Language of document :

Ordú na Cúirte Ginearálta an 19 Feabhra 2024 – Eckes-Granini Group agus International Beer Breweries v EUIPO – Capri Sun (PRISUN)

(Cás T-395/23) 1

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Tarraingt siar an fhreasúra – Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Eckes-Granini Group GmbH (Nieder-Olm, an Ghearmáin), International Beer Breweries Ltd (Ashkelon, Iosrael) (ionadaí: J. Wachsmuth, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontas Eorpaigh (EUIPO) (ionadaí: A. Ringelhann, Gníomhaire)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de l’EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Capri Sun AG (Zug, an Eilvéis) (ionadaithe: A. Franke agus S. Frese, Dlíodóirí)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go gcuirfí an cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 26 Aibreán 2023 (Cás R 1057/2022-2) ar neamhní.

An chuid oibríochúil

Ní gá rialú a dhéanamh ar an gcaingean a thuilleadh.

Ordaítear do Eckes-Granini Group GmbH agus International Beer Breweries a gcostais féin, chomh maith le leath na gcostas arna dtabhú ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO), a íoc.

Ordaítear do Capri Sun AG a chostais féin, chomh maith le leath na gcostas arna dtabhú ag l’EUIPO, a íoc.

____________

1     IO C 304, 28.8.2023.