Language of document :

Caingean arna tabhairt an 13 Feabhra 2024 – Purwana v EUIPO (EAST INDIES GIN)

(Cás T-73/24)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Victor Waskito Purwana (Petojo utara, an Indinéis) (ionadaí: N. Scholz-Recht, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Trádmharc atá faoi cheist: Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach i ndáil le marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘EAST INDIES GIN’ - Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach Uimh. 1 709 139

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 29 Samhain 2023 i gCás R 1927/2023-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheist (Saincheisteanna) dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 7(1)(c) agus 7(2) i gcomhar le hAirteagal 95(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Sárú ar Airteagal 7(1)(g) i gcomhar le hAirteagal 95(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________