós rud é nár éirigh leis na hiarratasóirí, ní mór a ordú dóibh na costais a íoc, i gcomhréir leis an ordú arna lorg ag an gCoimisiún.

Ar na forais sin,

dearbhaíonn agus rialaíonn an CHÚIRT GHINEARÁLTA (an tOchtú Dlísheomra Méadaithe)

mar seo a leanas:

1.      Diúltaítear don chaingean.

2.      Ordaítear do Harley-Davidson Europe Ltd agus Neovia Logistics Services International na costais a íoc.

Papasavvas

Svenningsen

Jaeger

Mac Eochaidh

 

      Pynnä

Arna léamh amach i gcúirt oscailte i Lucsamburg an.

Sínithe


*      Teanga an cháis: an Béarla.