Language of document : ECLI:EU:C:2022:258

Cás C140/20

G. D.

v

Coimisinéir an Gharda Síochána agus Páirtithe Eile

[iarraidh ar réamhrialú ón gCúirt Uachtarach (Éire)]

 Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra), an 5 Aibreán 2022

(Tarchur chun réamhrialú – Sonraí pearsanta a phróiseáil san earnáil cumarsáide leictreonaí – Rúndacht na cumarsáide – Soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí – Sonraí tráchta agus sonraí suímh a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach – Rochtain ar shonraí coinnithe – Grinnscrúdú breithiúnach a posteriori – Treoir 2002/58/CE – Airteagal 15(1) – Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Airteagail 7, 8, 11 agus 52(1) – Féidearthacht do chúirt náisiúnta teorainn a chur leis na héifeachtaí ama ar dhearbhú go bhfuil reachtaíocht náisiúnta atá ar neamhréir le dlí an Aontais neamhbhailí – Toirmeasc)

1.        Comhfhogasú dlíthe – Earnáil teileachumarsáide – Sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí – Treoir 2002/58 – Cumhacht na mBallstát raon feidhme cearta agus oibleagáidí áirithe a srianadh – Bearta náisiúnta lena gceanglaítear ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí sonraí tráchta agus sonraí suímh a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach – Cuspóir an choireacht thromchúiseach a chomhrac agus bagairtí tromchúiseacha ar shlándáil an phobail a chosc – Do-ghlacthacht – Bearta náisiúnta lena bhforáiltear do choinneáil ar bhonn spriocdhírithe na sonraí sin ar bhonn tosca oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha ar feadh tréimhse lena bhfuil téarma ar dianghá leis – Bearta náisiúnta lena bhforáiltear do sheoltaí IP arna gcur i leith foinse cheangail a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach ar feadh tréimhse lena bhfuil téarma ar dianghá leis – Bearta náisiúnta lena bhforáiltear do choinneáil ghinearálta agus neamh-idirdhealaitheach sonraí a bhaineann le stádas sibhialta úsáideoirí na modhanna cumarsáide leictreonaí – Bearta náisiúnta lena bhforáiltear do dhul i muinín teagaisc ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí tabhairt faoi chaomhnú brostaithe ar shonraí tráchta agus ar shonraí suímh go ceann tréimhse ar leith – Cuspóir an choireacht thromchúiseach a chomhrac agus bagairtí tromchúiseacha ar shlándáil an phobail a chosc – Inghlacthacht – Coinníollacha

(An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagail 7, 8, 11 agus 52(1); Treoir 2002/58 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, arna leasú le Treoir 2009/136, Airteagal 15(1))

(féach míreanna 51 - 57, 62 - 65, 71 - 74, 83 - 87, 91 - 93, 97 - 101, an chuid oibríochtúil 1)

2.        Comhfhogasú dlíthe – Earnáil teileachumarsáide – Sonraí pearsanta a phróiseáil agus cosaint phríobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí – Treoir 2002/58 – Cumhacht na mBallstát réim cheart agus oibleagáidí áirithe a srianadh – Bearta náisiúnta lena gceanglaítear ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí sonraí tráchta agus sonraí suímh a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach – Rochtain na núdarás náisiúnta ar shonraí coinnithe chun críche imscrúduithe coiriúla – Údarú rochtana tugtha ag comhalta de chuid na bpóilíní, le cúnamh ó aonad atá bunaithe laistigh den fhórsa póilíneachta atá neamhspléach i mbun a dhualgas go pointe áirithe – Rochtain faoi réir grinnscrúdú ag cúirt nó ag binse a posteriori – Do-ghlacthacht

(An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagail 7, 8, 11 agus 52(1); Treoir 2002/58 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, arna leasú le Treoir 2009/136, Airteagal 15(1))

(féach míreanna 106 - 112, an chuid oibríochtúil 2)

3.        Comhfhogasú dlíthe – Earnáil teileachumarsáide – Sonraí pearsanta a phróiseáil agus cosaint phríobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí – Treoir 2002/58 – Cumhacht na mBallstát réim chearta agus oibleagáidí áirithe a srianadh – Bearta náisiúnta lena gceanglaítear ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí sonraí tráchta agus sonraí suímh a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach – Cuspóir an choireacht thromchúiseach a chomhrac agus bagairtí tromchúiseacha ar shlándáil an phobail a chosc – Do-ghlacthacht – Dearbhú neamhbhailíochta maidir le reachtaíocht náisiúnta lena leagtar síos na bearta sin mar gheall ar a neamhréireacht le dlí an Aontais – Cumhacht chúirt nó binse náisiúnta éifeachtaí ama an dearbhaithe sin a shrianadh – Neamhchumhacht

(An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagail 7, 8, 11 agus 52(1); Treoir 2002/58 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, arna leasú le Treoir 2009/136, Airteagal 15(1))

(féach míreanna 118, 119, 122 - 128, an chuid oibr. 3)


Achoimre

Le blianta beaga anuas, tá roinnt breithiúnas maidir le coinneáil agus le rochtain ar shonraí pearsanta i réimse na cumarsáide leictreonaí tugtha ag an gCúirt Bhreithiúnais.(1)

Go háirithe, le dhá bhreithiúnas a tugadh sa Mhór-Dhlísheomra an 6 Deireadh Fómhair 2020(2), dheimhnigh an Chúirt Bhreithiúnais a cásdlí a d’eascair ó Tele2 Sverige maidir le díréireacht sonraí tráchta agus sonraí suímh a bhaineann le cumarsáid leictreonach a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach. Rinne sí soiléiriú freisin, inter alia, ar mhéid na gcumhachtaí a thugtar do na Ballstáit leis an treoir “maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach” i ndáil le sonraí den sórt sin a choinneáil chun an tslándáil náisiúnta a chosaint agus chun an choireacht a chomhrac.

Sa chás seo, rinne an Chúirt Uachtarach (Éire) an tarchur chun réamhrialú seo mar chuid d’imeachtaí sibhialta a thionscain duine ar ghearradh pianbhreith phríosúnachta saoil air mar gheall ar dhúnmharú a rinneadh in Éirinn. Chuir an duine sin in aghaidh chomhréireacht forálacha áirithe den dlí náisiúnta maidir le coinneáil sonraí a ghintear i ndáil le cumarsáide leictreonaí le dlí an Aontais.(3) Faoi réir an dlí sin(4), choinníodh soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí sonraí tráchta agus sonraí suímh a bhain le glaonna teileafóin an té a cúisíodh agus cuireadh na sonraí sin ar fáil do na húdaráis phóilíneachta. Is le comhréireacht chóras lena ndéantar sonraí a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach, i dtaca le coireacht thromchúiseach a chomhrac, leis an treoir “maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach”(5), léite i bhfianaise na Cairte,(6)inter alia, a bhain amhras na cúirte a rinne an tarchur .

Leis an mbreithiúnas arna thugtha sa Mór-Dhlísheomra, deimhníonn an Chúirt, agus a réim á soiléiriú, an cásdlí a eascraíonn as an mbreithiúnas La Quadrature du Net agus páirtithe eile, ag cur in iúl nach bhfuil coinneáil sonraí tráchta agus sonraí suímh a bhaineann le cumarsáid leictreonach go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach údaraithe chun coireacht thromchúiseach a chomhrac agus bagairtí tromchúiseacha ar an tslándáil phoiblí a chosc. Deimhníonn sí freisin an cásdlí a eascraíonn as an mbreithiúnas Prokuratuur (Coinníollacha rochtana ar shonraí maidir le cumarsáid leictreonach)(7), go háirithe maidir leis an oibleagáid rochtain a thabhairt do na húdaráis náisiúnta inniúla ar na sonraí a coinnítear faoi réir grinnscrúdaithe roimh ré arna dhéanamh ag cúirt nó ag comhlacht riaracháin atá neamhspleách atá ar an bhfórsa póilíneachta.

Breithniú na Cúirte Breithiúnas

Chinn an Chúirt, ar an gcéad dul síos, go gcuirtear toirmeasc leis an treoir “maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach”, léite i bhfianaise na Cairte, ar bhearta reachtacha náisiúnta lena bhforáiltear, mar bheart coisctheach, do shonraí tráchta agus sonraí suímh a bhaineann le cumarsáid leictreonach a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach chun cionta tromchúiseacha a chomhrac agus bagairtí tromchúiseacha don tslándáil phoiblí a chosc. De pháirt, ag féachaint do na héifeachtaí dhíspreagthacha ar úsáid na gceart bunúsach,(8) a d’fhéadfadh coinneáil na sonraí seo a bheith i gceist leo, agus cé chomh tromchúisí is atá na srianta atá i gceist le coinneáil den sórt sin den pháirt eile, is eisceacht seachas riail í an choinneáil a fhoráiltear sa chóras arna bhunú leis an Treoir sin, agus ní fhéadfaí na sonraí seo a bheith faoi réir coinneáil atá córasach agus leanúnach. Ní fhéadfaí caitheamh mar bhagairt ar an tslándáil náisiúnta le coireacht, fiú dá mba ann do choireacht thar a bheith tromchúiseach, ós rud é gur dócha go gcruthófaí catagóir idirmheánach idir an tslándáil náisiúnta agus slándáil an phobail leo a chaitheamh mar a chéile, chun críocha ceanglais na slándála náisiúnta a chur i bhfeidhm maidir leis an tslándáil phoiblí.

Os a choinne sin, ní chuirtear toirmeasc leis an treoir “maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach”, léite i bhfianaise na Cairte, ar bhearta reachtacha lena bhforáiltear, chun coireacht thromchúiseach a chomhrac agus chun bagairtí tromchúiseacha ar an tslándáil phoiblí a chosc, do choinneáil sonraí tráchta agus suímh ar bhonn spriocdhírithe a bhfuil teorainn leo, ar bhonn tosca oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha, de réir catagóirí na ndaoine lena baineann na sonraí nó trí bhíthin critéir gheografaigh, ar feadh tréimhse ama atá teoranta don mhéid a bhfuil dianghá leis ach atá in‑athnuaite. Maidir le beart coinneála den sórt sin lena ndírítear ar cheantair nó ar bhonneagar ina mbíonn ardlíon daoine go minic nó a mbaineann siad úsáid mhinic astu nó áiteanna straitéiseacha, amhail aerfoirt, stáisiúin, calafoirt nó limistéir dola, ar chumas na n‑údarás inniúil faisnéis a fháil faoin láithreacht, sna háiteanna nó na limistéir gheografacha sin, na ndaoine go léir a úsáideann modhanna cumarsáide leictreonaí iontu agus chun tátail a bhaint as an méid sin maidir le láithreacht agus gníomhaíocht na ndaoine sin sna háiteanna nó sna limistéir gheografacha sin chun coireacht thromchúiseach a chomhrac. Ní féidir bonn cirt a bheith leis na Ballstáit chun foráil a dhéanamh maidir le sonraí tráchta agus suímh a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach ach go háirithe toisc go bhféadfadh deacrachtaí a bheith ann maidir leis na cásanna agus na coinníollacha faoina bhféadfar coinneáil ar bhonn spriocdhírithe a dhéanamh.

Ní chuirtear toirmeasc ach an oiread leis an Treoir sin, léite i bhfianaise na Cairte, ar bhearta reachtacha lena bhforáiltear, chun na críche céanna, do choinneáil ghinearálta agus neamh-idirdhealaitheach seoltaí IP arna gcur i leith foinse cheangail ar feadh tréimhse lena bhfuil téarma ar dianghá leis do choimeád ginearálta agus neamh-idirdhealaitheach seoltaí IP a chuirtear i leith fhoinse an cheangail, ar feadh tréimhse atá teoranta don mhéid a bhfuil dianghá leis, agus do shonraí a bhaineann le stádas sibhialta úsáideoirí na modhanna cumarsáide leictreonaí chomh maith. Maidir leis an bpointe dheireanach sin, sonraíonn an Chúirt Bhreithiúnais nach gcuirtear toirmeasc leis an treoir “maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach” ná le haon ghníomh eile de dhlí an Aontais ar reachtaíocht náisiúnta, arb é is cuspóir di coireacht thromchúiseach a chomhrac, faoina bhfuil fáil modhanna cumarsáide leictreonaí, amhail cárta SIM réamhíoctha, faoi réir fíorú doiciméad oifigiúil lena bhfionntar stádas an cheannaitheora agus na faisnéise a thagann as a chlárú ag an díoltóir, lena gceanglaítear ar an díoltóir, de réir mar a bheadh, rochtain ar an bhfaisnéis sin a thabhairt do na húdaráis inniúla náisiúnta.

Is amhlaidh an cás maidir le bearta reachtacha lena bhforáiltear, chun críocha an choireacht thromchúiseach a chomhrac agus chun bagairtí tromchúiseacha ar shlándáil an phobail a chosc arís, do dhul i muinín teagaisc ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí tabhairt faoi, go ceann tréimhse ar leith, caomhnú brostaithe (“quick freeze”) ar na sonraí tráchta agus na sonraí suímh atá ag na soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí seo, trí bhíthin cinneadh ón údarás inniúil atá faoi réir grinnscrúdaithe breithiúnach éifeachtach. Go deimhin, tugtar údar le stóráil sonraí den sórt sin ag féachaint don chomhrac i gcoinne na coireachta tromchúisí agus, a fortiori, gníomhaíochtaí chun an tslándáil náisiúnta a chosaint agus iad amháin, ar an gcoinníoll go ndéantar leis an mbeart seo agus leis an rochtain ar na sonraí stóráilte teorainneacha an dianghá a urramú. Tugann an Chúirt Bhreithiúnais chun cuimhne go bhféadfar beart chaomhnaithe brostaithe den sórt sin a fhorleathnú a mhéid is go bhfuil sonraí tráchta agus sonraí suímh a bhaineann le daoine seachas iad siúd faoina bhfuil drochamhras go bhfuil cion coiriúil tromchúiseach nó ionsaí ar an tslándáil náisiúnta beartaithe acu i gceist leo, ar an gcoinníoll go bhféadfaí sonraí den sórt sin, ar bhonn gnéithe oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha, cuidiú le cion den sórt sin nó d’ionsaí ar an tslándáil náisiúnta a shoiléiriú, amhail sonraí íospartach an chiona agus sonraí comhluadar sóisialta nó proifisiúnta an íospartaigh sin.

Tugann an Chúirt Bhreithiúnais le fios ina dhiaidh sin, áfach, nach mór do na bearta reachtacha go léir thuasluaite a áirithiú go gcoinneofar na sonraí atá i gceist i gcomhréir leis na coinníollacha substainteacha agus nós imeachta lena mbaineann agus go mbeidh cosaintí leordhóthanacha ag na hábhair sonraí i gcoinne an bhaoil go mbainfí mí-úsáid astu. Féadfar na bearta éagsúla maidir le sonraí tráchta agus sonraí suímh a choinneáil a chur i bhfeidhm go comhpháirteach, ar rogha an reachtais náisiúnta agus teorainneacha an dianghá á n‑urramú chomh maith acu.

Ina theannta sin, sonraíonn an Chúirt go mbeadh, chun coireacht thromchúiseach a chomhrac, údarú ar rochtain ar na sonraí sin a choinnítear go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach ar mhaithe le haghaidh a thabhairt ar bhagairt thromchúiseach ar an tslándáil náisiúnta contrártha d’ordlathas na gcuspóirí leasa an phobail a d’fhéadfadh údar a thabhairt le beart arna ghlacadh de bhun na treorach “maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach”.(9) Is ionann é sin agus rochtain ar shonraí a cheadú de réir cuspóra is lú tábhachtaí ná an cuspóir a thug údar maith le coinneáil na sonraí sin, eadhon an tslándáil náisiúnta a chosaint, agus dá bhrí sin bheadh baol ann go mbainfí aon éifeacht den toirmeasc ar stóráil ginearálta agus neamh-idirdhealaitheach chun coireacht thromchúiseach a chomhrac dá gceadófaí rochtain dá sórt sin.

Ar an dara dul síos, chinn an Chúirt Bhreithiúnais go gcuirtear toirmeasc leis an dtreoir “maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach”, léite i bhfianaise na Cairte, ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear gur faoi chomhalta de chuid na bpóilíní atá sé na hiarrataí ar rochtain ar shonraí a choinnítear a phróiseáil ar bhealach láraithe, a eisíonn na póilíní i gcomhthéacs cionta coiriúla tromchúiseacha a imscrúdú nó a ionchúiseamh, fiú sa chás ina bhfuil cúnamh ag an gcomhalta sin ó aonad atá bunaithe laistigh den fhórsa póilíneachta ag atá neamhspleách i mbun a dhualgas go pointe áirithe agus a bhféadfaí grinnscrúdú breithiúnach a dhéanamh ar a chinneadh ina dhiaidh sin. Ar thaobh amháin, ní chomhlíonann comhalta de chuid na bhfórsa póilíneachta den sórt sin na ceanglais maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht nach mór do chomhlacht riaracháin a dhéanann grinnscrúdú roimh ré ar iarrataí ar rochtain arna n‑eisiúint ag na húdaráis náisiúnta inniúla, toisc nach bhfuil stádas tríú páirtí acu i ndáil leis na húdaráis sin. Ar an taobh eile, cé go bhféadfadh cinneadh an chomhalta sin a bheith faoi réir grinnscrúdú breithiúnach a posteriori, ní féidir an grinnscrúdú sin a chur in ionad grinnscrúdaithe atá neamhspleách agus, ach amháin i gcásanna práinne ina bhfuil údar cuí-réasúnaithe leo, a dhéanfar roimh ré.

Ar an tríú dul síos agus ar deireadh, deimhníonn an Chúirt Bhreithiúnais a cásdlí dá réir go gcuirtear toirmeasc ar chúirt náisiúnta teorainn a chur leis na héifeachtaí ama ar dhearbhú atá fúithi de réir dlí náisiúnta go bhfuil reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí sonraí tráchta agus sonraí suímh a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach neamhbhailí, as siocair neamhréireacht na reachtaíochta sin leis an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach. Dá ainneoin sin, cuireann an Chúirt Breithiúnais in iúl gur faoin dlí náisiúnta atá inghlacthacht na fianaise a fhaightear tríd an gcoinneáil sin, i gcomhréir le prionsabal an neamhspleáchais ó thaobh nósanna imeachta na mBallstát de, faoi réir phrionsabal an chomhionannais agus phrionsabal na héifeachtachta, inter alia, a chomhlíonadh.


1      Mar sin, san bhreithiúnas an 8 Aibreán 2014, Digital Rights Ireland agus páirtithe eile (C‑293/12 agus C‑594/12, EU:C:2014:238), dhearbhaigh an Chúirt go raibh Treoir 2006/24/CE an 15 Márta 2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le coinneáil sonraí a ghintear nó a phróiseáiltear i ndáil le seirbhísí cumarsáide leictreonacha a chuirtear ar fáil go poiblí nó líonraí cumarsáide poiblí a sholáthar agus lena leasaítear Treoir 2002/58/CE (IO 2006 L 105, lch. 54) neamhbhailí, ar an bhforas nach raibh an cur isteach ar na cearta chun príobháideachais agus cosanta sonraí pearsanta, cearta a chumhdaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt Eorpach um Chearta Bunúsacha (“an Chairt”) mar gheall ar an oibleagáid ghinearálta maidir le coinneáil sonraí tráchta agus sonraí suímh dá bhforáiltear sa treoir sin teoranta don mhéid a bhí dianghá leis. Ina dhiaidh sin, i mbreithiúnas an 21 Nollaig 2016, Tele2 Sverige agus Watson agus páirtithe eile (C‑203/15 agus C‑698/15, EU:C:2016:970), chinn an Chúirt Bhreithiúnais go raibh Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO 2002 L 201, lch. 37) (an “treoir ‘maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach’”), arna leasú le Treoir 2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus maidir le Cumarsáidí Leictreonacha, 25 Samhain (IO 2009 L 337, lch. 11) lena gcuirtear toirmeasc ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear sonraí tráchta agus sonraí suímh a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach ar mhaithe le coireacht a chomhrac. Ar deireadh, sa bhreithiúnas an 2 Deireadh Fómhair 2018, Ministerio Fiscal (C‑207/16, EU:C:2018:788), rinne an Chúirt Bhreithiúnais léirmhíniú ar an Airteagal 15(1) sin i gcás a bhain le rochtain ag údaráis phoiblí ar shonraí a bhaineann le stádas sibhialta úsáideoirí cumarsáide leictreonaí.


2      Breithiúnais an 6 Deireadh Fómhair 2020, Privacy International (C‑623/17, EU:C:2020:790) agus La Quadrature du Net agus páirtithe eile (C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791).


3      An tAcht Cumarsáide (Sonraí a Choimeád), 2011. Glacadh an tAcht seo chun Treoir 2006/24/CE an 15 Márta 2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le coinneáil sonraí a ghintear nó a phróiseáiltear i ndáil le seirbhísí cumarsáide leictreonacha a chuirtear ar fáil go poiblí nó líonraí cumarsáide poiblí a sholáthar agus lena leasaítear Treoir 2002/58/CE (IO 2006 L 105, lch. 54) a thrasuí i ndlí na hÉireann. .


4      Ceadaítear leis an dlí sin, ar chúiseanna seachas iad is gné dhílis de chosaint na slándála náisiúnta, coinneáil choisctheach, ghinearálta agus neamh-idirdhealaitheach ar shonraí tráchta agus ar shonraí suímh gach síntiúsóir ar feadh tréimhse dhá bhliain.


5      Go sonrach, Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58.


6      Go háirithe Airteagail 7, 8, 11 agus 52(1) den Chairt.


7      Breithiúnas an 2 Márta 2021, Prokuratuur (Coinníollacha rochtana ar shonraí maidir le cumarsáid leictreonach) (C‑746/18, EU:C:2021:152).


8      A chumhdaítear in Airteagail 7 go 11 den Chairt.


9      Tá an t‑ordlathas sin cumhdaithe i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais, go háirithe i mbreithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile (C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791), míreanna 135 agus 136. De réir an ordlathais seo, is lú tábhacht atá ag baint leis an gcomhrac in aghaidh na coireachta tromchúisí ná leis an tslándáil náisiúnta a chosaint.