Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesfinanzhof (an Ghearmáin) a taisceadh an 8 Feabhra 2023 - M-GbR v Finanzamt O
(Cás C-68/23, Finanzamt O)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Bundesfinanzhof
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Achomharcóir ar phointe dlí: M-GbR
Freagróir ar an achomharc ar phointe dlí: Finanzamt O
Na ceisteanna a tharchuirtear
An bhfuil ann do dhearbhán aonfheidhme de réir bhrí Airteagal 30a(2) den Treoir maidir le CBL1 i gcás
inar fíor gur léir an áit a soláthraítear na seirbhísí lena mbaineann an dearbhán a mhéid is go bhfuil sé i gceist na soláthairtí seirbhísí sin a dhéanamh ar chríoch Ballstáit amháin do thomhaltóirí deiridh,
cé go bhfuil ann do sheirbhís ar chríoch Ballstáit eile mar gheall ar an bhficsean sa chéad abairt den chéad mhír d’Airteagal 30b(1) den Treoir maidir le CBL lena nglactar leis gurb ionann aistriú an dearbháin idir daoine inchánacha agus an tseirbhís lena mbaineann an dearbhán a sholáthar?
I gcás go dtabharfar freagra diúltach ar Cheist 1 (agus go bhfuil ann do dhearbhán ilfheidhmeach sa chás seo): Leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 30b(2) den Treoir maidir le CBL, faoina bhfuil soláthar iarbhír na seirbhísí in aghaidh dearbhán ilfheidhmeach arna ghlacadh mar chomaoin nó mar pháirtchomaoin ag an soláthróir faoi réir CBL de bhua Airteagal 2 den Treoir maidir le CBL, cé nach bhfuil gach aistriú roimhe sin den dearbhán ilfheidhmeach sin faoi réir CBL, an gcuirtear cosc ar oibleagáid chánach arna bunú ar bhealach éagsúil (breithiúnas an 3 Bealtaine 2012, Lebara, C-520/10, EU:C:2012:264)?
____________
1 Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2006 L 347, lch. 1), arna leasú le Treoir (AE) (IO 2016 L 177, lch. 9).