Language of document : ECLI:EU:C:2022:258

Eagrán sealadach

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

5 Aibreán 2022 (*)

(Tarchur chun réamhrialú – Sonraí pearsanta a phróiseáil san earnáil cumarsáide leictreonaí – Rúndacht na cumarsáide – Soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí – Sonraí tráchta agus sonraí suímh a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach – Rochtain ar shonraí coinnithe – Grinnscrúdú breithiúnach a posteriori – Treoir 2002/58/CE – Airteagal 15(1) – Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Airteagail 7, 8, 11 agus 52(1) – Féidearthacht do chúirt náisiúnta teorainn a chur leis na héifeachtaí ama ar dhearbhú go bhfuil reachtaíocht náisiúnta atá ar neamhréir le dlí an Aontais neamhbhailí – Toirmeasc)

I gCás C‑140/20,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ón gCúirt Uachtarach (Éire), trí bhreith an 25 Márta 2020, a fuarthas ag an gCúirt Bhreithiúnais ar an dáta céanna, sna himeachtaí idir

G. D.

agus

Coimisinéir an Gharda Síochána,

An tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha,

An tArd-Aighne,

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, A. Arabadjiev, A. Prechal, S. Rodin, I. Jarukaitis agus N. Jääskinen, Uachtaráin ar Dhlísheomra, T. von Danwitz (Rapóirtéir), M. Safjan, F. Biltgen, P. G. Xuereb, N. Piçarra, L. S. Rossi agus A. Kumin, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: M. Campos Sánchez-Bordona,

Cláraitheoir: D. Dittert, Ceann Aonaid,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 13 Meán Fómhair 2021,

agus tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

–        G. D., ag J. Dunphy, Aturnae, R. Kennedy, Abhcóide Sinsir, R. Farrell, Abhcóide Sinsir, agus K. McCormack, Abhcóide,

–        Coimisinéir an Gharda Síochána, an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha agus an tArd-Aighne, ag M. Browne, S. Purcell, C. Stone, J. Quaney agus A. Joyce, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó S. Guerinagus P. Gallagher, Abhcóidí Sinsir, D. Fennelly, agus L. Dwyer, Abhcóidí,

–        Rialtas na Beilge, ag P. Cottin agus J.-C. Halleux, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó J. Vanpraet, Advocaat,

–        Rialtas na Seice, ag M. Smolek, O. Serdula agus J. Vláčil, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Danmhairge, ag J. Nymann‑Lindegren agus M. Jespersen ar dtús, ansin ag M. Wolff agus V. Jørgensen , i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na hEastóine, ag A. Kalbus agus M. Kriisa, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Spáinne, ag L. Aguilera Ruiz, i gcáil Gníomhaire,

–        Rialtas na Fraince, ag E. de Moustier agus A. Daniel agus ag D. Dubois, T. Stéhelin agus J. Illouz, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Cipire, ag I. Neophytou, i gcáil Gníomhaire,

–        Rialtas na hÍsiltíre, ag C. S. Schillemans, K. Bulterman agus A. Hanje, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Polainne, ag B. Majczyna agus J. Sawicka, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Portaingéile, ag L. Inez Fernandes agus ag P. Barros da Costa agus I. Oliveira, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Fionlainne, ag M. Pere agus A. Laine, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Sualainne, ag O. Simonsson agus J. Lundberg agus ag H. Shev, C. Meyer-Seitz, A. Runeskjöld, M. Salborn Hodgson, R. Shahsavan Eriksson agus H. Eklinder, i gcáil Gníomhairí,

–        an Coimisiún Eorpach, ag S. L. Kalėda, H. Kranenborg, M. Wasmeier agus F. Wilman, i gcáil Gníomhairí,

–        an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, ag D. Nardi, N. Stolič agus K. Ujazdowski agus ag A. Buchta, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 18 Samhain 2021,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1        Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léirmhíniú ar Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO 2002 L 201, lch. 37), arna leasú ag Treoir 2009/136/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 (IO 2009 L 337, lch. 11) (“Treoir 2002/58”), léite i bhfianaise Airteagail 7, 8, 11 agus 52(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”).

2        Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir G. D. agus Coimisinéir an Gharda Síochána, an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha agus an tArd Aighne maidir le bailíocht an Achta Cumarsáide (Sonraí a Choimeád), 2011 (“Acht 2011”).

 An dlí lena mbaineann

 Dlí an Aontais Eorpaigh

3        Leagtar amach in Aithrisí 2, 6, 7 agus 11 de Threoir 2002/58:

“(2)      Leis an Treoir seo, féachtar leis na cearta bunúsacha a urramú agus cloítear leis na prionsabail a aithnítear go háirithe [sa Chairt]. Go háirithe, leis an Treoir seo féachtar le hurraim iomlán do na cearta atá leagtha amach in Airteagail 7 agus 8 [den Chairt] a áirithiú.

[...]

(6)      Tá struchtúir thraidisiúnta an mhargaidh á dtiontú bun os cionn ag an Idirlíon trí bhonneagar coiteann domhanda a chur ar fáil chun réimse leathan seirbhísí leictreonacha a sholáthar. Tá deiseanna nua d'úsáideoirí ann mar thoradh ar sheirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí ach tá rioscaí ann freisin maidir lena sonraí pearsanta agus a bpríobháideachas

(7)      I gcás líonraí cumarsáide poiblí, ba cheart forálacha sonracha dlíthiúla, rialála agus teicniúla a dhéanamh d'fhonn cearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha agus leasanna dlisteanacha daoine dlítheanacha a chosaint, go háirithe i ndáil le hacmhainn na stórála uathoibrithe agus na próiseála sonraí a bhaineann le síntiúsóirí agus úsáideoirí.

[...]

(11)      Amhail Treoir [95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO 1995 L 281, lch. 31)], ní thugann an Treoir seo aghaidh ar shaincheisteanna maidir le cosaint ceart agus saoirsí bunúsacha a bhaineann le gníomhaíochtaí nach rialaítear faoi dhlí an [an Aontais]. Dá bhrí sin, ní athraíonn sí an chothromaíocht reatha idir ceart an duine aonair chun an saol príobháideach agus an fhéidearthacht do na Ballstáit na bearta dá dtagraítear in Airteagal 15(1) den Treoir seo a dhéanamh, bearta atá riachtanach maidir leis an tslándáil phoiblí, an chosaint, slándáil an Stáit (lena n-áirítear rathúnas eacnamaíoch an Stáit nuair a bhaineann na gníomhaíochtaí le hábhair slándála an Stáit) agus forfheidhmiú an dlí choiriúil a chosaint. Dá bharr sin, ní dhéantar difear leis an Treoir seo do chumas na mBallstát idircheapadh dleathach a dhéanamh ar chumarsáid leictreonach nó bearta eile a dhéanamh, más gá chun na gcríoch sin agus i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint [arna shíniú sa Róimh an 4 Samhain 1950], arna léirmhíniú ag na rialuithe ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine. Ní mór bearta den sórt sin a bheith cuí, go hiomlán comhréireach leis an gcuspóir atá beartaithe agus riachtanach laistigh de shochaí dhaonlathach agus ba cheart dóibh a bheith faoi réir cosaintí leordhóthanacha i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint.”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

4        Foráiltear mar a leanas in Airteagal 1 de Threoir 2002/58, dar teideal “Raon feidhme agus aidhm” [aistriúchán neamhoifigiúil]:

“1.      Comhchuibhítear leis an Treoir seo na forálacha sin de chuid na mBallstát is gá chun leibhéal coibhéiseach cosanta do chearta agus do shaoirsí bunúsacha a áirithiú, go háirithe an ceart chun an saol príobháideach, maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil in earnáil na cumarsáide leictreonaí agus saorghluaiseacht na sonraí den sórt sin agus trealamh agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a áirithiú [san Aontas Eorpach].

2.      Sonrú agus comhlánú ar Threoir [95/46] atá i bhforálacha na Treorach seo chun na gcríoch a luaitear i mír 1. Thairis sin, déantar foráil leo do chosaint leasanna dlisteanacha síntiúsóirí ar daoine dlítheanacha iad.

3.       Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le gníomhaíochtaí atá lasmuigh de raon feidhme [CFAE], amhail iad siúd a chumhdaítear faoi Theideal V agus Teideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus le gníomhaíochtaí, i gcás ar bith, a bhaineann le slándáil phoiblí, cosaint, slándáil Stáit (lena n-áirítear leas eacnamaíoch an Stáit nuair a bhaineann na saincheisteanna le cúrsaí slándála an Stáit) agus gníomhaíochtaí an Stáit i réimsí an dlí choiriúil.”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

5        De réir Airteagal 2 de Threoir 2002/58, dar teideal “Sainmhínithe” [aistriúchán neamhoifigiúil]:

“Mura bhforáiltear a mhalairt, beidh feidhm ag na sainmhínithe i dTreoir [95/46] agus i dTreoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le comhchreat rialúcháin i gcomhair líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (‘Creat‑Treoir’) [(IO 2002 L 108, lch. 33),] chun críocha na Treorach seo.

Beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas chomh maith:

(a)      ciallaíonn ‘úsáideoir’ aon duine nádúrtha a úsáideann seirbhís cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí, chun críoch príobháideach nó gnó, gan gá a bheith suibscríofa don tseirbhís sin;

(b)      ciallaíonn ‘sonraí tráchta’ aon sonraí a dhéantar a phróiseáil chun cumarsáid a iompar ar líonraí cumarsáide leictreonaí nó chun críoch billeála;

(c)      ciallaíonn ‘sonraí suímh’ aon sonraí a dhéantar a phróiseáil i líonra cumarsáide leictreonaí, a léiríonn suíomh geografach an trealaimh teirminéil d’úsáideoir seirbhíse cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí;

(d)      ciallaíonn ‘cumarsáid’ aon fhaisnéis a dhéantar a mhalartú nó a iompar idir líon teoranta páirtithe trí mheán seirbhíse cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí. Ní áirítear air sin aon fhaisnéis a dhéantar a iompar mar chuid de sheirbhís craolacháin don phobal thar líonraí cumarsáide leictreonaí seachas a mhéad gur féidir an fhaisnéis sin a cheangal leis an síntiúsóir nó úsáideoir aonair a fhaigheann an fhaisnéis;

[...]”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

6        Foráiltear in Airteagal 3 de Threoir 2002/58, dar teideal “Seirbhísí lena mbaineann” [aistriúchán neamhoifigiúil]:

“Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le próiseáil sonraí pearsanta i ndáil le seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí a sholáthar i líonraí cumarsáide poiblí [san Aontas].”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

7        De réir Airteagal 5 den Treoir seo, dar teideal “Rúndacht na cumarsáide [aistriúchán neamhoifigiúil]”:

“1.      Áiritheoidh na Ballstáit rúndacht na cumarsáide agus na sonraí gaolmhara tráchta trí mheán líonra cumarsáide poiblí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil don phobal, trí reachtaíocht náisiúnta. Go háirithe, cuirfidh siad toirmeasc ar éisteacht, cúléisteacht, stóráil nó cineálacha eile idircheaptha nó faireachais ar chumarsáid agus na sonraí gaolmhara tráchta ag daoine seachas na húsáideoirí, gan toiliú ó na húsáideoirí lena mbaineann, ach amháin nuair a údaraítear déanamh amhlaidh i gcomhréir le hAirteagal 15(1). Ní chuirfidh an mhír seo cosc ar stóráil theicniúil atá riachtanach chun cumarsáid a iompar gan dochar do phrionsabal na rúndachta.

[...]

3.      Áiritheoidh na Ballstáit nach gceadófar stóráil faisnéise, nó rochtain ar fhaisnéis atá stóráilte cheana, i dtrealamh teirminéil an úsáideora ach amháin ar choinníoll go bhfuil toiliú tugtha ag an síntiúsóir nó an úsáidtear tar éis dó faisnéis shoiléir, chuimsitheach, i gcomhréir le Treoir [95/46], a fháil interalia faoi chuspóirí na próiseála. Ní chuirfí cosc leis sin ar stóráil nó ar rochtain theicniúil chun tarchur cumarsáide a dhéanamh nó a éascú thar líonraí cumarsáide leictreonaí, nó de réir mar is gá d'fhonn seirbhís na sochaí faisnéise arna hiarraidh go sainráite ag an síntiúsóir nó ag an úsáideoir a sholáthar, agus ar an mbonn sin amháin.”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

8        Foráiltear mar a leanas in Airteagal 6 de Threoir 2002/58, dar teideal “Sonraí tráchta” [aistriúchán neamhoifigiúil]:

“1.      Ní mór sonraí tráchta a bhaineann le síntiúsóirí agus úsáideoirí arna stóráil ag soláthraí líonra cumarsáide poiblí nó seirbhíse cumarsáide leictreonaí atá ar fáil don phobal a scriosadh nó a choinneáil anaithnid nuair nach bhfuil gá leo a thuilleadh chun cumarsáid a tharchur gan dochar do mhíreanna 2, 3 agus 5 den Airteagal seo agus d'Airteagal 15(1).

2.      Féadfar próiseáil a dhéanamh ar shonraí tráchta atá riachtanach chun críoch billeála nó íocaíochtaí idirnaisc ón síntiúsóir. Ceadaítear próiseáil den chineál sin go dtí deireadh na tréimhse lena linn ar féidir agóid a dhéanamh i gcoinne an bhille nó íocaíocht a shaothrú lena linn.

3.      D’fhonn seirbhísí cumarsáide leictreonaí a mhargú nó seirbhísí breisluacha a sholáthar, féadfaidh soláthraí seirbhíse cumarsáide leictreonaí atá ar fáil don phobal na sonraí dá dtagraítear i mír 1 a phróiseáil a mhéid is gá do sheirbhísí nó margú den chineál sin agus ar feadh na tréimhse sin, má tá toiliú tugtha ag an síntiúsóir nó ag an úsáideoir lena mbaineann na sonraí. Tabharfar an deis d'úsáideoirí nó do shíntiúsóirí a dtoiliú chun sonraí a próiseáil a tharraingt siar aon am.

[...]

5.      Ní mór próiseáil sonraí tráchta, i gcomhréir le míreanna 1, 2, 3 agus 4 a shrianadh do dhaoine a ghníomhaíonn faoi údarás soláthraithe líonraí cumarsáide poiblí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí atá freagrach as cúrsaí billeála, bainistíocht tráchta, ceisteanna ó chustaiméirí a fhreagairt, seirbhísí cumarsáide leictreonaí a mhargú nó seirbhís breisluacha a sholáthar; ní mór an phróiseáil sin a shrianadh don mhéid is gá chun críoch gníomhaíochtaí den chineál sin.

[...]”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

9        Foráiltear mar a leanas in Airteagal 9(1) den Treoir sin, dar teideal “Sonraí suímh seachas sonraí tráchta” [aistriúchán neamhoifigiúil]:

“I gcásanna inar féidir sonraí suímh seachas sonraí tráchta, a bhaineann le húsáideoirí nó síntiúsóirí líonraí cumarsáide poiblí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí, a phróiseáil, ní féidir sonraí den chineál sin a phróiseáil ach amháin má dhéantar anaithnid iad, nó le toiliú na n-úsáideoirí nó na síntiúsóirí a mhéid is gá chun seirbhís breisluacha a sholáthar agus ar feadh na tréimhse sin. Ní mór don soláthraí seirbhíse na húsáideoirí nó na síntiúsóirí a chur ar an eolas, sula bhfaigheann siad toiliú uathu, maidir le cineál na sonraí suímh seachas sonraí tráchta a phróiseálfar, cuspóirí agus fad na próiseála agus cé acu an dtarchuirfear na sonraí chuig tríú páirtí chun an tseirbhís breisluacha a sholáthar. Tabharfar an deis d'úsáideoirí nó do shíntiúsóirí a dtoiliú chun sonraí suímh seachas sonraí tráchta a phróiseáil a tharraingt siar aon am. [...]”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

10      Leagtar amach an méid seo a leanas in Airteagal 15 de Threoir 2002/58, dar teideal “Forálacha áirithe i dTreoir [95/46] a chur i bhfeidhm” [aistriúchán neamhoifigiúil]:

“Féadfaidh na Ballstáit bearta reachtacha a ghlacadh chun raon feidhme na gceart agus na n-oibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagal 5, in Airteagal 6, in Airteagal 8(1), (2), (3) agus (4) agus in Airteagal 9 den Treoir seo a shrianadh nuair is beart riachtanach, iomchuí, comhréireach é srianadh den chineál sin laistigh de shochaí dhaonlathach chun an tslándáil náisiúnta (i.e. slándáil an Stáit), an chosaint agus an tslándáil phoiblí a shlánchoimeád nó chun cionta coiriúla nó úsáid neamhúdaraithe an chórais cumarsáide leictreonaí, dá dtagraítear in Airteagal 13(1) de Threoir [95/46], a chosc, a fhiosrú, a bhrath agus a ionchúiseamh. Chuige sin, féadfaidh na Ballstáit, interalia, bearta reachtacha a ghlacadh ina bhforáiltear do shonraí a choinneáil ar feadh tréimhse shrianta le bonn cirt ar na forais a leagtar síos sa mhír seo. Beidh gach beart dá dtagraítear sa mhír seo i gcomhréir le prionsabail ghinearálta dhlí an [Aontais], lena n-áirítear iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus (2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

 Dlí na hÉireann

11      Mar is léir ón iarraidh ar réamhrialú, glacadh Acht 2011 chun Treoir 2006/24/CE an 15 Márta 2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le coinneáil sonraí a ghintear nó a phróiseáiltear i ndáil le seirbhísí cumarsáide leictreonaí a chuirtear ar fáil go poiblí nó líonraí cumarsáide poiblí a sholáthar, agus lena leasaítear Treoir 2002/58/CE (IO 2006 L 105, lch. 54), a thrasuí i ndlíchóras na hÉireann.

12      Sainmhínítear in Alt 1 d’Acht 2011 an téarma “sonraí” amhail “sonraí maidir le trácht nó sonraí maidir le suíomh agus na sonraí gaolmhara is gá chun an suibscríobhaí nó an t-úsáideoir a aithint”, agus an téarma “cion tromaí” mar chion is inphionóis le príosúnacht ar feadh téarma cúig bliana nó níos faide nó aon cheann de na cionta eile a liostaítear i Sceideal 1 den Acht sin.

13      Ceanglaítear le hAlt 3(1) den Acht sin ar gach soláthraí seirbhísí cumarsáide leictreonaí na sonraí dá dtagraítear in Sceideal 2(1) den Acht sin a choimeád ar feadh tréimhse dhá bhliain agus na sonraí dá dtagraítear i Sceideal 2(2) den Acht sin a choinneáil ar feadh tréimhse bliana.

14      Tá feidhm ag Sceideal 2(1) den Acht seo a bhaineann le, inter alia, sonraí maidir le teileafónaíocht gréasáin shocair agus teileafónaíocht shoghluaiste lena gceadaítear foinse agus ceann scríbe cumarsáide a aithint chomh maith le dáta agus an t-am a thosaítear agus a chríochnaítear cumarsáid a aithint, an cineál cumarsáide lena mbaineann a aithint, agus an cineál trealaimh cumarsáide atá in úsáid agus suíomh geografach an trealaimh cumarsáide sin a aithint. Go háirithe, foráiltear le pointe 6 de chuid 1 de Sceideal 2 go gcoimeádfar na sonraí is gá chun suíomh trealaimh cumarsáide soghluaiste a aithint, arb é atá sna sonraí sin, sa chéad áit, an t-aitheantas cille, agus, ina theannta sin sonraí lena n‑aithnítear suíomh gheografach ceall faoi threoir a n-aitheantais cille le linn na tréimhse a choimeádtar na sonraí cumarsáide.

15      Is éard atá i gceist le cuid 2 de Sceideal 2 d’Acht 2011 ná sonraí maidir le rochtain ar an idirlíon, ríomhphoist idirlín agus teileafónaíocht idirlín agus cumhdaítear inti, go háirithe, uimhreacha aitheantais úsáideora agus uimhreacha teileafóin, seoltaí IP agus an dáta agus an t-am a thosaítear agus a chríochnaítear cumarsáid. Ní thagann inneachar cumarsáide faoin gcineál sin sonraí.

16      De bhun Ailt 4 agus 5 d’Acht 2011, ní foláir do sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí bearta áirithe a dhéanamh chun na sonraí a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe.

17      Foráiltear in Alt 6(1) den Acht seo, na coinníollacha faoina bhféadfaidh iarraidh ar nochtadh a dhéanamh:

“Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná ardcheannfort a iarraidh ar sholáthraí seirbhíse sonraí a choimeádann an soláthraí seirbhíse de réir alt 3 a nochtadh don chomhalta sin i gcás gur deimhin leis an gcomhalta sin gur gá na sonraí—

(a)      chun cion tromaí a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh,

(b)      chun slándáil an Stáit a shlánchoimeád,

(c)       chun beo daoine a shábháil.”

18      13      Ceanglaítear le hAlt 7 den Acht sin ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí na hiarrataí dá dtagraítear in Alt 6 den Acht sin a chomhlíonadh.

19      Ar mhaithe le grinnscrúdú a dhéanamh ar chinneadh an chomhalta den Gharda Síochána dá dtagraítear in Alt 6 d’Acht 2011, áirítear an nós imeachta gearáin dá bhforáiltear in Alt 10 den Acht sin agus an nós imeachta os comhair an bhreithimh ainmnithe de réir bhrí Alt 12 dó, atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar fheidhmiú fhorálacha an Achta seo.

 An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú

20      I mí an Mhárta 2015, gearradh príosúnacht saoil ar G. D. mar gheall ar dhúnmharú duine a d’imigh gan tásc ná tuairisc i mí Lúnasa 2012 agus nár thángthas ar chorp an duine sin go dtí mí Mheán Fómhair 2013. Agus é i mbun achomhairc i gcoinne a chiontaithe, rinne sé líomhain, go háirithe, gur ghlac an chúirt chéadchéime go héagórach le sonraí tráchta agus sonraí suímh a bhain le glaonna teileafóin mar fhianaise, ar an bhforas go raibh a chearta faoi dhlí an Aontais á sárú le hAcht 2011, lenar rialaíodh coinneáil na sonraí sin agus a bhí mar bhunús leis an rochtain a fuair na comhaltaí de chuid an Gharda Síochána a bhí i mbun fiosrúchán orthu. Tá an t‑achomharc seo ar feitheamh faoi láthair.

21      Ar mhaithe le cur in aghaidh inghlacthacht na fianaise sin in imeachtaí coiriúla, thionscain G. D. imeachtaí sibhialta os comhair na hArd‑Chúirte (Éire) agus cinneadh á lorg aige go raibh forálacha áirithe d’Acht 2011 neamhbhailí. Trí bhreith an 6 Nollaig 2018, sheas an chúirt sin le hargóintí G. D. agus chinn sí go raibh Alt 6(1)(a) den Acht sin ar neamhréir le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58, arna léamh i bhfianaise Airteagail 7, 8 agus Airteagal 52(1) den Chairt. Rinne Éire achomharc in aghaidh na breithe sin os comhair na Cúirte Uachtaraí (Éire), arb í an chúirt a rinne an tarchur sa chás seo í.

22      Cuireadh bac ar na himeachtaí coiriúla atá ar feitheamh os comhair na Cúirte Achomhairc (Éire) go dtí go dtabharfadh an chúirt a rinne an tarchur a breith sna príomhimeachtaí sibhialta.

23      Os comhair na cúirte a rinne an tarchur, d’áitigh Éire, d’fhonn a chinneadh an bhfuil an bac ar an gceart chun an saol príobháideacha chumhdaítear in Airteagal 7 den Chairt a eascraíonn as na sonraí tráchta agus sonraí suímh a choinneáil de bhun Acht 2011 comhréireach, nach mór cuspóirí an chórais arna bhunú leis an Acht sin a scrúdú ina iomláine. Ina theannta sin, de réir an Bhallstáit seo, bunaíodh creat cuimsitheach leis an Acht sin lena rialaítear rochtain ar shonraí coinnithe, faoina bhfuil neamhspleáchas feidhmiúil ón bhfórsa póilíneachta náisiúnta ag an aonad laistigh den fhórsa atá freagrach as réamhscrúdú a dhéanamh ar na hiarrataí ar rochtain agus é i mbun a dhualgais agus, uime sin, comhlíontar leis an Acht sin an ceanglas go ndéanfadh eintiteas riaracháin neamhspleách réamh-ghrinnscrúdú. Cuirtear leis an gcóras grinnscrúdaithe sin le nós imeachta um ghearán agus le hathbhreithniú breithiúnach. Ar deireadh, áitíonn an Ballstát, má mheastar sa deireadh go bhfuil Acht 2011 ar neamhréir le dlí an Aontais, nár cheart feidhm a bheith ag aon bhreith a dhéanfaidh an chúirt a rinne an tarchur, ó thaobh na n-éifeachtaí ama de, ach sa todhchaí amháin.

24      Maidir leis an gcóras a bhunaítear le hAcht 2011 lena ndéantar sonraí a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach agus an córas rochtana ar na sonraí sin dá bhforáiltear leis an Acht sin, áitíonn G. D. é féin go bhfuil siad ar neamhréir le dlí an Aontais, arna léirmhíniú go háirithe ag an gCúirt Bhreithiúnais i mír 120 de bhreithiúnas an 21 Nollaig 2016, Tele2 Sverige agus Watsonagus páirtithe eile (C‑203/15 agus C‑698/15, EU:C:2016:970).

25      Mar réamhphointe, luaigh an chúirt a rinne an tarchur gur fúithi atá sé measúnú a dhéanamh amháin an raibh an ceart ag an Ard-Chúirt measúnú a dhéanamh go raibh Alt 6(1)(a) d’Acht 2011 ar neamhréir le dlí an Aontais agus, ós a choinne sin, gur faoi dhlínse na Cúirte Achomhairc, an chúirt ina bhfuil achomharc i gcoinne an chiontaithe ar bun os a comhair, agus fúithi amháin a thagann saincheist inghlacthacht na fianaise a cuireadh isteach sna himeachtaí coiriúla.

26      Mar thaca leis seo, ceistíonn an chúirt a rinne an tarchur ar an gcéad dul síos ceanglais dhlí an Aontais maidir le sonraí a choinneáil chun coireacht thromchúiseach a chomhrac. I ndáil leis sin, measann sí, go bunúsach, gur trí shonraí tráchta agus sonraí suímh a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach amháin a d’fhéadfaí coireacht thromchúiseach a chomhrac go héifeachtach, rud nach bhféadfaí a dhéanamh trí choinneáil ar bhonn spriocdhírithe agus trí chaomhnú brostaithe (quick freeze). Maidir le coinneáil ar bhonn spriocdhírithe, tá amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur an féidir spriocdhíriú ar dhreamanna nó ar limistéir gheografacha ar leith chun coireacht thromchúiseach a chomhrac nó nach féidir, ó tharla gurbh annamh a bheadh imthosca i gceist le cionta tromchúiseacha áirithe a mbeadh na húdaráis náisiúnta inniúla ar an eolas fúthu, ar imthosca iad a d’fhágfadh go bhféadfadh na húdaráis sin a bheith in amhras go ndéanfaí cion sula ndéanfaí é. Ina theannta sin, d’fhéadfadh idirdhealú a bheith mar thoradh ar choinneáil ar bhonn spriocdhírithe. Ó thaobh caomhnú brostaithe de, measann an chúirt a rinne an tarchur nach mbeadh a leithéid úsáideadh ach amháin i gcásanna ina mbeadh duine a bheadh faoi amhras go luath san imscrúdú.

27      Ansin, maidir le rochtain ar shonraí arna gcoinneáil ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí, cuireann an chúirt a rinne an tarchur i dtreis go bhfuil sásra um fhéindeimhniúchán na n‑iarrataí ar rochtain atá dírithe ar na soláthraithe sin tugtha isteach ag an nGarda Síochána laistigh dá eagraíocht. Dá réir sin, dealraíonn sé ón méid a cuireadh faoi bhráid na hArd-Chúirte gur chinn Coimisinéir an Gharda Síochána, mar bheart inmheánach, nach foláir d’iarrataí ar rochtain faoi Acht 2011 a bheith déanta ar bhealach láraithe ag oifigeach póilíneachta amháin ar chéim an ardcheannfoirt, mar atá Ceann na Rannóige Slándála agus Faisnéise. Má mheasann an t-ardcheannfort sin go bhfuil na sonraí lena mbaineann riachtanach chun, go háirithe, cion tromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, féadfaidh an t-oifigeach iarraidh ar rochtain a dhéanamh ar na soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí. Thairis sin, tá aonad neamhspleách darb ainm an tAonad Idirchaidrimh Teileachumarsáide (“AIT”) bunaithe ag Coimisinéir an Gharda Síochána laistigh den fhórsa ar mhaithe le Ceann na Rannóige Slándála agus Faisnéise a threisiú agus iad i mbun a ndualgas mar aon le bheith ina phointe teagmhála aonair leis na soláthraithe seirbhíse sin.

28      Cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl chomh maith, le linn thréimhse an imscrúdaithe choiriúil i gcoinne G. D., go raibh riachtanas ann go ndéanfadh ceannfort, nó cigire ag feidhmiú mar cheannfort, na hiarrataí ar fad sula seolfaí chuig AIT iad ar mhaithe lena bpróiseáil, agus go n‑iarrfaí ar na himscrúdaitheoirí a n‑iarrataí ar rochtain a bheith mionsonraithe go leor chun go bhféadfaí cinneadh feasach a dhéanamh fúthu. Ina theannta sin, bhí AIT agus Ceann na Rannóige Slándála agus Faisnéise faoi cheangal dlíthiúlacht, gá agus comhréireacht na n‑iarrataí ar rochtain a bhreithniú, ag cur san áireamh go bhféadfaí Ceann na Rannóige a ghlaoch le míniú a thabhairt ar an gcinneadh os comhair breithimh arna ainmniú ag an Ard-Chúirt. Thairis sin, tá AIT faoi réir maoirseacht ag an gCoimisinéir Cosanta Sonraí (Éire).

29      Ar deireadh, iarrann an chúirt a rinne an tarchur cérbh iad an raon feidhme chomh maith leis na héifeachtaí ama a bheadh ann dá mba rud é go gcinnfí go bhfuil Acht 2011 ar neamhréir le dlí an Aontais. Chuige sin, sonraíonn sí nach bhféadfadh feidhm a bheith ag cinneadh den sórt sin ach amháin sa todhchaí, ar an bhforas gur coinníodh na sonraí a úsáideadh mar fhianaise sna himeachtaí coiriúla i gcoinne G. D. agus a bhfuarthas rochtain orthu ag deireadh 2013, eadhon tráth a bhí Éire faoi cheangal fhorálacha Acht 2011, lenar trasuíodh Treoir 2006/24. Dar le hÉirinn, réiteach cuí a bheadh ann chomh maith ós rud é, dá uireasa, go bhféadfaí ainiarmhairtí a bheith ann d’imscrúdú agus d’ionchúiseamh cionta tromchúiseacha in Éirinn agus do chás na ndaoine arna gcur faoi thriall agus arna gciontú cheana féin.

30      Sna himthosca sin, chinn an Chúirt Uachtarach bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais i gcomhair réamhrialú:

“(1)      An bhfuil córas coinnithe sonraí ginearálta/uileghabhálacha—fiú córas atá faoi réir diansrianta ar choinneáil agus ar rochtain—ar neamhréir le forálacha Airteagal 15 de Threoir [2002/58] arna léirmhíniú i bhfianaise na Cairte?

(2)      Agus breithniú á dhéanamh an ndeonófar dearbhú neamhréireachta maidir le beart náisiúnta a chuirtear chun feidhme i gcomhréir le Treoir [2006/24] lena bhforáiltear do chóras ginearálta coinnithe sonraí (faoi réir diansrianta ar choinneáil agus ar rochtain mar is gá) agus, go háirithe, le linn measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht aon chórais den sórt sin, an bhfuil údar ag cúirt náisiúnta aird a bheith aici go bhféadfadh soláthraithe seirbhíse sonraí a choinneáil go dleathach ar mhaithe lena n‑úsáid ar a mbonn tráchtála féin agus gurbh infhorchurtha é iad a choinneáil ar chúiseanna slándála náisiúnta seachas iad siúd a thagann faoi raon feidhme Threoir [2002/58]?

(3)      Agus measúnú á dhéanamh ar chomhréireacht birt lena rialaítear rochtain ar shonraí coinnithe le dlí an Aontais agus leis an gCairt ach go háirithe, cad iad na critéir nach foláir don chúirt náisiúnta a chur i bhfeidhm agus í i mbun scrúdú an bhforáiltear le rialacha den sórt sin go ndéantar an réamh-ghrinnscrúdú neamhspleách is gá de réir na Cúirte Breithiúnais ina cásdlí? Mar thaca leis seo, an féidir leis an gcúirt náisiúnta agus measúnú den sórt sin ar bun aici grinnscrúdú breithiúnach ex post nó neamhspleách a chur san áireamh?

(4)      Ar aon chaoi, an bhfuil sé de cheangal ar chúirt náisiúnta cinneadh a dhéanamh go bhfuil beart náisiúnta ar neamhréir le forálacha Airteagal 15 de Threoir [2002/58] i gcás ina bhfuil córas um shonraí a choinneáil go ginearálta chun coireacht thromchúiseach a chomhrac á fhoráil leis an mbeart náisiúnta sin agus inar bhain an chúirt náisiúnta de thátal go bhfuil idir dheargriachtanas agus dianghá le coinneáil dá leithéid ar mhaithe leis an gcuspóir coireacht thromchúiseach a chomhrac a bhaint amach, ag féachaint don fhianaise go léir atá ar fáil?

(5)      I gcás ina bhfuil sé de cheangal ar chúirt náisiúnta an tátal a bhaint go bhfuil beart náisiúnta ar neamhréir le forálacha Airteagal 15 de Threoir [2002/58], arna léirmhíniú i bhfianaise na Cairte, an bhfuil údar aici teorainn a chur le héifeacht ama a leithéid de dhearbhú dá mbeadh ‘cíor thuathail agus dochar tromchúiseach do leas an phobail’ mar thoradh ar mhainneachtain amhlaidh a dhéanamh [i gcomhréir leis an gcur chuige arna ghlacadh, mar shampla, sa bhreithiúnas R (National Council for Civil Liberties ) v Secretary of State for Home Department and Secretary of State for Foreign Affairs [2018] EWHC 975, mír 46]?

(6)      Sa chás ina n‑iarrtar ar chúirt náisiúnta a fhionnadh go bhfuil reachtaíocht náisiúnta ar neamhréir le hAirteagal 15 de Threoir 2002/58 agus/nó a staonadh ón reachtaíocht náisiúnta sin a chur i bhfeidhm nó fiú a dhearbhú gur sáraíodh cearta duine nádúrtha le reachtaíocht den sórt sin, bíodh is gurb i mbun imeachtaí arna dtionscnamh ar mhaithe le hargóint maidir le hinghlacthacht na fianaise i gcaitheamh imeachtaí coiriúla a tíolacadh nó i gcomhthéacs eile, an bhféadfadh údarás a bheith ag an gcúirt náisiúnta sin diúltú don iarraidh sin i ndáil le sonraí a choinnítear de bhun na forála náisiúnta a trasuíodh sa dlí náisiúnta go díreach mar atá, foráil arna glacadh faoin oibleagáid forálacha Treorach a sonraítear in Airteagal 288 CFAE, nó aon dearbhú den sórt sin a theorannú go dtí an tréimhse tar éis do Threoir 2006/24 a bheith dearbhaithe mar neamhbhailí de bhun [bhreithiúnas an 8 Aibreán 2014, Digital Rights Ireland agus páirtithe eile C‑293/12 agus C‑594/12, EU:C:2014:238)]?”

 Na ceisteanna arna dtarchur chun réamhrialú

 An chéad cheist, an dara ceist agus an ceathrú ceist

31      Leis an gcéad cheist, an dara ceist agus an ceathrú ceist, ba cheart a scrúdú le chéile, féachann an chúirt a rinne an tarchur lena fhiafraí, go bunúsach, an gcaithfear Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58, léite i bhfianaise Airteagail 7,8 agus 11, chomh maith le hAirteagal 52(1) den Chairt, a léirmhíniú amhail agus go gcuirtear toirmeasc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear sonraí tráchta agus sonraí suímh a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach ar mhaithe le coireacht thromchúiseach a chomhrac.

32      Mar réamhphointe, ní mór a choinneáil i gcuimhne gur cásdlí comhsheasmhach é, ar mhaithe le foráil dhlí an Aontais a léirmhíniú, go gcaithfear ní hamháin tagairt dá foclaíocht ach a comhthéacs agus na cuspóirí a dtugtar fúthu sa reachtaíocht a bhfuil sí ina cuid di, agus bunús na reachtaíochta sin go háirithe a chur san áireamh chomh maith (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791, mír 105 agus an cásdlí dá dtagraítear).

33      Is léir ón bhfoclaíocht úd d’Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58 nach bhféadfadh é a bheith mar aidhm ag na bearta reachtacha a n-údaraítear léi do na Ballstáit a ghlacadh, faoi na coinníollacha a leagtar síos léi, ach teorainn a chur le raon feidhme na gceart agus na n‑oibleagáidí dá bhforáiltear, go háirithe, in Airteagail 5, 6, agus 9 de Threoir 2002/58.

34      Le haghaidh an chórais a bhunaítear leis an Treoir seo ina gcomhshnaidhmtear Airteagal 15(1) di, ní foláir a choinneáil i gcuimhne go bhfuil na Ballstáit faoi cheangal rúndacht na cumarsáide arna déanamh trí líonraí cumarsáide poiblí, trí na seirbhísí agus na cumarsáidí leictreonacha atá ar fáil go poiblí agus na sonraí tráchta i gceist i reachtaíocht náisiúnta a ráthú lena reachtaíocht náisiúnta, de bhun Airteagal 5(1), an chéad agus an dara abairt, den Treoir sin. Go háirithe, tá sé de chúram orthu cosc a chur ar an dara duine seachas an úsáideoir féin éisteacht le cumarsáidí nó na sonraí tráchta i gceist, iad a thascradh, a stóráil nó a chur faoi réir aon mhodh tascartha nó faireachais gan toiliú na n‑úsáideoirí lena mbaineann cé is moite den chás ina bhfuil an duine sin údaraithe de réir dlí, i gcomhréir le hAirteagal 15(1) den Treoir sin.

35      Chuige sin, chinn an Chúirt Bhreithiúnais cheana go gcumhdaítear le hAirteagal 5(1) de Threoir 2002/58 prionsabal rúndachta na cumarsáide leictreonaí agus na sonraí tráchta lena mbaineann, agus tá toirmeasc mar riail ar stóráil na gcumarsáidí agus sonraí sin ag aon duine seachas na húsáideoirí gan a dtoiliú i gceist leis ach go háirithe (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791, mír 107).

36      Léirítear leis an bhforáil seo cuspóir reachtóir an Aontais agus Treoir 2002/58 á glacadh aige. Go deimhin, is léir ón meabhrán míniúcháin leis an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí [COM(2000) 385 final], as a dtagann Treoir 2002/58, gur bheartaigh reachtóir an Aontais “a áirithiú go leanfar le hardleibhéal cosanta maidir le sonraí pearsanta agus príobháideachas a chosaint a ráthú do gach seirbhís cumarsáide leictreonaí is cuma an teicneolaíocht a úsáidtear”. Mar is léir go háirithe ó Aithrisí 6 agus 7 den Treoir sin, is amhlaidh gurb éard is cuspóir leis úsáideoirí seirbhísí cumarsáide leictreonaí a chosaint ar an mbaol dá sonraí pearsanta agus dá bpríobháideachas a leanann as teicneolaíochtaí nua agus as an gcumas feabhsaithe sonraí a stóráil agus a uathphróiseáil go háirithe. Go háirithe, mar a leagtar amach in Aithris 2 den Treoir sin, is é toil reachtóra an Aontais a ráthú go n‑urramófar go hiomlán na cearta arna leagan amach in Airteagail 7 agus 8 den Chairt (féach, chuige sin, breithiúnais an 21 Nollaig 2016, Tele2 Sverige agus Watson agus páirtithe eile, C‑203/15 agus C‑698/15, EU:C:2016:970, mír 83, agus an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791, mír 106).

37      Dá réir sin, agus Treoir 2002/58 á glacadh, rinne reachtóir an Aontais na cearta seo a dhaingniú ionas go mbeadh úsáideoirí na modhanna cumarsáide leictreonaí i dteideal a bheith ag siúl leis, mar riail, go mbeadh a gcumarsáidí agus na sonraí lena mbaineann anaithnid agus do-thaifeadta, in éagmais a dtoiliú dá mhalairt (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791, mír 109).

38      Le haghaidh phróiseáil agus stóráil na sonraí tráchta a bhaineann leis na síntiúsóirí agus na húsáideoirí ag seirbhísí cumarsáide leictreonaí, foráiltear in Airteagal 6(1) de Threoir 2002/58 nach foláir na sonraí siúd a scriosadh nó a anaithnidiú i gcás nach mbeadh gá leo a thuilleadh chun cumarsáid a tharchur, agus sonraítear sa dara fomhír dó, nach bhféadfar sonraí tráchta ba ghá i gcomhair chúrsaí billeála na síntiúsóirí nó íocaíochtaí idirnaisc a phróiseáil ach amháin go dtí deireadh na tréimhse lena linn ar féidir agóid a dhéanamh de réir dlí i gcoinne bille nó lena linn ar féidir dul sa tóir ar íocaíocht. Mar thaca leis na sonraí suímh seachas sonraí tráchta, leagtar amach in Airteagal 9(1) den Treoir sin nach bhféadfar sonraí den sórt sin a phróiseáil ach amháin faoi choinníollacha áirithe agus tar éis dóibh a anaithnidiú nó le toiliú úsáideoirí nó síntiúsóirí.

39      Dá réir sin, ní hamháin go rialaítear rochtain ar shonraí den sórt sin le Treoir 2002/58 trí chosaintí arb é is cuspóir dóibh mí-úsáid a chosc, ach cumhdaítear go háirithe léi chomh maith an prionsabal go bhfuil a stóráil ag tríú páirtithe a thoirmeasc.

40      Sa mhéid go ligtear do na Ballstáit, le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58, bearta reachtacha a ghlacadh arb é is cuspóir dóibh teorainn a chur le raon feidhme na gceart agus na n‑oibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagail 5, 6 agus 9 den Treoir sin, amhail iad siúd a eascraíonn ó phrionsabal rúndacht na cumarsáide agus an prionsabal go ndéanfar stóráil na sonraí lena mbaineann a thoirmeasc, prionsabail arna dtabhairt chun cuimhne i mír 35 den bhreithiúnas seo, leagtar amach san fhoráil sin eisceacht ón riail ghinearálta dá bhforáiltear in Airteagail 5, 6 agus 9 a chaithfear a léirmhíniú go dian i gcomhréir le cásdlí comhsheasmhach dá bhrí sin. Ar an gcúis sin, ní féidir foráil den sórt sin údar a thabhairt leis go ndéanfaí riail den mhaolú ar an oibleagáid an prionsabal rúndacht na cumarsáide agus na sonraí lena mbaineann a ráthú agus, go háirithe, an prionsabal go ndéanfar stóráil na sonraí sin a thoirmeasc mar a shonraítear in Airteagal 5 den Treoir sin, mura mbainfí an chuid is mó dá feidhm den fhoráil sin (féach, chuige sin, breithiúnais an 21 Nollaig 2016, Tele2 Sverige agus Watson agus páirtithe eile, C‑203/15 agus C‑698/15, EU:C:2016:970, mír 89, agus an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791, mír 111).

41      Mar thaca leis na cuspóirí a d’fhéadfadh údar a thabhairt le teorainn ar na cearta agus na hoibleagáidí a shonraítear in Airteagal 5, 6 agus 9 de Threoir 2002/58 go háirithe, rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais cheana féin go liostaítear na cuspóirí sa chéad abairt d’Airteagal 15(1) den Treoir seo go mion, ar bhealach a fhágann nach mór do bheart reachtach arna ghlacadh faoin bhforáil sin ceann de na cuspóirí a chomhlíonadh go héifeachtúil agus go dian (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, mír 112 agus an cásdlí dá dtagraítear).

42      Ina theannta sin, is léir ón tríú habairt d’Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58 nach mór prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais a urramú leis na bearta arna nglacadh ag na Ballstáit faoin bhforáil sin, lena n‑áirítear prionsabal na comhréireachta, agus a áirithiú go n‑urramófar na cearta bunúsacha arna ráthú leis an gCairt. I ndáil leis sin, rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais cheana féin go dtarraingítear ceisteanna anuas leis an oibleagáid arna forchur ag Ballstát ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí trí bhíthin reachtaíocht náisiúnta ar mhaithe le sonraí tráchta a choinneáil chun iad a chur ar fáil de réir mar a bheadh do na húdaráis inniúla náisiúnta, ceisteanna a bhaineann ní hamháin le hAirteagail 7 agus 8 den Chairt maidir le príobháideachais agus cosaint sonraí pearsanta ach le hAirteagal 11 den Chairt maidir le saoirse tuairimí a nochtadh chomh maith (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, mír 113 agus an cásdlí dá dtagraítear).

43      Dá bhrí sin, ní mór an tábhacht a bhaineann leis an gceart chun príobháideachais, arna ráthú in Airteagal 7 den Chairt, agus an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint , arna ráthú in Airteagal 8 di, ar thoradh cásdlí na Cúirte Breithiúnais é, agus an ceart chun saoirsí tuairimí, an ceart bunúsach seo arna ráthú in Airteagal 11 den Chairt chun cosanta sonraí pearsanta, ar cheann de bhunchlocha de shochaí iolraíoch agus dhaonlathach agus cheann de na luachanna ar a bhfuil an tAontas bunaithe é, a chur san áireamh i mbun Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58 a léirmhíniú (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, mír 114 agus an cásdlí dá dtagraítear).

44      I ndáil leis sin, ní mór a shonrú gur maolú de pháirt ar an toirmeasc na stóráil na sonraí sin ag an dara duine seachas an t-úsáideoir féin, dá bhforáiltear in Airteagal 5(1) de Threoir 2002/58, agus gur cur isteach den pháirt eile ar na bunchearta príobháideachais agus ar chosaint shonraí pearsanta, a chumhdaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt, í coinneáil na sonraí suímh agus na sonraí tráchta inti féin, is cuma an bhfuil íogaireacht á tíolacadh ag an bhfaisnéis nó nach bhfuil, ar fhulaing na páirtithe leasmhara míbhuntáistí féideartha as siocair an chuir isteach seo nó nár fhulaing, nó an úsáidfear na sonraí a choinnítear nó nach n-úsáidfear fiú (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, míreanna 115 agus 116 agus an cásdlí dá dtagraítear).

45      Is mó an t-údar leis an tátal seo fós ó tharla go bhféadfadh sonraí tráchta agus sonraí suímh faisnéis faoi líon mór gnéithe de shaol phríobháideach na ndaoine lena mbaineann a chur in iúl, lena n‑áirítear faisnéis íogair, amhail gnéaschlaonadh, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach, fealsúnach, sóisialta nó eile agus stádas sláinte, fad, thairis sin, agus a thugtar cosaint ar leith do shonraí den sórt sin le dlí an Aontais. Maidir leis na sonraí sin a chur san áireamh ina n-iomláine, féadfar tátal an‑mhionsonraithe a bhaint maidir le saol príobháideach na ndaoine ar coinníodh a gcuid sonraí, amhail a nósanna laethúla, a n‑áiteanna cónaithe buana nó sealadacha, a gcuid imeachtaí laethúla nó eile, na gníomhartha a dhéanann siad, a gcaidreamh sóisialta agus na timpeallachtaí sóisialta ina mbíonn siad. Go háirithe, leis na sonraí sin, tá bealach ann chun próifíl de na hábhair sonraí a chur le chéile, ar faisnéis í sin atá cé chomh híogair le hábhar na gcumarsáidí i bhfianaise an chirt chun príobháideachais í (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791, mír 117 agus an cásdlí dá dtagraítear).

46      Mar sin, de pháirt, le sonraí tráchta agus sonraí suímh a choinneáil chun críoch póilíneachta, d’fhéadfaí difear a dhéanamh don cheart chun chumarsáidí a urramú, arna thíolacadh in Airteagal 7 den Chairt, agus d’fhéadfaí éifeachtaí dhíspreagthach a bheith ag an gcoinneáil sin ar úsáid na saoirse tuairimí a nochtadh ag úsáideoirí na modhanna cumarsáide leictreonaí, arna ráthú in Airteagal 11 di, ar níos tromchúisí fós na héifeachtaí sin i bhfianaise réimse agus líon na sonraí coinnithe. Den pháirt eile, ag féachaint don lear mór sonraí tráchta agus sonraí suímh a d’fhéadfadh a bheith coinnithe go leanúnach le beart lena gcoinnítear iad go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach agus íogaireacht na faisnéise a d’fhéadfaí a sholáthar leis na sonraí sin, tá baol ann go mbainfí mí-úsáid astu agus go mbeadh rochtain aindleathach orthu i gceist le coinneáil na sonraí sin ag na soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí inti féin (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791, míreanna 118 agus 119 agus an cásdlí dá dtagraítear).

47      I ndáil leis sin, ní mór a chur i dtreis gur cur isteach ar leith ar na cearta bunúsacha arna ráthú in Airteagail 7 agus 11 den Chairt iad coinneáil sonraí agus rochtain orthu, mar is léir ón gcásdlí arna dtabhairt chun cuimhne i mír 44 den bhreithiúnas seo, ar gá údar ar leith chuige sin, de bhun Airteagal 52(1) di. Tugtar le tuiscint uaidh sin nach bhféadfaí le reachtaíocht náisiúnta inti féin, ina ndearbhaítear lánurraim na gcoinníollacha de thoradh an chásdlí lena ndearnadh Treoir 2002/58 a léirmhíniú i dtaobh rochtain ar na sonraí a choinnítear, teorainn nó leigheas a chur le cur isteach tromchúiseach ar na cearta arna ráthú in Airteagail 5 agus 6 den Treoir sin agus ag na cearta bunúsacha atá ionchorpraithe sna hAirteagail sin a leanfadh as coinneáil ghinearálta na sonraí dá bhforáiltear iontu.

48      Dá ainneoin sin, a mhéid a ligtear do na Ballstáit teorainn a chur leis na cearta agus na hoibleagáidí dá dtagraítear i míreanna 34 go 37 den bhreithiúnas seo, is léiriú é Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58 nach bhfuil cuma ar na cearta a chumhdaítear in Airteagail 7, 8 agus 11 den Chairt amhail gur sainchearta daingne iad, ach ní mór iad a chur san áireamh i ndáil lena bhfeidhm sa tsochaí. Go deimhin, mar is léir ó Airteagal 52(1) den Chairt, ceadaítear leis an bhforáil sin teorainneacha a chur le feidhmiú na gceart sin, ar choinníoll go bhforáiltear do na teorainneacha sin le dlí, go n‑urramaítear bunábhar na gceart sin leo agus, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, go bhfuil gá leo agus go gcomhlíontar cuspóirí leasa ghinearálta arna n‑aithint ag an Aontas a bheag nó a mhór leo nó an gá atá le cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint. Dá réir sin, ní mór aird a thabhairt chomh maith ar thábhacht na gceart a chumhdaítear in Airteagail 3, 4, 6 agus 7 den Chairt agus ar an tábhacht a bhaineann leis an gcuspóir an tslándáil náisiúnta a chosaint agus an cuspóir coireacht thromchúiseach a chomhrac trí chur le cosaint ceart agus saoirsí daoine eile, agus Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58 i bhfianaise na Cairte á léirmhíniú (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791, míreanna 120 go 122 agus an cásdlí dá dtagraítear).

49      Dá bhrí sin, i dtaobh cionta coiriúla a chosc agus a chomhrac, arb iad go háirithe mionaoisigh agus daoine leochaileacha íospartaigh na gcionta sin, ní mór a chur san áireamh go bhféadadh oibleagáidí dearfacha a bheith ag na húdaráis phoiblí de thoradh Airteagal 7 den Chairt, ar mhaithe le bearta dlíthiúla a ghlacadh arb é is cuspóir dóibh an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh a chosaint. D’fhéadfadh oibleagáidí den sórt sin teacht as Airteagal 7 maidir le cosaint an bhaile agus cosaint cumarsáide, agus as Airteagail 3 agus 4 maidir le hiomláine coirp agus mheabhrach an duine a chosaint agus as an toirmeasc ar chéastóireacht agus ar íde nó ar phionós atá mídhaonna nó táireach (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791, mír 126 agus an cásdlí dá dtagraítear).

50      Maidir leis na hoibleagáidí dearfacha éagsúla sin, ní mór comhréiteach a fháil idir na leasanna agus na cearta dlisteanacha éagsúla i gceist. Go deimhin, rialaigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine go bhfuil gá, go háirithe, le forálacha substainteacha agus nós imeachta, chomh maith le bearta praiticiúla lena gcuirtear ar chumas coireanna pearsanta a chomhrac go héifeachtach trí imscrúdú agus ionchúiseamh éifeachtúil a ghlacadh mar chuid de na hoibleagáidí dearfacha a d’eascair ó Airteagail 3 agus 8 den Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, a bhfhreagraíonn na cosaintí in Airteagail 4 agus 7 den Chairt dó, ar oibleagáid é sin atá níos tábhachtaí fós sa chás ina bhfuil dea-bhail choirp agus morálta linbh faoi bhagairt. Dá ainneoin sin, ní mór na bearta nach mór do na húdaráis inniúla a ghlacadh na conairí dlíthiúla agus na cosaintí eile ar dóigh dóibh raon feidhme na gcumhachtaí imscrúdaithe coiriúla agus teorainn a chur le cearta agus saoirsí eile a urramú. Go háirithe, de réir na cúirte seo, ní mór creat dlíthiúil a thabhairt isteach lena bhféadfar comhréiteach a fháil idir na leasanna agus na cearta dlisteanacha éagsúla (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791, míreanna 127 agus 128 agus an cásdlí dá dtagraítear).

51      Sa chomhthéacs sin, is léir ó fhoclaíocht na chéad abairte d’Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58, go bhféadfadh na Ballstáit beart a ghlacadh lena maolaítear ó phrionsabal na rúndachta dá dtagraítear i mír 35 den bhreithiúnas seo “i gcás inar beart riachtanach, iomchuí agus comhréireach é, i sochaí dhaonlathach”, ar beart den sórt sin é gur cheart a bheith comhréireach “go docht” leis an aidhm a dtugtar fúithi, mar a thugtar le fios in Aithris 11 den Treoir [aistriúcháin neamhoifigiúla] (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791, mír 129 agus an cásdlí dá dtagraítear).

52      I ndáil leis sin, ní mór a choinneáil i gcuimhne gur gá, de réir chásdlí socair na Cúirte Breithiúnais, chun an ceart bunúsach chun príobháideachais a chosaint, nach mbeadh feidhm ag maoluithe nó teorainneacha ar chosaint sonraí pearsanta ná ag teorainneacha ach a mhéid a bhfuil dianghá leo. Ina theannta sin, ní féidir cuspóir leasa ghinearálta a shaothrú gan an gá le comhréiteach a fháil idir é sin agus cearta bunúsacha is ábhar don bheart a chur san áireamh, trí chothromaíocht a bhaint amach idir an cuspóir leasa ghinearálta de pháirt agus na cearta atá i gceist den pháirt eile (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791, mír 130 agus an cásdlí dá dtagraítear).

53      Go sonrach, tugtar le tuiscint ó chásdlí na Cúirte Breithiúnais nach mór measúnú a dhéanamh ar an gcumhacht atá ag na Ballstáit údar a thabhairt le teorainn ar na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear, go háirithe, in Airteagail 5, 6 agus 9 de Threoir 2002/58 trí thromchúis chur isteach na teorann sin a mheas agus trína fhíorú an bhfuil tábhacht chuspóir an leasa phoiblí a shaothraítear leis an teorainn sin i gcomhréir leis an tromchúis sin (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791, mír 131 agus an cásdlí dá dtagraítear).

54      Ar mhaithe le ceanglas na comhréireachta a chomhlíonadh, ní mór rialacha soiléire mionsonraithe a fhoráil leis an reachtaíocht náisiúnta lena rialófar raon feidhme agus cur i bhfeidhm an bhirt atá i gceist agus lena bhforchuirfear íoscheanglais, ionas go mbeadh cosaintí leordhóthanacha ag na daoine lena mbaineann na sonraí pearsanta chun na sonraí sin a chosaint go héifeachtúil ar an mbaol go mbainfí mí-úsáid astu. Ní mór don reachtaíocht sin a bheith ceangailteach de réir dlí intíre agus, go háirithe, é a thabhairt le fios na himthosca agus na coinníollacha faoina bhféadfar beart a dhéanamh lena bhforáiltear do phróiseáil sonraí den sórt sin agus, mar sin, lena ráthaítear nach bhfuil ach dianghá leis an gcur isteach. Is mó an gá atá ag cosaint den sórt sin fós i gcás ina ndéantar próiseáil uathoibrithe ar shonraí pearsanta, go háirithe i gcás ina bhfuil baol suntasach ann go mbeadh rochtain neamhdhleathach ar na sonraí sin. Tá feidhm ag na cúinsí sin go háirithe i gcás ina bhfuil cosaint na sonraí íogaire i gceist, ar catagóir speisialta sonraí pearsanta í sin (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791, mír 132 agus an cásdlí dá dtagraítear).

55      Dá bhrí sin, ní mór don reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do choinneáil sonraí pearsanta critéir oibiachtúla a chomhlíonadh i gcónaí agus ceangal a bhunú idir na sonraí le coinneáil agus an cuspóir saothraithe. Go háirithe, chun coireacht thromchúiseach a chomhrac, ní mór an oiread sin sonraí a fhoráil lenar féidir cur le cionta tromchúiseacha a chosc, a bhrath, nó a imscrúdú (breithiúnais an 8 Aibreán 2014, Digital Rights Ireland agus páirtithe eile, C‑293/12 agus C‑594/12,  EU:C:2014:238, mír 59 agus an 6 Deireadh Fómhair 2020, LaQuadrature du Net agus páirtithe eile, C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791, mír 133).

56      Le haghaidh na gcuspóirí leasa ghinearálta lena bhféadfaí údar a thabhairt le beart arna dhéanamh faoin Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58, is léir ó chásdlí na Cúirte Breithiúnais, agus go háirithe breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, LaQuadrature du Net agus páirtithe eile, (C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791), i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, gurb ann do chliarlathas idir na cuspóirí seo de réir a dtábhachta faoi seach agus tábhacht an chuspóra a shaothraítear le beart den sórt sin i gcomhréir leis an tromchúis ar de thoradh an chuir isteach í.

57      I ndáil leis sin, rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais go sáraíonn tábhacht an chuspóra maidir leis an tslándáil náisiúnta a choimirciú, léite i bhfianaise Airteagal 4(2) CAE, ar dá réir a bhfuil an tslándáil náisiúnta de fhreagracht ar gach Ballstát agus orthu amháin, an cuspóir eile dá dtagraítear in Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58, go háirithe na cuspóirí maidir le coireacht a chomhrac go ginearálta, fiú coireacht thromchúiseach, agus slánchoimeád na slándála poiblí. Faoi réir na gceanglas eile dá bhforáiltear in Airteagal 52(1) den Chairt a chomhlíonadh, mar sin, d’fhéadfadh cuspóir na slándála náisiúnta a choimirciú údar maith a thabhairt le bearta i gceist le cur isteach ar chearta bunúsacha atá níos tromchúisí ná a leithéid a d’fhéadfadh údar a thabhairt leis na cuspóirí eile (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791, míreanna 135 agus 136).

58      Dá bhíthin sin, chinn an Chúirt Bhreithiúnais nach gcuirtear toirmeasc le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58, léite i bhfianaise Airteagail 7, 8, 11 agus 52(1) den Chairt, ar bhearta reachtacha lena gceadaítear, chun an tslándáil náisiúnta a choimirciú, dul i muinín teagasc ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí chun sonraí tráchta agus sonraí suímh a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach, i gcásanna: i) ina bhfuil bagairt thromchúiseach ar an tslándáil náisiúnta roimh an mBallstát lena mbaineann atá iarbhír faoi láthair nó is féidir a thuar; ii) ina bhfuil an cinneadh lena bhforchuirtear teagasc den sórt sin faoi réir grinnscrúdú éifeachtach ag cúirt nó ag eintiteas neamhspleách riaracháin a bhfuil a chinneadh ceangailteach; iii) gur cuspóir don ghrinnscrúdú sin a fhíorú an ann do cheann de na cásanna sin agus an gcomhlíontar na coinníollacha agus na cosaintí nach mór a fhoráil; agus iv) nach n‑eisítear an teagasc seo ach ar feadh tréimhse ama atá teoranta go téarma a bhfuil dianghá leis, ach atá in-athnuaite má leanann an bhagairt sin ar aghaidh (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791, mír 168).

59      Maidir leis an gcuspóir cionta tromchúiseacha a chosc, a bhrath, a imscrúdú, agus a ionchúiseamh, luaigh an Chúirt Bhreithiúnais, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, nach bhféadfaí an oiread sin údar a thabhairt le cur isteach tromchúiseach ar na cearta bunúsacha a chumhdaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt ach amháin chun coireacht thromchúiseach a chomhrac agus chun bagairtí tromchúiseacha ar an tslándáil phoiblí a chosc, amhail iad atá i gceist le sonraí tráchta agus sonraí suímh a choinneáil. Dá bhrí sin, ní fhéadfaí údar a thabhairt le cur isteach ar na cearta bunúsacha gan tromchúis ag gabháil leo ach leis an gcuspóir cionta coiriúla tromchúiseacha a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh go ginearálta amháin (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791, mír 140 agus an cásdlí dá dtagraítear).

60      I rith na héisteachta, d’áitigh an Coimisiún Eorpach go bhféadfaí caitheamh mar bhagairt ar an tslándáil náisiúnta le coireacht atá thar a bheith tromchúiseach.

61      Rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais cheana féin gurb ionann an cuspóir an tslándáil náisiúnta a chaomhnú agus an leas sáraitheach dualgais agus leasanna bunúsacha na sochaí a chosaint, tríd an oiread sin gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh bunstruchtúir pholaitiúla, bhunreachtúla, eacnamaíocha nó shóisialta tíre a dhíchobhsú go tromchúiseach agus go háirithe, a d’fhéadfadh a bheith ina mbagairt dhíreach ar an tsochaí, ar an daonra nó ar an Stát go díreach, amhail, inter alia, gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791, mír 135).

62      Is fíor chomh maith, murab ionann agus an choireacht, fiú má tá sí thar a bheith tromchúiseach, go gcaithfeadh bagairt ar an tslándáil náisiúnta a bheith iarbhír faoi láthair nó, ar a laghad, a bheith amhail go bhféadfaí í a thuar, tromchúis de chineál a thabharfadh le tuiscint go bhfuil imthosca nithiúla ann go leordhóthanach chun údar a thabhairt le beart lena gcoinnítear sonraí tráchta agus sonraí suímh go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach ar feadh tréimhse theoranta. Is inaitheanta í bagairt den sórt sin ón mbaol ginearálta agus buan go dtarlóidh teannas nó go gcuirfí isteach, fiú go tromchúiseach, ar an tslándáil phoiblí nó go ndéanfaí cionta coiriúla tromchúiseacha de bharr a cineáil, a tromchúise agus shainiúlacht a himthosca (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791, míreanna 136 agus 137).

63      Dá bhrí sin, ní fhéadfaí caitheamh mar bhagairt ar an tslándáil náisiúnta le coireacht, fiú coireacht atá thar a bheith tromchúiseach. Go deimhin, mar atá luaite ag an Abhcóide Ginearálta i míreanna 49 agus 50 dá Thuairim, dá gcaithfí léi mar sin, d’fhéadfaí meánchatagóir a thabhairt isteach idir an tslándáil náisiúnta agus an tslándáil phoiblí, chun ceanglais na slándála náisiúnta a chur i bhfeidhm maidir leis an tslándáil phoiblí.

64      Tugtar le tuiscint uaidh sin chomh maith, mar a luadh sa dara ceist a tarchuireadh chun réamhrialú, nach ndéanann sé aon difear go ndearnadh na sonraí tráchta agus na sonraí suímh a choinneáil de réir dlí d’fhonn an tslándáil náisiúnta a choimirciú do dhlíthiúlacht a gcoinneála ar mhaithe le coireacht thromchúiseach a chomhrac.

65      Ó thaobh an chuspóra coireacht thromchúiseach a chomhrac, rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais go sáraíonn reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear, chuige sin, do choinneáil na sonraí tráchta agus na sonraí suímh go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach teorainneacha an dianghá agus nach bhféadfaí a mheas go bhfuil údar leo i sochaí dhaonlathach. Go deimhin, i bhfianaise íogaireacht na faisnéise a d’fhéadfaí a sholáthar le sonraí tráchta agus sonraí suímh, tá rúndacht na sonraí sin fíor-riachtanach don cheart chun príobháideachais. Dá bhrí sin, i bhfianaise na n‑éifeachtaí dhíspreagthach ar úsáid na gceart bunúsach a chumhdaítear in Airteagail 7 agus 11 den Chairt de pháirt, dá dtagraítear i mír 46 den bhreithiúnas seo, a d’fhéadfadh coinneáil na sonraí seo a bheith i gceist leo, agus tromchúis an chuir isteach i gceist le coinneáil den sórt sin den pháirt eile, tá sá tábhachtach gurb eisceacht seachas riail í an choinneáil seo i sochaí dhaonlathach mar a fhoráiltear sa chóras arna bhunú le Treoir 2002/58, agus nach bhféadfaí na sonraí seo a bheith faoi réir coinneáil atá córasach agus leanúnach. Tá feidhm ag an tátal seo fiú maidir leis na cuspóirí coireacht thromchúiseach a chomhrac agus bagairtí tromchúiseacha ar an tslándáil phoiblí a chosc agus an tábhacht nach mór a cheangal leo (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791, míreanna 141 agus 142 agus an cásdlí dá dtagraítear).

66      Ina theannta sin, chuir an Chúirt Bhreithiúnais i dtreis go dtagann cumarsáidí leictreonacha den daonra ar fad, nach mór, faoi reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do shonraí tráchta agus sonraí suímh a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach gan aon idirdhealú, teorainn nó eisceacht de réir an chuspóra saothraithe. Baineann reachtaíocht den sórt sin tríd is tríd le gach duine a bhfuil seirbhísí cumarsáide leictreonaí á n‑úsáid acu, gan na daoine sin a bheith i gcás, fiú go hindíreach, a d’fhéadfadh a bheith ina shiocair le himeachtaí coiriúla. Dá bhrí sin, tá feidhm ag an reachtaíocht sin fiú maidir le daoine nach bhfuil an oiread sin údar ann le creidiúint go bhféadfadh a n‑iompar bheith ina cheangal, fiú ceangal indíreach nó fánach, leis an gcuspóir coireacht thromchúiseach a chomhrac, gan ceangail a bheith tuartha idir na sonraí a bhfuil a gcoinneáil tuartha agus bagairt ar an tslándáil phoiblí. Go háirithe, mar a rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais cheana féin, níl reachtaíocht den sórt sin teoranta do shonraí a choinneáil a bhaineann le tréimshe ama, le limistéar geografach agus/nó le dream daoine a d’fhéadfadh a bheith i dtreis, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, i gcion tromchúiseach, nó le daoine a d’fhéadfaí, ar chúiseanna eile, cur leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta tromchúisí trína sonraí a choinneáil (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791, míreanna 143 agus 144 agus an cásdlí dá dtagraítear).

67      Os a choinne sin, i mír 168 de bhreithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile  (C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791), shonraigh an Chúirt Bhreithiúnais nach gcuirtear toirmeasc, le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58, léite i bhfianaise Airteagail 7, 8, 11 agus 52(1) den Chairt, le bearta reachtacha lena bhforáiltear, chun coireacht thromchúiseach a chomhrac agus chun bagairtí tromchúiseacha ar an tslándáil phoiblí a chosc,

–        do choinneáil na sonraí tráchta agus sonraí suímh ar bhonn spriocdhírithe, ar bhonn gnéithe oibiachtúla agus neamh‑idirdhealaitheacha, de réir chatagóirí na n‑ábhar sonraí nó trí bhíthin critéir gheografacha, ar feadh tréimhse ama atá teoranta go téarma a bhfuil dianghá leis ach atá in-athnuaite;

–        do choinneáil ghinearálta agus neamh-idirdhealaitheach seoltaí IP atá curtha i leith foinse cheangail ar feadh tréimhse ama atá teoranta go téarma a bhfuil dianghá leis;

–        do choinneáil ghinearálta agus neamh-idirdhealaitheach sonraí a bhaineann le stádas sibhialta úsáideoirí na modhanna cumarsáide leictreonaí, agus

–        do dhul i muinín teagasc ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí tabhairt faoi, go ceann tréimhse ar leith, caomhnú brostaithe (quick freeze) ar na sonraí tráchta agus na sonraí suímh atá ag na soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí seo, trí bhíthin cinneadh ón údarás inniúil atá faoi réir grinnscrúdaithe breithiúnach éifeachtach,

ós rud é go n‑áirítear, le rialacha soiléire mionsonraithe, go gcoinneofar na sonraí atá i gceist i gcomhréir leis na coinníollacha substainteacha agus nós imeachta lena mbaineann agus go mbeidh cosaintí leordhóthanacha ag na hábhair sonraí i gcoinne an bhaoil go mbainfí mí-úsáid astu.

68      San iarraidh ar réamhrialú seo, a fuarthas ag an gCúirt Bhreithiúnais sular tugadh breithiúnais an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791) agus an 2 Márta 2021, Prokuratuur (Coinníollacha rochtana ar shonraí maidir le cumarsáid leictreonach), measann an chúirt a rinne an tarchur, áfach, nach gcuirfí ar chumas coireacht thromchúiseach a chomhrac go héifeachtúil ach le coinneáil ghinearálta agus neamh-idirdhealaitheach na sonraí tráchta agus na sonraí suímh amháin. Le linn éisteacht an 13 Meán Fómhair 2021, d’áitigh Éire agus Rialtas na Fraince, go háirithe, nach gcuirfeadh an tátal sin ar ceal toisc go bhféadfadh na Ballstáit dul i muinín na mbeart dá dtagraítear sa mhír roimhe seo.

69      I ndáil leis sin, ar an gcéad dul síos, is fíor nach ar ionstraim imscrúdaitheach amháin a bhraitheann éifeachtúlacht imeachtaí coiriúla go ginearálta ach ar na hionstraimí imscrúdaitheacha go léir atá ag na húdaráis náisiúnta inniúla chun na gcríoch sin.

70      Ar an dara dul síos, ní mór a chur i dtreis go gceadaítear le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58, léite i bhfianaise Airteagail 7, 8, 11 agus 52(1) den Chairt, mar a léirmhínítear leis an gcásdlí dá dtagraítear i mír 67 den bhreithiúnas seo, do na Ballstáit bearta a ghlacadh, chun coireacht thromchúiseach a chomhrac agus bagairtí tromchúiseacha ar an tslándáil phoiblí a chosc, ní hamháin bearta faoina ndéantar coinneáil ar bhonn spriocdhírithe agus caomhnú brostaithe, ach bearta lena bhforáiltear do choinneáil ghinearálta agus neamh‑idirdhealaitheach sonraí úsáideoirí na modhanna cumarsáide leictreonaí de pháirt, agus seoltaí IP atá curtha i leith foinse cheangail den pháirt eile, chomh maith.

71      I ndáil leis sin, tá comhthuiscint ann go bhféadfadh coinneáil sonraí úsáideoirí na modhanna cumarsáide leictreonaí cur leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta tromchúisí, a mhéid a chuirtear, leis na sonraí sin, ar chumas na ndaoine a d’úsáid na modhanna sin a shainaithint i gcomhthéacs gníomh a bhaineann le coireacht thromchúiseach a ullmhú nó a dhéanamh.

72      Mar is léir ón gcásdlí atá achoimrithe i mír 67 thuas, ní chuirtear toirmeasc le Treoir 2002/58, chun coireacht a chomhrac go ginearálta, ar choinneáil ghinearálta na sonraí stádas sibhialta. Sna himthosca sin, ní mór a shonrú nach gcuireann an Treoir sin ná aon ghníomh eile de dhlí an Aontais toirmeasc ar reachtaíocht náisiúnta, arb é is cuspóir di coireacht thromchúiseach a chomhrac, faoina bhfuil fáil modhanna cumarsáide leictreonaí, amhail cárta SIM réamhíoctha, faoi réir fíorú doiciméad oifigiúil lena bhfionntar stádas an cheannaitheora agus na faisnéise a thagann as a chlárú ag an díoltóir, lena gceanglaítear ar an díoltóir, de réir mar a bheadh, rochtain ar an bhfaisnéis sin a thabhairt do na húdaráis inniúla náisiúnta.

73      Ina theannta sin, ní mór a choinneáil i gcuimhne go gcuireann coinneáil ghinearálta sheoltaí IP fhoinse an cheangail isteach go mór ar na cearta bunúsacha a chumhdaítear in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 den Chairt, ós rud é go bhféadfaí, leis na seoltaí IP sin, tátail mhionsonraithe maidir le príobháideachas úsáideoir na modhanna cumarsáide leictreonaí lena mbaineann agus go bhféadfaí éifeachtaí dhíspreagthach a bheith acu ar fheidhmiú na saoirse chun tuairimí a nochtadh a ráthaítear in Airteagal 11 den Chairt. Maidir le coinneáil den sórt sin, áfach, chinn an Chúirt Bhreithiúnais nach mór, chun críocha an chomhréitigh is gá idir na cearta agus na leasanna dlisteanacha atá i gceist mar a cheanglaítear leis an gcásdlí dá dtagraítear i míreanna 50 go 53 den bhreithiúnas seo, é a chur san áireamh, i gcás cion coiriúil a dhéantar ar líne agus, go háirithe sa chás ina ndéantar pornagrafaíocht leanaí a fháil, a scaipeadh, a tharchur nó a chur ar fáil ar líne, de réir bhrí Airteagal 2(c) de Threoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2004/68/CGB ón gComhairle (IO 2011 L 335, lch. 1), go bhféadfadh sé gurb é an seoladh IP an t‑aon bheart imscrúdaitheacha lena gcuirtear ar chumas an duine a bhfuil an seoladh seo curtha ina leith nuair a dhéantar an cion seo a aithint (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791, míreanna 153 agus 154).

74      Dá réir sin, chinn an Chúirt Bhreithiúnais nach cosúil, mar riail, go bhfuil coinneáil ghinearálta agus neamh-idirdhealaitheach den sórt sin de sheoltaí IP a leithdháiltear ar fhoinse cheangail contrártha d’Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58, arna léamh i bhfianaise Airteagal 7, Airteagal 8 agus Airteagal 11 den Chairt, ar choinníoll go mbeadh an fhéidearthacht sin faoi réir dhianchomhlíonadh na gcoinníollacha substainteacha agus nós imeachta lena gcaithfear úsáid na sonraí sin dá dtagraítear i mír 155 agus i mír 156 de bhreithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile (C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791).

75      Ar an tríú dul síos, ó thaobh na mbeart reachtach lena bhforáiltear do chaomhnú brostaithe ar shonraí tráchta agus sonraí suímh ar bhonn spriocdhírithe, tugtar tuiscint níos cúinge ar raon feidhme na mbeart sin le fios le sainghnéithe na hiarrata ar réamhrialú seo ná mar a thugtar le fios leis an gcásdlí dá dtagraítear i mír 67 den bhreithiúnas seo. Cé, i gcomhréir leis an méid a cuireadh i gcuimhne i mír 40 den bhreithiúnas seo, nach mór gur maolaithe de mhianach iad na bearta coinnithe atá mar chuid den chóras arna bhunú le Treoir 2002/58, ní fhágann an Treoir sin, léite i bhfianaise na gceart bunúsach a chumhdaítear in Airteagal 7, in Airteagal 8 agus in Airteagal 11 agus in Airteagal 52(1) den Chairt, go bhféadfaí teagasc a eisiúint lena n‑éilítear coinneáil ar bhonn spriocdhírithe ar an gcoinníoll go mbeadh na háiteanna ar dócha go mbeadh siad ina láthair coire tromchúisí nó daoine ar a bhfuil drochamhras go bhfuil baint acu le gníomh den sórt sin ar aithne roimh ré. A dhála sin, ní cheanglaítear leis an Treoir sin nach mbeadh baint ag teagasc lena n‑éilítear caomhnú brostaithe ach leo siúd ar a bhfuiltear i ndrochamhras mar a shainaithnítear iad roimh theagasc den sórt sin amháin.

76      Maidir le coinneáil ar bhonn spriocdhírithe ar an gcéad dul síos, chinn an Chúirt Bhreithiúnais nach gcuirtear toirmeasc le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58 ar reachtaíocht náisiúnta atá bunaithe ar ghnéithe oibiachtúla lena gceadaítear go bhféadfaí díriú ar dhaoine ar dócha go nochtfar, de dheasca a sonraí tráchta agus sonraí suímh, nasc, ar a laghad indíreach, le gníomhartha coireachta tromchúisí, chun cur leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta tromchúisí nó chun baol tromchúiseach don tslándáil phoiblí nó don tslándáil náisiúnta a chosc (breithiúnais an 21 Nollaig 2016, Tele2 Sverige agus Watson agus páirtithe eile, C‑203/15 agus C‑698/15, EU:C:2016:970, mír 111 agus an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791, mír 148).

77      Shonraigh an Chúirt Bhreithiúnais, chuige sin, sa chás ina bhféadfadh malairt gnéithe oibiachtúla a bheith ann de réir na mbeart arna nglacadh chun coireacht tromchúisí a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, gur féidir díriú ar na daoine a aithníodh roimh ré mar bhagairt ar shlándáil phoiblí agus slándáil náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann, mar chuid d’fhorálacha náisiúnta infheidhme agus ar bhonn gnéithe oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha (féach chuige sin, breithiúnais an 21 Nollaig 2016, Tele2 Sverige agus Watson agus páirtithe eile, C‑203/15 agus C‑698/15, EU:C:2016:970, mír 110, agus an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791, mír 149).

78      Dá réir sin, tá sé de chumhacht ag na Ballstáit, inter alia, bearta coinneála a ghlacadh a bhaineann le daoine atá, mar gheall ar an tsainaithint sin, faoi réir imscrúdaithe nó faoi réir beart faireachais reatha eile nó faoi réir iontráil sa taifead coiriúil náisiúnta ina luaitear gur ciontaíodh i gcoireanna tromchúiseanna roimhe seo é lena bhféadfaí tabhairt le tuiscint go bhfuil baol mór ann go ndéanfaidh siad cion eile. I gcás ina bhfuil sainaithint den sórt sin bunaithe ar ghnéithe oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha, arna sainiú leis an dlí náisiúnta, tá údar le coinneáil ar bhonn spriocdhírithe ar dhaoine a shainaithnítear mar sin.

79      Den pháirt eile, féadfar beart maidir le sonraí tráchta agus sonraí suímh a choinneáil ar bhonn spriocdhírithe, ar rogha an reachtais náisiúnta agus i gcomhréir go docht le prionsabal na comhréireachta, a bhunú chomh maith mar chritéar geografach i gcás ina measfadh na húdaráis inniúla náisiúnta, ar bhonn gnéithe oibiachtúla agus neamh‑idirdhealaitheacha, gurb ann, i limistéar geografach amháin nó níos mó, do staid lena mbaineann baol níos mó go n‑ullmhófaí nó go ndéanfaí gníomh coireachta tromchúisí. D’fhéadfadh na limistéir seo a bheith, inter alia, ina n‑áiteanna a bhfuil líon níos mó gníomhartha coireachta tromchúisí de thréith acu, ceantair atá thíos go mór mór le gníomhartha coireachta tromchúisí, amhail ceantair nó bonneagar ina mbíonn ardlíon daoine go minic nó a mbaineann siad úsáid mhinic astu nó fiú áiteanna straitéiseacha, amhail aerfoirt, stáisiúin, calafoirt nó limistéir dola (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791, mír 150 agus an cásdlí dá dtagraítear).

80      Ní mór a chur i dtreis, de réir an chásdlí sin, go bhféadfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta, i ndáil leis na limistéir dá dtagraítear sa mhír roimhe seo, beart coinnithe ar bhonn spriocdhírithe atá bunaithe ar chritéar geografach, amhail, go háirithe, meánráta na coireachta i limistéar geografach, gan ghá go mbeadh fianaise nithiúil acu maidir le coireacht thromchúiseach a ullmhú nó a dhéanamh sna limistéir lena mbaineann. A mhéid is dócha go ndéanfadh coinneáil ar bhonn spriocdhírithe atá bunaithe ar chritéar den sórt sin difear, de réir na gcionta coiriúla tromchúiseacha lena mbaineann agus staid na mBallstát faoi seach féin, d’áiteanna a bhfuil ardlíon gníomhartha coireachta tromchúisí mar thréith acu agus d’áiteanna atá thíos go háirithe lé gníomhartha den sórt sin araon, ní féidir, mar riail, idirdhealú a chruthú, ós rud é nach bhfuil baint ann féin ag an gcritéar a bhaineann le meánráta na coireachta tromchúisí le gnéithe a d’fhéadfadh a bheith idirdhealaitheach.

81      Ina theannta sin agus thar aon ní eile, cuirtear na húdaráis inniúla ar chumas sonraí tráchta agus, go háirithe, sonraí suímh gach duine a bhfuil modh cumarsáide leictreonaí á n‑úsáid aige ag uair áirithe i gceann de na háiteanna sin, le beart coinnithe ar bhonn spriocdhírithe áiteanna nó bonneagair ina mbíonn ardlíon daoine go minic nó a mbaineann siad úsáid mhinic astu nó áiteanna straitéiseacha, amhail aerfoirt, stáisiúin, calafoirt nó limistéir dola. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh beart den sórt sin atá spriocdhírithe ar na húdaráis sin a chur ar chumas faisnéis a fháil, trí bhíthin rochtain ar na sonraí a choinnítear dá bhrí sin, faoi láithreacht na ndaoine sin sna háiteanna nó sna limistéir gheografacha dá dtagraítear leis an mbeart sin agus faoi imeachtaí na ndaoine sin eatarthu nó iontu agus tátail a bhaint, chun coireacht thromchúiseach a chomhrac, maidir lena láithreacht agus lena ngníomhaíocht sna háiteanna sin nó sna limistéir gheografacha sin ag uair áirithe le linn na tréimhse coinneála.

82      Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin go bhféadfar agus, i gcás inarb iomchuí, nach mór na limistéir gheografacha a chumhdaítear le caomhnú spriocdhírithe den sórt sin a leasú i bhfianaise athruithe sna coinníollacha a thug údar lena roghnú, agus ar an gcaoi sin go bhféadfar, inter alia, freagairt d’fhorbairtí sa chomhrac i gcoinne na coireachta tromchúisí. Chinn an Chúirt Bhreithiúnais cheana féin nach féidir le fad na mbeart coinnithe ar bhonn spriocdhírithe, ar a ndéantar tuairisc i míreanna 76 go 81 den bhreithiúnas seo, a bheith níos faide ná an tréimhse a bhfuil dianghá léi i bhfianaise an chuspóra atá á shaothrú agus na n‑imthosca lena dtugtar údar, gan dochar dó go bhféadfadh é a athnuachan as siocair an ghá leanúnaigh le coinneáil den sórt sin (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791, mír 151).

83      Maidir le critéir ar leith seachas an critéar pearsanta nó geografach chun coinneáil na sonraí tráchta nó na sonraí suímh ar bhonn spriocdhírithe a chur chun feidhme a d’fhéadfaí a fhoráil, ní féidir a chur as an áireamh go bhféadfar critéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha eile a chur sa mheá ar mhaithe lena áirithiú go bhfuil teorainn an raon feidhme coinneála ar bhonn spriocdhírithe teoranta do mhéid a bhfuil dianghá leis, agus ar mhaithe le nasc a fhionnadh, go hindíreach ar a laghad, idir an choireacht thromchúiseach agus ábhair na sonraí lena mbaineann. Dá ainneoin sin, ós bearta reachtacha na mBallstát a bheith i gceist le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58, is fúthu agus ní faoin gCúirt Bhreithiúnais atá sé critéir den sórt sin a aithint, ar chuntar nach féidir le coinneáil ghinearálta agus neamh-idirdhealaitheach na sonraí tráchta agus na sonraí suímh a thabhairt isteach in athuair trína bhíthin seo ar chor ar bith.

84      Ar aon chaoi, mar a luaigh an tAbhcóide Ginearálta Campos Sánchez‑Bordona i mír 50 den Tuairim sna cásanna uamtha SpaceNet agus Telekom Deutschland (C‑793/19 agus C‑794/19, EU:C:2021:939), toisc gurb ann do dheacrachtaí na cásanna agus na coinníollacha a shainiú go soiléir faoina bhféadfaí coinneáil ar bhonn spriocdhírithe a dhéanamh ní féidir údar a thabhairt lena fhoráil ag na Ballstáit, agus eisceacht de riail á déanamh acu, do choinneáil ghinearálta agus neamh‑idirdhealaitheach na sonraí tráchta agus na sonraí suímh mar gheall orthu sin.

85      Ar an dara dul síos, maidir le caomhnú brostaithe sonraí tráchta agus sonraí suímh á bpróiseáil agus á stóráil ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí ar bhonn Airteagal 5, 6 agus 9 de Threoir 2002/58 nó bearta reachtacha arna nglacadh de bhun Airteagal 15(1) den Treoir sin, ba cheart a choinneáil i gcuimhne nach mór, mar riail, na sonraí sin a scriosadh nó a dhéanamh anaithnid, de réir mar a bheidh, ag deireadh na dtréimhsí reachtúla inar gá, i gcomhréir leis na forálacha náisiúnta lena ndéantar an Treoir sin a thrasuí, iad a phróiseáil agus a stóráil. Mar sin féin, chinn an Chúirt Bhreithiúnais go bhféadfadh cásanna teacht chun cinn, le linn na próiseála agus na stórála sin, inar gá na sonraí sin a choinneáil i ndiaidh na dtréimhsí sin chun cionta coiriúla tromchúiseacha nó ionsaí ar an tslándáil náisiúnta a réiteach, sa chás ina bhfuil sé cruthaithe cheana féin go ndearnadh na cionta nó na hionsaithe sin agus faoina bhfuiltear i ndrochamhras réasúnta gurb ann dóibh, sna sála ar ghrinnscrúdú oibiachtúil a dhéanamh ar na himthosca ábhartha go léir (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791, míreanna 160 agus 161).

86      Sna cásanna sin, tá sé incheadaithe ag na Ballstáit, i bhfianaise an chomhréitigh is gá idir na cearta agus na leasanna dlisteanacha atá i gceist dá dtagraítear i míreanna 50 go 53 den bhreithiúnas seo, an rogha achtú ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí a thabhairt faoi chaomhnú brostaithe na sonraí tráchta agus sonraí suímh atá acu, trí bhíthin cinneadh ón údarás inniúil atá faoi réir grinnscrúdú breithiúnach éifeachtach, a fhoráil le reachtaíocht arna glacadh de réir Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58 (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791, mír 163).

87      Sa mhéid nach ionann cuspóir caomhnaithe brostaithe den sórt sin agus na cuspóirí lenar bailíodh agus lenar coinníodh na sonraí sin ar dtús a thuilleadh agus nach mór gach próiseáil na sonraí eile agus na cuspóirí socruithe a bheith ionann de réir Airteagal 8(2) den Chairt, ní mór do na Ballstáit an cuspóir lena bhféadfaí caomhnú brostaithe na sonraí a dhéanamh a shonrú ina reachtaíocht féin. Ag féachaint do thromchúis an chuir isteach ar na cearta bunúsacha a chumhdaítear in Airteagal 7 agus 8 den Chairt a d‘fhéadfadh a bheith i gceist le coinneáil den sórt sin, ní féidir údar a thabhairt leis an gcur isteach sin ach ar mhaithe leis an gcoireacht thromchúiseach a chomhrac agus, a fortiori, leis an tslándáil náisiúnta a choimirciú, ar an gcoinníoll go n‑urramaítear teorainneacha an dianghá leis an mbeart sin agus le rochtain ar na sonraí mar sin, mar a leagtar amach i míreanna 164 go 167 de bhreithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile (C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791).

88      Shonraigh an Chúirt Bhreithiúnais nach gcaithfear beart coinnithe den chineál sin a theorannú do shonraí a aithníodh roimh ré mar bhagairt ar an tslándáil phoiblí agus an tslándáil náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann nó do dhaoine faoina bhfuiltear i ndrochamhras nithiúil go bhfuil coireacht thromchúiseach nó ionsaí ar shlándáil náisiúnta déanta acu. Dar leis an gCúirt Bhreithiúnais, agus an creat a leagadh amach le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58, léite i bhfianaise Airteagail 7, 8 agus 11 agus Airteagal 52(1) den Chairt á urramú, agus na breithnithe a bhforáiltear dóibh i mír 55 thuas á gcur san áireamh, féadfar beart den sórt sin, ar rogha an reachtais náisiúnta, agus teorainneacha an dianghá á n‑urramú, a leathnú go dtí sonraí tráchta agus sonraí suímh a bhaineann le daoine seachas iad siúd faoina bhfuil drochamhras go bhfuil cion coiriúil tromchúiseach nó ionsaí ar an tslándáil náisiúnta beartaithe acu, a mhéid go bhféadfaí cur le réiteach cion den sórt sin nó d’ionsaí ar an tslándáil náisiúnta, amhail sonraí íospartach an chiona agus a chomhluadar sóisialta nó proifisiúnta leis na sonraí sin, ar bhonn gnéithe oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791, mír 165).

89      Dá réir sin, féadfar a údarú le beart reachtach go rachfar i muinín teagasc ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí tabhairt faoi chaomhnú brostaithe sonraí tráchta agus sonraí suímh na ndaoine, inter alia, lena raibh íospartach i dteagmháil trí bhíthin na modhanna cumarsáide leictreonaí sula raibh bagairt thromchúiseach ar an tslándáil phoiblí nó sula ndéanadh coireacht thromchúiseach.

90      Féadfar an caomhnú brostaithe sin, de réir chásdlí na Cúirte Breithiúnais dá dtagraítear i mír 88 den bhreithiúnas seo agus faoi na coinníollacha céanna dá dtagraítear ann, a leathnú go limistéir gheografacha socruithe chomh maith, amhail na háiteanna ina ndéantar an cion nó an t-ionsaí ar an tslándáil náisiúnta i gceist. Ní foláir a shonrú go bhfuil sonraí tráchta agus sonraí suímh a bhaineann leis an áit ina bhfuil duine, a d’fhéadfadh a bheith ina íospartach coireachta tromchúisí, ar an gcoinníoll go n‑urramaítear teorainneacha an dianghá leis an mbeart sin agus le rochtain ar na sonraí dá réir sin chun coireacht thromchúiseach a chomhrac agus chun an tslándáil náisiúnta a choimirciú mar a leagtar amach i míreanna 164 go 167 de bhreithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile  (C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791).

91      Thairis sin, is den tábhacht é a shonrú nach gcuirtear toirmeasc le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58 ar na húdaráis náisiúnta inniúla beart caomhnaithe brostaithe a ordú ón gcéad chéim den imscrúdú ar bhagairt thromchúiseach ar an tslándáil phoiblí nó do choireacht thromchúiseach a d’fhéadfadh a bheith ann, eadhon ón uair a d’fhéadfaidh na húdaráis sin, i gcomhréir le forálacha ábhartha an dlí náisiúnta, imscrúdú dá sórt a thionscnamh.

92      Maidir le héagsúlacht na mbeart chun sonraí tráchta agus sonraí suímh dá dtagraítear i mír 67 den bhreithiúnas seo a choinneáil, tá sé tábhachtach a shonrú go bhféadfar na bearta éagsúla sin a chur i bhfeidhm go comhpháirteach, ar rogha an reachtais náisiúnta agus teorainneacha an dianghá á n‑urramú chomh maith acu. Sna himthosca sin, ní chuirtear toirmeasc le hAirteagal 15(1) de Theoir 2002/58, léite i bhfianaise Airteagail 7, 8, 11 agus 52(1) den Chairt, mar a léirmhínítear le cásdlí bhreithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile  (C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791), ar mheascán na mbeart seo.

93      Ar an gceathrú dul síos, agus ar deireadh, is den tábhacht é a chur i dtreis, de réir chásdlí comhsheasmhach na Cúirte Breithiúnais mar a achoimríodh i mbreithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile (C-511/18, C-512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791) go n‑éilítear urramú ní hamháin na gceanglas oiriúnachta agus riachtanais, ach an cheanglais maidir le comhréireacht na mbeart sin i ndáil leis an gcuspóir saothraithe, chun go mbeadh na bearta arna nglacadh comhréireach, de réir Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58.

94      Sa chomhthéacs sin, ní mór a choinneáil i gcuimhne gur chinn an Chúirt Bhreithiúnais, i mír 51 dá breithiúnas an 8 Aibreán 2014, Digital Rights Ireland agus páirtithe eile (C‑293/12 agus C‑594/12, EU:C:2014:238), bíodh is go bhfuil an comhrac in aghaidh na coireachta tromchúisí ríthábhachtach chun slándáil phoiblí a ráthú agus go bhféadfadh éifeachtúlacht na coireachta sin a bheith ag brath cuid mhaith ar úsáid teicnící nua-aimseartha imscrúdaitheacha, is cuspóir leasa ghinearálta é sin, dá bhunúsaí is atá sé, nach bhféadfadh sé a bheith ina údar ann féin lena cheapadh mar riachtanach é beart lena gcoinnítear sonraí tráchta agus sonraí suímh go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach, amhail a leithéid arna thabhairt isteach le Treoir 2006/24.

95      Shoiléirigh an Chúirt Bhreithiúnais ar an dul céanna, i mír 145 de bhreithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile (C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791), go bhféadfaí fiú oibleagáidí dearfacha na mBallstát, a d’fhéadfadh éirí as Airteagail 3, 4, agus 7 den Chairt de réir mar a bheidh, maidir le rialacha a bhunú lena gceadaítear ciontaí coiriúla a chomhrac mar atá luaite i mír 49 den bhreithiúnas seo, go dtabharfar údar le cur isteach a thromchúisí atá an cur isteach i gceist sa reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do choinneáil na sonraí tráchta agus na sonraí suímh d’fhormhór an daonra i ndáil le cearta bunúsacha a chumhdaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt, gan bheith in ann nasc, ar a laghad indíreach, a nochtadh le sonraí na n‑abhar lena mbaineann.

96      Le linn na héisteachta, d’áitigh Rialtas na Danmhairge go gcaithfeadh rochtain ar shonraí tráchta agus ar shonraí suímh arna gcoinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach a bheith ag na húdaráis náisiúnta inniúla chun coireacht thromchúiseach a chomhrac, i gcomhréir le cásdlí bhreithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile (C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791, míreanna 135 go 139), chun bagairt thromchúiseach ar an tslándáil náisiúnta a chomhrac atá iarbhír faoi láthair nó is féidir a thuar.

97      I dtosach báire, is fíor go bhfágfadh sé, dá ndéanfaí rochtain a údarú, chun coireacht thromchúiseach a chomhrac, ar shonraí tráchta agus sonraí suímh arna gcoinneáil go ginearálta agus go neamh‑idirdhealaitheach, go mbeadh rochtain ag brath ar chúinsí nach mbaineann leis an gcuspóir sin, ag brath air an ann do bhagairt thromchúiseach ar an tslándáil náisiúnta dá dtagraítear sa Bhallstát lena mbaineann, dá dtagraítear sa mhír roimhe seo, ach, i bhfianaise an aon chuspóra atá leis an gcoireacht thromchúiseach a chomhrac nach mór údar maith a bheith leis na sonraí sin a choinneáil agus rochtain a fháil orthu, níl údar ar bith lena bpróiseáil go difriúil, go háirithe, ag na Ballstáit éagsúla.

98      Mar a rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais cheana féin, ní féidir, mar riail, údar a thabhairt le rochtain ar shonraí tráchta agus sonraí suímh a bhíonn á gcoinneáil ag soláthraithe de bhun beart arna ghlacadh faoi Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58, nach mór a dhéanamh agus na coinníollacha a eascraíonn as an gcásdlí arna léiriú i dTreoir 2002/58 á gcomhlíonadh go hiomlán, ach amháin de bharr chuspóir leas an phobail ar ina leith ar forchuireadh an choinneáil sin ar na soláthraithe sin. Is amhlaidh é seo ach amháin má sháraíonn tábhacht an chuspóra saothraithe ag an rochtain tábhacht an chuspóra lenar tugadh údar leis an gcoinneáil (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791, míreanna 165 agus 166).

99      Tá cás ina mbaineann tábhacht níos lú le cuspóir na hiarrata beartaithe ar rochtain mar thagairt in argóintí Rialtas na Danmhairge, eadhon an comhrac in aghaidh na coireachta tromchúisí, i gcliarlathas na gcuspóirí leasa ghinearálta, nó an tábhacht a bhaineann le coinneáil, eadhon an tslándáil náisiúnta a choimirciú. Dá n‑údarófaí rochtain ar shonraí arna gcoinneáil i gcás den sórt sin, thiocfadh sé salach ar an gcliarlathas cuspóirí leasa phoiblí dá dtagraítear sa mhír roimhe seo agus i míreanna 53, 56, 57 agus 59 den bhreithiúnas seo.

100    Ina theannta sin agus thar aon ní eile, i gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i mír 65 den bhreithiúnas seo, ní féidir sonraí tráchta agus sonraí suímh a choinneáil go ginearálta agus go neamh‑idirdhealaitheach chun coireacht thromchúiseach a chomhrac agus ní féidir údar a thabhairt le rochtain ar na sonraí chun na gcríoch céanna, uime sin. I gcás, ar bhonn eisceachtúil, gur coinníodh na sonraí sin go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach, chun an tslándáil náisiúnta a shlánchoimeád in aghaidh bagairt thromchúiseach ar an tslándáil náisiúnta atá iarbhír faoi láthair nó is féidir a thuar, sna himthosca dá dtagraítear i mír 58 den bhreithiúnas seo, ní féidir le rochtain ar na sonraí sin a bheith ag na húdaráis náisiúnta atá inniúil i ndáil le himscrúduithe coiriúla i gcomhthéacs imeachtaí coiriúla, gan aon éifeacht úsáideach a bhaint den toirmeasc ar stóráil den sórt sin chun coireacht thromchúiseach a chomhrac, dá dtagraítear i mír 65.

101    I bhfianaise an mhéid thuas, an freagra atá le tabhairt mar sin ar an gcéad, ar an dara agus ar an gceathrú ceist ná nach mór Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58, léite i bhfianaise Airteagail 7, 8 11 agus 52(1) den Chairt, a léirmhíniú amhail agus go gcuirtear toirmeasc leis ar bhearta reachtacha lena bhforáiltear, mar bheart réamhchúraim, chun coireacht thromchúiseach a chomhrac agus bagairtí tromchúiseacha ar an tslándáil phoiblí a chosc, do choinneáil ghinearálta agus neamh-idirdhealaitheach sonraí tráchta agus sonraí suímh. Os a choinne sin, ní chuirtear toirmeasc le hAirteagal 15(1), léite i bhfianaise Airteagail 7, 8, 11 agus 52(1) den Chairt, ar bhearta reachtacha lena bhforáiltear, chun coireacht thromchúiseach a chomhrac agus chun bagairtí tromchúiseacha ar an tslándáil phoiblí a chosc,

–        do choinneáil na sonraí tráchta agus sonraí suímh ar bhonn spriocdhírithe, ar bhonn gnéithe oibiachtúla agus neamh‑idirdhealaitheacha, de réir chatagóirí na n‑ábhar sonraí nó trí bhíthin critéir gheografacha, ar feadh tréimhse ama atá teoranta go téarma a bhfuil dianghá leis ach atá inathnuaite;

–        do choinneáil ghinearálta agus neamh-idirdhealaitheach seoltaí IP atá curtha i leith foinse cheangail ar feadh tréimhse ama atá teoranta go téarma a bhfuil dianghá leis;

–        do choinneáil ghinearálta agus neamh-idirdhealaitheach sonraí a bhaineann le stádas sibhialta úsáideoirí na modhanna cumarsáide leictreonaí, agus

–        do dhul i muinín teagasc ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí tabhairt faoi, go ceann tréimhse ar leith, caomhnú brostaithe ar na sonraí tráchta agus na sonraí suímh atá ag na soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí seo, trí bhíthin cinneadh ón údarás inniúil atá faoi réir grinnscrúdaithe breithiúnach éifeachtach,

ós rud é go n‑áirítear, le rialacha soiléire mionsonraithe, go gcoinneofar na sonraí atá i gceist i gcomhréir leis na coinníollacha substainteacha agus nós imeachta lena mbaineann agus go mbeidh cosaintí leordhóthanacha ag na hábhair sonraí i gcoinne an bhaoil go mbainfí mí-úsáid astu.

 An tríú ceist

102    Leis an tríú ceist, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, ar cheart Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58, léite i bhfianaise Airteagail 7, 8, 11 agus 52(1) den Chairt, a léirmhíniú amhail agus go gcuirtear toirmeasc ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear gur faoi chomhalta de chuid na bpóilíní atá sé, le cúnamh ó aonad atá bunaithe laistigh den fhórsa póilíneachta ag a bhfuil neamhspleáchas aige i mbun a dhualgas go pointe áirithe agus a d’fhéadfaí grinnscrúdú breithiúnach a dhéanamh ar a chinneadh ina dhiaidh sin, na hiarrataí ar rochtain ar shonraí a choinnítear a phróiseáil ar bhealach láraithe, a eisíonn na póilíní i gcomhthéacs cionta coiriúla tromchúiseacha a imscrúdú nó a ionchúiseamh.

103    Mar réamhphointe, ní foláir a choinneáil i gcuimhne, cé gur faoin dlí náisiúnta atá sé na coinníollacha a shocrú faoinar gá do sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí rochtain a dheonú do na húdaráis inniúla náisiúnta ar na sonraí atá ar fáil dóibh, nach mór don reachtaíocht náisiúnta, ar mhaithe le ceanglas na comhréireachta a chomhlíonadh, mar a thagraítear dó i mír 54 den bhreithiúnas seo, rialacha soiléire mionsonraithe a fhoráil leis an reachtaíocht náisiúnta lena rialófar raon feidhme agus cur i bhfeidhm an bhirt atá i gceist agus lena bhforchuirfear íoscheanglais, ionas go mbeadh cosaintí leordhóthanacha ag na daoine lena mbaineann na sonraí pearsanta sin chun na sonraí sin a chosaint go héifeachtúil ar an mbaol go mbainfí mí‑úsáid astu (féach, chuige sin, breithiúnas an 2 Márta 2021, Prokuratuur (Coinníollacha rochtana ar shonraí maidir le cumarsáid leictreonach), C‑746/18, EU:C:2021:152, mír 48 agus an cásdlí dá dtagraítear).

104    Go háirithe, ní féidir a cheangal le reachtaíocht náisiúnta, lena rialaítear rochtain na n‑údarás inniúil ar shonraí tráchta agus sonraí suímh coinnithe arna glacadh faoi Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58, go bhfreagraíonn rochtain na n‑údaráis ar shonraí an chuspóra á shaothrú leis an reachtaíocht sin, ach ní mór na coinníollacha substainteacha agus nós imeachta lena rialaítear an úsáid a fhoráil chomh maith (féach, chuige sin, breithiúnas an 2 Márta 2021, Prokuratuur (Coinníollacha rochtana ar shonraí maidir le cumarsáid leictreonach), C‑746/18, EU:C:2021:152, mír 48 agus an cásdlí dá dtagraítear).

105    Dá réir sin, ós rud é nach féidir a mheas go bhfuil rochtain ghinearálta ar na sonraí á gcoinneáil go léir, beag beann ar aon nasc, ar a laghad indíreach, leis an aidhm atá á saothrú, teoranta don mhéid a bhfuil dianghá leis, ní mór an reachtaíocht náisiúnta lena mbaineann a bheith bunaithe ar chritéir oibiachtúla d’fhonn na himthosca agus na coinníollacha a shainiú faoinar gá rochtain a dheonú do na húdaráis inniúla náisiúnta ar na sonraí i gceist. I ndáil leis sin, ní fhéadfar, mar riail, rochtain den sórt sin a dheonú, i ndáil leis an gcuspóir coireacht a chomhrac, ach amháin do shonraí daoine faoina bhfuiltear i ndrochamhras go bhfuil cion coiriúil tromchúiseach á bheartú nó a dhéanamh acu nó fiú go bhfuil baint acu ar bhealach amháin nó ar bhealach eile le cion den sórt sin. I gcásanna ar leith, áfach, amhail na cásanna sin ina bhfuil bagairt ó ghníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta ar leasanna bunriachtanacha na slándála náisiúnta, na cosanta nó na slándála poiblí, féadfar rochtain ar shonraí daoine eile a dheonú chomh maith i gcás ina bhfuil gnéithe oibiachtúla lena gcuirtear ar chumas a mheas go bhféadfadh na sonraí sin, i gcás nithiúil, cur go héifeachtach leis an gcomhrac i gcoinne gníomhaíochtaí den sórt sin (breithiúnas an 2 Márta 2021, Prokuratuur (Coinníollacha rochtana ar shonraí maidir le cumarsáid leictreonach), C‑746/18, EU:C:2021:152, mír 50 agus an cásdlí dá dtagraítear).

106    Chun a áirithiú, i gcleachtas, go gcomhlíontar na coinníollacha sin ina n‑iomláine, tá sé fíor-riachtanach go mbeadh rochtain ag na húdaráis náisiúnta inniúla ar shonraí a choinnítear faoi réir grinnscrúdú roimh ré arna dhéanamh ag cúirt nó ag comhlacht riaracháin neamhspleách agus go ndéanfar cinneadh na cúirte nó an chomhlachta sin sna sála ar iarraidh réasúnaithe a fháil ó na húdaráis sin a cuireadh isteach, inter alia, i gcomhthéacs nósanna imeachta maidir le cionta coiriúla a chosc, a bhrath nó a ionchúiseamh (breithiúnas an 2 Márta 2021, Prokuratuur (Coinníollacha rochtana ar shonraí maidir le cumarsáid leictreonach), C‑746/18, EU:C:2021:152, mír 51 agus an cásdlí dá dtagraítear).

107    Éilítear leis an réamh-ghrinnscrúdú sin, go háirithe, go mbeadh na cumhachtaí agus na cosaintí go léir is gá ag an gcúirt nó ag an gcomhlacht riaracháin neamhspleách atá freagrach as a chur i gcrích chun a áirithiú go n-aimseofar comhréiteach idir na leasanna agus na cearta dlisteanacha éagsúla atá i gceist. Maidir le himscrúdú coiriúil, go sonrach, ceanglaítear le grinnscrúdú den sórt sin go mbeadh an chúirt nó an t‑eintiteas sin in ann cothromaíocht chóir a bhaint amach idir, de pháirt, na leasanna dlisteanacha atá nasctha le riachtanais an imscrúdaithe i gcomhthéacs an chomhraic i gcoinne na coireachta agus, de pháirt eile, na cearta bunúsacha chun príobháideachais atá ag na daoine a bhfuil a gcuid sonraí i gceist leis an rochtain (breithiúnas an 2 Márta 2021, Prokuratuur (Coinníollacha rochtana ar shonraí maidir le cumarsáid leictreonach), C‑746/18, EU:C:2021:152, mír 52).

108    I gcás nach cúirt ach comhlacht riaracháin neamhspleách a dhéanfaidh an grinnscrúdú sin, ní mór stádas a bheith ag an gcomhlacht sin a chuirfeadh ar a chumas gníomhú go hoibiachtúil agus go neamhchlaonta agus a chuid cúraimí á gcomhlíonadh aige agus chuige sin, ní mór dó a bheith saor ó aon tionchar seachtrach. Mar sin, forchuirtear le ceanglas an neamhspleáchais nach mór don chomhlacht atá freagrach as réamh‑ghrinnscrúdú a dhéanamh a bheith ina thríú páirtí i leith an údaráis a iarrann rochtain ar na sonraí, ionas go mba amhlaidh go mbeadh an t‑eintiteas sin in ann an grinnscrúdú a dhéanamh go hoibiachtúil agus go neamhchlaonta, saor ó aon tionchar seachtrach. Go háirithe, sa réimse coiriúil, forchuirtear le ceanglas an neamhspleáchais, de pháirt, nach bhfuil baint ag an údarás atá freagrach as an ngrinnscrúdú roimh ré le riar an imscrúdaithe choiriúil i gceist, agus den pháirt eile go mbeadh sé neodrach i leith na bpáirtithe sna himeachtaí coiriúla (féach, chuige sin, breithiúnas an 2 Márta 2021, Prokuratuur (Coinníollacha rochtana ar shonraí maidir le cumarsáid leictreonach), C‑746/18, EU:C:2021:152, míreanna 53 agus 54).

109    Dá réir sin, chinn an Chúirt Bhreithiúnais go háirithe nach féidir ionchúisitheoir poiblí a stiúrann an nós imeachta imscrúdaithe agus a fheidhmíonn, de réir mar a bheidh, ionchúisimh phoiblí a mheas mar thríú páirtí i ndáil leis na leasanna dlisteanacha i gceist, ós rud é nach bhfuil sé de chúram aige breithiúnas a thabhairt ar dhíospóid go neamhspleách ar fad, ach í a chur os comhair na cúirte inniúla, de réir mar a bheidh, mar pháirtí sna himeachtaí a fheidhmíonn an t‑ionchúiseamh coiriúil. Mar sin, níl ionchúisitheoir poiblí den sórt sin in ann an réamh-ghrinnscrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar rochtain ar shonraí coinnithe (féach, chuige sin, breithiúnas an 2 Márta 2021, Prokuratuur (Coinníollacha rochtana ar shonraí maidir le cumarsáid leictreonach), C‑746/18, EU:C:2021:152, míreanna 55 agus 57).

110    Ar deireadh, ní mór an grinnscrúdú neamhspleách a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58 a dhéanamh sula dtabharfar rochtain ar na sonraí lena mbaineann, ach amháin i gcásanna práinne ina bhfuil údar cuí-réasúnaithe agus ina gcaithfear an grinnscrúdú sin a dhéanamh laistigh d’achar gearr ama. Go deimhin, ní chuirtear ar chumas le grinnscrúdú a dhéanfar i ndiaidh na rochtana cuspóir an chéad cheann sin a fhreagairt, eadhon cosc a chur ar rochtain ar na sonraí atá níos leithne ná an méid a bhfuil fíorghá leis (féach, chuige sin, breithiúnais an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791, mír 189, agus an 2 Márta 2021, Prokuratuur (Coinníollacha rochtana ar shonraí maidir le cumarsáid leictreonach), C‑746/18, EU:C:2021:152, mír 58).

111    Sa chás seo, is léir, ar an gcéad dul síos, ón iarraidh ar réamhrialú go sanntar le hAcht 2011 an chumhacht chun grinnscrúdú roimhe ré a dhéanamh ar iarraidh ar rochtain ar shonraí a eisíonn ó sheirbhísí imscrúdaithe póilíní agus iarraidh ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí na sonraí atá á gcoinneáil acu a chur in iúl do chomhalta na bpóilíní nach bhfuil céim níos ísle acu ná céim an ardcheannfoirt. Sa mhéid nach bhfuil stádas tríú páirtí ag an gcomhalta sin i ndáil leis na seirbhísí sin, ní chomhlíonann sé ceanglas an neamhspleáchais agus na neamhchlaontachta dá dtagraítear i mír 108 den bhreithiúnas seo, d’ainneoin go dtugann aonad póilíneachta atá neamhspléach i mbun a dhualgas go pointe áirithe, AIT sa chás sin, cúnamh dó sa chúram sin.

112    Ansin, cé gur fíor go bhforáiltear le hAcht 2011 do shásraí rialaithe a posteriori ar chinneadh an chomhalta de chuid na bpóilíní inniúla i bhfoirm nós imeachta um ghearán agus nós imeachta os comhair cúirt atá freagrach as cur i bhfeidhm fhorálacha an Achta sin a fhíorú, is léir ón gcásdlí dá dtagraítear i mír 110 den bhreithiúnas seo nach féidir grinnscrúdú a rinneadh a posteriori a chur in ionad an cheanglais, dá dtagraítear i mír 106 den bhreithiúnas seo, go ndéanfar grinnscrúdú neamhspleách agus, ach amháin i gcásanna práinne ina bhfuil údar cuí‑réasúnaithe, roimh ré.

113    Ar deireadh, ní leagtar síos in Acht 2011 critéir oibiachtúla lena sainítear go mionsonraithe na coinníollacha agus na himthosca ina gcaithfear rochtain ar na sonraí a dheonú do na húdaráis náisiúnta, ós rud é gurb é an comhalta póilíneachta atá freagrach as iarraidh ar rochtain ar shonraí á gcoinneáil a phróiseáil atá inniúil, mar a dheimhnigh Éire i rith na héisteachta, chun measúnú a dhéanamh ar dhrochamhras na ndaoine lena mbaineann agus ar an ngá atá le rochtain ar na sonraí a bhaineann leo.

114     Mar sin, is é an freagra atá le tabhairt ar an tríú ceist ná nach mór Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58, léite i bhfianaise Airteagail 7, 8, 11 agus 52(1) den Chairt, a léirmhíniú amhail agus go gcuirtear toirmeasc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear gur faoi chomhalta de chuid na bpóilíní atá sé, le cúnamh ó aonad atá bunaithe laistigh den fhórsa póilíneachta a bhfuil neamhspleáchas aige i mbun a dhualgas go pointe áirithe agus a d’fhéadfaí grinnscrúdú breithiúnach a dhéanamh ar a chinneadh ina dhiaidh sin, na hiarrataí ar rochtain ar shonraí a choinnítear ag sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí, a eisíonn ó na póilíní i gcomhthéacs cionta coiriúla tromchúiseacha a imscrúdú nó a ionchúiseamh, a phróiseáil ar bhealach láraithe.

 An cúigiú ceist agus an séú ceist

115    Leis an gcúigiú ceist agus an séú ceist, ar cheart iad a scrúdú le chéile, féachann an chúirt a rinne an tarchur lena cheistiú, go bunúsach, an gcaithfear dlí AE a léirmhíniú amhail go bhféadfadh cúirt náisiúnta, mar atá fúithi de réir dlí náisiúnta, teorainn a chur leis na héifeachtaí ama ar dhearbhú go bhfuil reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí sonraí tráchta agus sonraí suímh a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach neamhbhailí, as siocair neamhréireacht na reachtaíochta sin le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58, léite i bhfianaise na Cairte.

116    Is léir ón bhfaisnéis arna soláthar ag an gcúirt a rinne an tarchur gur glacadh an reachtaíocht náisiúnta atá faoi cheist sna príomhimeachtaí, eadhon Acht 2011, d’fhonn Treoir 2006/24 a thrasuí sa dlí náisiúnta, Treoir a dhearbhaigh an Chúirt Bhreithiúnais a bheith neamhbhailí ina breithiúnas an 8 Aibreán 2014, Digital Rights Ireland agus páirtithe eile (C‑293/12 agus C‑594/12, EU:C:2014:238).

117    Ina theannta sin, luann an chúirt a rinne an tarchur cé gur faoin gcúirt choiriúil é scrúdú a dhéanamh ar inghlacthacht na fianaise bunaithe ar shonraí á gcoinneáil de réir Acht 2011 agus atá á n‑agairt i ndáil le G. D. i gcomhthéacs imeachtaí coiriúla, is fúithi féin, i gcomhthéacs na himeachtaí sibhialta, rialú a thabhairt ar bhailíocht na bhforálacha atá i gceist ag an dlí sin agus ar na héifeachtaí ama a bhainfeadh le cinneadh go bhfuil an dlí sin neamhbhailí. Dá réir sin, cé gurb í bailíocht fhorálacha Acht 2011 an t‑aon cheist a thagann os comhair na cúirte a rinne an tarchur, measann an chúirt sin mar sin féin gur gá éifeacht a bheith ag aon chinneadh neamhbhailíochta maidir le hinghlacthacht fianaise a fhaightear trí shonraí a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach, coinneáil a cheadaítear leis an dlí sin a thabhairt faoi cheist os comhair na Cúirte Breithiúnais.

118    Mar réamhphointe, ní mór a choinneáil i gcuimhne go gcumhdaítear tosaíocht ag dlí an Aontais ar dhlí na mBallstát le prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais . Dá bhrí sin, cuirtear de cheangal leis an bprionsabal sin ar údaráis uile na mBallstát éifeacht iomlán a thabhairt d’fhorálacha éagsúla dhlí an Aontais, ós rud é nach féidir le dlí na mBallstát difear a dhéanamh don éifeacht a aithnítear ag na forálacha sin i gcríoch na Stát sin. Faoin bprionsabal sin, mura féidir reachtaíocht náisiúnta a léiriú i gcomhréir le ceanglais dhlí an Aontais, tá cúirt náisiúnta atá freagrach as forálacha dhlí AE a chur i bhfeidhm faoi oibleagáid chun lánéifeacht a thabhairt do na forálacha sin laistigh de theorainneacha a dlínse, agus más gá uaithi féin aon fhoráil den reachtaíocht náisiúnta atá contrártha a fhágáil gan feidhm, fiú más foráil arna glacadh ina ndiaidh í, gan bheith uirthi an reachtaíocht sin a iarraidh a chur ar ceal roimh ré, nó fanacht leis sin, trí mheán reachtach nó trí phróiseas bunreachtúil eile (féach, chuige sin, breithiúnais an 15 Iúil 1964, Costa, 6/64, EU:C:1964:66, lch. 1159 agus 1160; an 19 Samhain 2019, A. K. agus páirtithe eile (Neamhspleáchas Dhlísheomra Araíonachta na Cúirte Uachtaraí), C‑585/18, C‑624/18 agus C‑625/18, EU:C:2019:982, míreanna 157, 158 agus 160, agus 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791, míreanna 214 agus 215].

119    Is í an Chúirt Bhreithiúnais, agus í sin amháin, i gcásanna eisceachtúla agus de bharr cúinsí sáraitheacha maidir le deimhneacht dhlíthiúil, a fhéadfaidh a dheonú go gcuirfear ar fionraí an éifeacht atá le riail de chuid dhlí an Aontais i ndáil le dlí náisiúnta atá contrártha leis. Ní fhéadfar teorainn ar éifeachtaí ama léirmhíniú an dlí sin arna thabhairt ag an gCúirt Bhreithiúnais a dheonú ach amháin sa bhreithiúnas céanna a thugtar maidir leis an léirmhíniú a iarrtar. Bhainfí an bonn de thosaíocht dhlí an Aontais agus de chur i bhfeidhm aonfhoirmeach dhlí an Aontais dá mbeadh sé de chumhacht ag na cúirteanna náisiúnta tosaíocht a thabhairt d’fhorálacha náisiúnta ar dhlí an Aontais a sháraíonn na forálacha sin, fiú go sealadach (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791, míreanna 216 agus 217 agus an cásdlí dá dtagraítear).

120    Is deimhin gur chinn an Chúirt Bhreithiúnais, i gcás a bhaineann le dlíthiúlacht na mbeart arna nglacadh atá de shárú ar an oibleagáid réamhmheasúnú a dhéanamh ar an tionchar atá ag tionscadal ar an timpeallacht agus ar áit faoi chosaint, mar a fhógraítear le dlí an Aontais, gur féidir le cúirt náisiúnta éifeachtaí beart den sórt sin a chaomhnú go heisceachtúil, i gcás ina gceadaítear le dlí intíre é agus ina dtugtar údar lena gcaomhnú de bharr cúiseanna sáraitheacha i ndáil leis an mbagairt iarbhír thromchúiseach go gcuirfí isteach ar an soláthar leictreachais don Bhallstát lena mbaineann a sheachaint, rud atá doréitithe le bealaí agus roghanna eile, go háirithe laistigh de chreat an mhargaidh inmheánaigh, agus nach féidir na héifeachtaí sin a chaomhnú ach go ceann téarma a bhfuil dianghá leis chun an neamhdhlíthiúlacht sin a leigheas (féach, chuige sin, breithiúnais an 29 Iúil 2019, Inter-Environnement Wallonie agus Bond Beter Leefmilieu Vlaanderen, C‑411/17, EU:C:2019:622, míreanna 175, 176, 179 agus 181).

121    Ina theannta sin, murab ionann agus oibleagáid nós imeachta a ligean thar ceal, amhail réamhmheasúnú ar éifeachtaí tionscadail, a thagann faoi réimse sonrach chosaint na timpeallachta, is doleigheasta trí bhíthin nós imeachta atá inchurtha leis an nós imeachta dá dtagraítear sa mhír roimhe seo é sárú ar Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58, léite i bhfianaise Airteagail 7, 8 agus 11 agus 52(1) den Chairt (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791, míreanna 216 agus 219).

122    Go deimhin, dá chaomhnófaí éifeachtaí reachtaíocht náisiúnta amhail Acht 2011, d’fhágfaí go leanfaí, faoin reachtaíocht, d’fhorchur oibleagáidí atá contrártha le dlí an Aontais ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus lena mbaineann cur isteach tromchúiseach ar chearta bunúsacha na ndaoine a bhfuil a sonraí coinnithe (féach, de réir analaí, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791, mír 219).

123    Ní féidir leis an gcúirt a rinne an tarchur, mar atá fúithi de réir dlí náisiúnta, teorainn a chur leis na héifeachtaí ama ar dhearbhú go bhfuil reachtaíocht náisiúnta, maidir leis an reachtaíocht náisiúnta atá faoi cheist sna príomhimeachtaí neamhbhailí (féach, de réir analaí, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791, mír 220).

124    I ndáil leis sin, mar a luaigh an tAbhcóide Ginearálta Campos Sánchez‑Bordona i mír 75 dá Thuairim, go bunúsach, is beag an tábhacht é gur glacadh an reachtaíocht náisiúnta chun Treoir 2006/24 a thrasuí sa dlí náisiúnta ós rud é nach mór don chúirt a rinne an tarchur measúnú a dhéanamh ar bhailíocht na reachtaíochta náisiúnta, i bhfianaise Threoir 2002/58 agus na Cairte, arna léirmhíniú ag an gCúirt Bhreithiúnais, as siocair gur chuir an Chúirt Bhreithiúnais an Treoir sin ó bhailíocht, a bhfuil éifeachtaí ag an gcinneadh neambhailíochta sin ó dháta a theacht I bhfeidhm ar aghaidh (féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Feabhra 1996, FMC agus páirtithe eile C‑212/94, EU:C:1996:40, mír 55).

125    Maidir le léirmhíniú Threoir 2002/58 agus na Cairte arna glacadh ag an gCúirt Bhreithiúnais, inter alia, ina breithiúnais an 21 Nollaig 2016, Tele2 Sverige agus Watson agus páirtithe eile, go háirithe (C‑203/15 agus C‑698/15, EU:C:2016:970), agus an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile (C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791), ní mór a choinneáil i gcuimhne, de réir cásdlí comhsheasmhach, go soilsítear agus soiléirítear brí agus raon feidhme na rialach sin go gcaithfí nó gur cheart a thuiscint agus a fhorchur óna teacht i bhfeidhm le léirmhíniú riail dlí an Aontais ag an gCúirt Bhreithiúnais i mbun a hinniúlachta a thugtar di le hAirteagal 267 CFAE. Tugtar le tuiscint uaidh sin gur féidir agus nach mór don chúirt léirmhíniú na rialach dá bhrí sin a fhorchur le haon caidreamh dlí arna éirí agus arna bhunú sular tugadh an breithiúnas lenar rialaíodh ar an iarratas ar léirmhíniú an bhfuil na coinníollacha lena gceadaítear díospóid faoi chur i bhfeidhm na rialach sin a thabhairt ós comhair na gcúirteanna comhlíonta (breithiúnas an 16 Meán Fómhair 2020, Romenergo agus Aris Capital, C‑339/19, EU:C:2020:709, mír 47 agus an cásdlí dá dtagraítear).

126    I ndáil leis sin, is ceart a shonrú freisin, nár cuireadh teorainn leis na héifeachtaí ama ar thionchar an léirmhínithe a tugadh i mbreithiúnais an 21 Nollaig 2016, Tele2 Sverige agus Watson agus páirtithe eile (C‑203/15 agus C‑698/15, EU:C:2016:970), agus an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile (C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791), ionas gurb amhlaidh, i gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i mír 119 den bhreithiúnas seo, nár cheart teorainn a chur leis na héifeachtaí ama le breithiúnas de chuid na Cúirte Breithiúnais i ndiaidh na mbreithiúnas sin.

127    Ar deireadh, maidir le tionchar an dearbhaithe go bhfuil Acht 2011 ar neamhréir le Treoir 2002/58, léite i bhfianaise na Cairte, ar inghlacthacht na fianaise a rabhthas ag brath uirthi i gcoinne G. D. i gcomhthéacs na n-imeachtaí coiriúla, is leor tagairt do chásdlí na Cúirte Breithiúnais ar an ábhar sin, go háirithe do na prionsabail dá dtagraítear i míreanna 41 go 44 de bhreithiúnas an 2 Márta 2021, Prokuratuur (Coinníollacha rochtana ar shonraí maidir le cumarsáid leictreonach), C‑746/18, EU:C:2021:152) leanann sé ó na prionsabail sin, i gcomhréir le prionsabal neamhspleáchais ó thaobh nósanna imeachta na mBallstát, gur faoin dlí náisiúnta atá inghlacthacht den sórt sin, faoi réir phrionsabal an chomhionannais agus phrionsabal na héifeachtachta.

128    I bhfianaise an mhéid thuas, is é an freagra atá le tabhairt ar an gcúigiú agus ar an séú ceist ná nach mór dlí an Aontais a léirmhíniú amhail go bhféadfadh cúirt náisiúnta, mar atá fúithi de réir dlí náisiúnta, teorainn a chur leis na héifeachtaí ama ar dhearbhú go bhfuil reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí sonraí tráchta agus sonraí suímh a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach neamhbhailí, as siocair neamhréireacht na reachtaíochta sin le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58, léite i bhfianaise na Cairte. I gcomhréir le prionsabal an neamhspleáchais ó thaobh nósanna imeachta na mBallstát, is faoin dlí náisiúnta atá inghlacthacht na fianaise a fhaightear tríd an gcoinneáil sin, faoi réir phrionsabal an chomhionannais agus phrionsabal na héifeachtachta, inter alia,, a chomhlíonadh.

 Costais

129    Ós rud é, a mhéid a bhaineann leis na príomhpháirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt Bhreithiúnais (an Mór‑Dhlísheomra) mar seo a leanas:

1.      Ní mór Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach), arna leasú ag Treoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009, léite i bhfianaise Airteagail 7, 8, 11 agus 52(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a léirmhíniú amhail agus go gcuirtear toirmeasc leis ar bhearta reachtacha lena bhforáiltear, mar bheart réamhchúraim, chun coireacht thromchúiseach a chomhrac agus bagairtí tromchúiseacha ar an tslándáil phoiblí a chosc, do choinneáil ghinearálta agus neamh-idirdhealaitheach sonraí tráchta agus sonraí suímh. Os a choinne sin, ní chuirtear toirmeasc le hAirteagal 15(1), léite i bhfianaise Airteagail 7, 8, 11 agus 52(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ar bhearta reachtacha lena bhforáiltear, chun coireacht thromchúiseach a chomhrac agus chun bagairtí tromchúiseacha ar an tslándáil phoiblí a chosc,

–        do choinneáil sonraí tráchta agus sonraí suímh ar bhonn spriocdhírithe, ar bhonn gnéithe oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha, de réir chatagóirí na nábhar sonraí nó trí bhíthin critéir gheografacha, ar feadh tréimhse ama atá teoranta go téarma a bhfuil dianghá leis ach atá inathnuaite;

–        seoltaí IP atá curtha i leith foinse cheangail a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach ar feadh tréimhse lena bhfuil téarma ar dianghá leis;

–        do choinneáil ghinearálta agus neamh-idirdhealaitheach sonraí a bhaineann le stádas sibhialta úsáideoirí na modhanna cumarsáide leictreonaí, agus

–        do dhul i muinín teagasc ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí tabhairt faoi, go ceann tréimhse ar leith, caomhnú brostaithe ar na sonraí tráchta agus na sonraí suímh atá ag na soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí seo, trí bhíthin cinneadh ón údarás inniúil atá faoi réir grinnscrúdaithe breithiúnach éifeachtach,

ós rud é go náirítear, le rialacha soiléire mionsonraithe, go gcoinneofar na sonraí atá i gceist i gcomhréir leis na coinníollacha substainteacha agus nós imeachta lena mbaineann agus go mbeidh cosaintí leordhóthanacha ag na hábhair sonraí i gcoinne an bhaoil go mbainfí mí-úsáid astu.

2.      Ní mór Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58, arna leasú ag Treoir 2009/136, léite i bhfianaise Airteagail 7, 8, 11 agus 52(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha, a léirmhíniú amhail agus go gcuirtear toirmeasc ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear gur faoi chomhalta de chuid na bpóilíní atá sé, le cúnamh ó aonad atá bunaithe laistigh den fhórsa póilíneachta a bhfuil neamhspleáchas aige i mbun a dhualgas go pointe áirithe agus a d’fhéadfaí grinnscrúdú breithiúnach a dhéanamh ar a chinneadh ina dhiaidh sin, na hiarrataí ar rochtain ar shonraí a choinnítear ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí, a eisíonn ó na póilíní i gcomhthéacs cionta coiriúla tromchúiseacha a imscrúdú nó a ionchúiseamh, a phróiseáil ar bhealach láraithe.

3.      Ní mór dlí an Aontais a léirmhíniú amhail go gcuirtear toirmeasc ar chúirt náisiúnta mar atá fúithi de réir dlí náisiúnta, teorainn a chur leis na héifeachtaí ama ar dhearbhú go bhfuil reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí sonraí tráchta agus sonraí suímh a choinneáil go ginearálta agus go neamhidirdhealaitheach neamhbhailí, as siocair neamhréireacht na reachtaíochta sin le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58, arna leasú ag Treoir 2009/136, léite i bhfianaise na Cairte um Chearta Bunúsacha. I gcomhréir le prionsabal an neamhspleáchais ó thaobh nósanna imeachta na mBallstát de, is faoin dlí náisiúnta atá inghlacthacht na fianaise a fhaightear tríd an gcoinneáil sin, faoi réir phrionsabal an chomhionannais agus phrionsabal na héifeachtachta, inter alia, a chomhlíonadh.

Sínithe


*      Teanga an cháis: an Béarla