Language of document :

Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 5 Márta 2024 – ID Parti v an tÚdarás um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus um Fhondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha

(Cás T-1189/23 R) 

(Nós imeachta eatramhach – Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 – Reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha – Cinneadh lena fhorchuirtear smachtbhanna airgeadais – Iarratas ar oibriú ordaithe a fhionraí – Easpa práinne)

Teanga an cháis : an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Identité et Démocratie Parti (ID Parti) (Páras, an Fhrainc) (ionadaí: F.-P. Vos, Dlíodóir)

Cosantóir: an tÚdarás um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus um Fhondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha (ionadaithe: P. Schonard, N. Entchev agus S. Kaiser, Gníomhairí)

Maidir le:

Trína iarratas faoi Airteagail 278 agus 279 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar fionraí cinneadh an Údaráis um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus um Fhondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha an 25 Deireadh Fómhair 2023 a fhorchuir smachtbhanna airgeadais air de bhun Airteagal 27(2)(a)(vi) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (IO 2014, L 317, lch. 1).

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don iarratas ar bhearta eatramhacha.

Forchoimeádtar na costais.

____________