Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 13 Nollaig 2023 – SB v SEGS

(Cás T-621/22) 1

(Seirbhís shibhialta – Foireann SEGS – Earcaíocht – Fógra folúntais – Beart uainíochta – Iarratas a dhiúltú – Airteagal 98(1) de na Rialacháin Foirne – Airteagal 2(e) de na Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile – Earráid fhollasach measúnaithe – Ionchas dlisteanach – Cóir chomhionann – Mí-úsáid chumhachta – Dliteanas – Damáistí ábhartha agus neamhábhartha)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: SB (ionadaithe: L. Burguin, T. Bontinck agus A. Guillerme, Dlíodóírí)

Cosantóir: An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (ionadaithe: S. Falek, A. Ireland agus R. Coesme, i gcáil Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean faoi Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir cúiteamh as na damáistí ábhartha agus neamhábhartha ar bhain dó mar gheall, ar an gcéad dul síos, ar chinntí an 10 Samhain 2021 ó údarás na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) a bhfuil sé de chumhacht aige conarthaí fostaíochta a thabhairt i gcrích (‘ÚCCFTC’), ar cinntí iad lenar diúltaíodh dá iarratas ar na poist mar [faoi rún], rud ar daingníodh agus a forlíonadh le litir ó ÚCCFTC an 1 Feabhra 2022 agus, ar an dara dul síos, ar mhí-iompar líomhainte SEGS i ndáil leis na cinntí sin.

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don chaingean.

Ordaítear do SB na costais a íoc.

____________

 1     IO C 441, 21.11.2022.