Language of document :

Caingean arna tabhairt an 22 Feabhra 2024 – Kokito I Punt v EUIPO – Fédération française de football (Léiriú de choileach)

(Cás T-104/24)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Kokito I Punt, SL (Gandía, an Spáinn) (ionadaithe: J. Gallego Jiménez, E. Sanz Valls, P. Bauzá Martínez agus Y. Hernández Viñes, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Fédération française de football (Páras, an Fhrainc)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh (Léiriú de choileach) – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 469 266

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 13 Nollaig 2023 i gCás R 901/2023-4

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO agus don idiragraí, más ann dó, a gcostais féin agus iad sin arna dtabhú ag an iarratasóir a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

____________