Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Augstākā tiesa (Senāts) (an Laitvia) a taisceadh an 15 Meitheamh 2023 – SIA BALTIC CONTAINER TERMINAL v Valsts ieņēmumu dienests

(Cás C-376/23, BALTIC CONTAINER TERMINAL)

Teanga an cháis: an Laitvis

An chúirt a rinne an tarchur

Augstākā tiesa (Senāts)

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir agus achomharcóir ar phointe dlí: SIA BALTIC CONTAINER TERMINAL

Cosantóir agus páirtí eile san achomharc ar phointe dlí: Valsts ieņēmumu dienests

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An gceadaítear le hAirteagal 178(1)(b) agus (c) de Rialachán arna Tharmligean Uimh. 2015/2446,  1 i gcomhar le hAirteagal 214(1) de Chód Custaim an Aontais 2 an nós imeachta speisialta “saorlimistéir” a chomhlíonadh gan an mháistir-uimhir thagartha (MUT) a bheith curtha sa chóras ríomhthaifead, ar máistir-uimhir thagartha í lena n-aithnítear an dearbhú custaim ar dá réir a chuimsítear na hearraí sa nós imeachta custaim ina dhiaidh sin?

An gceadaítear, le hAirteagail 214(1) agus 215(1) de Chód Custaim an Aontais agus le hAirteagal 178(1)(b) agus (c) de Rialachán arna Tharmligean Uimh. 2015/2446, don duine lena mbaineann an nós imeachta speisialta “saorlimistéir” an nós imeachta sin a chomhlíonadh ar bhonn nóta maidir le stádas custaim na n-earraí arna dhéanamh ag oifigeach údaráis custaim ar bhille iompair trucaile na n-earraí agus ar an mbonn sin amháin, gan fíorú dó féin go bhfuil stádas custaim na n-earraí bailí?

Má thugtar freagra diúltach ar an dara ceist le haghaidh réamhrialú, cén méid fíorúcháin is leor i gcomhréir le hAirteagail 214(1) agus 215(1) de Chód Custaim an Aontais agus le hAirteagal 178(1)(b) agus (c) de Rialachán arna Tharmligean Uimh. 2015/2446 d’fhonn a chinneadh gur comhlíonadh an nós imeachta speisialta “saorlimistéir” i gceart?

An bhféadfadh ionchas dlisteanach a bheith ag an duine lena mbaineann an nós imeachta speisialta “saorlimistéir” de bhun dearbhú ó na húdaráis custaim gur athraigh stádas custaim na n-earraí ó “earraí nach earraí de chuid an Aontais” go “[h]earraí de chuid an Aontais”, bíodh is nár tugadh sa dearbhú sin an chúis le hathrú stádais na n-earraí sin ná aon sonra lenar ceadaíodh an chúis sin a fhíorú?

Má thugtar freagra diúltach ar an gceathrú ceist le haghaidh réamhrialú, an ionann é agus foras chun bheith díolmhaithe ón bhfiach custaim dá bhforáiltear faoi Airteagal 79(1)(a) agus 3(a) de Chód Custaim an Aontais, i bhfianaise an phrionsabail res judicata arna leagan amach sa dlí náisiúnta agus i ndlí an Aontais, gur rialaíodh, trí bhreithiúnas críochnaitheach, in imeachtaí eile os comhair cúirte náisiúnta, i gcomhréir leis na nósanna imeachta arna leagan amach ag na húdaráis custaim, nach raibh aon sárú déanta ag an duine lena mbaineann i ndáil leis an nós imeachta “saorlimistéir”?

____________

 1 Rialachán arna Tharmligean (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha mionsonraithe i leith forálacha áirithe de chuid Chód Custaim an Aontais (IO 2015 L 343, lch.1).

1 Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO 2013 L 269, lch. 1).