Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal du travail de Liège (an Bheilg) an 2 Márta 2022 – OP v Commune d’Ans
(Cás C-148/22)
Teanga an cháis: an Fhraincis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunal du travail de Liège
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: OP
Cosantóir: Commune d’Ans
Na ceisteanna a tharchuirtear
An féidir Airteagal 2(2)(a) agus (b) de Threoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha a léirmhíniú sa chaoi go núdaraítear leis do riarachán poiblí timpeallacht riaracháin atá go hiomlán neodrach a eagrú agus mar sin cosc a chur ar gach ball foirne siombailí creidimh a chaitheamh, bídís i dteagmháil dhíreach leis an bpobal nó ná bíodh?1
An féidir Airteagal 2(2)(a) agus (b) de Threoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha a léirmhíniú sa chaoi is go núdaraítear leis do riarachán poiblí timpeallacht riaracháin atá go hiomlán neodrach a eagrú agus mar sin cosc a chur ar gach ball foirne siombailí creidimh a chaitheamh, bídís i dteagmháil dhíreach leis an bpobal nó ná bíodh, fiú más cosúil go bhfuil tionchar ag an gcosc neodrach sin ar mhná den chuid is mó, agus go bhféadfadh mar sin gur idirdhealú faoi cheilt ar an bhforas inscne atá ann?
____________
1 IO 2000 L 303, lch. 16.