Language of document :

(Cás C-278/22)

Teanga an cháis: an Chróitis

An chúirt a rinne an tarchur

Upravni sud u Zagrebu

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: ANTERA d.o.o.

Cosantóir: Hrvatska agencija za nadzor financijskih usluga

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An dtagann seirbhísí léasaithe oibriúcháin agus/nó carr ar cíos go fadtéarmach faoi raon feidhme Threoir 2006/123/CE (an Treoir um Sheirbhísí), 1 mar a shonraítear sa Lámhleabhar maidir le cur chun feidhme na Treorach um Sheirbhísí an 13 Márta 2008 a d’eisigh an Ard-Stiúrthóireacht um an Margadh Inmheánach? Ar cheart eintiteas a bhíonn ag gabháil do léasú oibriúcháin (seachas léasú airgeadais) agus/nó carr ar cíos go fadtéarmach a mheas mar institiúid airgeadais de réir bhrí Airteagal 4(1)(26) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013? 2

I gcás freagra dearfach ar an gcéad cheist thuas, agus freagra diúltach ar an dara ceist, dá dtabharfaí don Hrvatska agencija za nadzor financijskih usluga (Gníomhaireacht na Cróitise um maoirseoireacht ar sheirbhísí airgeadais) an chumhacht chun maoirseacht a dhéanamh ar sholáthar seirbhísí léasaithe oibriúcháin agus/nó carr ar cíos go fadtéarmach de bhun Airteagal 6(1) den Dlí um Léasú, agus chun ceanglais agus srianta breise a fhorchur ar ghnóthais a bhíonn ag gabháil do na gníomhaíochtaí sin, an mbeadh an méid sin de réir Airteagal 49 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 9 go 13 de Threoir 2006/123/CE?

An gá Airteagal 49 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagail 9 go 13 de Theoir 2006/123/CE, in imthosca amhail iad siúd atá i gceist sa chás seo, inar mian le máthairghnóthas ó Bhallstát amháin soláthar a dhéanamh i mBallstát eile, trí fhoghnóthas, ar sheirbhísí den chineál céanna agus na seirbhísí a sholáthraíonn sé sa Bhallstát bunaidh, a léirmhíniú go gceadaítear le dlí náisiúnta (an Dlí um Léasú) ceanglais agus srianta breise a fhorchur ar an bhfoghnóthas agus leis sin bac a chur ar ghabháil don ghníomhaíocht faoi thrácht nó a bhaint dá tarraingteacht.

____________

1 Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO L 376, lch. 36.)

1 Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO 2013 L 176, lch. 1).