Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 13 Nollaig 2023 – Good Services v EUIPO – ITV Studios Global Distribution (EL ROSCO)

(Cás T-383/22) 1

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí neamhbhailíochta – Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘EL ROSCO’ – Dearbhfhoras neamhbhailíochta – Meon mímhacánta – Airteagal 52(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (Airteagal 59(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois))

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: Good Services Ltd (Sliema, Málta) (ionadaithe: J. Marín López agus F. De Barba, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: D. Hanf agus E. Nicolás Gómez, Gníomhairí)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhord Achomhairc de EUIPO, idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: ITV Studios Global Distribution Ltd (Londain, an Ríocht Aontaithe) (ionadaithe: P. Merino Baylos agus J. Gracia Albero, Dlíodóirí)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí cinneadh ón gCéad Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 20 Aibreán 2022 (Cás R 958/2021-1) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don chaingean.

Ordaítear do Good Services Ltd na costais a íoc.

____________

1     IO C 340, 5.9.2022.