Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Administratīvā apgabaltiesa (an Laitvia) a taisceadh an 4 Deireadh Fómhair 2023 — AS Tallinna Kaubamaja Grupp, AS KIA Auto v Konkurences padome

(Cás C-606/23, Tallinna Kaubamaja Grupp agus KIA Auto)

Teanga an cháis: an Laitvis

An chúirt a rinne an tarchur

Administratīvā apgabaltiesa

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: AS Tallinna Kaubamaja Grupp, AS KIA Auto

Cosantóir: Konkurences padome

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gá don údarás iomaíochta, de bhun Airteagal 101(1) CFAE, a chruthú gurb ann d’éifeachtaí sriantacha iarbhír agus nithiúla (actual/real restrictive effects on competition) ar an iomaíocht chun measúnú a dhéanamh ar chomhaontú toirmiscthe lena leagtar síos srianta ar bharántas mótarfheithiclí, lena gceanglaítear nó lena spreagtar úinéirí gluaisteáin chun deisiú agus cothabháil an ghluaisteáin a dhéanamh le hionadaithe údaraithe mhonaróir an ghluaisteáin agus chun páirteanna spártha bunaidh an mhonaróra sin a úsáid i gcothabháil rialta ionas go leanfadh barántas an ghluaisteáin de bheith bailí?

An leor, faoi Airteagal 101(1) CFAE, chun measúnú a dhéanamh ar an gcomhaontú dá dtagraítear sa chéad cheist, go suífeadh an t-údarás iomaíochta nach bhfuil ach éifeachtaí sriantacha féideartha ar an iomaíocht ann (potential restrictive effects on competition)?

____________