Caingean arna tabhairt an 26 Aibreán 2024 – Pumpyanskiy v an Chomhairle
(Cás T-221/24)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Alexander Dmitrievich Pumpyanskiy (Conches, an Eilvéis) (ionadaithe T. Bontinck, A. Guillerme agus M. Brésart, Dlíodóirí)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
Cinneadh (CBES) 2024/847 ón gComhairle an 12 Márta 2024 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine a chur ar neamhní sa mhéid a liostaítear an t-iarratasóir san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh sin;
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/849 ón gComhairle an 12 Márta 2024 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine (sa mhéid a liostaítear an t-iarratasóir in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán).
a ordú don Chomhairle na costais a íoc.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.
An chéad shaincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar an gceart chun cosaint breithiúnach éifeachtach a fháil agus ar an oibleagáid cúiseanna a lua.
An dara shaincheist dlí, lena n-éilítear earráid fhollasach mheasúnaithe.
An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear go ndearnadh sárú ar phrionsabal na comhréireachta.
An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar chearta na cosanta agus go raibh an nós imeachta athnuachan neamhrialta.
____________