Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Hof van beroep te Antwerpen (an Bheilg) a taisceadh an 21 Meán Fómhair 2023 – Beevers Kaas BV v Albert Heijn België NV agus páirtithe eile, páirtí eile: B.A. Coöperatieve Zuivelonderneming Cono

(Cás C-581/23, Beevers Kaas)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Hof van beroep te Antwerpen

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Beevers Kaas BV

Cosantóirí: Albert Heijn België NV, Koninklijke Ahold Delhaize NV, Albert Heijn BV, Ahold België BV

Páirtí eile: B.A. Coöperatieve Zuivelonderneming Cono

Na ceisteanna a tharchuirtear

An féidir a mheas go gcomhlíontar an ceanglas maidir le forchur comhuaineach a leagtar síos in Airteagal 4(b)(i) de Rialachán (AE) Uimh. 330/2010 1 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2010 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le haicmí comhaontuithe ingearacha agus cleachtas comhbheartaithe, agus an féidir le soláthraí a shásaíonn na coinníollacha eile a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 330/2010 cosc a chur go dlisteanach mar sin ar dhíolacháin ghníomhacha arna ndéanamh ag ceann dá cheannaitheoirí isteach i gcríoch dár sannadh ceannaitheoir amháin eile go heisiach, ar bhonn an chinnidh nach bhfuil na ceannaitheoirí eile i mbun díola go gníomhach sa chríoch sin, agus ar an mbonn sin amháin? I bhfocail eile, an gcruthaítear go leordhóthanach gurb ann do chomhaontú lena gcuirtear cosc ar dhíolacháin ghníomhacha idir na ceannaitheoirí eile agus an soláthraí ar bhonn an chinnidh nach mbíonn na ceannaitheoirí eile ag díol isteach i gcríoch a sannadh go heisiach?

An féidir a mheas go gcomhlíontar an ceanglas maidir le forchur comhuaineach a leagtar síos in Airteagal 4(b)(i) de Rialachán (AE) Uimh. 330/2010 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2010 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le haicmí comhaontuithe ingearacha agus cleachtas comhbheartaithe, agus an féidir le soláthraí a shásaíonn na coinníollacha eile a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 330/2010 cosc a chur go dlisteanach mar sin ar dhíolacháin ghníomhacha arna ndéanamh ag ceann dá cheannaitheoirí isteach i gcríoch dár sannadh ceannaitheoir amháin eile go heisiach, i gcás ina bhfaigheann an soláthraí aontú a gceannaitheoirí eile más rud é, agus a mhéid sin amháin, go bhfuil tásca ann go bhfuil siad ag díol go gníomhach isteach sa chríoch a sannadh go heisiach ar an gcaoi sin? Nó, seachas sin, an gcaithfidh sé go bhfuair siad aontú den sórt sin ó gach ceann de cheannaitheoirí an tsoláthraí, beag beann air an bhfuil comharthaí ann go bhfuil na ceannaitheoirí sin ag díol isteach i gcríoch a sannadh go heisiach?

____________

1 IO 2010 L 102, lch. 1.