Language of document :

Caingean arna tabhairt an 29 Feabhra 2024 – an Ghearmáin v an Coimisiún

(Cás T-132/24)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Poblacht Chónaidhme na Gearmáine (ionadaithe: J. Möller agus R. Kanitz)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an Cinneadh ón gCoimisiún Eorpach an 19 Nollaig 2023 maidir le Státchabhair SA.103196 (2023/N) – an Ghearmáin – Leasú ar scéimeanna cabhrach SA.42393 (2016/C) – Formhuirear CCT laghdaithe 1 le haghaidh dianúsáideoirí fuinnimh agus Státchabhair SA.49416 (2017/N) – Formhuirear laghdaithe eischósta le haghaidh gnóthas atá dian ar leictreachas, a chur ar neamhní a mhéid a shonraítear ann gurb ionann agus státchabhair faoin Dlí um Maoiniú Fuinnimh é faoiseamh do ghnóthais atá dian ar leictreachas

a) ón tobhach KWKG 1 ,

b) ón tobhach eangaí eischósta

agus

a ordú don chosantóir na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Chun tacú lena chaingean, maíonn an t-iarratasóir saincheist dlí amháin. Rinne an Coimisiún Eorpach earráid dlí le linn dó Airteagal 107(1) CFAE a léiriú agus a chur i bhfeidhm nuair a chinn sé go bhfuair na gnóthais a ndearna an beart fógartha difear dóibh cabhair ón Stát nó cabhair trí acmhainní Stáit. Ní tobhach éigeantach de réir bhrí chásdlí na Cúirte é an faoiseamh do ghnóthais atá dian ar leictreachas ón tobhach KWKG agus ón tobhach eangaí eischósta faoi EnFG 1 . Níl na cistí a bhailíonn na hoibreoirí gréasáin faoi rialú seasta stáit ach oiread agus níl siad ar fáil don stát dá bhrí sin.

____________

1 (Comhghiniúint cumhachta agus teasa, CCT).

1 Dlí maidir le cothabháil, nuachóiriú agus leathnú de chomhghiniúint cumhachta agus teasa (Dlí maidir le Comhghiniúint cumhachta agus teasa – KWKG 2023), an 21 Nollaig 2015 (BGBl. I lch. 2498), a leasaíodh go deireanach le hAirteagal 9 de Dhlí an 20 Nollaig 2022 (BGBl. I lch. 2512).

1 Dlí chun an t-aistriú fuinnimh san earnáil leictreachais a mhaoiniú trí íocaíochtaí cónaidhme agus tobhaigh (an tAcht um Maoiniú Fuinnimh – EnFG) an 20 Iúil 2022 (BGBl. I lch. 1237, 1272), a leasaíodh go deireanach le hAirteagal 5 de Dhlí an 26 Iúil 2023 (BGBl. 2023 I Uimh. 202).