Iarraidh ar réamhrialú ón Cour d'appel de Paris (an Fhrainc) a taisceadh an 25 Eanáir 2022 – SOGEFINANCEMENT v RW agus UV
(Cás C- 50/22)
Teanga an cháis: an Fhraincis
An chúirt a rinne an tarchur
Cour d'appel de Paris
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: SOGEFINANCEMENT
Cosantóirí: RW agus UV
Na ceisteanna a tharchuirtear:
An gcuireann prionsabal an phionóis éifeachtaigh a eascraíonn ó Airteagal 23 de Threoir 2008/48/CE1 , i bhfianaise phrionsabail na deimhneachta dlíthiúla agus an neamhspleáchais ó thaobh nósanna imeachta na mBallstát de, cosc ar tharlú ina mbeadh cosc ar chúirt foráil den dlí náisiúnta a thairiscint as a stuaim féin, a thig ó Airteagal 14 den treoir sin agus lena ngearrtar pionós tríd an comhaontú a chur ar neamhní, ní ba dhéanaí ná an tréimhse theorann cúig bliana atá ar fáil don tomhaltóir chun an comhaontú creidmheasa a chur ar neamhní trí imeachtaí dlí a thionscnamh nó trí agóid a dhéanamh?
An gcuireann prionsabal an phionóis éifeachtaigh a eascraíonn ó Airteagal 23 de Threoir 2008/48/CE i bhfianaise phrionsabail na deimhneachta dlíthiúla agus an neamhspleáchais ó thaobh nósanna imeachta na mBallstát de agus an prionsabal gurb iad na páirtithe a shocraíonn ábhar an cháis, cosc ar tharlú ina mbeadh cosc ar chúirt neamhniú an chomhaontaithe creidmheasa a fhógairt, tar éis di foráil den dlí náisiúnta a thig ó Airteagal 14 den treoir thuasluaite a thairiscint, gan í tar éis a bheith éilithe ag an tomhaltóir ná gan toiliú an tomhaltóra don chealú sin a bheith faighte ar a laghad?
____________
1 Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO 2008 L 133, lch. 66).