Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 20 Nollaig 2023 – Moshkovich v an Chomhairle

(Cás T-283/22) 1

(An comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin – Reo cistí – Srianta gluaiseachta – Liosta na ndaoine, na n-eintiteas, agus na gcomhlachtaí atá faoi réir ag reo na gcistí agus na n-acmhainní eacnamaíocha – Áireamh agus coinneáil ainm an iarratasóra ar liostaí na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí lena mbaineann – Oibleagáid cúiseanna a lua – Earráid mheasúnaithe – Critéir de phríomhdhuine ghnó a bhfuil baint acu le hearnálacha eacnamaíocha a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas na Rúise – An ceart chun maoine – Saoirse chun gnó a sheoladh – An ceart go ndéanfar an saol príobháideach a urramú  – Comhréireacht – Prionsabal an neamh-idirdhealaithe – An ceart chun éisteacht a fháil)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Vadim Nikolaevich Moshkovich (Tambov, an Rúis) (ionadaithe: D. Rovetta, M. Campa, T. Bontinck, A. Guillerme, L. Burguin, M. Moretto, V. Villante agus M. Pirovano, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: P. Mahnič agus J. Rurarz, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir do ndéantar, sa chéad áit, Cinneadh (CBES) 2022/397 ón gComhairle, an 9 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 80, lch. 31) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/396 ón gComhairle an 9 Márta 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 80, lch. 1), sa dara háit, Cinneadh (CBES) 2022/1530 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 239, lch. 149) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1529 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 239, lch. 1), sa tríú háit, Cinneadh (CBES) 2023/572 ón gComhairle an 13 Márta 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023 L 75 I, lch. 134) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/571 ón gComhairle an 13 Márta 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023 L 75 I, lch. 1), agus, sa ceathrú háit, Cinneadh (CBES) 2023/811 ón gComhairle an 13 Aibreán 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023 L 101, lch. 67) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/806 ón gComhairle an 13 Aibreán 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023 L 101, lch. 1), a mhéid a dhéantar leis na gníomhartha sin a ainm a áireamh agus a choinneáil ar na liostaí atá i gceangal leo, a chur ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don chaingean.

Ordaítear do Vadim Nikolaevich Moshkovich na costais a íoc.

____________

1     IO C 257, 4.7.2022.