Language of document :

Caingean arna tabhairt an 15 Bealtaine 2024 – Mazepin v an Chomhairle

(Cás T-257/24)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Nikita Dmitrievich Mazepin (Moscó, an Rúis) (ionadaí: D. Rovetta, M. Campa, M. Moretto, V. Villante, T. Marembert agus A. Bass, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh (CBES) 2024/847 ón gComhairle an 12 Márta 2024 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin 1 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/849 ón gComhairle an 12 Márta 2024 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, 2 dá ngairtear le chéile na ‘Gníomhartha atá faoi chonspóid’, a mhéid a choimeádtar an tIarratasóir ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas a chuirtear faoi réir na mbeart sriantach leis na Gníomhartha atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú don Chomhairle costais na n-imeachtaí seo a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua, ar Airteagal 296 CFAE agus ar Airteagal 41(2)(c) den Chairt um Chearta Bunúsacha; sárú ar an gceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil agus ar Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear earráid mheasúnaithe ag an gComhairle.

____________

1 IO L, 2024/847.

1 IO L, 2024/849.