Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Administratīvā rajona tiesa (an Laitvia) a taisceadh an 15 Samhain 2023 — SIA Latvijas Sabiedriskais Autobuss v Iepirkumu uzraudzības birojs, VSIA Autotransporta direkcija

(Cás C-684/23, Latvijas Sabiedriskais Autobuss)

Teanga an cháis: an Laitvis

An chúirt a rinne an tarchur

Administratīvā rajona linksa

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: SIA Latvijas Sabiedriskais Autobuss

Cosantóirí: Iepirkumu uzraudzības birojs, VSIA autotransporta direkcija

Na ceisteanna a tharchuirtear

An bhfuil Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1370/2007 1 le léiriú ar chaoi, i gcomhthéacs an nós imeachta tairiscintí poiblí dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal sin, go gcaithfear na coinníollacha a leagtar síos i mír 2(c) den airteagal sin chun go mbeadh oibreoir inmheánach rannpháirteach sa nós imeachta tairiscintí a dheimhniú?

Má thugtar freagra dearfach ar an gcéad cheist, an bhfuil Airteagal 5(2)(c) de Rialachán Uimh. 1370/2007 le léiriú ar chaoi, agus cinneadh á dhéanamh maidir le dámhachtain an chonartha, go gceanglaítear ar an údarás conarthach a dheimhniú an bhfuil na coinníollacha go léir a leagtar síos san fhoráil sin á gcomhlíonadh tráth tíolactha na tairisceana, agus fiú imthosca a thagann chun cinn tar éis thíolacadh na tairisceana a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don iomaíocht chóir idir tairgeoirí á gcur san áireamh?

Má thugtar freagra dearfach ar Cheist 1, an bhfuil Airteagal 5(2)(c) de Rialachán Uimh. 1370/2007 le léiriú ar chaoi gurb ionann síneadh na tréimhse chun conradh seirbhíse a tugadh i gcrích roimhe sin a chomhlíonadh agus conradh seirbhíse poiblí eile a dámhadh go díreach de réir bhrí na forála sin?

____________

1 Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród agus de bhóthar agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1191/69 agus Rialachán (CEE) Uimh. 1107/70 ón gComhairle (IO 2007 L 315, lch. 1).