Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 31 Eanáir 2024 – an Ríocht Aontaithe v an Coimisiún

(Cás T-56/22) 1

(CERT agus CETFT – Caiteachas atá eisiata ó mhaoiniú – Nós imeachta um imréiteach comhréireachta – Caingean le haghaidh neamhniú – Comhaontú maidir leis an Ríocht Aontaithe a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as Euratom – Ionadaíocht ó dhlíodóir atá údaraithe chun cleachtadh os comhair cúirt de chuid Ballstáit nó de chuid Stáit eile is páirtí i gComhaontú LEE – Locus standi – Inghlacthacht – Feirmeoir gníomhach – An coincheap ‘grúpa daoine nádúrtha nó dlítheanacha’)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (ionadaithe: S. Fuller, Gníomhaire, agus le cúnamh ó T. Buley, KC)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: H. Krämer, J. Aquilina agus A. Becker, Gníomhairí)

Idiragraí, i dtaca leis an iarratasóir: Poblacht na Seice (ionadaithe M. Smolek, J. Vláčil, O. Serdula agus J. Očková, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann go gcuirfí Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2020 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2021 lena n-eisiatar ó mhaoiniú an Aontais Eorpaigh caiteachas áirithe a thabhaíonn na Ballstáit faoin gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (IO 2021 L 413, lch. 10) ar neamhní go páirteach, a mhéid a bhaineann sé le caiteachas arna dtabhú ag an Ríocht Aontaithe in 2017 de EUR 2 686 358.72.

An chuid oibríochtúil

Díbhtear an chaingean.

Ordaítear do Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann na costais a íoc.

____________

1 IO C 158, 11.4.2022.