Language of document : ECLI:EU:C:2024:97

Eagrán sealadach

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

an 30 Eanáir 2024 (*)

(Tarchur chun réamhrialú – Daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil chun cionta coiriúla a chomhrac – Treoir (AE) 2016/680 – Airteagal 4(1)(c) agus (e) – Íoslaghdú sonraí – Teorannú stórála – Airteagal 5 – Teorainneacha ama iomchuí don léirscriosadh nó chun athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar an ngá le stóráil – Airteagal 10 – Próiseáil sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha – Géarghá – Airteagal 16(2) agus (3) – Ceart go ndéanfaí léirscriosadh – Srian a chur ar phróiseáil – Airteagal 52(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Duine nádúrtha a ciontaíodh le breithiúnas críochnaitheach agus a ndéantar an taifead coiriúil sin a ghlanadh ina dhiaidh sin – Tréimhse choinneála sonraí go bás – Easpa cirt go ndéanfaí léirscriosadh nó go gcuirfí srian ar phróiseáil – Comhréireacht)

I gCás C‑118/22,

Iarraidh ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ón Varhoven administrativen sad (an Chúirt Riaracháin Uachtarach, an Bhulgáir), trí bhreith an 10 Eanáir 2022, a fuarthas ag an gCúirt Bhreithiúnais an 17  Feabhra 2022, sna himeachtaí idir

NG

agus

Direktor na Glavna direktsia ‘Natsionalna politsia’ pri Ministerstvo na vatreshnite raboti – Sofia,

idiragraí:

Varhovna administrativna prokuratura,

tugann AN CHÚIRT BHREITHIÚNAIS (an Mór-Dhlísheomra)

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Arabadjiev, A. Prechal, K. Jürimäe, N. Piçarra agus O. Spineanu–Matei, Uachtaráin Dlísheomraí, M. Ilešič, J.–C. Bonichot, L.S. Rossi, I. Jarukaitis, A. Kumin, N. Jääskinen, N. Wahl agus D. Gratsias (Rapóirtéir), Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: P. Pikamäe,

Cláraitheoir: R. Stefanova-Kamisheva, Riarthóir,

ag féachaint don chuid i scríbhinn den nós imeachta agus i ndiaidh éisteacht an 7 Feabhra 2023,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

–        NG, ag P. Kuyumdzhiev, advokat

–        Rialtas na Bulgáire, ag M. Georgieva, T. Mitova agus E. Petranova, i gcáil gníomhairí,

–        Rialtas na Seice, ag O. Serdula, M. Smolek agus J. Vláčil, i gcáil gníomhairí,

–        Éire, ag M. Browne, A. Joyce agus M. Tierney, i gcáil gníomhairí, le cúnamh ó D. Fennelly, Abhcóide,

–        Rialtas na Spáinne, A. Ballesteros Panizo agus J. Rodríguez de la Rúa Puig, i gcáil gníomhairí,

–        Rialtas na hÍsiltíre, A. Hanje, i gcáil gníomhaire,

–        Rialtas na Polainne, ag B. Majczyna, D. Łukowiak agus J. Sawicka, i gcáil gníomhairí,

–        an Coimisiún Eorpach, ag A. Bouchagiar, C. Georgieva, H. Kranenborg agus F. Wilman, i gcáil gníomhairí,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 15 Meitheamh 2023

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1        Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú ar Airteagal 5(1) de Threoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO 2016 L 119, lch. 89), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 13(2)(b) agus (3) den Treoir sin.

2        Rinneadh an iarraidh ar réamhrialú in imeachtaí idir NG agus Direktor na Glavna direktsia ‘Natsionalna politsia’ pri Ministerstvo na vatreshnite raboti – Sofia (Stiúrthóir ar Ard-Stiúrthóireacht na ‘bPóilíní Náisiúnta’ san Aireacht Gnóthaí Baile, an Bhulgáir) (‘DGPN’) maidir leis an diúltú a rinne DGPN d’iarratas NG go mbainfear é ón gclár náisiúnta ar a gcláraíonn údaráis phóilíneachta na Bulgáire daoine a ionchúisíodh mar gheall ar chion coiriúil intinniúil a thagann faoi raon feidhme an ionchúisimh phoiblí (‘clár na bpóilíní’), iarratas a bhí bunaithe ar athinmheacháin an duine sin tar éis é a chiontú go críochnaitheach i gcion coiriúil.

 An dlí lena mbaineann

 Dlí an Aontais Eorpaigh

3        Leagtar an méid seo a leanas amach in Aithrisí 11, 14, 26, 27, 37, 47 agus 104 de Threoir 2016/680:

‘(11)      Ba cheart, [...] [réimsí an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla agus an chomhair póilíneachta] a rialú le Treoir lena leagtar síos na rialacha sonracha a bhaineann le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n‑áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a chur ar na bagairtí sin, ag urramú nádúr sonrach na ngníomhaíochtaí sin. [...]

[...]

(14)      Ós rud é nár cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le próiseáil sonraí pearsanta le linn gníomhaíocht nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais, níor cheart gníomhaíochtaí a bhaineann le slándáil náisiúnta [...] a mheas mar ghníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo.

[...]

(26)      [...] Ba cheart [...] a áirithiú nach bhfuil na sonraí pearsanta a bhailítear iomarcach ná stóráilte níos faide ná mar is gá chun na gcríoch ar chucu a ndéantar iad a phróiseáil. Níor cheart sonraí pearsanta a phróiseáil ach mura bhféadfaí críoch na próiseála a bhaint amach go réasúnta ar bhealach eile. Chun a áirithiú nach gcoinnítear na sonraí níos faide ná mar is gá, ba cheart don rialaitheoir teorainneacha ama a shocrú don léirscriosadh nó chun athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh. [...]

(27)      Chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, ní mór do na húdaráis inniúla sonraí pearsanta a phróiseáil, arna mbailiú i gcomhthéacs cionta coiriúla sonracha a chosc, agus a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh thar an gcreat sin, chun tuiscint níos fearr a fháil ar ghníomhaíochtaí coiriúla agus chun naisc a bhunú idir na cionta coiriúla éagsúla a nochtadh.

[...]

(37)      Tá cosaint ar leith dlite do shonraí pearsanta ar de chineál fíor-íogair iad maidir le cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha, toisc go bhféadfaí rioscaí suntasacha a chruthú do na cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha mar thoradh ar chomhthéacs a bpróiseála. [...]

[...]

(47)      [...] Caithfear an ceart a bheith ag duine nádúrtha freisin go srian a chur ar phróiseáil [...] nuair a chaithfear na sonraí pearsanta a choinneáil chun críocha fianaise. Ar bhonn níos sonraí, in ionad sonraí pearsanta a léirscriosadh, ba cheart go gcuirfí srian ar phróiseáil más rud é, i gcás sonrach, go bhfuil forais réasúnacha ann lena chreidiúint go bhféadfadh scriosadh difear a dhéanamh do leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí. I gcás den sórt sin, níor cheart sonraí srianta a phróiseáil ach amháin chun na críche ar chuici a cuireadh cosc ar scriosadh na sonraí sin. [...]

[...]

(104)      Leis an Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear sa [Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’)], mar a chumhdaítear iad sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an ceart go ndéanfar an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh a urramú, an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint agus an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil. Tá na teorainneacha a chuirtear ar na cearta sin i gcomhréir le hAirteagal 52(1) den Chairt toisc go bhfuil siad riachtanach chun freastal ar chuspóirí leasa ghinearálta arna n‑aithint ag an Aontas nó an riachtanas cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

4        Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 1(1) den Treoir sin, dar teideal ‘Ábhar agus cuspóirí’:

‘Leagtar síos leis an Treoir seo na rialacha a bhaineann le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n‑áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a chur ar na bagairtí sin.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

5        Foráiltear in Airteagal 2(1) agus (3) den Treoir sin, Airteagal dar teideal ‘Raon feidhme’:

‘1.      Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil ag údaráis inniúla chun na gcríoch a leagtar amach in Airteagal 1(1).

[...]

3.      Níl feidhm ag an Treoir seo maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil sna cásanna seo a leanas:

a)      má dhéantar an phróiseáil mar chuid de ghníomhaíocht nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais;

[...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

6        Foráiltear le hAirteagal 3 den Treoir sin, dar teideal ‘Sainmhínithe’, don mhéid seo a leanas:

‘Chun críocha na Treorach seo, ciallaíonn:

[...]

2.       “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d’oibríochtaí […] a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, amhail [...] stóráil [...];

[...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

7        Foráiltear in Airteagal 4(1) de Threoir 2016/680, Airteagal dar teideal ‘Prionsabail a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta’:

‘Déanfaidh na Ballstáit foráil mar a leanas maidir le sonraí pearsanta:

[...]

c)      beidh siad leordhóthanach, ábhartha agus ní bheidh siad iomarcach i ndáil leis na cuspóirí dá ndéantar próiseáil orthu;

[...]

e)      déanfar iad a choinneáil i bhfoirm nach gceadaítear léi na hábhair sonraí a shainaithint ach go ceann tréimhse nach faide ná mar is gá chun na críocha sin ar chucu a ndéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil a bhaint amach;

[...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

8        Foráiltear seo a leanas in Airteagal 5 den Treoir sin, dar teideal ‘Teorainneacha ama le haghaidh stóráil agus athbhreithniú’:

‘Forálfaidh na Ballstáit teorainneacha ama iomchuí chun sonraí pearsanta a léirscriosadh nó chun athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an riachtanas atá leis na sonraí pearsanta a stóráil a leagan síos. Cinnteofar le bearta nóis imeachta go léireofar meas ar na teorainneacha ama sin.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

9        Is mar seo a leanas foclaíocht Airteagal 10 den Treoir sin, dar teideal ‘Catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil’:

‘Ní cheadófar sonraí [...] géiniteacha [agus] sonraí bithmhéadracha a phróiseáil chun duine nádúrtha a shainaithint go huathúil [...] ach amháin i gcás ina mbeidh géarghá leis, faoi réir coimircí iomchuí maidir le cearta agus saoirsí an ábhair sonraí [...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

10      Foráiltear le hAirteagal 13(2) den Treoir sin, Airteagal dar teideal ‘Faisnéis atá le cur ar fáil nó le tabhairt don ábhar sonraí’, go ndéanfaidh na Ballstáit, de bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 de, foráil a dhéanamh, de réir dlí, go dtabharfaidh an rialaitheoir don ábhar sonraí an fhaisnéis bhreise a liostaítear i mír 2 don ábhar sonraí, i gcásanna sonracha, ionas go mbeidh an duine sin in ann a chearta nó a cearta a fheidhmiú. Áireofar san fhaisnéis bhreise sin, go háirithe, pointe (b) de mhír 2, an tréimhse ar lena linn a stórálfar na sonraí pearsanta, nó murab indéanta sin, na critéir a úsáidtear chun an tréimhse sin a chinneadh. Thairis sin, leagtar amach in Airteagal 13(3) de Threoir 2016/680 na forais ar a bhféadfaidh na Ballstáit bearta reachtacha a ghlacadh chun moill nó srian a chur ar sholáthar faisnéise don ábhar sonraí de bhun mhír 2 den Airteagal sin nó gan an fhaisnéis sin a sholáthar dó ar chor ar bith.

11      Foráiltear mar seo a leanas in Airteagal 14 de Threoir 2016/680, dar teideal ‘Ceart rochtana ag an ábhar sonraí’:

‘Faoi réir Airteagal 15, déanfaidh na Ballstáit foráil go mbeidh sé de cheart ag an ábhar sonraí deimhniú a fháil ón rialaitheoir an bhfuil sonraí pearsanta a bhaineann leis á bpróiseáil nó nach bhfuil, agus, i gcás inarb amhlaidh an cás, rochtain a fháil ar na sonraí sin agus ar an bhfaisnéis seo a leanas:

[...]

d)      i gcás inar féidir, an tréimhse a meastar go stórálfar na sonraí pearsanta lena linn, nó murar féidir é sin, na critéir a úsáidtear chun an tréimhse sin a chinneadh;

[...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

12      Foráiltear le hAirteagal 16(2) agus (3) den Treoir sin, Airteagal dar teideal ‘An ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a cheartú nó a léirscriosadh agus srianadh na próiseála’

‘2.      Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar an rialaitheoir sonraí pearsanta a léirscriosadh gan mhoill mhíchuí agus beidh an ceart ag an ábhar sonraí léirscriosadh sonraí pearsanta a bhaineann leis a fháil ón rialaitheoir gan mhoill mhíchuí, i gcás ina sáraíonn an phróiseáil na forálacha arna nglacadh de bhun Airteagal 4, 8 nó 10, nó nuair is gá go léirscriosfaí sonraí pearsanta chun oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh a bhfuil an rialaitheoir faoina réir.

3.      In ionad léirscrios a dhéanamh, cuirfidh an rialaitheoir srian le próiseáil sna cásanna seo a leanas:

a)      i gcás ina gconspóideann an t‑ábhar sonraí cruinneas na sonraí pearsanta agus nach féidir a gcruinneas nó a míchruinneas a fhionnadh; nó

b) i gcás inar gá na sonraí pearsanta a choimeád chun críocha fianaise.

[...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

13      Faoi Airteagal 20 den Treoir sin, dar teideal ‘Cosaint sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú’, ní mór do na Ballstáit a fhoráil go ndéanfaidh an rialaitheoir bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme chun ceanglais na Treorach sin a chomhlíonadh agus chun cearta na n‑ábhar sonraí a chosaint agus, go háirithe, a áirithiú nach bpróiseálfar, mar réamhshocrú, ach na sonraí pearsanta atá riachtanach i gcás gach cuspóra shonraigh atá leis an bpróiseáil.

14      Leagtar amach an méid seo a leanas in Airteagal 29(1) de Threoir 2016/680, Airteagal dar teideal ‘Slándáil na próiseála’:

‘Forálfaidh na Ballstáit, agus úrscothacht an eolais lena mbaineann, na costais a bhaineann leis an gcur chun feidhme, agus cineál, raon feidhme, comhthéacs agus críocha na próiseála á gcur san áireamh, mar aon leis na rioscaí do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha a bhaineann leis an bpróiseáil, ar riosca é lena ngabhann dóchúlacht agus déine éagsúil, déanfaidh an rialaitheoir agus an próiseálaí bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme chun leibhéal slándála a áirithiú is iomchuí don riosca sin, go háirithe maidir le catagóirí speisialta sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 10 a phróiseáil.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

 Dlí na Bulgáire

 An Cód Coiriúil

15      Foráiltear an méid seo a leanas in Airteagal 82(1) den Nakazatelen kodeks (an Cód Coiriúil, DV Uimh. 26, an 2 Aibreán 1968), sa leagan is infheidhme i leith na díospóide sna príomhimeachtaí:

‘Ní chuirfear an phianbhreith a fhorchuirtear i bhfeidhm sna cásanna seo a leanas:

1.      20 bliain, más príosúnacht saoil í an phianbhreith gan an fhéidearthacht go laghdófar í nó príosúnacht saoil;

2.      15 bliana, más príosúnacht níos faide ná 10 mbliana í an phianbhreith a ghearrtar;

3.      10 mbliana, más príosúnacht idir 3 bliana agus 10 mbliana í an phianbhreith.

4.      5 bliana, más príosúnacht níos giorra an phianbhreith ná 3 bliana príosúnachta í an phianbhreith, agus

5.      2 bhliain, i ngach cás eile.’

16      Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 85(1) den Chód Coiriúil:

‘Scriosfar an ciontú le hathinmheachán agus cealóidh sé na héifeachtaí a ghabhann leis an gciontú féin don todhchaí, mura bhforáiltear a mhalairt le dlí nó le foraithne.’

17      Seo a leanas Airteagal 88a den chód sin:

‘Más rud é, tar éis an phianbhreith a chur isteach, go bhfuil tréimhse ama caite atá comhionann leis an téarma dá dtagraítear in Airteagal 82(1), agus nach bhfuil cion coiriúil intinniúil nua déanta ag an duine ciontaithe, a ndéantar ionchúiseamh poiblí air agus atá faoi réir pianbhreith príosúnachta, déanfar an phianbhreith agus na hiarmhairtí a ghabhann leis a scriosadh d’ainneoin aon fhoráil dá bhforáiltear le haon dlí nó foraithne eile.’

 An Dlí maidir leis an Aireacht Gnóthaí Baile

18      Foráiltear, le hAirteagal 26 den Zakon za Ministerstvo na vatreshnite raboti (Dlí maidir leis an Aireacht Gnóthaí Baile, DV Uimh. 53 an 27 Meitheamh 2014), sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí (‘an Dlí maidir leis an Aireacht Gnóthaí Baile’), don mhéid seo a leanas:

‘(1)      Agus sonraí pearsanta á bpróiseáil acu i ndáil le gníomhaíochtaí a bhaineann le cosaint na slándála náisiúnta, leis an gcomhrac in aghaidh na coireachta, le caomhnú an oird phoiblí agus le himeachtaí coiriúla a stiúradh, féadfaidh údaráis na hAireachta Gnóthaí Baile an méid seo a leanas a dhéanamh:

[...]

3.      gach catagóir sonraí pearsanta is gá a phróiseáil;

[...]

(2)      Is é an tAire Gnóthaí Baile a shocróidh na teorainneacha ama maidir leis na sonraí dá dtagraítear i mír 1 a stóráil nó maidir le fíorú tréimhsiúil a dhéanamh ar an ngá atá leis na sonraí sin a stóráil. Déanfar sonraí den sórt sin a scriosadh freisin de bhua gníomh breithiúnach nó de bhua cinneadh ón gCoimisiún um Chosaint Sonraí Pearsanta.’

19      Foráiltear mar seo le hAirteagal 27 den Dlí maidir leis an Aireacht Gnóthaí Baile:

‘Ní dhéanfar sonraí pearsanta ó chlárú daoine i gclár na bpóilíní de bhonn Airteagal 68 a úsáid ach amháin chun críche an tslándáil náisiúnta a chosaint, an choireacht a chomhrac agus an t‑ord poiblí a chothabháil.’

20      Seo a leanas mar atá an téacs in Airteagal 68 den dlí sin:

‘(1)      Cláróidh na húdaráis phóilíneachta daoine a ionchúiseofar i gcion intinniúil atá faoi réir ionchúiseamh poiblí i gclár na bpóilíní. Beidh sé d’oibleagáid ar na húdaráis imscrúdaithe na bearta is gá a ghlacadh chun go ndéanfaidh na húdaráis phóilíneachta an iontráil sa chlár.

(2)      Is cineál próiseála ar shonraí pearsanta daoine dá dtagraítear i mír 1 é clárú i gclár na bpóilíní, próiseáil a dhéantar faoi chuimsiú an dlí seo.

(3)      Chun críoch an chlárú i gclár na bpóilíní, déanfaidh na húdaráis phóilíneachta:

1.      [sonraí pearsanta] a bhailiú maidir le daoine dá dtagraítear in Airteagal 18 den Dlí maidir le Doiciméid Aitheantais na Bulgáire;

2.      méarloirg daoine a ghlacadh agus grianghraif a ghlacadh díobh;

3.      samplaí a ghlacadh chun próifíl DNA na ndaoine a chruthú.

[...]

(6)      Déanfar an clárú i gclár na bpóilíní a scriosadh ar bhonn ordú i scríbhinn ón rialaitheoir sonraí pearsanta nó ó na hoifigigh a bheidh údaraithe aige, go huathoibríoch nó tar éis iarratas réasúnaithe i scríbhinn ón duine cláraithe, sna cásanna seo a leanas:

1.      ina ndearnadh an clárú de shárú ar an dlí;

2.      inar scoireadh de na himeachtaí coiriúla, ach amháin sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 24(3) den [Nakazatelno-protsesualen kodeks (Cód um Nós Imeachta Coiriúil)];

3.      ina bhfuil éigiontú mar thoradh ar na himeachtaí coiriúla;

4.      inar saoradh an duine as dliteanas coiriúil agus gur forchuireadh smachtbhanna riaracháin air;

5.      ina bhfuair an duine bás, agus sa chás sin féadfaidh a oidhrí an t‑iarratas a dhéanamh.

[...]’

 An díospóid sna príomhimeachtaí agus an cheist arna tarchur le haghaidh réamhrialú

21      Cláraíodh NG i gclár na bpóilíní, i gcomhréir le hAirteagal 68 den Dlí maidir leis an Aireacht Gnóthaí Baile, le linn imeachtaí imscrúdaithe as mionn éithigh a thabhairt, cion coiriúil de réir Airteagal 290(1) den Chód Coiriúil. Ag deireadh na n‑imeachtaí imscrúdaithe sin rinneadh díotáil air agus, le breithiúnas an 28 Meitheamh 2016, arna sheasamh ar achomharc an 2 Nollaig 2016, fuarthas ciontach sa chion sin é agus gearradh pianbhreith phromhaidh bliana air. Tar éis do NG an phianbhreith sin a chur isteach, i gcomhréir le hAirteagal 82(1) agus i gcomhar le hAirteagal 88a den Chód Coiriúil, bhain sé tairbhe as athinmheachán a tharla ar an 14 Márta 2020.

22      Ar an 15 Iúil 2020, ar bhonn an phardúin sin, chuir NG iarratas faoi bhráid riarachán críochach inniúil na hAireachta Gnóthaí Baile go ndéanfaí an clárú sin a scriosadh.

23      Le cinneadh an 2 Meán Fómhair 2020, dhiúltaigh DGPN don iarratas sin agus é den tuairim nach bhfuil ciontú coiriúil críochnaitheach, lena n‑áirítear cásanna ina mbaineadh athinmheacháin amach, ar cheann de na forais lena ndéanfaí clárú a scriosadh ó chlár na bpóilíní, a liostaítear ina n‑iomláine in Airteagal 68(6) den dlí maidir leis an Aireacht Gnóthaí Baile.

24      Le cinneadh an 2 Feabhra 2021, rinne Administrativen sad Sofia grad (Cúirt Riaracháin Chathair Shóifia, an Bhulgáir) caingean NG in aghaidh an chinnidh sin de chuid DGPN a dhíbhe ar fhorais atá cosúil leis na forais ar a raibh DGPN ag brath, go bunúsach.

25      Thug NG achomharc os comhair na cúirte a rinne an tarchur, an Varhoven administrativen sad (an Chúirt Riaracháin Uachtarach, an Bhulgáir). Is é an príomhfhoras atá leis an achomharc ná gur sáraíodh an prionsabal, atá le tuiscint ó Airteagail 5, 13 agus 14 de Threoir 2016/680, nach féidir leis an bpróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta, lena gcuirtear stóráil na sonraí sin sa siúl, a bheith gan teorainn ama. Dar le NG, go bunúsach, go mba amhlaidh a bheadh, de facto, in éagmais forais le clárú a scriosadh ó chlár na bpóilíní lena mbaineann i gcás athinmheacháin, nach bhféadfadh an duine lena mbaineann na sonraí pearsanta a bailíodh i ndáil leis an gcion coiriúil ar ciontaíodh é go críochnaitheach ina leith a scriosadh riamh, tar éis dó a phianbhreith a chur isteach agus tairbhe a bhaint as athinmheachán den sórt sin.

26      I ndáil leis sin, sa chéad áit, tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire gurb ionann clárú i gclár na bpóilíní agus próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar chun na gcríoch a leagtar amach in Airteagal 1(1) de Threoir 2016/680, agus dá bhrí sin go dtagann sé faoi raon feidhme na Treorach sin.

27      Sa dara háit, cuireann an chúirt sin in iúl nach bhfuil an t-athinmheachán ar cheann de na forais le clárú a scriosadh ó chlár na bpóilíní a liostaítear go hiomlán in Airteagal 68(6) den Dlí maidir leis an Aireacht Gnóthaí Baile, agus nach dócha go mbeadh feidhm ag aon cheann de na forais eile sin i gcás den sórt sin, rud a fhágann nach féidir leis an duine lena mbaineann a gclárú a scriosadh ó chlár na bpóilíní ina leithéid de chás.

28      Sa tríú háit, tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire go ndéantar tagairt in aithris 26 de Threoir 2016/680 do choimircí chun a áirithiú nach bhfuil na sonraí a bhailítear iomarcach ná stóráilte ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá chun na gcríoch ar chucu a dhéantar iad a phróiseáil agus luaitear ann nach mór don rialaitheoir teorainneacha ama a shocrú chun a léirscriosta nó chun athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh. Ina theannta sin, baineann an chúirt sin as aithris 34 den Treoir sin gur cheart srianta, scriosadh nó léirscriosadh na sonraí sin a bheith i gceist le próiseáil chun na gcríoch a leagtar amach in Airteagal 1(1) di. Dar leis an gcúirt sin, léirítear na prionsabail sin in Airteagal 5 agus in Airteagal 13(2) agus (3) den Treoir sin.

29      I ndáil leis sin, tá amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur maidir leis an gceist an gcuireann na cuspóirí a leagtar amach sa mhír roimhe seo bac ar reachtaíocht náisiúnta as a n‑eascraíonn, do na húdaráis inniúla, ‘ceart atá nach mór gan teorann’ chun sonraí a phróiseáil chun na gcríoch a leagtar amach in Airteagal 1(1) de Threoir 2016/680 agus, i gcás an duine lena mbaineann, agus maidir leis an gceist go gcaillfear a cheart chun srian a chur le próiseáil nó chun a chuid sonraí a scriosadh.

30      Sna himthosca sin, chinn an Varhoven administrativen sad (an Chúirt Riaracháin Uachtarach) bac a chur ar na himeachtaí agus an cheist seo a leanas a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘An gceadaítear leis an léirmhíniú ar Airteagal 5 arna léamh i gcomhar le hAirteagal 13(2)(b) agus (3) de [Threoir 2016/680] […] bearta náisiúnta reachtacha a bhfuil mar thoradh orthu go bhfuil ceart nach mór gan srian ag na húdaráis inniúla chun sonraí pearsanta a phróiseáil chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó pionóis choiriúla a chur i bhfeidhm, agus/nó chun ceart an ábhair sonraí chun próiseáil a shonraí a shrianadh nó chun iad a léirscriosadh nó a dhíothú?’

 An cheist arna tarchur chun réamhrialú

31      De réir cásdlí socair, faoin nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 267 CFAE, lena bhforáiltear do chomhar idir na cúirteanna náisiúnta agus an Chúirt Bhreithiúnais, is faoin gCúirt Bhreithiúnais atá sé freagra a thabhairt ar an gcúirt náisiúnta a bheidh úsáideach di agus lena gcuirfear ar a cumas cinneadh a dhéanamh sa díospóid atá roimpi. Chuige sin, is féidir leis an gCúirt Bhreithiúnais, i gcás inarb iomchuí, na ceisteanna a chuirtear faoina bráid a chur i bhfocail eile. Ina theannta sin, d’fhéadfadh an Chúirt Bhreithiúnais a mheas gur gá forálacha dhlí an Aontais nár thagair an chúirt náisiúnta dóibh a chur san áireamh i bhfoclaíocht a ceiste (breithiúnas an 15 Iúil 2021, Ministrstvo za obrambo, C‑742/19, EU:C:2021:597, mír 31 agus an cásdlí dá dtagraítear).

32      Sa chás seo, d’eascair ceist na cúirte a rinne an tarchur ó imthosca, mar is léir ón iarraidh ar réamhrialú agus ón eolas a chuir Rialtas na Bulgáire ar fáil ag an éisteacht os comhair na Cúirte Breithiúnais, nach bhfuil feidhm ag aon cheann de na forais a thugann údar le sonraí pearsanta a scriosadh ó chlár na bpóilíní, forais atá liostaithe go hiomlán leis an Dlí maidir leis an Aireacht Gnóthaí Eachtracha, sa chás sna príomhimeachtaí, cás a bhaineann le duine a ciontaíodh go críochnaitheach, fiú i ndiaidh athinmheachán, agus mar thoradh air sin go bhfuil na sonraí sin stóráilte sa chlár sin agus go bhféadfaidh na húdaráis a bhfuil rochtain acu air iad a phróiseáil gan aon teorainn ama seachas bás an duine sin.

33      I ndáil leis sin, ar an gcéad dul síos, is léir ón ordú tarchuir, go háirithe ó na cursaí a bhfuil achoimre déanta orthu i mír 27 den bhreithiúnas seo, agus ó fhriotal na ceiste a tarchuireadh chun réamhrialú féin go bhfiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go háirithe, maidir le comhoiriúnacht na reachtaíochta náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí le prionsabal na comhréireachta. Mar a chuirtear i bhfios in aithris 104 de Threoir 2016/680, ní mór na teorainneacha a fhorchuirtear leis an Treoir sin maidir leis an gceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, dá bhforáiltear in Airteagal 8 den Chairt, agus maidir leis na cearta go ndéanfar an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh a urramú agus chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil, arna gcosaint le hAirteagail 7 agus 47 den Chairt sin faoi seach, a léiriú i gcomhréir le ceanglais Airteagal 52(1) de, lena n‑áirítear an ceanglas go gcomhlíonfar an prionsabal sin.

34      Ina dhiaidh sin, i bhfoclaíocht na ceiste, déanann an chúirt a rinne an tarchur tagairt mar is cuí d’Airteagal 5 den Treoir thuasluaite, foráil a bhaineann leis na teorainneacha ama iomchuí chun sonraí pearsanta a léirscriosadh nó chun athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an riachtanas atá leis na sonraí a stóráil. Ós rud é go bhfuil dlúthbhaint ag Airteagal 5 le hAirteagal 4(1)(c) agus (e) den Treoir sin chomh maith le hAirteagal 16(2) agus (3) den Treoir sin araon, ní mór an cheist a tharchuirtear chun réamhrialú a thuiscint mar cheist atá ag tagairt don dá fhoráil sin freisin.

35      Ar an gcaoi chéanna, ós rud é go bhforáiltear leis an reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí, inter alia, do shonraí bithmhéadracha agus géiniteacha a thagann faoi réim na gcatagóirí speisialta sonraí pearsanta a rialaítear a bpróiseáil go sonrach le hAirteagal 10 de Threoir 2016/680 a stóráil, ní mór a mheas go mbaineann an cheist a tharchuirtear freisin le léiriú na forála sin.

36      Ar deireadh, níl ábharthacht léiriú ar Airteagal 13 de Threoir 2016/680 soiléir ón iarraidh ar réamhrialú cé is moite de mhír 2(b) de. Dar ndóigh, de réir mar a thugann an chúirt a rinne an tarchur le fios, léirítear i mír 3 den Airteagal freisin na prionsabail a leagtar amach, inter alia, in aithris 26 den Treoir sin. Mar sin féin, ní léiríonn an comhad a cuireadh faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais go bhfuil beart reachtach i gceist sna príomhimeachtaí ar beart é lena gcuirtear moill nó srian ar sholáthar faisnéise don duine lena mbaineann, de réir bhrí Airteagal 13(3).

37      I bhfianaise an mhéid thuas, ní mór a mheas, lena ceist, go bhfiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 4(1)(c) agus (e) de Threoir 2016/680, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 5 agus 10, le hAirteagal 13(2)(b) agus le hAirteagal 16(2) agus (3) de, agus i bhfianaise Airteagail 7 agus 8 den Chairt, a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear go ndéanfaidh na húdaráis phóilíneachta stóráil, chun críocha cionta coiriúla a chosc, chun cionta coiriúla a imscrúdú, chun cionta coiriúla a bhrath nó chun cionta coiriúla a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a chur i bhfeidhm ar shonraí pearsanta, go háirithe, ar shonraí bithmhéadracha agus géiniteacha a bhaineann le daoine a bhí faoi réir ciontú coiriúil deiridh i gcion coiriúil intinniúil a thagann faoi raon feidhme an ionchúisimh phoiblí, go dtí go bhfaighidh an t‑ábhar sonraí bás, lena n‑áirítear i gcás athinmheacháin an ábhair sonraí, gan an ceart go ndéanfaí sonraí den sórt sin a léirscriosadh a aithint ar bhealach eile ná, i gcás inarb infheidhme, an ceart chun srian a chur ar a bpróiseáil.

38      Mar réamhphointe, ba cheart a thabhairt faoi deara go mbaineann an cheist a tarchuireadh le próiseáil sonraí pearsanta chun críocha a thagann, i gcomhréir le hAirteagal 1(1) de Threoir 2016/680, faoi raon feidhme na Treorach sin. Mar sin féin, is léir ó Airteagal 27 den Dlí maidir leis an Aireacht Gnóthaí Baile, a luaitear san ordú tarchuir, go bhféadfar na sonraí a stóráiltear i gclár na bpóilíní a phróiseáil freisin i gcomhthéacs chosaint na slándála náisiúnta, nach bhfuil feidhm ag an Treoir sin ina leith de réir Airteagal 2(3)(a) den Treoir sin, arna léamh i bhfianaise aithris 14 di. Dá bhrí sin, is faoin gcúirt a rinne an tarchur a bheidh sé a áirithiú nach bhféadfadh feidhm a bheith ag stóráil shonraí an iarratasóra sna príomhimeachtaí maidir le cuspóirí a bhaineann le cosaint na slándála náisiúnta, agus tuigtear go ndéantar tagairt le hAirteagal 2(3)(a) sin d’eisceacht ó chur i bhfeidhm dhlí an Aontais nach mór a léiriú go docht (féach, de réir analaí, breithiúnas an 22 Meitheamh 2021, Latvijas Republikas Saeima (Pointí pionóis), C‑439/19, EU:C:2021:504, mír 62 agus an cásdlí dá dtagraítear).

39      Sa chéad áit, ní mór a mheabhrú nach sainchearta daingne iad na cearta bunúsacha chun go ndéanfar an saol príobháideach a urramú agus an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, a ráthaítear le hAirteagail 7 agus 8 den Chairt, ach ní mór iad a mheas i ndáil lena bhfeidhm sa tsochaí agus iad á gcothromú le cearta bunúsacha eile. Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 52(1) den Chairt, ní mór teorann ar bith a chuirtear i bhfeidhm ar fheidhmiú na gceart bunúsach sin a fhoráil sa dlí agus ní mór go ndéantar bunbhrí na gceart bunúsach agus prionsabal na comhréireachta a urramú. De bhun an phrionsabail sin, ní fhéadfar teorainneacha a thabhairt isteach ach amháin má tá gá leo agus má fhreagraíonn siad go hiarbhír do chuspóirí leasa ghinearálta arna n‑aithint ag an Aontas nó don riachtanas chun cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint. Ní mór na teorainneacha sin a chur i bhfeidhm a mhéid a bhfuil fíorghá leo amháin agus ní mór don reachtaíocht lena mbaineann rialacha soiléire agus beachta a leagan síos lena rialaítear raon feidhme agus cur i bhfeidhm na dteorainneacha sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Meitheamh 2021, Latvijas Republikas Saeima (Pointí pionóis), C‑439/19, EU:C:2021:504, mír 105 agus an cásdlí dá dtagraítear).

40      Mar a luaitear, go bunúsach, in aithris 26 de Threoir 2016/680, ní chomhlíontar na ceanglais sin i gcás inar féidir cuspóir an leasa ghinearálta atá á shaothrú a bhaint amach ar bhealach atá chomh héifeachtach céanna ar bhealaí eile, nach ndéanann dochar do chearta bunúsacha na ndaoine lena mbaineann (féach, de réir analaí, breithiúnas an 22 Meitheamh 2021, Latvijas Republikas Saeima (Pointí pionóis), C‑439/19, EU:C:2021:504, mír 110 agus an cásdlí dá dtagraítear).

41      Sa dara háit, thar aon rud eile, faoi Airteagal 4(1)(c) den Treoir sin, ní mór do na Ballstáit foráil a dhéanamh go bhfuil na sonraí pearsanta leordhóthanach, ábhartha agus nach bhfuil siad iomarcach i ndáil leis na cuspóirí dá ndéantar próiseáil orthu. Dá bhrí sin, ceanglaítear ar na Ballstáit leis an bhforáil sin prionsabal an ‘íoslaghdú sonraí’ a chomhlíonadh, prionsabal lena gcuirtear prionsabal na comhréireachta in iúl (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Meitheamh 2021, Latvijas Republikas Saeima (Pointí pionóis), C‑439/19, EU:C:2021:504, mír 98 agus an cásdlí dá dtagraítear).

42      Dá bhrí sin, go háirithe, ní mór do bhailiú sonraí pearsanta i gcomhthéacs imeachtaí coiriúla agus stóráil na sonraí sin ag na húdaráis phóilíneachta chun na gcríoch a leagtar amach in Airteagal 1(1) den Treoir sin, na ceanglais sin a chomhlíonadh, amhail aon phróiseáil a thagann faoi raon feidhme na Treorach sin. Is ionann stóráil den sórt sin agus cur isteach ar na cearta bunúsacha maidir le meas ar an saol príobháideach agus cosaint na sonraí pearsanta, beag beann ar cibé acu atá nó nach bhfuil an fhaisnéis a stóráiltear de chineál íogair, cibé acu ar fhulaing nó nár fhulaing an duine lena mbaineann aon mhíbhuntáiste mar thoradh ar an gcur isteach sin, nó cibé acu an úsáidfear nó nach n‑úsáidfear na sonraí a stóráiltear ina dhiaidh sin (féach, de réir analaí, breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Commissioner of An Garda Síochána agus páirtithe eile, C‑140/20, EU:C:2022:258, mír 44 agus an cásdlí dá dtagraítear).

43      Ina theannta sin, ar bhonn níos sonraí, maidir le comhréireacht thréimhse stórála na sonraí sin, ní mór do na Ballstáit, faoi Airteagal 4(1)(e) de Threoir 2016/680, foráil a dhéanamh go stórálfar na sonraí sin i bhfoirm nach gceadaítear léi na hábhair sonraí a shainaithint ach go ceann tréimhse nach faide ná mar is gá chun na críocha sin ar chucu a ndéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil a bhaint amach.

44      Sa chomhthéacs sin, ceanglaítear ar na Ballstáit le hAirteagal 5 den Treoir sin teorainneacha ama iomchuí a leagan síos chun sonraí pearsanta a léirscriosadh nó chun athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an riachtanas atá leis na sonraí pearsanta a stóráil agus maidir le rialacha nós imeachta lena n‑áirithítear comhlíonadh na dteorainneacha ama sin.

45      Mar a luaitear in aithris 26 den Treoir sin, tá sé beartaithe leis an bhforáil sin a áirithiú, i gcomhréir le ceanglais Airteagal 4(1)(e) den Treoir sin, nach stórálfar sonraí pearsanta ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá. Go deimhin, fágtar faoi na Ballstáit é teorainneacha ama iomchuí a leagan síos don tréimhse stórála agus cinneadh a dhéanamh an mbaineann na teorainneacha ama sin le léirscriosadh na sonraí sin nó le hathbhreithniú rialta a dhéanamh ar an riachtanas atá leis na sonraí pearsanta a stóráil, ar choinníoll go ráthaítear comhlíonadh na dteorainneacha ama sin le rialacha nós imeachta iomchuí. Éilíonn ‘iomchuibheas’ na dteorainneacha ama sin, áfach, in aon chás, i gcomhréir le hAirteagal 4(1)(c) agus (e) den Treoir sin, arna léamh i bhfianaise Airteagal 52(1) den Chairt, go gceadaítear leis na teorainneacha ama sin, i gcás inarb iomchuí, na sonraí lena mbaineann a léirscriosadh mura bhfuil údar ann a thuilleadh leis na sonraí sin a stóráil ag féachaint ar chuspóir na próiseála.

46      Chun a chur ar chumas na n‑ábhar sonraí ‘iomchuibheas’ na dteorainneacha ama sin a fhíorú agus, i gcás inarb iomchuí, léirscriosadh den sórt sin a iarraidh, foráiltear le hAirteagal 13(2)(b) agus le hAirteagal 14(d) de Threoir 2016/680, i bprionsabal, go bhféadfar na daoine sin a chur ar an eolas, i bprionsabal, i gcás inar féidir, faoin tréimhse a bhfuil na sonraí pearsanta á stóráil lena linn nó, i gcás nach bhfuil sé sin indéanta, faoi na critéir a úsáidtear chun an tréimhse sin a chinneadh.

47      An chéad ábhar eile, is foráil shonrach é Airteagal 10 de Threoir 2016/680 lena rialaítear próiseáil catagóirí speisialta sonraí pearsanta, go háirithe sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha. Féachtar leis an bhforáil seo cosaint níos fearr a áirithiú don ábhar sonraí, a mhéid is dócha, mar gheall ar a n‑íogaireacht ar leith agus ar an gcomhthéacs ina ndéantar iad a phróiseáil, go mbeidh na sonraí atá i gceist ina gcúis, mar is léir ó aithris 37 den Treoir sin, le rioscaí suntasacha do chearta agus saoirsí bunúsacha, amhail an ceart go n‑urramófaí an saol príobháideach agus an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, a ráthaítear le hAirteagail 7 agus 8 den Chairt (breithiúnas an 26 Eanáir 2023, Ministerstvo na vatreshnite raboti (Clárú sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha ag na póilíní), C‑205/21, EU:C:2023:49, mír 116 agus an cásdlí dá dtagraítear).

48      Go sonrach, leagtar síos in Airteagal 10 an ceanglas nach gceadófar sonraí íogaire a phróiseáil ach amháin i gcásanna ‘ina mbeidh géarghá leis’, ar choinníoll neartaithe é maidir le dlíthiúlacht phróiseáil na sonraí sin agus a bhaineann, inter alia, le faireachán dian ar chomhlíonadh phrionsabal an ‘íoslaghdú sonraí’, mar a leanas ó Airteagal 4(1)(c) de Threoir 2016/680, arb ionann a cheanglas agus cur i bhfeidhm sonrach maidir leis na sonraí íogaire sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 26 Eanáir 2023, Ministerstvo na vatreshnite raboti (Clárú sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha ag na póilíní), C‑205/21, EU:C:2023:49, míreanna 117, 122 agus 125].

49      Ar deireadh, le hAirteagal 16(2) de Threoir 2016/680 bunaítear an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a léirscriosadh i gcás inarb ionann an phróiseáil agus sárú ar na forálacha arna nglacadh de bhun Airteagal 4, 8 nó 10 den Treoir sin nó i gcás inar gá na sonraí sin a léirscriosadh chun oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an rialaitheoir faoina réir a chomhlíonadh.

50      Tá sé le tuiscint as Airteagal 16(2) go bhféadfar an ceart chun léirscriosta a fheidhmiú, inter alia, i gcás nach bhfuil gá leis na sonraí pearsanta atá i gceist a stóráil nó nach bhfuil gá leo a thuilleadh chun na gcríoch ar chucu a ndéantar iad a phróiseáil, de shárú ar fhorálacha an dlí náisiúnta lena gcuirtear Airteagal 4(1)(c) agus (e) den Treoir sin chun feidhme agus, i gcás inarb iomchuí, Airteagal 10 di, nó i gcás ina bhfuil gá leis an léirscriosadh sin chun an teorainn ama a leagtar síos, chun na críche sin leis an dlí náisiúnta de bhun Airteagal 5 den Treoir sin a chomhlíonadh.

51      Mar sin féin, de bhun Airteagal 16(3) de Threoir 2016/680, ní mór a fhoráil leis an dlí náisiúnta go gcuirfidh an rialaitheoir srian le próiseáil na sonraí sin seachas iad a léirscriosadh i gcás ina ndéanfaidh an t‑ábhar sonraí, i gcomhréir le pointe (a) den fhoráil sin, cruinneas na sonraí pearsanta a chonspóid agus nach féidir a gcruinneas nó a míchruinneas a fhionnadh, nó más rud é, i gcomhréir le pointe (b) de, nach mór na sonraí pearsanta a stóráil chun críocha fianaise.

52      Is léir ón méid sin thuas go leagtar síos le forálacha Threoir 2016/680 a scrúdaíodh i míreanna 41 go 51 den bhreithiúnas seo creat ginearálta chun a áirithiú, inter alia, go bhfuil stóráil sonraí pearsanta agus, go háirithe, fad na stórála sin teoranta don mhéid atá riachtanach chun na gcríoch ar chucu a ndéantar iad a stóráil i bhfianaise na gcuspóirí ar chucu a choinnítear na sonraí sin, agus ag an am céanna fágtar faoi na Ballstáit é a chinneadh, i gcomhréir leis an gcreat sin, na cásanna sonracha ina n‑éilítear, chun cearta bunúsacha an ábhair sonraí a chosaint, na sonraí sin a léirscriosadh agus an tráth is gá an léirscriosadh sin a dhéanamh. Os a choinne sin, mar a chuir an tAbhcóide Ginearálta in iúl, go bunúsach, i bpointe 28 dá Thuairim, ní cheanglaítear leis na forálacha sin ar na Ballstáit teorannacha ama daingne a shainiú maidir le sonraí pearsanta a stóráil agus thar a leithéid de theorainneacha sin ba cheart na sonraí sin a léirscriosadh go huathoibríoch.

53      Sa chás seo, is léir ón gcomhad atá os comhair na Cúirte Breithiúnais nach stóráiltear na sonraí pearsanta atá i gclár na bpóilíní de bhun Airteagal 68 den Dlí maidir leis an Aireacht Gnóthaí Baile ach amháin chun críche imscrúduithe oibríochtúla agus, go sonrach, chun iad a chur i gcomparáid le sonraí eile a bhailítear le linn imscrúduithe a bhaineann le cionta eile.

54      I ndáil leis sin, ar an gcéad dul síos, ba cheart a thabhairt chun suntais go bhféadfadh sé gur gá sonraí a bhaineann le daoine a bhí faoi réir ciontú coiriúil deiridh i gcion coiriúil intinniúil a thagann faoi raon feidhme an ionchúisimh phoiblí i gclár póilíneachta chun na gcríoch a luaitear sa mhír roimhe seo, fiú tar éis an ciontú sin a scriosadh ón taifead coiriúil agus, dá bhrí sin, go bhfágtar na héifeachtaí a ghabhann leis an gciontú sin faoin reachtaíocht náisiúnta gan éifeacht. Is dócha go mbeidh na daoine sin páirteach i gcionta coiriúla eile chomh maith leo siúd ar ciontaíodh iad ina leith nó, os a choinne sin, go saorfar iad ó mhilleán trí na sonraí a stórálann na húdaráis sin a chur i gcomparáid leis na sonraí a bailíodh le linn na n‑imscrúduithe a bhaineann leis na cionta eile sin.

55      Is dócha go rannchuideoidh stóráil faisnéise den sórt sin leis an gcuspóir a leagtar amach in aithris 27 de Threoir 2016/680, ar dá réir, chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, nach mór do na húdaráis inniúla sonraí pearsanta a phróiseáil, arna mbailiú i gcomhthéacs cionta coiriúla sonracha a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh thar an gcreat sin, chun tuiscint níos fearr a fháil ar ghníomhaíochtaí coiriúla agus chun naisc a bhunú idir na cionta coiriúla éagsúla a nochtadh (féach, chuige sin, breithiúnas an 26 Eanáir 2023, Ministerstvo na vatreshnite raboti (Clárú sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha ag na póilíní), C‑205/21, EU:C:2023:49, mír 98).

56      Ar an dara dul síos, is léir ón gcomhad atá os comhair na Cúirte Breithiúnais go ndéantar na sonraí a bhaineann leis an duine lena mbaineann dá dtagraítear i reachtaíocht na Bulgáire maidir le doiciméid aitheantais, a mhéarloirg a thógáil, a ghrianghraf agus bailiúchán samplaí le haghaidh phróifíliú DNA, lena stóráiltear, mar a dhearbhaigh Rialtas na Bulgáire ag an éisteacht, na sonraí a bhaineann leis na cionta coiriúla a rinne an duine lena mbaineann agus a chiontuithe ar an mbonn sin sa chlár póilíneachta atá i gceist sna príomhimeachtaí. D’fhéadfadh sé go mbeadh na catagóirí éagsúla sonraí sin fíor-riachtanach chun a fhíorú an bhfuil an duine lena mbaineann rannpháirteach i gcomhthéacs cionta coiriúla eile chomh maith leis na cionta ar ciontaíodh an duine sin ina leith go críochnaitheach. Dá bhrí sin, féadfar a mheas, i bprionsabal, go bhfuil na sonraí sin leordhóthanach agus ábhartha i bhfianaise na gcríoch ar chucu a ndéantar próiseáil orthu, de réir bhrí Airteagal 4(1)(c) de Threoir 2016/680.

57      Ar an tríú dul síos, ní mór comhréireacht na stórála sin i bhfianaise a chuspóirí a mheas freisin trí na bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta a chur san áireamh, ar bearta iad atá ceaptha rúndacht agus slándáil na sonraí a stóráiltear a áirithiú maidir le próiseáil atá contrártha do cheanglais Threoir 2016/680, i gcomhréir le hAirteagail 20 agus 29 den Treoir sin, agus go háirithe na bearta dá dtagraítear in Airteagal 20(2) de, lena n‑áirithítear nach bpróiseálfar ach sonraí pearsanta atá riachtanach i gcás gach cuspóra shonraigh atá leis an bpróiseáil.

58      Sa cheathrú háit, maidir le tréimhse stórála na sonraí pearsanta atá i gceist sna príomhimeachtaí, is léir, sa chás seo, ón iarraidh ar réamhrialú gur i gcás chiontú deiridh an duine lena mbaineann i gcion coiriúil intinniúil a thagann faoi raon feidhme an ionchúisimh phoiblí, agus sa chás sin amháin, a stóráiltear na sonraí sin go dtí go bhfaighidh an duine sin bás, ós rud é go bhforáiltear leis an reachtaíocht náisiúnta go mbainfear clárúcháin na ndaoine atá cúisithe i gcion coiriúil den sórt sin i gcásanna eile.

59      I ndáil leis sin, ní mór a lua, áfach, gur de chineál an‑ghinearálta é an coincheap ‘cion coiriúil intinniúil a thagann faoi raon feidhme an ionchúisimh phoiblí’ agus go bhféadfadh feidhm a bheith ag an gcoincheap seo i leith líon mór cionta coiriúla, beag beann ar chineál agus ar thromchúis na gcionta sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 26 Eanáir 2023, Ministerstvo na vatreshnite raboti (Clárú sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha ag na póilíní), C‑205/21, EU:C:2023:49, mír 129).

60      Mar a chuir an tAbhcóide Ginearálta in iúl freisin, go bunúsach, i bpointí 73 agus 74 dá Thuairim, níl an baol céanna ann go mbeadh na daoine go léir a ciontaíodh i gcion coiriúil a thagann faoin gcoincheap sin páirteach i gcionta coiriúla eile, rud a thugann údar le tréimhse aonfhoirmeach stórála sonraí a bhaineann leo. Dá bhrí sin, i gcásanna áirithe, ag féachaint do thosca amhail cineál agus tromchúis an chiona a rinneadh nó easpa atitimeachais, ní gá go dtabharfaidh an riosca a léiríonn an duine ciontaithe údar cuí leis na sonraí a bhaineann leis a stóráil sa chlár póilíneachta dá bhforáiltear chun na críche sin go dtí a bhás. I gcásanna den sórt sin, ní bheidh an nasc riachtanach ann a thuilleadh idir na sonraí a stóráiltear agus an cuspóir atá á shaothrú (féach, de réir analaí, Tuairim 1/15 (Comhaontú i dtaca le Taifead Ainmneacha Paisinéirí AE-Cheanada), an 26 Iúil 2017, EU:C:2017:592, mír 205). Dá bhrí sin, ní bheidh a stóráil comhsheasmhach le prionsabal an íoslaghdaithe sonraí a leagtar amach in Airteagal 4(1)(c) de Threoir 2016/680 agus rachaidh sé thar an tréimhse is gá chun na críocha sin ar chucu a ndéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil a bhaint amach, rud atá contrártha le hAirteagal 4(1)(e) den Treoir sin.

61      Ba cheart a thabhairt faoi deara, i ndáil leis sin, go bhfuil sé fíor, mar a dúirt an tAbhcóide Ginearálta, go bunúsach, i bpointe 70 dá Thuairim, nach féidir le hathinmheachán duine den sórt sin, a raibh léirscriosadh a chiontú óna thaifead coiriúil mar thoradh air, amhail an méid a tharla sa díospóid sna príomhimeachtaí, ann féin, an riachtanas a bhaint den ghá go ndéanfaí a shonraí a stóráil i gclár na bpóilíní agus go bhfuil cuspóirí difriúla ag baint leis an gclár sin seachas iad siúd a bhaineann leis an taifead coiriúil ina liostaítear a chiontuithe. Mar sin féin, más rud é, mar atá sa chás seo, faoi na forálacha is infheidhme den dlí coiriúil náisiúnta, go bhfuil an t-athinmheachán sin faoin gcoinníoll nach ndéanfar cion coiriúil intinniúil nua a thagann faoi raon feidhme an ionchúisimh phoiblí ar feadh tréimhse áirithe ama tar éis an phianbhreith a chur isteach, d’fhéadfadh sé a bheith ina léiriú ar riosca níos lú a léiríonn an duine atá i gceist i bhfianaise na gcuspóirí an choireacht a chomhrac nó an t‑ord poiblí a choinneáil agus, dá bhrí sin, gné a d’fhéadfadh an tréimhse is gá chun an stóráil sin a laghdú.

62      Sa chúigiú háit, tugtar le tuiscint le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach in Airteagal 52(1) den Chairt, go ndéanfar, inter alia, go bhfuil cothromaíocht ann idir an cuspóir atá á shaothrú agus a thromchúisí atá an teorannú ar fheidhmiú na gceart bunúsach atá i gceist (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Samhain 2022, Luxembourg Business Registers, C‑37/20 agus C‑601/20, EU:C:2022:912, mír 66).

63      Sa chás seo, mar a cuireadh in iúl i mír 35 den bhreithiúnas seo, áirítear sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha sna sonraí pearsanta atá le stóráil i gclár na bpóilíní atá i gceist. Ní mór a chur in iúl, dá bhrí sin, ag féachaint do na rioscaí suntasacha a bhaineann le próiseáil na sonraí íogaire sin do chearta agus do shaoirsí na ndaoine lena mbaineann, go háirithe i gcomhthéacs chúraimí na n‑údarás inniúil chun na gcríoch a leagtar amach in Airteagal 1(1) de Threoir 2016/680, nach mór tábhacht ar leith an chuspóra atá á shaothrú a mheasúnú ar bhonn tacar de thosca ábhartha. Áirítear ar na fachtóirí sin, inter alia, go bhfónann an phróiseáil do chuspóir sonrach a bhaineann le cionta coiriúla nó bagairtí don tslándáil phoiblí ar leibhéal áirithe tromchúise a chosc, le cionta den sórt sin a choimirciú nó le cosaint ar bhagairtí den sórt sin, agus leis na himthosca sonracha ina ndéantar an phróiseáil sin (breithiúnas an 26 Eanáir 2023, Ministerstvo na vatreshnite raboti (Clárú sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha ag na póilíní), C‑205/21, EU:C:2023:49, mír 127).

64      Sa chomhthéacs sin, chinn an Chúirt Bhreithiúnais go bhfuil reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do bhailiú córasach sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha aon duine a chúisítear i gcion intinniúil atá faoi réir ionchúiseamh poiblí ar a tionscnamh féin i gcontrárthacht, i bprionsabal, leis an gceanglas maidir le géarghá, a leagtar amach in Airteagal 10 de Threoir 2016/680 agus dá dtagraítear i mír 48 den bhreithiúnas seo. D’fhéadfadh reachtaíocht den sórt sin a bheith ina gcúis go neamh-idirdhealaitheach agus go ginearálta le bailiú shonraí bithmhéadracha agus géiniteacha fhormhór na ndaoine atá faoi imscrúdú (féach, chuige sin, breithiúnas an 26 Eanáir 2023, Ministerstvo na vatreshnite raboti (Clárú sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha ag na póilíní), C‑205/21, EU:C:2023:49, míreanna 128 agus 129].

65      Chinn an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine, ar a taobhsa de, nár bhain cothromaíocht chóir amach idir na leasanna poiblí agus príobháideacha atá in iomaíocht lena chéile le cumhacht de chineál ginearálta agus neamh-idirdhealaitheach le méarloirg, le samplaí bitheolaíochta agus le próifílí DNA daoine a bhfuil faoi dhrochamhras go ndearna siad cionta ach nár ciontaíodh iad a stóráil, de réir mar a foráladh leis an reachtaíocht náisiúnta a bhí i gceist os comhair na cúirte sin agus, dá bhrí sin, gurbh ionann stóráil na sonraí sin agus cur isteach díréireach ar cheart na n‑iarratasóirí maidir le hurraim dá saol príobháideach agus nach bhféadfadh gur rud riachtanach a bhí ann i sochaí dhaonlathach agus gurbh ionann a leithéid de shárú agus sárú ar Airteagal 8 den Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, a síníodh sa Róimh an 4 Samhain 1950 (ECtHR, 4 Nollaig 2008, S agus Marper v an Ríocht Aontaithe, CE:ECHR :2008 :1204JUD 003056204, §§ 125 agus 126).

66      Go deimhin, is fíor gur dócha go mbeidh géarghá le sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha daoine a bhí faoi réir ciontú coiriúil deiridh cheana féin a stóráil, lena n‑áirítear go dtí go bhfaighidh na daoine sin bás, de réir bhrí Airteagal 10 de Threoir 2016/680, inter alia ar mhaithe le deimhniú an raibh baint acu le cionta coiriúla eile agus, ar an mbealach sin, ciontóirí a imscrúdú agus a pianbhreith a ghearradh orthu. Go deimhin, ní mór an tábhacht a bhaineann le sonraí den sórt sin le haghaidh imscrúduithe coiriúla a chur san áireamh, lena n-áirítear an tábhacht a bhaineann leo chun na críocha sin blianta i ndiaidh an ama fiú, go háirithe i gcás cionta ar coireanna tromchúiseacha iad (féach, chuige sin, ECtHR, 13 Feabhra 2020, Gaughran v an Ríocht Aontaithe, CE:ECHR:2020:0213JUD004524515, § 93).

67      Mar sin féin, ní féidir a mheas go sásaítear, le stóráil sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha, an ceanglas nach gceadófar iad ach amháin ‘i gcás ina mbeidh géarghá leis’, de réir bhrí Airteagal 10 de Threoir 2016/680, ach amháin má chuirtear san áireamh cineál agus tromchúis an chiona ónar eascair an ciontú coiriúil críochnaitheach, nó imthosca eile amhail an comhthéacs ar leith ina ndearnadh an cion sin, an nasc a d’fhéadfadh a bheith aige le himeachtaí eile atá ar feitheamh nó cúlra coiriúil nó próifíl an duine ar gearradh pianbhreith air. Dá réir sin, i gcás ina bhforáiltear sa reachtaíocht náisiúnta, amhail an reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí, go stórálfar na sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha a iontráladh i gclár na bpóilíní go dtí go bhfaighidh na daoine lena mbaineann bás i gcás a gciontaithe choiriúil chríochnaithigh, tá raon feidhme na stórála sin, mar a luaitear i míreanna 59 agus 60 thuas, thar a bheith leathan i bhfianaise na gcríoch ar chucu a ndéantar na sonraí sin a phróiseáil.

68      Sa séú háit, ar dtús, maidir leis an oibleagáid ar na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le teorainneacha ama iomchuí a shocrú, a leagtar síos in Airteagal 5 de Threoir 2016/680, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar na cúiseanna a leagtar amach i míreanna 59, 60 agus 67 den bhreithiúnas seo agus ag féachaint do na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 4(1)(c) agus (e) agus Airteagal 10 den Treoir sin, nach féidir a mheas go bhfuil tréimhse ‘iomchuí’, de réir bhrí Airteagal 5, go háirithe maidir le sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha aon duine a ciontaíodh go cinntitheach i gcion coiriúil intinniúil a thagann faoi raon feidhme an ionchúisimh phoiblí a stóráil, ach amháin má chuirtear san áireamh na himthosca ábhartha a fhágann go bhfuil gá le tréimhse stórála den sórt sin, amhail iad siúd dá dtagraítear i mír 67 den bhreithiúnas seo.

69      Dá bhrí sin, fiú más féidir leis an tagairt do bhás an ábhair sonraí sa reachtaíocht náisiúnta a bheith ina ‘theorann ama’ chun sonraí stórálta a léirscriosadh, de réir bhrí Airteagal 5, ní féidir a mheas go bhfuil teorainn den sórt sin ‘iomchuí’ ach amháin in imthosca sonracha lena dtugtar údar cuí léi. Is léir nach amhlaidh atá cás ina gcuirtear a leithéid i bhfeidhm go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach maidir le haon duine a ciontaíodh go cinntitheach.

70      Is fíor, mar a tugadh le fios i mír 45 den bhreithiúnas seo, go bhfágtar, le hAirteagal 5 de Threoir 2016/680, faoi na Ballstáit cinneadh a dhéanamh an riachtanas le teorainneacha ama a shocrú chun na sonraí sin a léirscriosadh nó le hathbhreithniú rialta a dhéanamh ar an riachtanas atá leis na sonraí pearsanta a stóráil. Mar sin féin, is léir ón mír sin freisin go n‑éilítear le ‘hiomchuibheas’ na teorainneacha ama le haghaidh athbhreithniú rialta den sórt sin a cheadaítear leo, i gcomhréir le hAirteagal 4(1)(c) agus (e) den Treoir sin, arna léamh i bhfianaise Airteagal 52(1) den Chairt, na sonraí lena mbaineann a léirscriosadh mura bhfuil údar ann a thuilleadh leis na sonraí sin a stóráil. Ar na cúiseanna a leagtar amach sa mhír roimhe seo den bhreithiúnas seo áfach, ní chomhlíontar ceanglas den sórt sin más rud é, mar atá sa chás seo, gurbh é bás an duine lena mbaineann an t‑aon chás ina bhforáiltear sa reachtaíocht náisiúnta do scriosadh den sórt sin, maidir le duine a ciontaíodh go cinntitheach i gcion coiriúil intinniúil a thagann faoi raon feidhme an ionchúisimh phoiblí.

71      Anuas air sin, maidir leis na coimircí dá bhforáiltear in Airteagal 16(2) agus (3) den Treoir sin, maidir leis na coinníollacha a bhaineann leis na cearta go ndéanfaí léirscriosadh agus go gcuirfí srian ar phróiseáil, leanann sé ó mhíreanna 50 agus mír 51 den bhreithiúnas seo go gcuirtear cosc leis na forálacha sin freisin ar reachtaíocht náisiúnta nach gceadaítear leo do dhuine a ciontaíodh go cinntitheach i gcion coiriúil intinniúil a thagann faoi raon feidhme an ionchúisimh phoiblí, na cearta sin a fheidhmiú.

72      I bhfianaise an mhéid ar fad thuas, is é freagra na ceiste a tharchuirtear nach mór Airteagal 4(1)(c) agus (e) de Threoir 2016/680, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 5 agus 10, Airteagal 13(2)(b) agus Airteagal 16(2) agus (3) de, agus i bhfianaise Airteagail 7 agus 8 den Chairt, a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear go ndéanfaidh na húdaráis phóilíneachta sonraí pearsanta, go háirithe sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha, a stóráil, chun críocha cionta coiriúla a chosc, chun cionta coiriúla a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a chur i bhfeidhm, a bhaineann le daoine a bhí ina n‑ábhar do chiontú coiriúil críochnaitheach i gcion coiriúil intinniúil a thagann faoi raon feidhme an ionchúisimh phoiblí, agus go dtí go bhfaighidh an t‑ábhar sonraí bás, lena n‑áirítear i gcás athinmheacháin an ábhair sonraí, gan oibleagáid a chur ar an rialaitheoir athbhreithniú rialta a dhéanamh an bhfuil gá atá leis an stóráil sin i gcónaí nó gan an ceart chun na sonraí sin a léirscriosadh a dheonú don duine sin, ós rud é nach gá iad a stóráil a thuilleadh chun na críocha sin a bhaint amach ar chucu a ndéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil, nó, i gcás inarb iomchuí, srian a chur ar phróiseáil na sonraí sin.

 Costais

73      Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na príomhpháirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt Bhreithiúnais (an Mór‑Dhlísheomra) mar seo a leanas:

Maidir le hAirteagal 4(1)(c) agus (e) de Threoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena naisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 5 agus 10, Airteagal 13(2)(b) agus Airteagal 16(2) agus (3) den Treoir sin agus i bhfianaise Airteagail 7 agus 8 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

ní mór léiriú a dhéanamh mar a leanas:

cuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear go ndéanfaidh na húdaráis phóilíneachta sonraí pearsanta, go háirithe sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha, a stóráil, chun críocha cionta coiriúla a chosc, chun cionta coiriúla a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a chur i bhfeidhm, a bhaineann le daoine a bhí ina nábhar do chiontú coiriúil críochnaitheach i gcion coiriúil intinniúil a thagann faoi raon feidhme an ionchúisimh phoiblí, agus go dtí go bhfaighidh an tábhar sonraí bás, lena náirítear i gcás athinmheacháin an ábhair sonraí, gan oibleagáid a chur ar an rialaitheoir athbhreithniú rialta a dhéanamh an bhfuil gá atá leis an stóráil sin i gcónaí nó gan an ceart chun na sonraí sin a léirscriosadh a dheonú don duine sin, ós rud é nach gá iad a stóráil a thuilleadh chun na críocha sin a bhaint amach ar chucu a ndéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil, nó, i gcás inarb iomchuí, srian a chur ar phróiseáil na sonraí sin.

Sínithe


*      Teanga an cháis: an Bhulgáiris.