Achomharc arna thabhairt an 16 Nollaig 2021 ag Daw SE i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (Dara Dlísheomra) a tugadh an 6 Deireadh Fómhair i gCás T-32/21, Daw SE v Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh
(Cás C-781/21 P)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Achomharcóir: Daw SE (ionadaí: A. Haberl, Rechtsanwalt)
Páirtí eile sna himeachtaí: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh
Le hordú an 28 Márta 2022, chinn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (Dlísheomra a chinneann ar chóir ligean d’achomhairc dul ar aghaidh) nár chóir ligean don achomharc dul ar aghaidh agus d’ordaigh don achomharcóir a chostais féin a íoc.
____________