Iarraidh ar réamhrialú ón Corte suprema di cassazione (an Iodáil) a taisceadh an 6 Márta 2024 – S.P.E.I. 2000 Srl v Ministero della Giustizia
(Cás C-183/24, S.P.E.I. 2000)
Teanga an cháis: an Iodáilis
An chuirt a rinne an tarchur
Corte suprema di cassazione
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: S.P.E.I. 2000 Srl
Cosantóir: Ministero della Giustizia
Na ceisteanna a tharchuirtear
An bhfuil Treoir 2000/35/CE1 , arna leasú le Treoir 2011/7/AE2 , agus go háirithe Airteagail 1, 2(1) agus (2) agus 4(3) de, le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc léi ar reachtaíocht náisiúnta nó cleachtas náisiúnta lena:
(a) n-eisiatar an cháilíocht mar idirbhearta tráchtála, de réir bhrí na Treorach, le haghaidh seirbhísí a thugtar in aghaidh luach saothair cairtfhostóirí an trealaimh a úsáidtear le haghaidh cúleisteacht arna iarraidh sin d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí, a chuireann faoi réir córas substainteach agus nós imeachta na gcostas dlí urghnách iad;
(b) n-eisiatar, go héifeachtach, ó rialachán úis a leagtar síos sa Treoir na seirbhísí thuasluaite idir cairtfhostóirí agus Ionchúisitheoirí?
An bhfuil Treoir 2000/35/CE, arna leasú le Treoir 2011/7/AE agus go háirithe Airteagal 10(1) le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc léi ar reachtaíocht náisiúnta nó cleachtas náisiúnta lena ndéantar foráil do thréimhse éiginnte (‘gan mhoill’) chun suimeanna atá dlite do sholáthraí seirbhíse a íoc, rud a fhágann nach bhfuil cearta an chreidiúnaí sin in-fhorghníomhaithe ar bhealach atá infheidhmithe go héifeachtach agus go hiomlán sásúil?
____________
1 Treoir 2000/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 maidir le cur in aghaidh íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála (IO 2000 L 200, lch. 35).
1 Treoir 2011/7/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cur in aghaidh íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála (athmhúnlú) (IO 2011, L 48, lch. 1).