Language of document :

Caingean arna tabhairt an 11 Bealtaine 2024 – Alberts v EUIPO – Techtex (Boscaí cairtchláir [pacáistiú])

(Cás T-245/24)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Adina Alberts (Búcairist, an Rómáin) (ionadaithe: V. Roș agus A. Livădariu, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Techtex SRL (Oșorhei, an Rómáin)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an dearaidh atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Dearadh atá faoi cheist: Dearadh Comhphobail Boscaí Cairtchláir [pacáistiú] – Dearadh Comhphobail Uimh. 7 873 187-0001

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe

An cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Tríú Bord Achomhairc de EUIPO an 11 Márta 2024 i gCás R 1348/2023-3

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

go príomha, an t-iarratas ar dhearbhú go bhfuil an dearadh atá i gceist neamhbhailí a dheonú;

mar mhalairt air sin, an cás a tharchur ar ais chuig an mBord Achomhairc lena athbhreithniú;

a ordú do EUIPO agus don idiragraí a gcostais féin agus na costais arna dtabhú ag an iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta agus os comhair an Bhoird Achomhairc a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar cheanglas fíor-riachtanach nós imeachta agus ar rialacha dlí a bhaineann le teorainneacha an Bhoird Achomhairc agus measúnú á dhéanamh ar na saincheisteanna;

Sárú ar Airteagal 25(1)(e) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle.

____________