Language of document :

Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 5 Aibreán 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón gCúirt Uachtarach – Éire) – G. D. v Coimisinéir an Gharda Síochána, An tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, An tArd-Aighne

(Cás = "n" "Case"  IF = "o" "Joined Cases" C-140/20)1

(Tarchur chun réamhrialú – Sonraí pearsanta a phróiseáil san earnáil cumarsáide leictreonaí – Rúndacht na cumarsáide – Soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí – Sonraí tráchta agus sonraí suímh a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach – Rochtain ar shonraí coinnithe – Grinnscrúdú breithiúnach a posteriori – Treoir 2002/58/CE – Airteagal 15(1) – Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Airteagail 7, 8, 11 agus 52(1) – Féidearthacht do chúirt náisiúnta teorainn a chur leis na héifeachtaí ama ar dhearbhú go bhfuil reachtaíocht náisiúnta atá ar neamhréir le dlí an Aontais neamhbhailí – Toirmeasc)

Teanga an cháis: An Béarla

An chúirt a rinne an tarchur

An Chúirt Uachtarach

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: G. D.

Cosantóirí: Coimisinéir an Gharda Síochána, An tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, An tArd-Aighne

An chuid oibríochtúil

1)    Ní mór Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach), arna leasú ag Treoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009, léite i bhfianaise Airteagail 7, 8, 11 agus 52(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a léirmhíniú amhail agus go gcuirtear toirmeasc leis ar bhearta reachtacha lena bhforáiltear, mar bheart réamhchúraim, chun coireacht thromchúiseach a chomhrac agus bagairtí tromchúiseacha ar an tslándáil phoiblí a chosc, do choinneáil ghinearálta agus neamh-idirdhealaitheach sonraí tráchta agus sonraí suímh. Os a choinne sin, ní chuirtear toirmeasc le hAirteagal 15(1), léite i bhfianaise Airteagail 7, 8, 11 agus 52(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ar bhearta reachtacha lena bhforáiltear, chun coireacht thromchúiseach a chomhrac agus chun bagairtí tromchúiseacha ar an tslándáil phoiblí a chosc,

–        do choinneáil sonraí tráchta agus sonraí suímh ar bhonn spriocdhírithe, ar bhonn gnéithe oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha, de réir chatagóirí na n-ábhar sonraí nó trí bhíthin critéir gheografacha, ar feadh tréimhse ama atá teoranta go téarma a bhfuil dianghá leis ach atá inathnuaite;

–         seoltaí IP atá curtha i leith foinse cheangail a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach ar feadh tréimhse lena bhfuil téarma ar dianghá leis;

–         do choinneáil ghinearálta agus neamh-idirdhealaitheach sonraí a bhaineann le stádas sibhialta úsáideoirí na modhanna cumarsáide leictreonaí, agus

do dhul i muinín teagasc ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí tabhairt faoi, go ceann tréimhse ar leith, caomhnú brostaithe ar na sonraí tráchta agus na sonraí suímh atá ag na soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí seo, trí bhíthin cinneadh ón údarás inniúil atá faoi réir grinnscrúdaithe breithiúnach éifeachtach,

–     ós rud é go n-áirítear, le rialacha soiléire mionsonraithe, go gcoinneofar na sonraí atá i gceist i gcomhréir leis na coinníollacha substainteacha agus nós imeachta lena mbaineann agus go mbeidh cosaintí leordhóthanacha ag na hábhair sonraí i gcoinne an bhaoil go mbainfí mí-úsáid astu.

Ní mór Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58, arna leasú ag Treoir 2009/136, léite i bhfianaise Airteagail 7, 8, 11 agus 52(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha, a léirmhíniú amhail agus go gcuirtear toirmeasc ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear gur faoi chomhalta de chuid na bpóilíní atá sé, le cúnamh ó aonad atá bunaithe laistigh den fhórsa póilíneachta a bhfuil neamhspleáchas aige i mbun a dhualgas go pointe áirithe agus a d’fhéadfaí grinnscrúdú breithiúnach a dhéanamh ar a chinneadh ina dhiaidh sin, na hiarrataí ar rochtain ar shonraí a choinnítear ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí, a eisíonn ó na póilíní i gcomhthéacs cionta coiriúla tromchúiseacha a imscrúdú nó a ionchúiseamh, a phróiseáil ar bhealach láraithe.

Ní mór dlí an Aontais a léirmhíniú amhail go gcuirtear toirmeasc ar chúirt náisiúnta mar atá fúithi de réir dlí náisiúnta, teorainn a chur leis na héifeachtaí ama ar dhearbhú go bhfuil reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí sonraí tráchta agus sonraí suímh a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach neamhbhailí, as siocair neamhréireacht na reachtaíochta sin le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58, arna leasú ag Treoir 2009/136, léite i bhfianaise na Cairte um Chearta Bunúsacha. I gcomhréir le prionsabal an neamhspleáchais ó thaobh nósanna imeachta na mBallstát de, is faoin dlí náisiúnta atá inghlacthacht na fianaise a fhaightear tríd an gcoinneáil sin, faoi réir phrionsabal an chomhionannais agus phrionsabal na héifeachtachta, inter alia, a chomhlíonadh.

____________

1 IO C 247 an 27.07.2020