Iarraidh ar réamhrialú ón Landesverwaltungsgericht Vorarlberg (an Ostair) a taisceadh an 28 Eanáir 2022 – NK
(Cás C-55/22)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Landesverwaltungsgericht Vorarlberg
Páirtithe sna Príomhimeachtaí
Iarratasóir: NK
Údarás cosantóra: Bezirkshauptmannschaft Feldkirch
An cheist a tharchuirtear:
An bhfuil an prionsabal [ne] bis in idem, mar a ráthaítear le hAirteagal 50 den Chairt, le léirmhíniú sa chiall go gcuirtear cosc ar údarás inniúil riaracháin pionósach Ballstáit fíneáil a fhorchur ar dhuine mar gheall ar fhoráil den reachtaíocht maidir le cluichí áidh a shárú sa chás gur tionscnaíodh imeachaí píonósacha riaracháin roimhe sin i gcoinne an duine chéanna mar gheall ar shárú ar fhoráil eile den reachtaíocht maidir le cluichí áidh (nó, ar bhonn níos ginearálta, rialacha ón réimse dlí céanna), a bhí bunaithe ar na firicí céanna, agus gur cuireadh clabhsúr leis na himeachtaí sin go críochnaitheach tar éis éisteacht ó bhéal mar aon le fianaise a ghlacadh?
____________