Iarraidh ar réamhrialú ó Sąd Rejonowy Katowice – Wschód w Katowice - Wschód w Katowicach (an Pholainn) a taisceadh an 27 Samhain 2023 – M. sp. z o.o. I. SKA v R. W.
(Cás C-725/23, Tusnia) 1
Teanga an cháis: an Pholainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Sąd Rejonowy Katowice – Wschód w Katowicach
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: M. sp. z o.o. I. SKA
Cosantóir: R. W.
An cheist a tharchuirtear:
Maidir le hAirteagal 2(8) de Threoir 2011/7/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cur in aghaidh íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála (athmhúnlú), 1 an bhfuil léiriú le déanamh amhail go dtagann, sa bhreis ar an bpríomhshuim as saintréith feidhmiúcháin an ghaoil chonarthaigh i gceist a sholáthraítear earraí nó seirbhísí dá réir, aisíoc na gcostas arna dtabhú agus an conradh á fheidhmiú, ar ghabh an féichiúnaí air féin de réir conartha go n-íocfadh sé iad, faoina raon feidhme?
____________
1 Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.
1 IO 2011 L 48, lch. 1.