Language of document :

Caingean arna tabhairt an 10 Bealtaine 2024 – Cosmetika v EUIPO – Laboratoires Svr (LOTO DEL SVR)

(Cás T-244/24)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Cosmetika S.A.S. (Bogotá, an Cholóim) (ionadaithe: C. Duch Fonoll agus S. Sáenz de Ormijana Rico, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Laboratoires Svr (Le Plessis-Pâté, an Fhrainc)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘LOTO DEL SVR’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 17 999 190

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 11 Márta 2024 i gCás R 135/2023-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

an cás a tharchur ar ais chuig an mBord Achomhairc;

mar mhalairt air sin, an cinneadh atá faoi chonspóid a athrú agus an freasúra a dhíbhe ina iomláine; agus, in aon chás,

a ordú do EUIPO agus don idiragraí, más ann dó, a gcostais féin agus na costais arna dtabhú ag an iarratasóir sna himeachtaí seo, chomh maith leis na himeachtaí achomhairc agus céadchéime, a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 95 de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle arna léamh i gcomhar le hAirteagal 27(2) agus 27(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 ón gCoimisiún.

Sárú ar Airteagal 94(1) de Rialachán 2017/1001 agus ar Airteagal 41(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________