Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Arbitral Tributário (Centro de Arbitragem Administrativa - CAAD) (an Phortaingéil) a taisceadh an 17 Márta 2022– Lineas – Concessões de Transportes SGPS, S. A. v Autoridade Tributária e Aduaneira

(Cás C-207/22)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal Arbitral Tributário (Centro de Arbitragem Administrativa – CAAD)

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Lineas – Concessões de Transportes SGPS, S. A.

Cosantóir: Autoridade Tributária e Aduaneira

An cheist a tharchuirtear:

An bhféadfaí caitheamh le cuideachta shealbhaíochta, arb é an t-aon chuspóir atá léi ná scairshealbhaíochtaí i gcuideachtaí eile a bhainistiú mar bhealach indíreach chun gníomhaíochtaí eacnamaíocha a fheidhmiú agus a fhaigheann agus a choimeádann, sa chomhthéacs sin, na scairshealbhaíochtaí sin ar bhonn fadtéarmach, ar scairshealbhaíochtaí iad nach bhfuil, go ginearálta, níos lú ná 10 % de scairchaipiteal na gcuideachtaí sin, i gcás ina mbaineann gníomhaíochtaí na gcuideachtaí sin le bainistíocht bhonneagair iompair, lena n-áirítear bóthair/mótarbhealaí a dhearadh, a thógáil agus a bhainistiú, mar “institiúid airgeadais” de réir bhrí Threoir 2013/36/AE 1 agus Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 2 ?

____________

1     Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO 2013 L 176, lch. 338).

1     Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO 2013 L 176, lch. 1).