Language of document :

Caingean arna tabhairt an 13 Bealtaine 2024 – UV agus páirtithe eile v an Coimisiún

(Cás T-253/24)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóirí: UV, UW, UY agus UZ (ionadaí: S. Orlandi, Dlíodóir)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt Ghinearálta:

cinneadh an 28 Meitheamh 2023 lena ndiúltaítear dos na hiarrataí arna dtaisceadh ag na hiarratasóirí an 24 Aibreán 2023;

a ordú don Choimisiún Eorpach na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean i gcoinne an chinnidh lena ndiúltaítear dá n-iarrataí ar chur i bhfeidhm Airteagail 21 agus 22 d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh chun críoch a n-aois scoir agus ráta fabhraithe a gcearta pinsin a chinneadh, maíonn na hiarratasóirí príomh-shaincheist dlí agus saincheist dlí mar mhalairt air sin atá comhionann nó cosúil leo siúd arna maíomh i gCás T-131/24, CR v an Coimisiún.

____________